This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22022D2146
Decision of the EEA Joint Committee No 154/2019 of 14 June 2019 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2022/2146]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 154/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2146]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 154/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2146]
IO L 291, 10.11.2022, p. 33–33
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 21994A0103(52) | Cur le | caibidil XV pointe 12zzzzzw |
10.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 291/33 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 154/2019
an 14 Meitheamh 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2146]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1251 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2018 gan eimpeintrin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzv (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1985 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘12zzzzzw. |
32018 D 1251: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1251 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2018 gan eimpeintrin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (IO L 235, 19.9.2018, lch. 24).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1251 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Claude MAERTEN
(1) IO L 235, 19.9.2018, lch. 24.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.