This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D2367
Decision of the EEA Joint Committee No 41/2023 of 17 March 2023 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2023/2367]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 41/2023 an 17 Márta 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2367]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 41/2023 an 17 Márta 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2367]
IO L, 2023/2367, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2367/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 21994A0103(52) | Cur le | caibidil XII pointe 54bi Téacs |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2367 |
26.10.2023 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 41/2023
an 17 Márta 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2367]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/923 ón gCoimisiún an 11 Márta 2022 lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1189 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach ó ghéinis nó speicis ar leith (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le bia-earraí a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le bia-earraí, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 54bi (Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1189 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
— |
32022 R 0923: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/923 ón gCoimisiún an 11 Márta 2022 (IO L 160, 15.6.2022, lch. 28).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/923 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Márta 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2023.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 160, 15.6.2022, lch. 28.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2367/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)