Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E040

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
    TEIDEAL III - AN TALMHAÍOCHT AGUS AN tIASCACH
    Airteagal 40 (sean-Airteagal 34 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 63–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_40/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/63


    Airteagal 40

    (sean-Airteagal 34 CCE)

    1.   Chun na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39 a ghnóthú, bunófar comheagrú na margaí talmhaíochta.

    Is i bhfoirm acu seo a leanas, de réir an táirge áirithe, a bheidh an t-eagrú sin:

    (a)

    comhrialacha iomaíochta;

    (b)

    comhordú éigeantach ar na heagruithe náisiúnta margaidh;

    (c)

    eagrú Eorpach ar an margadh.

    2.   An comheagrú a bhunófar de réir mhír 1, féadfaidh sí na bearta uile a chuimsiú is gá chun na haidhmeanna a ghnóthú atá leagtha amach in Airteagal 39, go háirithe rialú praghsanna, cabhracha chun na táirgí éagsúla a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, córais chun táirgí a stóráil agus a thabhairt anonn agus comhshásra chun allmhairí nó onnmhairí a chobhsú.

    Beidh ar an gcomheagrú cloí le gnóthú na n-aidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39, agus gan idirdhealú ar bith a dhéanamh idir táirgeoirí nó tomhaltóirí san Aontas.

    Bunófar aon chomhbheartas praghsanna ar chomhchaighdeáin agus ar chómhodhanna ríomhaireachta.

    3.   Chun a chumasú don chomheagrú dá dtagraítear i mír 1 a aidhmeanna a ghnóthú, féadfar ciste nó cistí um threoraíocht agus ráthaíocht talmhaíochta a bhunú.


    Top