This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22022D2159
Decision of the EEA Joint Committee No 167/2019 of 14 June 2019 amending Annex XI (Electronic communication, audiovisual services and information society) to the EEA Agreement [2022/2159]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 167/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2159]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 167/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2159]
IO L 291, 10.11.2022, p. 54–55
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 21994A0103(61) | Cur le | pointe 5lb | ||
Modifies | 21994A0103(61) | Cur le | pointe 5lc | ||
Modifies | 21994A0103(61) | Cur le | pointe 5ld | ||
Modifies | 21994A0103(61) | Cur le | pointe 5le |
10.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 291/54 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 167/2019
an 14 Meitheamh 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2159]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/806 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí a bhaineann le formáid thrustmharc AE le haghaidh seirbhísí iontaoibhe cáilithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1505 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí agus formáidí teicniúla a bhaineann le liostaí iontaoibhe de bhun Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí i ndáil le formáidí ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag comhlachtaí san earnáil phoiblí de bhun Airteagal 27(5) agus Airteagal 37(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/650 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena leagtar síos caighdeáin i ndáil le measúnú slándála ar ghléasanna cruthaithe sínithe agus séala cáilithe de bhun Airteagal 30(3) agus Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 5la (Cinneadh 2000/709/CE ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘5lb. |
32015 R 0806: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/806 an 22 Bealtaine 2015 ón gCoimisiún lena leagtar síos sonraíochtaí a bhaineann le formáid thrustmharc AE le haghaidh seirbhísí iontaoibhe cáilithe (IO L 128, 23.5.2015, lch. 13). |
5lc. |
32015 D 1505: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1505 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí agus formáidí teicniúla a bhaineann le liostaí iontaoibhe de bhun Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 26). |
5ld. |
32015 D 1506: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí i ndáil le formáidí ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag comhlachtaí san earnáil phoiblí de bhun Airteagal 27(5) agus Airteagal 37(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 37). |
5le. |
32016 D 0650: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/650 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena leagtar síos caighdeáin i ndáil le measúnú slándála ar ghléasanna cruthaithe sínithe agus séala cáilithe de bhun Airteagal 30(3) agus Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 109, 26.4.2016, lch. 40).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/806 agus Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1505, (AE) 2015/1506 agus (AE) 2016/650 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*), nó ar dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 22/2018 ó Chomhchoiste LEE an 9 Feabhra 2018 (5), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Claude MAERTEN
(1) IO L 128, 23.5.2015, lch. 13.
(2) IO L 235, 9.9.2015, lch. 26.
(3) IO L 235, 9.9.2015, lch. 37.
(4) IO L 109, 26.4.2016, lch. 40.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.