EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E/PRO/37

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
PRÓTACAIL
Prótacal (Uimh. 37) maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach

IO C 326, 26.10.2012, p. 328–329 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/pro_37/oj

26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


PRÓTACAL (Uimh. 37)

MAIDIR LEIS NA hIARMHAIRTÍ AIRGEADAIS TOISC CONRADH CEGC A DHUL IN ÉAG AGUS LEIS AN gCISTE TAIGHDE UM GHUAL AGUS CRUACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH go ndearnadh sócmhainní agus dócmhainní uile an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, faoi mar a bhí siad an 23 Iúil 2002, a aistriú chuig an gComhphobal Eorpach an 24 Iúil 2002,

AG CUR SAN ÁIREAMH DÓIBH gurb inmhianaithe na cistí sin a úsáid le haghaidh taighde i réimsí atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach agus gur gá dá bharr sin rialacha sonracha áirithe a bhunú i dtaca leis sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

1.   Faoi réir aon mhéadú nó laghdú a fhéadfaidh tarlú de thoradh ar na hoibríochtaí leachtaithe, measfar glanluach na sócmhainní agus na ndócmhainní sin, faoi mar a thaispeántar iad i gclár comhardaithe CEGC an 23 Iúil 2002, mar shócmhainní atá ceaptha le haghaidh taighde sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach, dá dtagraítear mar ‘CEGC faoi leachtú’. Ar an leachtú a bheith críochnaithe, tagrófar dóibh mar ‘Sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach’.

2.   An t-ioncam ó na sócmhainní sin, dá dtagraítear mar ‘An Ciste Taighde um Ghual agus Cruach’, bainfear leas eisiach as le haghaidh taighde, lasmuigh den chlár réime taighde, sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach i gcomhréir le forálacha an Phrótacail seo agus na ngníomhartha arna nglacadh dá bhun.

Airteagal 2

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, na forálacha is gá chun an Prótacal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear na prionsabail shár-riachtanacha.

Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, bearta lena mbunófar treoirlínte ilbhliantúla airgeadais le haghaidh sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistíocht agus treoirlínte teicniúla a ghlacadh do chlár taighde an Chiste sin.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag forálacha na gConarthaí, mura bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo agus sna gníomhartha arna nglacadh dá bhun.


Top