This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12012M043
Consolidated version of the Treaty on European Union - TITLE V GENERAL PROVISIONS ON THE UNION'S EXTERNAL ACTION AND SPECIFIC PROVISIONS ON THE COMMON FOREIGN AND SECURITY POLICY - CHAPTER 2 SPECIFIC PROVISIONS ON THE COMMON FOREIGN AND SECURITY POLICY- SECTION 2 PROVISIONS ON THE COMMON SECURITY AND DEFENCE POLICY - Article 43
An Conradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite) - TEIDEAL V FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2 FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - ROINN 2 FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA - Airteagal 43
An Conradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite) - TEIDEAL V FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2 FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - ROINN 2 FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA - Airteagal 43
IO C 326, 26.10.2012, p. 39–39
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
TEIDEAL V
FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
CAIBIDIL 2
FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
ROINN 2
FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA
Airteagal 43
1. Beidh san áireamh ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), a bhféadfaidh an tAontas úsáid a bhaint as meáin shibhialta agus mhíleata lena linn, oibríochtaí comhpháirteacha dí-armála, cúraimí daonnúla agus tarrthála, cúraimí comhairle agus cúnaimh míleata, cúraimí a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc agus cúraimí síochánaíochta, cúraimí fórsaí comhraic le linn bainistíochta géarchéime, lena n-áirítear an tsíocháin a dhéanamh agus an cobhsú iarchoinbhleachta. Féadfaidh na cúraimí sin uile rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, go fiú trí thacú le tríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar a gcríocha.
2. Glacfaidh an Chomhairle cinntí maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 lena saineofar a gcuspóirí agus a raon feidhme agus na coinníollacha ginearálta lena gcur chun feidhme. Áiritheoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ag gníomhú dó faoi údarás na Comhairle agus i ndlúth-thadhall buan leis an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, go ndéanfar comhordú ar ghnéithe sibhialta agus míleata na gcúraimí sin.