EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E197

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XXIV - COMHAR RIARACHÁIN
Airteagal 197

IO C 202, 7.6.2016, p. 136–136 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_197/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/136


Airteagal 197

1.   Measfar gur ábhar leasa choitinn atá sár-riachtanach do dhea-oibriú an Aontais é na Ballstáit dlí an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach.

2.   Féadfaidh an tAontas tacú le hiarrachtaí na mBallstát a gcumas riaracháin a fheabhsú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme. Féadfaidh a bheith san áireamh leis sin malartú faisnéise agus státseirbhíseach a éascú agus tacú le scéimeanna oiliúna. Ní bheidh oibleagáid ar Bhallstát ar bith tarraingt ar an tacaíocht sin. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun na críche sin, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

3.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'oibleagáid na mBallstát dlí an Aontais a chur chun feidhme nó do shainchumais agus do dhualgais an Choimisiúin. Beidh an tAirteagal gan dochar freisin d'fhorálacha eile na gConarthaí lena bhforáiltear do chomhar riaracháin idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an tAontas.


Top