This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016P041
Charter of Fundamental Rights of the European Union#TITLE V - CITIZENS' RIGHTS#Article 41 Right to good administration
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
TEIDEAL V - CEARTA NA SAORÁNACH
Airteagal 41 An ceart chun dea-riaracháin
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
TEIDEAL V - CEARTA NA SAORÁNACH
Airteagal 41 An ceart chun dea-riaracháin
IO C 202, 7.6.2016, p. 401–402
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/401 |
Airteagal 41
An ceart chun dea-riaracháin
1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse réasúnta.
2. Folaíonn an ceart sin:
(a) |
ceart gach duine chun éisteacht a fháil sula nglactar aon bheart leithleach i ndáil leis nó léi ar beart é a dhéanfadh dochar dó nó di; |
(b) |
ceart gach duine rochtain a fháil ar a chomhad nó a comhad, agus leasanna dlisteanacha rúndachta agus sicréideachta gairmiúla agus gnó á n-urramú ag an am céanna; |
(c) |
an oibleagáid atá ar an lucht riaracháin cúiseanna a thabhairt lena chinntí. |
3. I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh an tAontas aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a oifigigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.
4. Féadfaidh gach duine scríobh chuig institiúidí an Aontais i gceann de theangacha na gConarthaí agus caithfidh sé nó sí freagra a fháil sa teanga chéanna.