Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0039

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 58/2021 an 5 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/39]

IO L, 2024/39, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/39/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/39/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/39

11.1.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 58/2021

an 5 Feabhra 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/39]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1426 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 875-5 935 MHz le haghaidh feidhmeanna sábháilteachta córas cliste iompair (ITC) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/671/CE (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1426, aisghairtear Cinneadh 2008/671/CE ón gCoimisiún (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(3)

Ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 5czf (Cinneadh 2008/671/CE ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

32020 D 1426: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1426 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 875-5 935 MHz le haghaidh feidhmeanna sábháilteachta córas cliste iompair (ITS) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/671/CE (IO L 328, 9.10.2020, lch. 19).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1426 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT


(1)   IO L 328, 9.10.2020, lch. 19.

(2)   IO L 220, 15.8.2008, lch. 24.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/39/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top