This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12007L/TXTR(03)
Procès-verbal of rectification to the Treaty of Lisbon amending the Treaty on European Union and the Treaty establishing the European Community, signed at Lisbon on 13 December 2007 ( OJ C 306, 17.12.2007 )
Miontuairisc cheartaitheach maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13 Nollaig 2007 ( IO C 306, 17.12.2007 )
Miontuairisc cheartaitheach maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13 Nollaig 2007 ( IO C 306, 17.12.2007 )
IO C 81, 29.3.2010, p. 1–2
(ES, EL, EN, GA, MT, NL)
ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/lis/corrigendum/2010-03-29/3/oj
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrigendum to | 12007L/TXT | (EL, EN, ES, GA, MT, NL) |
29.3.2010 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
MIONTUAIRISC CHEARTAITHEACH
maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13 Nollaig 2007
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 306 an 17 Nollaig 2007 )
Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 23 Márta 2010 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.
1. |
Leasuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ar an gConradh ag bunú an Chomhpobail Eorpaigh |
(a) |
Leathananch 28, Airteagal 1, pointe 33(a) |
In ionad:
‘(a) |
i mír 1, cuirtear “Féadfaidh aon Bhallstát, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó an tArdionadaí le tacaíocht ón gCoimisiún, aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle …” a chur in ionad “Féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle…” agus cuirtear “…tionscnaimh nó tograí mar is iomchuí a thíolacadh di.” in ionad “… tograí a thíolacadh di.”;’ |
Léitear:
‘(a) |
i mír 1, cuirtear “Féadfaidh aon Bhallstát, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó an tArdionadaí le tacaíocht ón gCoimisiún, aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle …” in ionad “Féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle…” agus cuirtear “…féadfaidh aon Bhallstát nó an tArdionadaí tionscnaimh nó tograí, faoi seach, a thíolacadh di.” in ionad “… tograí a thíolacadh di.”;’ |
(b) |
Leathanach 31, Airteagal 1, pointe 39, mír (c) |
In ionad:
‘(c) |
cuirtear an mhír nua seo a leanas leis an Airteagal: “Rannchuideoidh siad leis an gceart a chur chun feidhme atá ag saoránaigh an Aontais chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 17b(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 20 den Chonradh sin.” ’ |
Léitear:
‘(c) |
cuirtear an mhír nua seo a leanas leis an Airteagal: “Rannchuideoidh siad leis an gceart a chur chun feidhme atá ag saoránaigh an Aontais chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 17b(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 20 den Chonradh sin a chur chun feidhme.” ’ |
(c) |
Leathanach 63, Airteagal 2, pointe 67 |
In ionad:
‘67) |
Cuirtear Airteagal 61g in ionad Airteagal 66, mar a shonraítear thuas i bpointe 64 agus aisghairtear Airteagail 67 go 69. Cuirtear isteach an Chaibidil 4 agus na hAirteagail 69 go 69e seo a leanas. Cuirtear Airteagail 69a, 69b agus 69d in ionad Airteagal 31 den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar atá, mar a shonraítear thuas i bpointe 51 d'Airteagal 1 den Chonradh seo.’ |
Léitear:
‘67) |
Cuirtear Airteagal 61g in ionad Airteagal 66, mar a shonraítear thuas i bpointe 64 agus aisghairtear Airteagail 67 go 69. Cuirtear isteach an Chaibidil 4 agus na hAirteagail 69a go 69e seo a leanas. Cuirtear Airteagail 69a, 69b agus 69d in ionad Airteagal 31 den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar atá, mar a shonraítear thuas i bpointe 51 d'Airteagal 1 den Chonradh seo.’ |
(d) |
Leathanach 95, Airteagal 2, pointe 168, i dtéacs Airteagal 188j nua |
In ionad:
‘4. Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 10a den Chonradh ar an Aontas Eorpacha thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.’
Léitear:
‘4. Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 10a den Chonradh ar an Aontas Eorpach a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.’
2. |
Prótacail a chuirfear i gceangal le Conradh Liospóin Prótacal Uimh. 1 |
Leathanach 180, Airteagal 1, pointe 14 (lena leasaítear an Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach)
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (f):
‘(f a) |
in Airteagal 20, a athuimhrítear mar Airteagal 19, cuirtear “le hUachtarán na Comhairle Eorpaí” in ionad “le comhaltaí an Choimisiúin”, agus cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “Bainfidh siad le comhaltaí an Choimisiúin freisin.”;’. |
3. |
Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí |
Leathanach 266, Sa Dearbhú maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha
In ionad:
‘50. |
Dearbhú maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha Iarrann an Chomhdháil ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún féachaint, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna faoi seach, leis na gníomhartha dlíthiúla lena leasófar na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha nó na gníomhartha dlíthiúla a ghabhfaidh a n-ionad a ghlacadh sna cásanna iomchuí a mhéad is féidir laistigh den tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal sin.’ |
Léitear:
‘50. |
Dearbhú maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha Iarrann an Chomhdháil ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún féachaint, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna faoi seach, leis na gníomhartha dlí lena leasófar na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha nó na gníomhartha dlí a ghabhfaidh a n-ionad a ghlacadh sna cásanna iomchuí a mhéad is féidir laistigh den tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal sin.’ |