This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016E/PRO/26
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PROTOCOL (No 26) ON SERVICES OF GENERAL INTEREST
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
PRÓTACAL (Uimh. 26) MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ LEASA GHINEARÁLTA
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
PRÓTACAL (Uimh. 26) MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ LEASA GHINEARÁLTA
IO C 202, 7.6.2016, p. 307–307
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/307 |
PRÓTACAL (Uimh. 26)
MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ LEASA GHINEARÁLTA
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO béim a leagan ar thábhacht seirbhísí leasa ghinearálta,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha léirithe seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Airteagal 1
Cuimsíonn comhluachanna an Aontais maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta, de réir bhrí Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an méid seo a leanas go háirithe:
— |
an ról riachtanach agus an rogha leathan atá ag na húdaráis náisiúnta, ag na húdaráis réigiúnacha agus ag na húdaráis áitiúla maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta a sholáthar, a chur á n úsáid agus a eagrú ar bhealach a fhreagraíonn a oiread agus is féidir do riachtanais na n úsáideoirí; |
— |
éagsúlacht na seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta agus na difríochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann idir riachtanais na n úsáideoirí agus idir a roghanna de bharr staideanna geografacha, staideanna sóisialta nó staideanna cultúrtha éagsúla; |
— |
leibhéal ard cáilíochta, sábháilteachta agus incheannaitheachta, an chóir chomhionann agus rochtain do chách agus cearta úsáideoirí a chur chun cinn. |
Airteagal 2
Ní dhéanfaidh forálacha na gConarthaí difear ar dhóigh ar bith d'inniúlacht na mBallstát maidir le seirbhísí leasa ghinearálta nach den gheilleagar iad a sholáthar, a chur á n-úsáid agus a eagrú.