Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D1128

Cinneadh Uimh. 60/2022 ó Chomhchoiste LEE an 18 Márta 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1128]

IO L 182, 7.7.2022, p. 36–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1128/oj

7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 182/36


CINNEADH Uimh. 60/2022 Ó CHOMHCHOISTE LEE

an 18 Márta 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1128]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2020/1255 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a mhéid a bhaineann le huasleibhéil hidreacarbón iltimthriallacha aramatacha (PAHanna) i bhfeoil atá deataithe go traidisiúnta agus i dtáirgí feola deataithe agus in iasc atá deataithe go traidisiúnta agus i dtáirgí iascaigh deataithe agus lena mbunaítear uasleibhéal PAHanna i bpúdair bia de thionscnamh plandaí a úsáidtear chun deochanna a ullmhú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le bia-earraí. Reachtaíocht maidir le bia-earraí, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnaítear cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta go Lichtinstéin, mar a shonraítear sa réamhrá do Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasófar pointe 54zzzz (Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:

1.

Cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:

“-

32020 R 1255: Rialachán (AE) 2020/1255 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2020 (IO L 293, 8.9.2020, lch. 1).”

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (b):

“(b)

Cuirfear an méid seo a leanas leis an liosta in Airteagal 7(6):

‘-

An Íoslainn: feoil agus táirgí feola atá deataithe go traidisiúnta, i gcás ina gciallaíonn “deataithe go traidisiúnta” deatach a chothú trí aoileach caorach, móin, adhmad fiáin agus/nó fraochmhá a dhó i dteach deataigh,

An Iorua: “eldhusrøykt pinnekjøtt” atá deataithe go traidisiúnta.’

(c)

Cuirfear an méid seo a leanas leis an liosta in Airteagal 7(7):

‘-

An Íoslainn: iasc agus táirgí iascaigh atá deataithe go traidisiúnta, i gcás ina gciallaíonn “deataithe go traidisiúnta” deatach a chothú trí aoileach caorach, móin, adhmad fiáin agus/nó fraochmhá a dhó i dteach deataigh.’.”

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2020/1255 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 19 Márta 2022 ar an gcoinníoll go mbeifear tar éis na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE a dhéanamh (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Márta 2022.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 293, 8.9.2020, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top