EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E106

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VII - COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA
CAIBIDIL 1 - RIALACHA IOMAÍOCHTA
ROINN 1 - RIALACHA A BHAINEANN LE GNÓTHAIS
Airteagal 106 (sean-Airteagal 86 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 90–91 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_106/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/90


Airteagal 106

(sean-Airteagal 86 CCE)

1.   I gcás na ngnóthas poiblí agus na ngnóthas dá dtugann na Ballstáit cearta speisialta nó cearta eisiacha, ní achtóidh na Ballstáit, ná ní choinneoidh siad i bhfeidhm, aon bheart atá bunoscionn le rialacha na gConarthaí, go háirithe na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 18 agus in Airteagail 101 go 109.

2.   Gnóthais arb é a gcúram seirbhísí a oibriú is seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, beidh siad faoi réir rialacha na gConarthaí, go háirithe na rialacha iomaíochta, chomh fada is nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur chun feidhme bac ar chomhlíonadh, ó dhlí nó ó ghníomh, an chúraim áirithe a ceapadh dóibh. Caithfear gan cur as d'fhorbairt na trádála go feadh méid ba dhochar do leasanna an Aontais.

3.   Féachfaidh an Coimisiún chuige go gcuirfear forálacha an Airteagail seo chun feidhme agus, nuair is gá sin, eiseoidh sé treoracha nó cinntí iomchuí chun na mBallstát.


Top