Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E200

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A CEATHAIR - TÍORTHA AGUS CRÍOCHA THAR LEAR A CHOMHLACHÚ
    Airteagal 200 (sean-Airteagal 184 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 138–138 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_200/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/138


    Airteagal 200

    (sean-Airteagal 184 CCE)

    1.   Déanfar dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na dtíortha agus na gcríoch a allmhaireofar isteach sna Ballstáit a thoirmeasc i gcomhréir leis an toirmeasc dleachtanna custaim idir na Ballstáit de réir fhorálacha na gConarthaí.

    2.   Déanfar dleachtanna custaim ar allmhairí isteach i ngach tír nó críoch ó Bhallstáit nó ó na tíortha nó na críocha eile a thoirmeasc i gcomhréir le forálacha Airteagal 30.

    3.   Féadfaidh na tíortha agus na críocha, áfach, dleachtanna custaim a thobhach a fhreagraíonn do riachtanais a bhforbraíochta agus a dtionsclaíochta nó a ghnóthaíonn ioncam dá mbuiséid.

    Ní fhéadfaidh na dleachtanna dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo dul thar leibhéal na ndleachtanna a fhorchuirtear ar tháirgí a allmhairítear ón mBallstát a bhfuil caidreamh speisialta ag gach tír nó críoch ar leith leis.

    4.   Ní bhainfidh mír 2 leis na tíortha agus na críocha a dhéanann cheana féin, mar gheall ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta áirithe atá de cheangal orthu, taraif chustaim neamh-idirdhealaitheach a chur chun feidhme.

    5.   Má thugtar isteach nó má athraítear ar dhóigh ar bith dleachtanna custaim ar earraí a allmhairítear isteach sna tíortha agus sna críocha, ní bheidh sin ina chúis, ó dhlí ná ó ghníomh, le haon idirdhealú, díreach ná indíreach, a dhéanamh idir allmhairí ó na Ballstáit éagsúla.


    Top