EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D0370

Cinneadh Uimh. 73/2021 ón gComhchoiste a bunaíodh faoin gComhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá an 8 Feabhra 2022 a bhaineann le Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta a liostú faoin Iarscríbhinn Earnála maidir le Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach (2022/370)

PUB/2022/123

IO L 69, 4.3.2022, p. 125–126 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/370/oj

4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 69/125


CINNEADH Uimh. 73/2021 ÓN GCOMHCHOISTE A BUNAÍODH FAOIN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE hAITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ

an 8 Feabhra 2022

a bhaineann le Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta a liostú faoin Iarscríbhinn Earnála maidir le Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach (2022/370)

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus go háirithe Airteagal 7 agus Airteagal 14 de;

De bhrí go bhfuil ar an gComhchoiste cinneadh a dhéanamh Comhlacht nó Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta a liostú faoi Iarscríbhinn Earnála;

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

1.

Cuirtear na Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta i gceangaltán A le liosta na gComhlachtaí um Measúnú Comhréireachta faoin gcolún “Rochtain CE ar mhargadh na Stát Aontaithe” i Roinn V den Iarscríbhinn Earnála maidir le Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach.

2.

Chomhaontaigh na Páirtithe na raonta feidhme sonracha chun liostú, i dtéarmaí táirgí agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, na gComhlachtaí um Measúnú Comhréireachta a léirítear i gCeangaltán A a dhéanamh agus coimeádfaidh na Páirtithe ar bun iad.

Déanfaidh ionadaithe an Chomhchoiste an Cinneadh seo, arna dhéanamh i ndúblach, a shíniú, ionadaithe atá údaraithe gníomhú thar ceann na bPáirtithe chun an Comhaontú a leasú. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón dáta is déanaí de na sínithe sin.

Thar ceann Stáit Aontaithe Mheiriceá

James C. SANFORD

Arna shíniú in Washington, an 2 Feabhra 2022

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Lucian CERNAT

Arna shíniú sa Bhruiséil, an 8 Feabhra 2022


Ceangaltán A

Cuirtear Comhlachtaí CE um Measúnú Comhréireachta le liosta na gComhlachtaí um Measúnú Comhréireachta faoin gcolún “Rochtain CE ar mhargadh na Stát Aontaithe” i Roinn V den Iarscríbhinn Earnála maidir le Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach.

IBL-Lab GmbH

Heinrich-Hertz-Allee 7

66386 St. Ingbert

AN GHEARMÁIN

C.R.E.I. Ven S.c.r.a.l. Centro Ricerca Elettronica Industriale del Veneto

Corso Spagna 12,

35127 Padova

AN IODÁIL


Top