Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12003T/TTE/01

    Conradh idir Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice i dtaobh aontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach - Airteagal 1

    IO L 236, 23.9.2003, p. 22–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2003/art_1/sign

    12003T/TTE/01



    Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0022 - 0022


    Airteagal 1

    1. Déantar leis seo de Phoblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice comhaltaí den Aontas Eorpach agus Páirtithe sna Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe, mar atá arna leasú nó arna bhforlíonadh.

    2. Tugtar san Ionstraim atá i gceangal leis an gConradh seo coinníollacha an aontachais agus na hoiriúnuithe is gá dá thoradh sin ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Is cuid dhílis den Chonradh seo forálacha na hIonstraime sin.

    3. Beidh feidhm i leith an Chonartha seo ag na forálacha a bhaineann le cearta agus oibleagáidí na mBallstát agus le cumhachtaí agus dlínse institiúidí an Aontais mar atá siad leagtha amach sna Conarthaí dá dtagraítear i mír 1.

    --------------------------------------------------

    Top