This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0062
Decision of the EEA Joint Committee No 56/2021 of 5 February 2021 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2024/62]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 56/2021 an 5 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/62]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 56/2021 an 5 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/62]
IO L, 2024/62, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/62/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 21994A0103(59) | Cur le | pointe 31j Téacs | 01/11/2021 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/62 |
11.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 56/2021
an 5 Feabhra 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/62]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 (1), a ionchorpraíodh i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 190/2019 ó Chomhchoiste LEE an 10 Iúil 2019 (2), ba cheart é a chur freisin mar ghníomh leasaitheach le Treoir 2014/17/AE in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE. |
(2) |
Ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear an méid seo a leanas le pointe 31j (Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
— |
32016 R 1011: Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 125/2019 ó Chomhchoiste LEE an 8 Bealtaine 2019 (3), cibé acu is déanaí.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 171, 29.6.2016, lch. 1.
(2) IO L 235, 12.9.2019, lch. 9.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/62/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)