Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0304

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 26/2020 an 7 Feabhra 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XVI (Soláthar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/304]

    IO L 49, 16.2.2023, p. 55–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/304/oj

    16.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 49/55


    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 26/2020

    an 7 Feabhra 2020

    lena leasaítear Iarscríbhinn XVI (Soláthar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/304]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1827 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha do lamháltais (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1828 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha do chonarthaí poiblí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus do chomórtais deartha (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (3)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1829 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha do chonarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus do chomórtais deartha (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (4)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1830 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha do chonarthaí soláthair, seirbhíse agus oibreacha (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

    1.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 2 (Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

    ‘—

    32019 R 1828: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1828 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 279, 31.10.2019, lch. 25).’

    2.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 4 (Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

    ‘—

    32019 R 1829: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1829 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 279, 31.10.2019, lch. 27).’

    3.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 5c (Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

    ‘—

    32019 R 1830: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1830 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 279, 31.10.2019, lch. 29).’

    4.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 6f (Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

    ‘—

    32019 R 1827: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1827 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 279, 31.10.2019, lch. 23).’

    Airteagal 2

    Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/1827, (AE) 2019/1828, (AE) 2019/1829 agus (AE) 2019/1830 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2020.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Clara GANSLANDT


    (1)  IO L 279, 31.10.2019, lch. 23.

    (2)  IO L 279, 31.10.2019, lch. 25.

    (3)  IO L 279, 31.10.2019, lch. 27.

    (4)  IO L 279, 31.10.2019, lch. 29.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    Top