Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0697

    Cinneadh Uimh. 2021/05 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach An Chomhphobail Iompair maidir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a athbhreithniú [2023/697]

    PUB/2022/538

    IO L 91, 29.3.2023, p. 66–88 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/697/oj

    29.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 91/66


    CINNEADH UIMH. 2021/05 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

    maidir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a athbhreithniú [2023/697]

    TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

    Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear Comhphobal Iompair, agus go háirithe pointe (a) d’Airteagal 20(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 20(3) den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (“TCT”), i ndáil le gníomhartha Eorpacha nua atá ceangailteach ó thaobh dlí, tá Coiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair le cinntí a ghlacadh, inter alia, lena ndéantar athbhreithniú ar Iarscríbhinn I a ghabhann le TCT chun na gníomhartha sin a chomhtháthú i TCT.

    (2)

    Glacadh líon suntasach gníomhartha dlí nua de chuid an Aontais Eorpaigh i réimsí a chumhdaítear le TCT ó síníodh é an 9 Deireadh Fómhair 2017, agus aisghaireadh gníomhartha dlí eile. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a athbhreithniú chun na hathruithe sin a léiriú.

    (3)

    Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil agus le simpliú, is iomchuí an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur in ionad na nIarscríbhinní de TCT ó Iarscríbhinn I.1, cé is moite de na léarscáileanna den síneadh táscach den ghréasán tras-Eorpach iompair sna Balcáin Thiar (an croíghréasán agus an gréasán cuimsitheach) go hIarscríbhinn I.7,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh in ionad na nIarscríbhinní de TCT ó Iarscríbhinn I.1, cé is moite de na léarscáileanna den síneadh táscach den ghréasán tras-Eorpach iompair sna Balcáin Thiar (an croíghréasán agus an gréasán cuimsitheach) go hIarscríbhinn I.7.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Sairéavó, an 28 Meitheamh 2021.

    Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

    An tUachtarán


    IARSCRÍBHINN

    “IARSCRÍBHINN I

    RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN EARNÁIL IOMPAIR AGUS SAINCHEISTEANNA GAOLMHARA

    “IARSCRÍBHINN I.1

    RIALACHA AS INFHEIDHME MAIDIR LE BONNEAGAR IOMPAIR AR CROÍGHRÉASÁN OIRDHEISCEART NA hEORPA É

    Beidh ‘Forálacha infheidhme’ na ngníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh infheidhme i gcomhréir leis an bPríomhchonradh agus le hIarscríbhinn II maidir le hoiriúnuithe cothrománacha mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn seo nó sna Prótacail I go VI. Más gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha maidir le gach gníomh aonair.

    Tagraíonn na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh don leagan is déanaí de na gníomhartha sin mar a leasaíodh go deireanach iad.

    Limistéar rialála

    Reachtaíocht

    Gréasán Tras-Eorpach Iompair forbairt

    Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/758 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn III a oiriúnú dó (IO L 126, 14.5.2016, lch. 3).

    Bonneagar breoslaí malartacha

    Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

    “IARSCRÍBHINN I.2

    NA RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE hIOMPAR D’IARNRÓD

    Beidh ‘Forálacha infheidhme’ na ngníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh infheidhme i gcomhréir leis an bPríomhchonradh agus le hIarscríbhinn II maidir le hoiriúnuithe cothrománacha mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn seo nó sna Prótacail I go VI. Más gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha maidir le gach gníomh aonair.

    Tagraíonn na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh don leagan is déanaí de na gníomhartha sin mar a leasaíodh go deireanach iad.

    Limistéar rialála

    Reachtaíocht

    Rochtain ar an margadh

    Rialachán Uimh. 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus i gcoinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagail 79(3) den Chonradh lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 52, 16.8.1960, lch. 1121).

    Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

    Treoir (AE) 2016/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Treoir 2012/34/AE a mhéid a bhaineann leis an margadh do sheirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt agus maidir le rialachas an bhonneagair iarnróid (IO L 352, 23.12.2016, lch. 1).

    Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2075 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 295, 14.11.2017, lch. 69).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 869/2014 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2014 maidir le seirbhísí nua iarnróid do phaisinéirí (IO L 239, 12.8.2014, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/10 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2015 maidir le critéir d’iarratasóirí ar acmhainn bonneagair iarnróid agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 870/2014 (IO L 3, 7.1.2015, lch. 34).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2015 maidir le gnéithe áirithe den nós imeachta um cheadúnú gnóthas iarnróid (IO L 29, 5.2.2015, lch. 3).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 lena leagtar amach na módúlachtaí atá le leanúint chun gearradh costas a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí torainn (IO L 70, 14.3.2015, lch. 36).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/909 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2015 maidir leis na módúlachtaí chun costas a ríomh a tabhaíodh go díreach de thoradh an tseirbhís traenach a oibriú (IO L 148, 13.6.2015, lch. 17).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2015 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe na mBallstát faoi chuimsiú faireacháin ar an margadh iarnróid (IO L 181, 9.7.2015, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 maidir le nósanna imeachta agus critéir a bhaineann le creat-chomhaontuithe maidir le leithdháileadh toilleadh bonneagair iarnróid (IO L 94, 8.4.2016, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2017 maidir le rochtain ar shaoráidí seirbhísí agus ar sheirbhísí a bhaineann leis an iarnród (IO L 307, 23.11.2017, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1795 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2018 lena leagtar síos an nós imeachta agus na critéir chun an tástáil ar chothromaíocht eacnamaíoch a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 11 den Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 21.11.2018, lch. 5).

    Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 22).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/500 ón gCoimisiún an 22 Márta 2018 maidir le comhlíonadh an togra chun saorbhealach lasta iarnróid na nAlp-na mBalcán Thiar a bhunú le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L82,26.3.2018, lch. 13).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/491 ón gCoimisiún an 21 Márta 2018 maidir le comhlíonadh an togra chomhpháirtigh a thíolaic na Ballstáit lena mbaineann maidir le saorbhealach lasta iarnróid na Meánmhara-na Mara Thuaidh a fhadú le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 81, 23.3.2018, lch. 23).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/300 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2018 maidir le comhlíonadh an togra chomhpháirtigh a thíolaic na Ballstáit lena mbaineann maidir le síneadh a chur leis an saorbhealach lasta iarnróid an Atlantaigh le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 56, 28.2.2018, lch. 60).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/178 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2017 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1111 maidir le comhlíonadh an togra chomhpháirtigh ó na Ballstáit lena mbaineann chun síneadh a chur le saorbhealach lasta iarnróid na Mara Thuaidh-na Mara Bailt le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch (IO L 28, 2.2.2017, lch. 71).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/177 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2017 maidir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlíonadh an togra chomhpháirtigh chun an saorbhealach lasta iarnróid ‘Ómra’ a bhunú) (IO L 28, 2.2.2017, lch. 69).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1111 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2015 maidir le comhlíonadh an togra chomhpháirtigh a thíolaic na Ballstáit lena mbaineann maidir le síneadh a chur le saorbhealach lasta iarnróid na Mara Thuaidh-Bailt le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le líonra Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch (IO L 181, 9.7.2015, lch. 82).

    Ceadúnú tiománaí traenach

    Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill fhéinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).

    Rialachán (AE) 2019/554 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill fhéinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 97, 8.4.2019, lch. 1).

    Rialachán (AE) Uimh. 36/2010 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2009 maidir le múnlaí an Chomhphobail do cheadúnais tiomána traenach, deimhnithe comhlántacha, cóipeanna deimhnithe de dheimhnithe comhlántacha agus foirmeacha iarratais ar cheadúnais tiomána traenach, faoi Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 13, 19.1.2010, lch. 1).

    Cinneadh 2010/17/CE ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2009 maidir le paraiméadair bhunúsacha a ghlacadh faoi chláir na gceadúnas tiomána traenach agus faoi dheimhnithe comhlántacha dá bhforáiltear faoi Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 8, 13.1.2010, lch. 17).

    Cinneadh 2011/765/AE ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 maidir le critéir chun aitheantas a thabhairt d’ionaid oiliúna a bhfuil baint acu le hoiliúint a chur ar thiománaithe traenach, critéir chun aitheantas a thabhairt do scrúdaitheoirí tiománaithe traenach agus critéir chun scrúduithe a eagrú i gcomhréir le Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 314, 29.11.2011, lch. 36).

    Idir-inoibritheacht

    Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/545 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2018 lena mbunaítear socruithe praiticiúla maidir leis an bpróiseas údaraithe um fheithiclí iarnróid agus um chineál feithiclí iarnróid de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 90, 6.4.2018, lch. 66).

    Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuspóirí sonracha le haghaidh sonraíochtaí teicniúla idir-inoibritheachta a dhréachtú, a ghlacadh agus a athbhreithniú (IO L 210, 15.8.2017, lch. 5).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh cláir feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/756/CE ón gCoimisiún (IO L 268, 26.10.2018, lch. 53).

    Cinneadh 2009/965/CE ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 maidir leis an doiciméad tagartha dá dtagraítear in Airteagal 27(4) de Threoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (IO L 341, 22.12.2009, lch. 1).

    Rialachán (AE) Uimh. 1299/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras bonneagar’ den chóras iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 356, 12.12.2014, lch. 1).

    Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (IO L 356, 12.12.2014, lch. 110).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/772 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 a mhéid a bhaineann le fardal na sócmhainní d’fhonn bacainní ar inrochtaineacht a shainaithint, faisnéis a chur ar fáil d’úsáideoirí agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le hinrochtaineacht (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 1).

    Rialachán (AE) Uimh. 1301/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras ‘fuinneamh’ den chóras iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 356, 12.12.2014, lch. 179).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/868 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1301/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 a mhéid a bhaineann le forálacha maidir le córas tomhais fuinnimh agus córas bailithe sonraí (IO L 149, 14.6.2018, lch. 16).

    Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le sonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras ‘rothstoc — innill fhéinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’ den chóras iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 356, 12.12.2014, lch. 228).

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann le ‘sábháilteacht i dtolláin iarnróid’ i leith chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 394).

    Rialachán (AE) Uimh. 1304/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras ‘rothstoc – torann’ lena leasaítear Cinneadh 2008/232/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/229/AE (IO L 356, 12.12.2014, lch. 421).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/774 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1304/2014 a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na sonraíochta teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras ‘rothstoc – torann’ i leith na vaigíní lastais atá ann cheana (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 89).

    Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2014 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann leis na feidhmchláir theileamaitice d’fhochórais lasta den chóras iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 62/2006 (IO L 356, 12.12.2014, lch. 438).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/278 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2018 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 a mhéid a bhaineann le struchtúr na dteachtaireachtaí, leis an tsamhail sonraí agus teachtaireachtaí, leis an mBunachar Sonraí Oibriúcháin Vaigín agus Aonaid Idirmhódúil, agus chun caighdeán TF a ghlacadh le haghaidh sraith chumarsáide an Chomhéadain Choitinn (IO L 54, 24.2.2018, lch. 11).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/778 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 a mhéid a bhaineann le Bainistiú Rialaithe Athruithe (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 356).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2011 maidir le clár Eorpach na gcineálacha údaraithe feithiclí iarnróid(IO L 64, 8.10.2011, lch. 32).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/777 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis na sonraíochtaí coiteanna le haghaidh chlár an bhonneagair iarnróid agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/880/AE (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 312).

    Cinneadh 2012/757/AE ón gCoimisiún an 14 Samhain 2012 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras ‘oibriúchán agus bainistiú tráchta’ den chóras iarnróid san Aontas Eorpach agus lena leasaítear Cinneadh 2007/756/CE (IO L 345, 15.12.2012, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistithe tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 5)

    Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2011 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras ‘feidhmchláir theileamaitice i gcomhair seirbhísí do phaisinéirí’ den chóras iarnróid thras-Eorpaigh (IO L 123, 12.5.2011, lch. 11).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/250 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2019 maidir leis na teimpléid do dhearbhuithe agus do dheimhnithe ‘CE’ i dtaca le comhpháirteanna agus fochórais idir-inoibritheachta iarnróid, maidir leis an múnla dearbhaithe comhréireachta le cineál údaraithe feithicle iarnróid agus maidir leis na nósanna imeachta fíoraithe ‘CE’ d’fhochórais i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 201/2011 ón gCoimisiún (IO L 42, 13.2.2019, lch. 9)

    Rialachán (AE) Uimh. 2016/919 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras ‘rialú agus ceannas agus comharthaíocht’ den chóras iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 158, 15.6.2016, lch. 1).

    Rialachán (AE) Uimh. 321/2013 ón gCoimisiún an 13 Márta 2013 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras ‘rothstoc – vaigíní lastais’ den chóras iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/861/CE (IO L 104, 12.4.2013, lch. 1).

    Cinneadh 2010/713/AE ón gCoimisiún an 9 Samhain 2010 maidir le modúil do na nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht, ar oiriúnacht úsáide agus ar fhíorú CE atá le húsáid sna sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta a glacadh faoi Threoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(IO L 319, 4.12.2010, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/776 an 16 Bealtaine 2019 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 321/2013, (AE) Uimh. 1299/2014, (AE) Uimh. 1301/2014, (AE) Uimh 1302/2014, (AE) Uimh. 1303/2014 agus (AE) 2016/919 ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE ón gCoimisiún i dtaca le hailíniú le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cur chun feidhme na gcuspóirí sonracha a leagtar amach i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 108).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/387 ón gCoimisiún an 9 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 321/2013, (AE) Uimh. 1302/2014 agus (AE) 2016/919 i dtaca leis an limistéar úsáide a leathnú agus leis na céimeanna aistrithe (IO L 73, 10.3.2020, lch. 6).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/424 ón gCoimisiún an 19 Márta 2020 maidir le faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin a mhéid a bhaineann le neamhchur i bhfeidhm sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 (IO L 84, 20.3.2020, lch. 20).

    Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh

    Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004, (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/867 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2018 lena leagtar síos rialacha nós imeachta Bhoird Achomhairc Ghníomhaireachta Iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 149, 14.6.2018, lch. 3).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/764 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2018 maidir leis na táillí agus na muirir atá iníoctha le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus coinníollacha íocaíochta na dtáillí agus na muirear sin (IO L 129, 25.5.2018, lch. 68).

    Sábháilteacht iarnróid

    Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/763 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2018 lena mbunaítear socruithe praiticiúla maidir le deimhnithe aonair sábháilteachta a eisiúint chuig gnóthais iarnróid de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 653/2007 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 49).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/779 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir le córas deimhniúcháin ar eintitis atá freagrach as cothabháil feithiclí de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 445/2011 ón gCoimisiún (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 360).

    Rialachán (AE) Uimh. 1158/2010 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2010 maidir le modh comhchoiteann sábháilteachta chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht leis na ceanglais chun deimhnithe sábháilteachta iarnróid a fháil (IO L 326, 10.12.2010, lch. 11).

    Rialachán tarmligthe (AE) 2018/762 ón gCoimisiún an 8 Márta 2018 lena mbunaítear modhanna comhchoiteanna sábháilteachta maidir le ceanglais i ndáil le córas bainistíochta sábháilteachta de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1158/2010 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1169/2010 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 26).

    Rialachán (AE) Uimh. 1169/2010 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2010 maidir le modh comhchoiteann sábháilteachta chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht leis na ceanglais chun údarú sábháilteachta iarnróid a fháil (IO L 327, 11.12.2010, lch. 13). Rialachán (AE) Uimh. 1078/2012 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2012 maidir le modh comhchoiteann sábháilteachta chun go ndéanfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí bonneagair tar éis deimhniú sábháilteachta nó údarú sábháilteachta a fháil agus eintitis atá i gceannas ar chothabháil faireachán a chur i bhfeidhm (IO L 320, 17.11.2012, lch. 8).

    Rialachán tarmligthe (AE) 2018/761 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2018 lena mbunaítear modhanna comhchoiteanna sábháilteachta maidir le maoirseacht a dhéanann údaráis náisiúnta sábháilteachta tar éis deimhniú aonair sábháilteachta nó údarú sábháilteachta a eisiúint de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2012 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 16).

    Cinneadh 2009/460/CE ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2009 maidir le modh sábháilteachta comhchoiteann a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar bhaint amach spriocanna sábháilteachta, dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 150, 13.6.2009, lch. 11).

    Moladh (AE) 2019/780 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir le socruithe praiticiúla chun údaruithe sábháilteachta a eisiúint do bhainisteoirí bonneagair (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 390).

    Iompar intíre earraí contúirteacha

    Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

    Brú-threalamh iniompartha

    Treoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 maidir le brú-threalamh iniompartha agus lena n-aisghairtear Treoracha 76/767/CEE, 84/525/CEE, 84/526/CEE, 84/527/CEE agus 1999/36/CE ón gComhairle (IO L 165, 30.6.2010, lch. 1).

    Réimse sóisialta - am/uaireanta oibre

    Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

    Treoir 2005/47/CE ón gComhairle an 18 Iúil 2005 maidir leis an gComhaontú idir Comhphobal na nIarnród Eorpach (CER) agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) maidir le gnéithe áirithe de dhálaí oibre na n-oibrithe soghluaiste atá i mbun seirbhísí idir-inoibritheacha trasteorann san earnáil iarnróid - Comhaontú tugtha i gcrích ag Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhphobal na nIarnród Eorpach (CER) maidir le gnéithe áirithe de dhálaí oibre na n-oibrithe soghluaiste atá i mbun seirbhísí idir-inoibritheacha trasteorann (IO L 195, 27.7.2005, lch. 15).

    Cearta paisinéirí

    Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).

    Faisnéis leictreonach faoi iompar lastais

    Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33).

    “IARSCRÍBHINN I.3

    RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE hIOMPAR AR BHÓTHAR

    Beidh ‘Forálacha infheidhme’ na ngníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh infheidhme i gcomhréir leis an bPríomhchonradh agus le hIarscríbhinn II maidir le hoiriúnuithe cothrománacha mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn seo nó sna Prótacail I go VI. Más gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha maidir le gach gníomh aonair.

    Tagraíonn na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh don leagan is déanaí de na gníomhartha sin mar a leasaíodh go deireanach iad.

    Limistéar rialála

    Reachtaíocht

    Bonneagar muirearaithe ar bhóithre - cánacha bliantúla feithiclí

    Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirear a ghearradh ar fheithiclí earraí troma as bonneagair áirithe a úsáid (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42).

    Ligean isteach i ngairm an oibreora bóithre

    Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

    Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí in earnáil an iompair de bhóthar (IO L 249, 31.7.2020, lch. 17).

    (Féach, áfach, Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2020/1055 maidir le dáta teacht i bhfeidhm nó cur i bhfeidhm)

    Forálacha sóisialta - am tiomána agus tréimhsí sosa

    Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

    Rialachán (AE) Uimh. 581/2010 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2010 maidir leis na huastréimhsí chun sonraí ábhartha a íoslódáil ó aonaid feithicle agus ó chártaí tiománaí (IO L 168, 2.7.2010, lch. 16).

    Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí laethúla agus seachtainiúla tiomána, íos-sosanna agus tréimhsí laethúla agus seachtainiúla scíthe, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann le haimsiú suímh le tacagraif (IO L 249, 31.7.2020, lch. 1).

    Tacagraf

    Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/68 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2016 maidir le nósanna imeachta comhchoiteanna agus na sonraíochtaí is gá chun cláir leictreonacha agus cártaí tiomána a nascadh le chéile (IO L 15, 22.1.2016, lch. 51).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraf a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 139, 26.5.2016, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/502 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 lena leagtar síos na ceanglais maidir le tacagraif agus a gcomhpháirteanna a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 85, 28.3.2018, lch. 1).

    Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar (IO L 370, 31.12.1985, lch. 8).

    (Féach, áfach, Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014).

    Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí laethúla agus seachtainiúla tiomána, íos-sosanna agus tréimhsí laethúla agus seachtainiúla scíthe, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann le haimsiú suímh le tacagraif (IO L 249, 31.7.2020, lch. 1).

    Forfheidhmiú reachtaíochta sóisialta

    Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35). arna leasú le:

    Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i ndáil le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais fhorfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 49).

    (Féach, áfach, Airteagal 9 de Threoir (AE) 2020/1057 maidir le trasuí)

    Foirm deimhnithe gníomhaíochtaí

    Cinneadh 2007/230/CE ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2007 maidir le foirm a bhaineann le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar (IO L 99, 14.4.2007, lch. 14).

    Am oibre

    Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú amanna oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

    Brú-threalamh iniompartha

    Treoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 maidir le brú-threalamh iniompartha agus lena n-aisghairtear Treoracha 76/767/CEE, 84/525/CEE, 84/526/CEE, 84/527/CEE agus 1999/36/CE ón gComhairle (IO L 165, 30.6.2010, lch. 1).

    Ródacmhainneacht

    Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródachmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).

    Cigireacht cois bóthair

    Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/30/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 134).

    Feistí teorannaithe luais

    Treoir 92/6/CEE ón gComhairle an 10 Feabhra 1992 maidir le feistí teorannaithe luais a shuiteáil agus a úsáid i gcatagóirí áirithe mótarfheithiclí sa Chomhphobal (IO L 57, 2.3.1992, lch. 27).

    Criosanna sábhála

    Treoir 91/671/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le húsáid éigeantach criosanna sábhála agus córas srianta linbh i bhfeithiclí (IO L 373, 31.12.1991, lch. 26).

    Scátháin

    Treoir 2007/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le scátháin a iarfheistiú i bhfeithiclí earraí troma atá cláraithe sa Chomhphobal (IO L 184, 14.7.2007, lch. 25).

    Doiciméid chlárúcháin

    Treoir ón gComhairle 1999/37/CE an 29 Aibreán 1999 maidir le doiciméid chlárúcháin mótarfheithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57).

    Treoir 2006/103/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena n-oiriúnaítear Treoracha áirithe i réimse an bheartais iompair, de bharr aontachas na Bulgáire agus na Rómáine (IO L 363, 20.12.2006, lch. 344).

    Oiliúint tiománaithe

    Treoir 2003/59/CE ón bParlaimint agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil do thiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí nó paisinéirí a iompar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).

    Treoir (AE) 2018/645 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 lena leasaítear Treoir 2003/59/CE maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair a úsáidtear chun earraí nó paisinéirí a iompar agus Treoir 2006/126/CE maidir le ceadúnais tiomána (IO L 112, 2.5.2018, lch. 29)

    Ceadúnas tiomána

    Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).

    Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla maidir le ceadúnais tiomána lena n-áirítear meán stórála (micrishlis) (IO L 120, 5.5.2012, lch. 1).

    Malartú trasteorann faisnéise

    Treoir (AE) Uimh. 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, 13.3.2015, lch. 9).

    Iompar intíre earraí contúirteacha

    Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

    Seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha

    Treoir 95/50/CE ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 1995 maidir le haonfhoirmeacht sna nósanna imeachta i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha ar na bóithre (IO L 249, 17.10.1995, lch. 35).

    Tolláin

    Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le híoscheanglais sábháilteachta do tholláin sa líonra bóithre tras-Eorpach (IO L 167, 30.4.2004, lch. 39).

    Bainistiú sábháilteachta an bhonneagair bóithre

    Treoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóithre a bhainistiú (IO L 319, 29.11.2008, lch. 59).

    Toisí agus meáchan feithiclí

    Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta d’fheithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).

    Cearta paisinéirí

    Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

    Feithiclí glana agus/nó bonneagar breoslaí ionadúla

    Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cur chun cinn feithiclí iompair de bhóthar atá glan chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).

    Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

    Córais Chliste Iompair

    Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/453/AE ón gCoimisiún an 13 Iúil 2011 lena nglactar treoirlínte maidir le tuairisciú ag na Ballstáit faoi Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 193, 23.7.2011, lch. 48).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/209 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2016 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú maidir le Córais Chliste Iompair (ITS) i limistéir uirbeacha chun tacú le Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcreat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair (IO L 39, 16.2.2016, lch. 48).

    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar comhchuibhithe do Ghlao éigeandála infheithicle idir-inoibritheach ar fud an AE (IO L 91, 3.4.2013, lch. 1).

    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 885/2013 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Treoir ITS 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise i dtaca le hionaid pháirceála do thrucailí agus d’fheithiclí tráchtála atá slán sábháilte (IO L 247, 18.9.2013, lch. 1).

    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 886/2013 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí agus nósanna imeachta chun faisnéis íosta uilíoch tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a chur ar fáil saor in aisce d’úsáideoirí nuair is féidir (IO L 247, 18.9.2013, lch. 6).

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama ar fud an Aontais Eorpaigh (IO L 157, 23.6.2015, lch. 21).

    Cinneadh Uimh. 585/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an tseirbhís eCall idir-inoibritheach ar fud an Aontais Eorpaigh a chur in úsáid (IO L 164, 3.6.2014, lch. 6).

    Córais dolaí bóthair

    Treoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dola bóthair sa Chomhphobal (IO L 166, 30.4.2004, lch. 124).

    Treoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas (IO L 91, 29.3.2019, lch. 45). Cinneadh 2009/750/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2009 maidir le sainmhíniú ar Sheirbhís Dolaí Leictreonacha na hEorpa agus a heilimintí teicniúla (IO L 268, 19 13.10.2009, lch. 11).

    Cineálcheadú

    Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

    Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

    Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

    Faisnéis leictreonach faoi iompar lastais

    Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33). (sa mhéid is ábhartha do ghníomhartha a thagann faoi raon feidhme na hIarscríbhinne seo) (1)

    “IARSCRÍBHINN I.4

    RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE hIOMPAR MUIRÍ

    Beidh ‘Forálacha infheidhme’ na ngníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh infheidhme i gcomhréir leis an bPríomhchonradh agus le hIarscríbhinn II maidir le hoiriúnuithe cothrománacha mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn seo nó sna Prótacail I go VI. Más gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha maidir le gach gníomh aonair.

    Tagraíonn na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh don leagan is déanaí de na gníomhartha sin mar a leasaíodh go deireanach iad.

    Limistéar rialála

    Reachtaíocht

    Beartas muirí

    Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

    Rochtain ar an margadh

    Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí) (IO L 364, 12.12.1992, lch. 7).

    Rialachán (CEE) Uimh. 4055/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha (IO L 378, 31.12.1986, lch. 1).

    Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le longa lasta agus paisinéirí a aistriú idir cláir laistigh den Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 613/91 (IO L 138, 30.4.2004, lch. 19).

    Rialachán (CEE) Uimh. 4058/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe chun saor-rochtain ar lastaí i dtrádálacha aigéin a chosaint (IO L 378, 31.12.1986, lch. 21).

    Caidreamh idirnáisiúnta

    Rialachán (CEE) Uimh. 4057/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 maidir le cleachtais éagóracha praghsála sa mhuiriompar (IO L 378, 31.12.1986, lch. 14).

    Comhaontuithe idirnáisiúnta

    Cinneadh 2012/22/AE ón gComhairle an 12 Nollaig 2011 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le Prótacal 2002 a ghabhann le Coinbhinsiún na hAithne maidir le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste ar Muir, 1974, cé is moite d’Airteagal 10 agus Airteagal 11 de (IO L 8, 12.1.2012, lch. 1).

    Cinneadh 2012/23/AE ón gComhairle an 12 Nollaig 2011 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le Prótacal 2002 a ghabhann le Coinbhinsiún na hAithne maidir le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste ar Muir, 1974, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 10 agus 11 de (IO L 8, 12.1.2012, lch. 13).

    Eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge - eagraíochtaí aitheanta

    Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha lucht riaracháin muirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 47).

    Cinneadh 2009/491/CE ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2009 maidir le critéir atá le leanúint chun cinneadh cathain is féidir feidhmíocht eagraíochta atá ag gníomhú thar ceann Stáit brataí a mheas ina bagairt dho-ghlactha ar shábháilteacht agus ar an gcomhshaol (IO L 162, 25.6.2009, lch. 6).

    Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).

    Rialachán (AE) Uimh. 788/2014 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur agus maidir le haitheantas eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge a tharraingt siar de bhun Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 214, 19.7.2014, lch. 12).

    Stát Brataí

    Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le comhlíonadh ceanglas stát brataí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 132).

    Rialú Stáit ar Chalafoirt

    Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

    Faireachán ar thrácht árthaí

    Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht árthaí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

    An Cód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta

    Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3051/95 (IO L 64, 4.3.2006, lch. 1).

    Foirmiúlachtaí tuairiscithe

    Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe do longa atá ag teacht isteach i gcalafoirt de na Ballstáit agus/nó ag imeacht ó chalafoirt de na Ballstáit agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/6/CE (IO L 283, 29.10.2010, lch. 1).

    Trealamh muirí

    Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).

    Longa paisinéirí

    Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais chobhsaíochta shonracha do longa paisinéirí róró (IO L 123, 17.5.2003, lch. 22).

    Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 24).

    Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí a oibríonn isteach nó amach as calafoirt de chuid Bhallstáit an Chomhphobail (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35).

    Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).

    Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 61).

    Sábháilteacht soithí iascaireachta

    Treoir 97/70/CE ón gComhairle an 11 Nollaig 1997 lena mbunaítear córas sábháilteachta comhchuibhithe do shoithí iascaireachta 24 mhéadar ar fad agus níos faide (IO L 34, 9.2.1998, lch. 1).

    Tancaeir ola

    Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le céimniú isteach luathaithe na gceanglas cabhail dhúbailte nó dearadh coibhéiseach a fheistiú i dtancaeir ola aonchabhlach (IO L 172, 30.6.2012, lch. 3).

    Bulc-iompróirí

    Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear ceanglais agus nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le luchtú agus díluchtú sábháilte bulc-iompróirí (IO L 13, 16.1.2002, lch. 9).

    Imscrúdú timpistí

    Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na prionsabail bhunúsacha a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí san earnáil iompair mhuirí agus lena leasaítear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle agus Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 28.5.2009, lch. 114).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 651/2011 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2011 lena nglactar rialacha nós imeachta an chreata buanchomhair arna bhunú ag na Ballstáit i gcomhar leis an gCoimisiún de bhun Airteagal 10 de Threoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 177, 6.7.2011, lch. 18).

    Rialachán (AE) Uimh. 1286/2011 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2011 lena nglactar modheolaíocht chomhchoiteann chun taismigh mhuirí agus teagmhais mhuirí a imscrúdú arna bhforbairt de bhun Airteagal 5(4) de Threoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 10.12.2011, lch. 36).

    Árachas

    Treoir 2009/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hárachas úinéirí long ar éilimh mhuirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 128).

    Truailliú ó longa

    Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis, lena n-áirítear pionóis choiriúla, a thabhairt isteach do chionta an truaillithe (IO L 255, 30.9.2005, lch. 11).

    Dramhaíl ó longa

    Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha i gcalafoirt do sheachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).

    Comhdhúile orgánastáin

    Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le toirmeasc ar chomhdhúile orgánastáin ar bord long (IO L 115, 9.5.2003, lch. 1).

    An tslándáil mhuirí

    Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6).

    Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil calafort a fheabhsú, IO L 310, 25.11.2005, lch. 28).

    Rialachán (CE) Uimh. 324/2008 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta athbhreithnithe chun cigireachtaí an Choimisiúin a dhéanamh i réimse na slándála muirí (IO L 98, 10.4.2008, lch. 5).

    Oiliúint maraithe

    Treoir (AE) 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir leis an íosleibhéal oiliúna ag maraithe (IO L 323, 3.12.2008, lch. 33).

    Treoir (AE) 2019/1159 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2008/106/CE maidir le híosleibhéal oiliúna do mharaithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/45/CE maidir le haitheantas frithpháirteach deimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit (IO L 188, 12.7.2019, lch. 94).

    Gnéithe sóisialta

    Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe na stát brataí maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006 (IO L 329, 10.12.2013, lch. 1).

    Treoir 1999/63/CE ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú faoi eagrú ama oibre do mharaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhlachais Úinéirí Long an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus Cónaidhm Cheardchumainn na nOibrithe Iompair san Aontas Eorpach (FST) (IO L 167, 2.7.1999, lch. 33).

    Treoir 1999/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le forfheidhmiú forálacha i leith uaireanta oibre maraithe ar bord long atá ag stadadh ag calafoirt sa Chomhphobal (IO L 14, 20.1.2000, lch. 29).

    Treoir 2009/13/CE ón gComhairle an 16 Feabhra 2009 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú arna thabhairt i gcrích ag Comhlachais Úinéirí Long an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) maidir le Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí 2006, agus lena leasaítear Treoir 1999/63/CE (IO L 124, 20.5.2009, lch. 30).

    Treoir 92/29/CEE ón gComhairle an 31 Márta 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte le haghaidh cóir leighis níos fearr ar bord long (IO L 113, 30.4.1992, lch. 19).

    Cearta paisinéirí

    Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí le linn dóibh taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

    Brú-threalamh iniompartha

    Treoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 maidir le brú-threalamh iniompartha agus lena n-aisghairtear Treoracha 76/767/CEE, 84/525/CEE, 84/526/CEE, 84/527/CEE agus 1999/36/CE ón gComhairle (IO L 165, 30.6.2010, lch. 1).

    An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

    Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

    An Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc

    Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus le truailliú ó longa a chosc (IO L 324, 29.11.2002, lch. 1).

    Seirbhísí calafoirt

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).

    Ionad Ilfhreastail Muirí

    Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 64).

    An Comhshaol

    Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar chion sulfair atá i mbreoslaí leachtacha áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58).

    Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2015/253 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2015 lena leagtar síos na rialacha a bhaineann le sampláil agus tuairisciú faoi Threoir 1999/32/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcion sulfair i mbreoslaí muirí (IO L 41, 17.2.2015, lch. 55)

    “IARSCRÍBHINN I.5

    RIALACHA A BHAINEANN LE hIOMPAR AR UISCEBHEALAÍ INTÍRE

    Beidh ‘Forálacha infheidhme’ na ngníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh infheidhme i gcomhréir leis an bPríomhchonradh agus le hIarscríbhinn II maidir le hoiriúnuithe cothrománacha mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn seo nó sna Prótacail I go VI. Más gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha maidir le gach gníomh aonair.

    Tagraíonn na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh don leagan is déanaí de na gníomhartha sin mar a leasaíodh go deireanach iad.

    Limistéar rialála

    Reachtaíocht

    Rochtain ar an margadh

    Rialachán (CE) Uimh 1356/96 ón gComhairle an 8 Iúil 1996 ar na rialacha comhchoiteanna atá infheidhme maidir le hiompar earraí nó paisinéirí ar uiscebhealach intíre idir Ballstáit d’fhonn saoirse a bhunú chun na seirbhísí iompair sin a sholáthar (IO L 175, 13.7.1996, lch. 7).

    Rialachán (CEE) Uimh 3921/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 lena leagtar síos na coinníollacha faoina bhféadann iompróirí neamhchónaitheacha earraí nó paisinéirí a iompar ar uiscebhealaí intíre laistigh de Bhallstát (IO L 373, 31.12.1991, lch. 1).

    Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 ón gComhairle an 29 Márta 1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn (IO L 90, 2.4.1999, lch. 1).

    Treoir 96/75/CE ón gComhairle an 19 Samhain 1996 maidir leis na córais chairtfhostaithe agus phraghsála in iompar náisiúnta agus idirnáisiúnta ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (IO L 304, 27.11.1996, lch. 12).

    Rialachán (CEE) Uimh 2919/85 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 1985 lena leagtar síos na coinníollacha um rochtain ar na socruithe faoin gComhaontú Athbhreithnithe um loingseoireacht ar an Réin maidir le soithí a bhaineann le Loingseoireacht na Réine (IO L 280, 22.10.1985, lch. 4).

    Rochtain ar an ngairm

    Treoir Uimh. 87/540/CEE ón gComhairle an 9 Samhain 1987 maidir le rochtain ar ghairm an iompróra earraí d’uiscebhealach ar iompar náisiúnta agus idirnáisiúnta agus maidir le dioplómaí, teastais agus fianaise eile ar cháilíochtaí foirmiúla don ghairm seo a aithint go frithpháirteach (IO L 322, 12.11.1987, lch. 20).

    Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (IO L 345, 27.12.2017, lch. 53).

    Treoir Tharmligthe (AE) 2020/12 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin d’inniúlachtaí agus d’eolas agus scileanna comhfhreagracha, do na scrúduithe praiticiúla, d’formheas ionsamhlóirí agus do shláinte (IO L 6, 10.1.2020, lch. 15).

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin do bhunachair sonraí le haghaidh deimhnithe cáilíochta, leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair de chuid an Aontais (IO L 100, 1.4.2020, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/182 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le samhlacha i réimse na gcáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre (IO L 38, 11.2.2020, lch. 1).

    Teastais máistrí báid

    Treoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le haithint chomhpháirteach ar theastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar ar uiscebhealaí intíre (IO L 373, 31.12.1991, lch. 29).

    Treoir (CE) 96/50 ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha a bhaineann le teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre sa Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 31).

    Ceanglais sábháilteachta/theicniúla

    Treoir 2009/100/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le haithint chómhalartach ceadúnas inseoltachta do shoithí uiscebhealaí intíre (IO L 259, 2.10.2009, lch. 8).

    Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla do shoithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118).

    Treoir Tharmligthe (AE) 2018/970 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos ceanglais theicniúla do shoithí uiscebhealaí intíre (IO L 174, 10.7.2018, lch. 15).

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1668 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos ceanglais theicniúla do shoithí uiscebhealaí intíre (IO L 256, 7.10.2019, lch. 1).

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/474 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2020 maidir leis an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha (IO L 100, 1.4.2020, lch. 12).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1122 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2020 maidir le DNV GL AS a aithint mar chumann aicmiúcháin maidir le soithí uiscebhealaí intíre i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 245, 30.7.2020, lch. 15).

    Treoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 maidir le brú-threalamh iniompartha agus lena n-aisghairtear Treoracha 76/767/CEE, 84/525/CEE, 84/526/CEE, 84/527/CEE agus 1999/36/CE ón gComhairle (IO L 165, 30.6.2010, lch. 1).

    Iompar intíre earraí contúirteacha

    Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

    Seirbhísí faisnéise tráchta abhann

    Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (IO L 255, 30.9.2005, lch. 152).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 909/2013 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2013 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don chóras taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise um loingseoireacht intíre (ECDIS) dá dtagraítear i dTreoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 258, 28.9.2013, lch. 1).

    Rialachán (CE) Uimh. 416/2007 ón gCoimisiún an 22 Márta 2007 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh Fógraí do Scipéirí dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobail (IO L 105, 23.4.2007, lch. 88).

    Rialachán (CE) Uimh. 414/2007 ón gCoimisiún an 13 Márta 2007 maidir leis na treoirlínte teicniúla le haghaidh phleanáil, chur chun feidhme agus úsáid oibríochtúil na seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (IO L 105, 23.4.2007, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2032 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 416/2007 ón gCoimisiún maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh Fógraí do Scipéirí (IO L 332,28.12.2018, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1973 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 909/2013 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don chóras taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise um loingseoireacht intíre (ECDIS Intíre) dá dtagraítear i dTreoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 324, 19.12.2018, lch. 1).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/838 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2019 maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh córais rianaithe agus lorgaireachta soithí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 415/2007 (IO L 138, 24.5.2019, lch. 31).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1744 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019 maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh tuairisciú leictreonach long i loingseoireacht intíre agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 164/2010 (IO L 273, 25.10.2019, lch. 1).

    An Comhshaol (cáilíocht an aeir) agus an tAthrú aeráide

    Treoir 2009/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí peitril, díosail agus gáis-ola agus lena leagtar amach sásra chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus chun iad a laghdú agus lena leasaítear Treoir 1999/32/CE ón gComhairle maidir le sonraíocht an bhreosla a úsáideann soithí uiscebhealaí intíre agus lena n-aisghairtear Treoir 93/12/CEE (IO L 140, 5.6.2009, lch. 88).

    Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh in innealra soghluaiste nach n-úsáidtear ar bhóithre, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).

    Cearta paisinéirí

    Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí le linn dóibh taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

    Faisnéis leictreonach faoi iompar lastais

    Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33).

    Am oibre

    Treoir 2014/112/AE ón gComhairle an 19 Nollaig 2014 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Eorpach a bhaineann le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre san iompar ar uiscebhealaí intíre, arna thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach Báirse (EBU), ag an Eagraíocht Eorpach Scipéirí (ESO) agus ag Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) (IO L 367 23.12.2014, lch. 86).

    “IARSCRÍBHINN I.6

    RIALACHA COMHSHAOIL IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN EARNÁIL IOMPAIR

    Beidh ‘Forálacha infheidhme’ na ngníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh infheidhme i gcomhréir leis an bPríomhchonradh agus le hIarscríbhinn II maidir le hoiriúnuithe cothrománacha mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn seo nó sna Prótacail I go VI. Más gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha maidir le gach gníomh aonair.

    Tagraíonn na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh don leagan is déanaí de na gníomhartha sin mar a leasaíodh go deireanach iad.

    Limistéar rialála

    Reachtaíocht

    Measúnacht ar éifeachtaí

    Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnacht a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal áirithe poiblí agus príobháideach ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE. (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1)

    agus an Coinbhinsiún maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann, 1991 (Coinbhinsiún Espoo).

    Na tionscadail uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir MTC a thagann faoi raon feidhme an Chonartha, beidh siad faoi réir measúnacht tionchair timpeallachta i gcomhréir le forálacha MTC AE. Na tionscadail uile a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir MTC a thagann faoi raon feidhme an Chonartha, beidh siad faoi réir cinnidh an gcuirfear iad seo faoi réir measúnacht tionchair timpeallachta i gcomhréir le forálacha MTC AE. Ina theannta sin, ba chóir aghaidh a thabhairt ar ghnéithe trasteorann i gcomhréir le ceanglais Choinbhinsiún Espoo.

    Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30)

    agus an Prótacal maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta a ghabhann le Coinbhinsiún Espoo (Prótacal MSC).

    Beidh na pleananna agus na cláir uile atá i réimse an Iompair, i gcás inarb infheidhme, faoi réir measúnú comhshaoil i gcomhréir le forálacha Threoir MST agus Phrótacal MST a ghabhann le Coinbhinsiún Espoo. Más dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha trasteorann ar an gcomhshaol ag cur chun feidhme plean nó cláir, nó má iarrann Páirtí ar dócha go n-imreofar tionchar suntasach air sin a dhéanamh, ba chóir comhairliúchán trasteorann a dhéanamh de réir fhorálacha Phrótacal MST (Airteagal 10) agus/nó Threoir MST (Airteagal 7).

    Caomhnú

    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus flora agus fauna fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

    Más dócha go gcuirfidh tionscadal isteach ar láithreacha a bhfuil tábhacht leo ó thaobh chaomhnú an dúlra de, déanfar measúnú iomchuí ar chaomhnú an dúlra, a bheidh coibhéiseach leis an gceann dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE.

    Treoir 79/409/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán 1979 maidir le héin fhiáine a chaomhnú IO L 103, 25.4.1979, lgh. 1–18, arna leasú le Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú, (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

    Breoslaí, cáilíocht an aeir agus athrú aeráide

    Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).

    Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58).

    Beartas uisce

    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

    Ba chóir na tionscadail iompair uile maidir le loingseoireacht a thagann faoi raon feidhme an Chonartha seo a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE.

    Ba chóir na tionscadail iompair uile maidir le loingseoireacht a thagann faoi raon feidhme an Chonartha seo a dhéanamh, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an Ráiteas Comhpháirteach um Loingseoireacht Intíre agus um Inbhuanaitheacht Comhshaoil in Abhantrach na Danóibe lena dtacaíonn an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint na Danóibe (ICPDR), Coimisiún na Danóibe agus Coimisiún Sava.

    Torann

    Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú - Dearbhú ón gCoimisiún sa Choiste Idir-réitigh maidir leis an Treoir a bhaineann le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú, (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12)

    “IARSCRÍBHINN I.7

    RIALACHA UM SHOLÁTHAR POIBLÍ IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN EARNÁIL IOMPAIR

    Beidh ‘Forálacha infheidhme’ na ngníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh infheidhme i gcomhréir leis an bPríomhchonradh agus le hIarscríbhinn II maidir le hoiriúnuithe cothrománacha mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn seo nó sna Prótacail I go VI. Más gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha maidir le gach gníomh aonair.

    Tagraíonn na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh don leagan is déanaí de na gníomhartha sin mar a leasaíodh go deireanach iad.

    Limistéar rialála

    Reachtaíocht

    Nósanna imeachta athbhreithniúcháin

    Treoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú a dhéanamh ar na dlíthe, ar na rialacháin agus ar na forálacha riaracháin a bhaineann le feidhmiú nósanna imeachta athbhreithnithe chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain (IO L 395, 30.12.1989, lch. 33).

    Treoir 92/13/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 lena ndéantar comhordú ar na dlíthe, ar na rialacháin agus ar na forálacha riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta soláthair de chuid eintiteas a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide (IOL 76, 23.3.1992, lch. 14).

    Nósanna imeachta soláthair

    Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

    Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2015 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha chun fógraí a fhoilsiú i réimse an tsoláthair phoiblí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 842/2011 (IO L 296, 12.11.2015, lch. 1).

    Seirbhísí poiblí

    Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).

    Rialachán (AE) 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a mhéid a bhaineann leis an margadh do sheirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt (IO L 354, 23.12.2016, lch. 22).’


    (1)  Maidir leis an raon feidhme, féach Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/1056. Níl Treoir 92/106/CEE ná Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 liostaithe san iarscríbhinn seo. An méid a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2020/1056 gnéithe a bhfuil baint acu leis na gníomhartha sin, níl sé ábhartha.


    Top