EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M018

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
TEIDEAL III - FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA hINSTITIÚIDÍ
Airteagal 18

IO C 202, 7.6.2016, p. 26–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_18/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/26


Airteagal 18

1.   Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a cheapadh. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach a théarma oifige a chríochnú de réir an nós imeachta chéanna.

2.   Seolfaidh an tArdionadaí comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Rannchuideoidh sé trína thograí leis an mbeartas sin a fhorbairt agus feidhmeoidh sé é faoi mar a shaineoidh an Chomhairle. Gníomhóidh sé amhlaidh maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta.

3.   Beidh an tArdionadaí i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha.

4.   Beidh an tArdionadaí ar dhuine de Leas-Uachtaráin an Choimisiúin. Áiritheoidh sé comhchuibheas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Beidh sé freagrach laistigh den Choimisiún as na freagrachtaí a thiteann ar an gCoimisiún sa chaidreamh seachtrach agus as gnéithe eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chomhordú. Agus na freagrachtaí sin á bhfeidhmiú aige laistigh den Choimisiún, agus i dtaca leis na freagrachtaí sin amháin, beidh an tArdionadaí faoi réir nósanna imeachta an Choimisiúin, a mhéid a bheidh sé sin comhchuí le míreanna 2 agus 3.


Top