This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22022D2165
Decision of the EEA Joint Committee No 173/2019 of 14 June 2019 amending Annex XIX (Consumer protection) to the EEA Agreement [2022/2165]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 173/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XIX (Cosaint tomhaltóirí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2165]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 173/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XIX (Cosaint tomhaltóirí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2165]
IO L 291, 10.11.2022, p. 62–62
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 21994A0103(69) | Scriosadh | pointe 7j pointe (c) Téacs |
10.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 291/62 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 173/2019
an 14 Meitheamh 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XIX (Cosaint tomhaltóirí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2165]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí), ionchorpraíodh é i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 194/2016 ó Chomhchoiste LEE an 23 Meán Fómhair 2016 (1). |
(2) |
Leis na feidhmeanna aistriúcháin a sholáthraíonn an clár ODR a mhéid a bhaineann leis an Íoslainnis, áirithítear anois go bhfuil cáilíocht na bhfeidhmeanna uile mar an gcéanna leis an gcáilíocht a sholáthraítear le haghaidh na dteangacha eile. Dá bhrí sin, is iomchuí deireadh a chur leis na bearta maidir leis na feidhmeanna aistriúcháin go hÍoslainnis agus ón Íoslainnis a leagtar síos in Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Comhaontú LEE. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Scriostar téacs oiriúnú (c) i bpointe 7j (Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIX.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Claude MAERTEN
(1) IO L 80, 22.3.2018, lch. 37.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.