This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0538
Decision of the EEA joint Committee No 286/2021 of 29 October 2021 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2024/538]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 286/2021 an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/538]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 286/2021 an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/538]
IO L, 2024/538, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/538/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 21994A0103(52) | Cur le | caibidil XV pointe 12zc fleasc |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/538 |
29.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 286/2021
an 29 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/538]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2021/979 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní VII agus XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba chearta Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12zc (Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32021 R 0979: Rialachán (AE) 2021/979 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 (IO L 216, 18.6.2021, lch. 121).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2021/979 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 216, 18.6.2021, lch. 121.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/538/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)