EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E283

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
ROINN 6 - AN BANC CEANNAIS EORPACH
Airteagal 283 (sean-Airteagal 112 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 168–168 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_283/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/168


Airteagal 283

(sean-Airteagal 112 CCE)

1.   Beidh ar Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannas Eorpaigh agus Gobharnóirí bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

2.   Beidh ar Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh an tUachtarán, an Leasuachtarán agus ceithre chomhalta eile.

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di le tromlach cáilithe, ar mholadh ón gComhairle tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta.

Ocht mbliana a bheidh ina dtéarma oifige agus ní fhéadfar é a athnuachan.

Ní féidir a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin ach amháin náisiúnaigh de na Ballstáit.


Top