Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12006E224

    Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite)
    Cuid a Cúig - Institiúidí an Chomhphobail
    TEIDEAL I - Forálacha ag rialú na n‐institiúidí
    Caibidil 1 - Na hinstitiúidí
    Roinn 4 - An Chúirt Bhreithiúnais
    Airteagal 224

    IO C 321E, 29.12.2006, p. 142–143 (ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tec_2006/art_224/oj

    12006E224

    Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Cúig - Institiúidí an Chomhphobail - TEIDEAL I - Forálacha ag rialú na n‐institiúidí - Caibidil 1 - Na hinstitiúidí - Roinn 4 - An Chúirt Bhreithiúnais - Airteagal 224

    Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0142 - 0143
    Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0123 - Consolidated version
    Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0270 - Consolidated version
    Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0061 - Consolidated version
    (EEC Treaty - no official publication available)


    Airteagal 224

    Breitheamh amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit a bheidh ar an gCúirt Chéadchéime. Socrófar líon na mBreithiúna i Reacht na Cúirte Breithiúnais. Féadfar a fhoráil sa Reacht go mbeidh Abhcóidí Ginearálta de chúnamh ag an gCúirt Chéadchéime.

    Roghnófar comhaltaí na Cúirte Céadchéime as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú. Ceapfaidh Rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile go ceann téarma sé bliana. Athrófar cuid de na Breithiúna i gceann gach trí bliana. Féadfar comhaltaí a bheidh ag scor a athcheapadh.

    Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Céadchéime as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

    Ceapfaidh an Chúirt Chéadchéime a Cláraitheoir agus leagfaidh sí síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís.

    Glacfaidh an Chúirt Chéadchéime a rialacha nós imeachta le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá formheas ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a bheith leis na rialacha sin.

    Mura bhforáiltear a mhalairt i Reacht na Cúirte Breithiúnais, beidh feidhm maidir leis an gCúirt Chéadchéime ag forálacha an Chonartha seo a bhaineann leis an gCúirt Bhreithiúnais.

    --------------------------------------------------

    Top