Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M017

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
    TEIDEAL III - FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA hINSTITIÚIDÍ
    Airteagal 17

    IO C 202, 7.6.2016, p. 25–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_17/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/25


    Airteagal 17

    1.   Déanfaidh an Coimisiún leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn agus glacfaidh sé tionscnaimh iomchuí chuige sin. Áiritheoidh sé go gcuirfear i bhfeidhm na Conarthaí agus na bearta a ghlacfaidh na hinstitiúidí de bhun na gConarthaí. Maoirseoidh sé cur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh sé an buiséad a chur chun feidhme agus déanfaidh sé cláir a bhainistiú. Feidhmeoidh sé feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin agus bainistíochta mar atá leagtha síos sna Conarthaí. Amach ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus amach ó chásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, áiritheoidh sé ionadaíocht sheachtrach an Aontais. Glacfaidh sé tionscnaimh a bhaineann le pleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais d'fhonn teacht ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha.

    2.   Mura bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, ní fhéadfar gníomhartha reachtacha Aontais a ghlacadh ach amháin ar bhonn togra ón gCoimisiún. Glacfar gníomhartha eile ar bhonn togra ón gCoimisiún nuair a fhoráiltear dó sin sna Conarthaí.

    3.   Beidh téarma oifige cúig bliana ag an gCoimisiún.

    Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin mar gheall ar a n-inniúlacht i gcoitinne agus a dtiomantas Eorpach as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

    I bhfeidhmiú a fhreagrachtaí, beidh an Coimisiún neamhspleách ar fad. Gan dochar d'Airteagal 18(2), ní iarrfaidh comhaltaí an Choimisiúin teagaisc ar aon rialtas ná aon institiúid, aon chomhlacht, aon oifig nó aon ghníomhaireacht eile ná ní ghlacfaidh siad teagasc uathu. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna nó le comhlíonadh a gcúraimí.

    4.   Beidh an Coimisiún a ainmneofar idir dáta theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus an 31 Deireadh Fómhair 2014 comhdhéanta de náisiúnach amháin as gach Ballstát, lena n-áirítear an tUachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a bheidh ar dhuine dá Leas-Uachtaráin.

    5.   Amhail ón 1 Samhain 2014, beidh an Coimisiún comhdhéanta de líon comhaltaí, lena n-áirítear an tUachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ar líon é a fhreagróidh do dhá thrian de líon na mBallstát, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d'aon toil, an líon sin a athrú.

    Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin as measc náisiúnaigh na mBallstát ar bhonn córas uainíochta fíor-chomhionann idir na Ballstáit a léireoidh raon déimeagrafach agus geografach na mBallstát uile. Bunóidh an Chomhairle Eorpach an córas sin d'aon toil i gcomhréir le hAirteagal 244 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    6.   Déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin:

    (a)

    na treoirlínte a leagan síos a bhfeidhmeoidh an Coimisiún laistigh díobh;

    (b)

    eagrúchán inmheánach an Choimisiúin a chinneadh chun comhchuibheas, éifeachtúlacht agus coláisteachas a ghníomhaíochta a áirithiú;

    (c)

    Leas-Uachtaráin, seachas Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a cheapadh as líon chomhaltaí an Choimisiúin.

    Éireoidh comhalta den Choimisiún as oifig arna iarraidh sin don Uachtarán. Éireoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála as oifig, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 18(1), arna iarraidh sin don Uachtarán.

    7.   Ag féachaint do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus tar éis dul i mbun na gcomhairliúchán iomchuí, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir le haghaidh Uachtaránacht an Choimisiúin a mholadh do Pharlaimint na hEorpa. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa an t-iarrthóir sin trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Mura sroichfidh sé an tromlach is gá, molfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir nua do Pharlaimint na hEorpa faoi cheann míosa agus toghfaidh Parlaimint na hEorpa é de réir an nós imeachta chéanna.

    Glacfaidh an Chomhairle, de chomhthoil leis an Uachtarán toghaí, an liosta de na daoine eile a bheartóidh sí a cheapadh ina gcomhaltaí den Choimisiún. Déanfar an rogha sin ar bhonn moltaí arna ndéanamh ag na Ballstáit, i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach sa dara fomhír de mhír 3 agus sa dara fomhír de mhír 5.

    Déanfar an tUachtarán, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus comhaltaí eile an Choimisiúin a chur mar chomhlacht faoi réir vóta um thoiliú ag Parlaimint na hEorpa. Ceapfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an Coimisiún ar bhonn an toilithe sin.

    8.   Beidh an Coimisiún mar chomhlacht freagrach do Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa vótáil ar thairiscint cáinte i leith an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 234 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Má ritear tairiscint den sórt sin, caithfidh comhaltaí uile an Choimisiúin scor dá n-oifig d'aon bhuíon agus caithfidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála éirí as na feidhmeanna a fheidhmíonn sé sa Choimisiún.


    Top