This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D0790
Decision of the EEA Joint Committee No 261/2022 of 23 September 2022 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2023/790]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 261/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/790]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 261/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/790]
PUB/2022/1160
IO L 106, 20.4.2023, p. 62–62
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 21994A0103(63) | Cur le | pointe 56f fleasc |
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/62 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 261/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/790]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1180 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2022 lena gceartaítear Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 56f (Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘— |
32022 R 1180: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1180 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2022 (IO L 184, 11.7.2022, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1180 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 184, 11.7.2022, lch. 1.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.