EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0304

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 209/2021 an 9 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/304]

IO L, 2024/304, 8.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/304/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/304/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/304

8.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 209/2021

an 9 Iúil 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/304]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir (AE) 2019/1922 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2019 lena leasaítear pointe 13 de chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht bréagán a mhéid a bhaineann le halúmanam, ar leasú é chun críocha oiriúnaithe d’fhorbairtí teicniúla agus eolaíocha (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Treoir (AE) 2019/1929 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2019 lena leasaítear Foscríbhinn C d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun críoch teorainnluachanna sonracha maidir le ceimiceáin a úsáidtear i mbréagáin a ghlacadh, a mhéid a bhaineann le formaildéad (2), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 1a (Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XXIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32019 L 1922: Treoir (AE) 2019/1922 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2019 (IO L 298, 19.11.2019, lch. 5),

-

32019 L 1929: Treoir (AE) 2019/1929 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2019 (IO L 299, 20.11.2019, lch. 51).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Threoracha (AE) 2019/1922 agus (AE) 2019/1929 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Iúil 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 298, 19.11.2019, lch. 5.

(2)   IO L 299, 20.11.2019, lch. 51.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/304/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top