Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02022R2576-20231231

    Consolidated text: Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2576/2023-12-31

    02022R2576 — GA — 31.12.2023 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) 2022/2576 ÓN gCOMHAIRLE

    an 19 Nollaig 2022

    lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha

    (IO L 335 29.12.2022, lch. 1)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2023/2919 ÓN gCOMHAIRLE  an 21 Nollaig 2023

      L 

    1

    29.12.2023




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) 2022/2576 ÓN gCOMHAIRLE

    an 19 Nollaig 2022

    lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha



    CAIBIDIL I

    ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.  

    Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha sealadacha maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) 

    seirbhís saoráide a chur ar bun go brostaithe lena gceadaítear comhiomlánú éilimh agus ceannach gáis comhpháirteach ag gnóthais atá bunaithe san Aontas;

    (b) 

    ardáin áirithinte acmhainne thánaisteacha agus ardáin trédhearcachta le haghaidh saoráidí GNL agus le haghaidh saoráidí stórála gáis; agus

    (c) 

    bainistiú ar phlódú i líonraí tarchurtha gáis.

    2.  
    Tugtar isteach leis an Rialachán seo sásraí sealadacha chun saoránaigh agus an geilleagar a chosaint i gcoinne praghsanna as cuimse ard, trí bhíthin sásra bainistíochta luaineachta ionlae sealadach le haghaidh gluaiseachtaí iomarcacha praghsanna agus tagarmharc ad hoc GNL, atá le forbairt ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER).
    3.  
    Bunaítear leis an Rialachán seo bearta sealadacha, i gcás éigeandáil gháis, chun gás a dháileadh go cothrom thar theorainneacha, chun soláthairtí gáis a chosaint i gcomhair na gcustaiméirí is criticiúla agus chun a áirithiú go soláthrófar bearta dlúthpháirtíochta trasteorann.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1) 

    ciallaíonn “gnóthas gáis nádúrtha” duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna seo a leanas: gás nádúrtha, lena n-áirítear gás nádúrtha leachtaithe (GNL), a tháirgeadh, a tharchur, a dháileadh, a sholáthar, a cheannach nó a stóráil, ar duine é atá freagrach as na cúraimí tráchtála, teicniúla nó cothabhála a bhaineann leis na feidhmeanna sin, ach gan custaiméirí deiridh san áireamh;

    (2) 

    ciallaíonn “saoráid GNL” críochfort a úsáidtear chun gás nádúrtha a leachtú nó chun GNL a allmhairiú, a dhíluchtú agus a athghású, agus áirítear léi seirbhísí coimhdeacha agus stóráil shealadach is gá don phróiseas athghásaithe agus don seachadadh ina dhiaidh sin chuig an gcóras tarchurtha, ach ní áirítear léi aon chuid de na críochfoirt GNL a úsáidtear le haghaidh stórála;

    (3) 

    ciallaíonn “saoráid stórála gáis” saoráid a úsáidtear chun gás nádúrtha a stocáil agus atá faoi úinéireacht nó á hoibriú ag gnóthas gáis nádúrtha, lena n-áirítear an chuid de shaoráidí GNL a úsáidtear le haghaidh stórála ach nach n-áirítear léi an chuid a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí táirgthe, agus nach n-áirítear léi saoráidí a fhorchoimeádtar go heisiach le haghaidh oibreoirí córais tarchurtha agus iad i mbun a bhfeidhmeanna;

    (4) 

    ciallaíonn “soláthraí seirbhíse” gnóthas atá bunaithe san Aontas agus atá ar conradh ag an gCoimisiún trí nós imeachta soláthair faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 chun an ceannach comhpháirteach a eagrú agus na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán seo a chomhlíonadh;

    (5) 

    ciallaíonn “uirlis TF” uirlis TF trína ndéanann an soláthraí seirbhíse éileamh na ngnóthas gáis nádúrtha agus gnóthas a ídíonn gás a chomhiomlánú agus tairiscintí a lorg ó sholáthróirí nó ó tháirgeoirí gáis nádúrtha chun freastal ar an éileamh comhiomlánaithe sin;

    (6) 

    ciallaíonn “trádáil GNL” tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola nó idirbhearta chun GNL a cheannach nó a dhíol:

    (a) 

    lena sonraítear seachadadh san Aontas;

    (b) 

    a bhfuil seachadadh san Aontas mar thoradh air; nó

    (c) 

    ina ndéanann contrapháirtí amháin an GNL a athghású ag críochfort san Aontas;

    (7) 

    ciallaíonn “sonraí margaidh GNL” taifid ar thairiscintí ceannaigh, ar thairiscintí díola nó ar idirbhearta maidir le trádáil GNL le faisnéis chomhfhreagrach mar a shonraítear in Airteagal 21(1);

    (8) 

    ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh GNL” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar áit chorpraithe nó áit sainchónaithe an duine sin, a ghabhann do thrádáil GNL;

    (9) 

    ciallaíonn “measúnú ar phraghasanna GNL” praghas tagartha laethúil le haghaidh trádáil GNL a chinneadh i gcomhréir le modheolaíocht a bhunóidh ACER;

    (10) 

    ciallaíonn “tagarmharc GNL” raon difríochta a chinneadh idir an measúnú laethúil ar phraghasanna GNL agus an praghas socraíochta don chonradh míosa tosaigh le haghaidh thodhchaíochtaí gáis TTF a bhunaíonn ICE Endex Markets B.V. ar bhonn laethúil;

    (11) 

    ciallaíonn “ionad trádála” aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (a) 

    “margadh rialáilte” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE;

    (b) 

    “saoráid trádáil iltaobhach” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (22), de Threoir 2014/65/AE;

    (c) 

    “saoráid trádála eagraithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (23), de Threoir 2014/65/AE;

    (12) 

    ciallaíonn “díorthach tráchtearraí atá bainteach le fuinneamh” díorthach tráchtearraí ar feadh suas le 12 mhí, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (30), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), a thrádáiltear ar ionad trádála agus nach sáraíonn a aibíocht 12 mhí;

    (13) 

    ciallaíonn “údarás inniúil”, mura sonraítear a mhalairt, údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (26), de Threoir 2014/65/AE;

    (14) 

    ciallaíonn “toirt chriticiúil gháis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais” an t-uastomhaltas gáis is gá in earnáil na cumhachta chun leordhóthanacht a áirithiú sa chás is measa a ionsamhlaítear sa mheasúnú ar leordhóthanacht an gheimhridh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

    (15) 

    ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint” custaiméir atá faoi chosaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/1938;

    (16) 

    ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht” custaiméir atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/1938.

    CAIBIDIL II

    COMHORDÚ NÍOS FEARR AR CHEANNACHÁIN GHÁIS

    ROINN 1

    Ceannacháin gháis san Aontas a chomhordú

    Airteagal 3

    Trédhearcacht agus malartú faisnéise

    1.  
    Chun críche comhordú níos fearr agus chun na críche sin amháin, gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas nó údaráis de chuid na mBallstát, a bhfuil sé beartaithe acu tairiscint chun gás a cheannach a sheoladh nó tús a chur leis an gcaibidlíocht le táirgeoirí gáis nádúrtha nó soláthróirí gáis nádúrtha ó thríú tíortha maidir le gás a cheannach de thoirt os cionn 5 TWh in aghaidh na bliana, cuirfidh siad an Coimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, an Ballstát ina bhfuil na gnóthais sin bunaithe ar an eolas faoi thabhairt i gcrích conartha soláthair gáis nó meabhráin tuisceana nó faoi sheoladh tairisceana chun gás a cheannach.

    Tabharfar an fógra de bhun na chéad fhomhíre ar a laghad 6 seachtaine sula dtabharfar an conradh atá beartaithe i gcrích nó roimh an seoladh atá beartaithe, nó laistigh de thréimhse níos gairide ar choinníoll go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht níos gaire do dháta sínithe an chonartha, ach tráth nach déanaí ná 2 sheachtain sula dtabharfar an conradh atá beartaithe i gcrích nó roimh an seoladh atá beartaithe. Beidh an fógra sin teoranta don fhaisnéis bhunúsach seo a leanas:

    (a) 

    céannacht an chomhpháirtí conartha nó na gcomhpháirtithe conartha nó cuspóir na tairisceana gás a cheannach;

    (b) 

    na toirteanna iomchuí;

    (c) 

    na dátaí iomchuí; agus

    (d) 

    an soláthraí seirbhíse a eagraíonn ceannaigh den sórt sin nó tairisceana thar ceann Ballstáit, i gcás inarb infheidhme.

    2.  
    Má mheasann an Coimisiún go bhféadfadh tuilleadh comhordúcháin maidir le tairiscint a sheoladh le haghaidh gás a cheannach nó ceannacháin gháis atá pleanáilte ag gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas nó údaráis na mBallstát feidhmiú an cheannaigh chomhpháirtigh a fheabhsú, nó go bhféadfaidh seoladh tairisceana le haghaidh gás a cheannach nó ceannacháin phleanáilte gháis tionchar diúltach a imirt ar an margadh inmheánach, ar shlándáil an tsoláthair nó ar dhlúthpháirtíocht fuinnimh, féadfaidh an Coimisiún moladh a eisiúint chuig na gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gáis atá bunaithe san Aontas nó údaráis i mBallstáit bearta iomchuí a mheas. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe ar an eolas, i gcás inarb infheidhme.
    3.  
    Cuirfidh an Coimisiún an Bord Stiúrtha ad hoc dá dtagraítear in Airteagal 4 ar an eolas sula n-eiseoidh sé aon cheann de na moltaí a leagtar amach i mír 2.
    4.  
    Agus faisnéis á soláthar don Choimisiún i gcomhréir le mír 1, féadfaidh na heintitis a sholáthraíonn an fhaisnéis a chur in iúl an bhfuil aon chuid den fhaisnéis, bíodh sí ina faisnéis tráchtála nó faisnéis eile a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do ghníomhaíochtaí na bpáirtithe lena mbaineann, le meas mar fhaisnéis rúnda agus an féidir an fhaisnéis a sholáthraítear a roinnt le Ballstáit eile.
    5.  
    Ní chuirfidh iarrataí ar rúndacht faoin Airteagal seo srian ar rochtain an Choimisiúin féin ar fhaisnéis rúnda. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain ar fhaisnéis rúnda teoranta go docht do sheirbhísí an Choimisiúin a bhfuil sé fíor-riachtanach an fhaisnéis a bheith ar fáil dóibh. Láimhseálfaidh ionadaithe an Choimisiúin faisnéis den sórt sin le rúndacht chuí.
    6.  
    Gan dochar d’Airteagal 346 CFAE, ní dhéanfar faisnéis atá rúnda a mhalartú leis an gCoimisiún agus le húdaráis ábhartha eile ach amháin i gcás inar gá an malartú sin a dhéanamh chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Ní bheidh san fhaisnéis a mhalartófar ach an méid is ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe sin agus an méid atá comhréireach leis an gcuspóir sin. Leis an malartú faisnéise sin, caomhnófar rúndacht na faisnéise sin agus cosnófar slándáil agus leasanna tráchtála na n-eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus cuirfear ionstraimí éifeachtacha i bhfeidhm chun na sonraí a chosaint go fisiciúil. Beidh na freastalaithe agus an fhaisnéis uile lonnaithe go fisiciúil agus stóráilte i gcríoch an Aontais.

    Airteagal 4

    Bord Stiúrtha ad hoc

    1.  
    Bunófar Bord Stiúrtha ad hoc chun comhordú comhiomlánaithe éilimh agus ceannaigh chomhpháirtigh a éascú.
    2.  
    Bunóidh an Coimisiún an Bord Stiúrtha ad hoc laistigh de 6 seachtaine tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh sé comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Féadfaidh ionadaithe Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa Bhord Stiúrtha ad hoc ar chuireadh ón gCoimisiún maidir leis na hábhair leasa fhrithpháirtigh uile. Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar an mBord Stiúrtha ad hoc.
    3.  
    Glacfaidh an Bord Stiúrtha ad hoc a Rialacha Nós Imeachta féin trí thromlach cáilithe laistigh de 1 mhí amháin óna bhunú.
    4.  
    Rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle leis an mBord Stiúrtha maidir leis an dréachtmholadh arna sholáthar ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 3(2), go háirithe faoi cé acu a chuireann nó nach gcuireann na ceannacháin gháis ábhartha nó na tairisceana le haghaidh gás a cheannach le slándáil an tsoláthair san Aontas agus cé acu atá nó nach bhfuil siad comhoiriúnach le prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh.
    5.  
    Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún an Bord Stiúrtha ad hoc ar an eolas faoi thionchar rannpháirtíocht na ngnóthas sa cheannach comhpháirteach arna eagrú ag an soláthraí seirbhíse maidir le slándáil an tsoláthair san Aontas agus dlúthpháirtíocht fuinnimh, i gcás inarb infheidhme.
    6.  
    I gcás ina gcuirtear faisnéis rúnda ar aghaidh chucu i gcomhréir le hAirteagal 3(6), is le rúndacht chuí a dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Stiúrtha ad hoc faisnéis den sórt sin a láimhseáil. Ní bheidh san fhaisnéis a mhalartófar ach an fhaisnéis is ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe sin agus an méid atá comhréireach leis an gcuspóir sin.

    ROINN 2

    Comhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach

    Airteagal 5

    Conradh seirbhíse sealadach le soláthraí seirbhíse

    1.  
    De mhaolú ar Airteagal 176 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, déanfaidh an Coimisiún seirbhísí riachtanacha eintiteas atá bunaithe san Aontas a chonradh trí nós imeachta soláthair faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ag gníomhú dó mar sholáthraí seirbhíse chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán seo a chomhlíonadh.
    2.  
    Is é an conradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse roghnaithe a chinnfidh úinéireacht na faisnéise a gheobhaidh an soláthraí seirbhíse, agus déanfar foráil ann maidir le haistriú féideartha na faisnéise sin chuig an gCoimisiún tráth fhoirceannadh nó dhul in éag an chonartha seirbhíse.
    3.  
    Saineoidh an Coimisiún sa chonradh seirbhíse na praiticiúlachtaí a bhaineann le hoibriú an tsoláthraí seirbhíse lena n-áirítear an uirlis TF a úsáid, na bearta slándála, an t-airgeadra nó na hairgeadraí, an córas íocaíochta agus dliteanais.
    4.  
    Leis an gconradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse, forchoimeádfar don Choimisiún an ceart chun faireachán agus iniúchadh a dhéanamh air. Chun na críche sin, beidh rochtain iomlán ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis atá i seilbh an tsoláthraí seirbhíse.

    ▼M1

    5.  
    Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an soláthraí seirbhíse an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 7 a chomhlíonadh.

    ▼B

    Airteagal 6

    Critéir chun an soláthraí seirbhíse a roghnú

    1.  

    Roghnóidh an Coimisiún an soláthraí seirbhíse ar bhonn na gcritéar incháilitheachta seo a leanas:

    (a) 

    beidh an soláthraí seirbhíse bunaithe i gcríoch Bhallstáit agus beidh a shuíomh oibríochtúil aige i gcríoch Bhallstáit;

    (b) 

    beidh taithí ag an soláthraí seirbhíse ar idirbhearta trasteorann;

    (c) 

    maidir leis an soláthraí seirbhíse:

    (i) 

    ní dhíreofar bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE air, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

    (ii) 

    ní bheidh sé faoi úinéireacht ná faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

    (iii) 

    ní bheidh sé faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó go bhfuil siad ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

    2.  

    Gan dochar d’oibleagáidí díchill chuí eile, cuirfear oibleagáidí conarthacha i bhfeidhm idir an Coimisiún agus an soláthraí seirbhíse chun a áirithiú nach gcuirfidh an soláthraí seirbhíse, agus é i mbun a chuid cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 7, aon chiste nó aon acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí nó chun tairbhe na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin:

    (a) 

    a bhfuil bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE dírithe orthu, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

    (b) 

    atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

    (c) 

    atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

    3.  
    Ní bheidh an soláthraí seirbhíse ina chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach atá gníomhach i dtáirgeadh nó i soláthar gáis nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (20), de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) , cé is moite d’eintiteas arna dhíchuachadh i gcomhréir le Caibidil IV den Treoir sin.
    4.  

    Bunóidh an Coimisiún a chritéir roghnúcháin agus dhámhachtana ag cur san áireamh, inter alia, na critéir seo a leanas atá le sonrú sa ghlao ar thairiscintí:

    (a) 

    leibhéal taithí ar phróisis tairisceana nó cheantála a chur ar bun agus a reáchtáil le haghaidh gás nádúrtha nó seirbhísí gaolmhara, amhail seirbhísí iompair, le tacaíocht ó uirlisí tiomnaithe TF;

    (b) 

    leibhéal taithí ar phróisis tairisceana nó cheantála a chur in oiriúint do riachtanais éagsúla amhail fócas geografach nó uainiú;

    (c) 

    leibhéal taithí ar uirlisí TF a fhorbairt chun éileamh ó rannpháirtithe éagsúla a chomhiomlánú agus é a mheaitseáil leis an soláthar;

    (d) 

    cáilíocht shlándáil an chórais faisnéise, go háirithe ó thaobh cosaint sonraí agus slándáil idirlín de; agus

    (e) 

    cumas sainaitheanta agus creidiúnaithe na rannpháirtithe, ó thaobh eintiteas dlítheanach agus acmhainn airgeadais de araon.

    Airteagal 7

    Cúraimí an tsoláthraí seirbhíse

    1.  

    Eagróidh an soláthraí seirbhíse comhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach agus, go háirithe, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:

    (a) 

    éileamh gnóthas gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás a chomhiomlánú le tacaíocht ón uirlis TF;

    (b) 

    tairiscintí a lorg ó sholáthróirí nó ó tháirgeoirí gáis nádúrtha, chun an t-éileamh comhiomlánaithe a mheaitseáil le tacaíocht ón uirlis TF;

    (c) 

    cearta rochtana ar sholáthar a leithdháileadh, ag cur san áireamh dáileadh comhréireach idir rannpháirtithe beaga agus móra de na toirteanna gáis arna dtairiscint i measc na ngnóthas gáis nádúrtha agus na ngnóthas a ídíonn gás atá rannpháirteach i gcomhiomlánú an éilimh. I gcás ina sáraíonn comhiomlánú an éilimh na tairiscintí soláthair a fuarthas, beidh leithdháileadh na gceart rochtana comhréireach leis an éileamh arna dhearbhú ag na gnóthais atá rannpháirteach le linn chéim an comhiomlánaithe éilimh le haghaidh am seachadta suímh áirithe;

    (d) 

    úsáideoirí na huirlise TF a fhíorú, a chreidiúnú agus a chlárú; agus

    (e) 

    aon seirbhís choimhdeach a sholáthar d’úsáideoirí na huirlise faisnéise, lena n-áirítear seirbhísí chun tabhairt i gcrích conarthaí a éascú, nó don Choimisiún is gá chun na hoibríochtaí a chomhlíonadh i gceart dá bhforáiltear sa chonradh seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 5.

    2.  
    Cinnfear sa chonradh seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 5na coinníollacha a bhaineann le cúraimí an tsoláthraí seirbhíse, eadhon maidir le clárú úsáideoirí, foilsiú agus tuairisciú.

    Airteagal 8

    Rannpháirtíocht i gcomhiomlánú éilimh agus i gceannach comhpháirteach

    1.  

    Beidh rannpháirtíocht i gcomhiomlánú éilimh agus i gceannach comhpháirteach ar oscailt agus trédhearcach do gach gnóthas gáis nádúrtha agus do gach gnóthas a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas gan beann ar an toirt a iarrtar. Cuirfear bac ar ghnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás a bheith rannpháirteach mar sholáthróirí, táirgeoirí agus ceannaitheoirí i gcomhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach, más rud é:

    (a) 

    a bhfuil bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE dírithe orthu, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

    (b) 

    atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

    (c) 

    atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

    2.  

    Cuirfear oibleagáidí conarthacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfar aon chiste nó acmhainn eacnamaíoch a eascraíonn as rannpháirtíocht sa phróiseas ceannaigh chomhpháirtigh arna eagrú ag an soláthraí seirbhíse a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí, nó chun tairbhe daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí, ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

    (a) 

    a bhfuil bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE dírithe orthu, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

    (b) 

    atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

    (c) 

    atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

    3.  
    Féadfaidh na Ballstáit, nó páirtithe leasmhara eile tacaíocht leachtachta, lena n-áirítear ráthaíochtaí, a sholáthar do rannpháirtithe sa phróiseas ceannaigh chomhpháirtigh arna eagrú ag an soláthraí seirbhíse, i gcomhréir le rialacha maidir le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme. D’fhéadfaí a áireamh leis sin ráthaíochtaí chun riachtanais chomhthaobhachta a chumhdach nó chun an riosca a bhaineann le costais bhreise a chumhdach tar éis dócmhainneacht ceannaitheoirí eile faoin gconradh ceannaigh chomhpháirtigh céanna.
    4.  
    Féadfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá bunaithe i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach ar choinníoll go mbeidh na bearta nó na socruithe is gá i bhfeidhm chun a gcuid rannpháirtíochta sa chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach a cheadú de bhun na Roinne seo.

    Airteagal 9

    Soláthairtí gáis nádúrtha atá eisiata ó cheannach comhpháirteach

    Ní bheidh soláthairtí gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise faoi réir comhcheannach lena n-áirítear soláthairtí gáis nádúrtha a thagann isteach sna Ballstáit nó i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh trí na pointí iontrála seo a leanas:

    (a) 

    Greifswald

    (b) 

    Lubmin II

    (c) 

    Imatra

    (d) 

    Narva

    (e) 

    Värska

    (f) 

    Luhamaa

    (g) 

    Sakiai

    (h) 

    Kotlovka

    (i) 

    Kondratki

    (j) 

    Wysokoje

    (k) 

    Tieterowka

    (l) 

    Mozyr

    (m) 

    Kobryn

    (n) 

    Sudzha (RU)/an Úcráin

    (o) 

    Belgorod (RU)/an Úcráin

    (p) 

    Valuyki (RU)/an Úcráin

    (q) 

    Serebryanka (RU)/an Úcráin

    (r) 

    Pisarevka (RU)/an Úcráin

    (s) 

    Sokhranovka (RU)/an Úcráin

    (t) 

    Prokhorovka (RU)/an Úcráin

    (u) 

    Platovo (RU)/an Úcráin

    (v) 

    Strandzha 2 (BG)/Malkoclar (TR)

    ▼M1 —————

    ▼B

    Airteagal 11

    Cuibhreannas Ceannaithe Gáis

    Gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá rannpháirteach sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh a eagraíonn an soláthraí seirbhíse, féadfaidh siad, ar bhonn trédhearcach, comhordú a dhéanamh ar ghnéithe de choinníollacha an chonartha ceannaigh nó conarthaí ceannaigh chomhpháirtigh a úsáid chun coinníollacha níos fearr a bhaint amach lena soláthróirí, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí iomaíochta an Aontais, go háirithe Airteagail 101 agus 102 CFAE, de réir mar a fhéadfaidh an Coimisiún a shonrú i gcinneadh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, chomh maith leis an gceanglas trédhearcachta de bhun Airteagal 3 den Rialachán seo.

    ROINN 3

    Bearta chun feabhas a chur ar úsáid saoráidí, saoráidí stórála gáis agus píblínte GNL

    Airteagal 12

    Ardán áirithinte acmhainne tánaistí le haghaidh úsáideoirí saoráidí GNL agus le haghaidh úsáideoirí saoráidí stórála gáis

    Beidh úsáideoirí saoráidí GNL agus úsáideoirí saoráidí stórála gáis, ar mian leo a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), i dteideal déanamh amhlaidh. Faoin 28 Feabhra 2023 déanfaidh oibreoirí saoráidí GNL agus oibreoirí saoráidí stórála gáis, ar leithligh nó go réigiúnach, ardán áirithinte trédhearcach neamh-idirdhealaitheach a chur ar bun nó bainfidh siad úsáid as ceann atá ann cheana féin d’úsáideoirí saoráidí GNL agus úsáideoirí saoráidí stórála gáis chun a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach.

    Airteagal 13

    Ardáin trédhearcachta le haghaidh saoráidí GNL agus saoráidí stórála gáis

    1.  
    Faoin 28 Feabhra 2023, foilseoidh oibreoirí saoráidí GNL agus oibreoirí saoráidí stórála gáis an fhaisnéis go léir a cheanglaítear le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 maidir le hArdán Trédhearcachta LNG Eorpach agus Ardán Trédhearcachta Stórála Eorpach, faoi seach, ar bhealach trédhearcach agus soláimhsithe don úsáideoir. Féadfaidh na húdaráis rialála iarraidh ar na hoibreoirí sin aon fhaisnéis bhreise atá ábhartha le haghaidh úsáideoirí córais a chur ar fáil go poiblí.
    2.  
    Saoráidí GNL ar deonaíodh díolúine dóibh ó rialacha rochtana tríú páirtí de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE, agus oibreoirí saoráidí stórála gáis faoin gcóras rochtana do thríú páirtithe arna chaibidliú dá dtagraítear in Airteagal 33(3) den Treoir sin, cuirfidh siad ar fáil go poiblí na taraifí deiridh le haghaidh bonneagair faoin 31 Eanáir 2023.

    Airteagal 14

    Úsáid níos éifeachtaí a bhaint as acmhainní tarchurtha

    1.  
    Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha acmhainn dhocht chonarthach tearcúsáidte a thairiscint ag pointí idirnaisc agus pointí idirnaisc fíorúla mar tháirge acmhainne míosúil agus mar tháirgí acmhainne laethúla agus aonlae don mhí i gcás tearcúsáide de bhun mhír 2.
    2.  
    Measfar acmhainn dhocht chonarthach a bheith tearcúsáidte i gcás ina ndearna úsáideoir líonra níos lú ná 80 %, ar an meán, den acmhainn dhocht chláraithe a úsáid nó a thairiscint ag pointe idirnaisc nó ag pointe idirnaisc fíorúil le linn na míosa féilire roimhe. Déanfaidh oibreoir an chórais tarchurtha faireachán ar an acmhainn nár úsáideadh agus cuirfidh sé an t-úsáideoir líonra ar an eolas faoi mhéid na hacmhainne a bheidh le tarraingt siar ag an bpointe idirnaisc ábhartha nó ag an bpointe idirnaisc fíorúil ábhartha ar a dhéanaí sula dtabharfar fógra faoi mhéid na hacmhainne atá le tairiscint don cheant míosúil rollach le haghaidh acmhainn atá ar na bacáin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459.
    3.  
    Beidh méid na hacmhainneachta atá le tairiscint cothrom leis an difríocht idir an mheánúsáid don mhí féilire roimhe sin agus 80 % den acmhainn dhocht a conraíodh ar feadh tréimhse is faide ná mí.
    4.  
    Beidh tosaíocht ag an acmhainneacht atá ar fáil a thairgtear i gceant i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459 ar acmhainneacht tearcúsáidte a áirítear i gceant de bhun mhír 2 agus acmhainneacht á leithdháileadh.
    5.  
    Má dhíoltar an acmhainneacht tearcúsáidte atá á tairiscint ag an oibreoir córais tarchurtha, déanfar é a tharraingt siar ó shealbhóir bunaidh na hacmhainneachta conarthaí. Féadfaidh an sealbhóir bunaidh an acmhainn dhocht a tarraingíodh siar a úsáid ar bhonn in-idirbhriste.
    6.  
    Coimeádfaidh an t-úsáideoir gréasáin a chearta agus a oibleagáidí faoin gconradh acmhainne go dtí go ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha an acmhainn a ath-leithdháileadh agus a mhéid nach ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha an acmhainn sin a ath-leithdháileadh.
    7.  

    Sula dtairgfidh siad acmhainn dhocht tearcúsáidte i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha anailís ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ag gach pointe idirnaisc a oibríonn sé agus cuirfidh siad an t-údarás rialála náisiúnta inniúil ar an eolas. De mhaolú ar mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo, agus beag beann ar na pointí idirnaisc sin a bheith plódaithe nó gan a bheith, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta cinneadh a dhéanamh ceann de na sásraí seo a leanas a thabhairt isteach ar gach pointe idirnaisc:

    (a) 

    sásra lá roimh ré “úsáid é nó caill é” i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459 agus pointe 2.2.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 á cur san áireamh;

    (b) 

    scéim ró-shuibscríofa agus aischeannaigh i gcomhréir le pointe 2.2.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 lena dtairgtear 5 % ar a laghad d’acmhainneacht bhreise i ndáil leis an acmhainneacht theicniúil ag an bpointe idirnaisc ábhartha;

    (c) 

    toilleadh nár ainmníodh a tháirgeadh, ar a laghad, ar dtús ar bhonn lá roimh ré agus aonlae, a leithdháilfear mar acmhainn in-idirbhriste.

    Beidh feidhm go huathoibríoch ag míreanna 1 go 6 den Airteagal seo mura gcuirtear ceann de na sásraí malartacha de bhun na chéad fhomhíre i bhfeidhm faoin 31 Márta 2023.

    8.  
    Sula ndéanfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear i mír 7, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta i gcomhairle le húdarás rialála náisiúnta an Bhallstáit in aice láimhe agus cuirfidh sé tuairimí an údaráis sin san áireamh. I gcás ina gcumhdaíonn an córas isteach-amach níos mó ná Ballstát amháin ina bhfuil níos mó ná oibreoir córais tarchurtha amháin gníomhach, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena mbaineann cinneadh comhpháirteach maidir le cur i bhfeidhm mhír 7.

    CAIBIDIL III

    BEARTA CHUN PRAGHSANNA IOMARCACHA GÁIS AGUS LUAINEACHT IOMARCACH IONLAE I MARGAÍ NA NDÍORTHACH FUINNIMH A CHOSC

    ROINN 1

    Uirlis shealadach ionlae chun ró-luaineacht i margaí na ndíorthach fuinnimh a bhainistiú

    Airteagal 15

    Sásra bainistíochta luaineachta ionlae

    1.  
    A luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir 2023, bunóidh gach ionad trádála ina dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, gach díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh a thrádáiltear air, sásra bainistíochta luaineachta ionlae bunaithe ar uasteorainn agus íosteorainn praghsanna (“teorainneacha praghsanna”) lena sainítear na praghsanna nach féidir orduithe a fhorghníomhú os a gcionn agus faoina mbun (“sásra bainistíocht luaineachta ionlae”). Áiritheoidh ionaid trádála go gcuirfidh an sásra bainistíochta luaineachta praghsanna ionlae cosc ar ghluaiseachtaí iomarcacha praghsanna laistigh de lá trádála le haghaidh díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh. Agus an sásra bainistíochta luaineachta ionlae á bhunú, áiritheoidh ionaid trádála freisin nach gcuirfidh cur chun feidhme na mbeart sin cosc ar phraghsanna scoir iontaofa ag deireadh an lae a bhunú.
    2.  
    Maidir le gach díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh a thrádáiltear ar ionaid trádála, bunóidh ionaid trádála an modh ríofa is infheidhme chun na teorainneacha praghsanna a chinneadh i gcoibhneas le praghas tagartha. Beidh céad phraghas tagartha an lae comhionann leis an bpraghas a chinnfear tráth a osclaítear an tseisiúin trádála ábhartha. Is éard a bheidh sna praghsanna tagartha ina dhiaidh sin an praghas margaidh deireanach a breathnaíodh go tráthrialta. I gcás briseadh i dtrádáil le linn an lae trádála, is éard a bheidh sa chéad phraghas tagartha tar éis an idirbhriste praghas oscailte na trádála atosaithe.
    3.  
    Sloinnfear na teorainneacha praghsanna i ndearbhluach, nó i dtéarmaí coibhneasta i bhfoirm céatadán d’athrú i gcoibhneas leis an bpraghas tagartha. Déanfaidh ionaid trádála an modh ríofa sin a choigeartú de réir na sainiúlachtaí a bhaineann le gach díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, de réir phróifíl leachtachta an mhargaidh le haghaidh díorthach den sórt sin agus de réir a phróifíle luaineachta. Cuirfidh an t-ionad trádála an t-údarás inniúil ar an eolas faoin modh gan moill mhíchuí.
    4.  
    Déanfaidh ionaid trádála na teorainneacha praghsanna a athnuachan go tráthrialta le linn uaireanta trádála, bunaithe ar an bpraghas tagartha.
    5.  
    Déanfaidh ionaid trádála gnéithe an tsásra bainistíochta luaineachta ionlae atá curtha ar bun acu a chur ar fáil go poiblí gan moill mhíchuí nó nuair a bheidh modhnú curtha i bhfeidhm acu.
    6.  
    Cuirfidh ionaid trádála an sásra bainistíochta luaineachta ionlae chun feidhme trína chomhtháthú ina scoradáin chiorcaid atá ann cheana a bunaíodh cheana i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó mar shásra breise.
    7.  
    I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag ionad trádála an modh ríofa a mhodhnú le haghaidh na dteorainneacha praghsanna is infheidhme maidir le díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ar an eolas faoi na modhnuithe atá beartaithe gan moill mhíchuí.
    8.  
    I gcás ina léiríonn an fhaisnéis arna bailiú ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) i gcomhréir le hAirteagal 16(3) go bhfuil gá le cur chun feidhme níos comhleanúnaí den sásra chun a áirithiú go ndéanfar an iomarca luaineachta praghsanna a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla ar fud an Aontais, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na prionsabail aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme an tsásra bainistithe luaineachta ionlae, agus sainiúlachtaí gach díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, próifíl leachtachta an mhargaidh do dhíorthach den sórt sin agus a phróifíl luaineachta á gcur san áireamh. Go háirithe, chun oibriú rianúil ionaid trádála a áirithiú, ar ionaid trádála iad a thairgeann trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, féadfaidh an Coimisiún a shonrú na heatraimh ag a ndéanfar na teorainneacha praghsanna a athnuachan nó na bearta a bheidh le glacadh má bhogann trádáil lasmuigh de na teorainneacha praghsanna sin lena n-áirítear forálacha chun socrú praghsanna scoir iontaofa a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29.

    Airteagal 16

    Ról na n-údarás inniúil

    1.  
    Déanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht ar chur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh údar cuí le héagsúlachtaí i gcur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae ag ionaid trádála atá bunaithe ina mBallstáit i ngeall ar shainiúlachtaí na n-ionad trádála nó an díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh lena mbaineann.
    2.  
    Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh ionaid trádála réamhshásraí iomchuí chun feidhme lena n-áiritheofar go maolófar luaineacht iomarcach i margaí díorthach tráchtearraí atá bainteach le fuinneamh go dtí go mbunófar an sásra bainistíochta luaineachta ionlae dá dtagraítear in Airteagal 15(1).
    3.  
    Tuairisceoidh na húdaráis inniúla do ESMA maidir le cur chun feidhme an tsásra bainistíochta luaineachta ionlae ag ionaid trádála a ndéanann siad maoirseacht orthu laistigh de 3 seachtaine ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 15(1) agus ar bhonn ráithiúil ar a laghad.

    Airteagal 17

    Ról comhordúcháin ESMA

    1.  
    Déanfaidh ESMA comhordú agus faireachán ar chur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae ar bhonn tuarascálacha a chuirfidh na húdaráis inniúla faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 16(3).
    2.  
    Déanfaidh ESMA aon éagsúlacht i gcur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae a dhoiciméadú ar fud dlínsí san Aontas bunaithe ar na tuarascálacha ó údaráis inniúla. Faoin 30 Meitheamh 2023, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar meastóireacht ar éifeachtúlacht na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae. Ar bhonn na tuarascála sin, breithneoidh an Coimisiún an gcuirfidh sé togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo faoi bhráid na Comhairle.

    ROINN 2

    ACER a chumhachtú chun sonraí praghais oibiachtúla a bhailiú agus a fhoilsiú

    Airteagal 18

    Cúraimí agus cumhachtaí ACER chun measúnuithe praghais agus tagarmharcanna a dhéanamh

    (1)  
    Mar ábhar práinne, déanfaidh ACER measúnú laethúil ar phraghsanna GNL a tháirgeadh agus a fhoilsiú agus cuirfear tús leis sin tráth nach déanaí ná an 13 Eanáir 2023. Chun críoch an mheasúnaithe ar phraghsanna GNL, déanfaidh ACER sonraí margaidh GNL maidir le hidirbhearta a bhailiú agus a phróiseáil go córasach. I gcás inarb iomchuí, cuirfear san áireamh sa mheasúnú ar phraghsanna difríochtaí réigiúnacha agus dálaí margaidh.
    2.  
    Tráth nach ndéanaí ná an 31 Márta 2023, déanfaidh ACER tagarmharc GNL a chur ar fáil agus a fhoilsiú arna chinneadh ag an raon difríochta idir an measúnú laethúil ar phraghasanna GNL agus an praghas socraíochta don chonradh míosa tosaigh le haghaidh thodhchaíochtaí gáis TTF a bhunaíonn ICE Endex Markets B.V. ar bhonn laethúil. Chun críocha an tagarmhairc GNL, déanfaidh ACER na sonraí margaidh GNL uile a bhailiú agus a phróiseáil go córasach.
    3.  
    De mhaolú ar Airteagal 3(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, beidh feidhm ag oibleagáidí agus toirmisc Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 maidir le rannpháirtithe sa mhargadh GNL. Beidh feidhm freisin ag na cumhachtaí a thugtar do ACER faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 maidir le rannpháirtithe sa mhargadh GNL, lena n-áirítear na forálacha maidir le rúndacht.

    Airteagal 19

    Foilsiú na measúnuithe ar phraghsanna GNL agus tagarmharc GNL

    1.  
    Foilseofar an measúnú ar phraghsanna GNL ar bhonn laethúil, agus faoi thráth nach déanaí ná 18.00 Am Lár na hEorpa don mheasúnú praghais idirbhirt glan amach. Faoin 31 Márta 2023, de bhreis ar mheasúnú praghais GNL a fhoilsiú, foilseoidh ACER freisin, ar bhonn laethúil, an tagarmharc GNL faoi thráth nach déanaí ná 19.00 CET nó a luaithe is féidir go teicniúil.
    2.  
    Chun críocha an Airteagail seo, féadfaidh ACER úsáid a bhaint as seirbhísí tríú páirtí.

    Airteagal 20

    Sonraí margaidh GNL a sholáthar do ACER

    1.  
    Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh GNL na sonraí margaidh GNL a chur faoi bhráid ACER go laethúil i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Airteagal 21, i bhformáid chaighdeánaithe, trí phrótacal tarchurtha ardcháilíochta, agus chomh gar d’fhíor-am agus is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de sula bhfoilseofar an measúnú laethúil GNL ar phraghsanna (18.00 CET).
    2.  
    Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar an pointe ama faoina mbeidh sonraí margaidh GNL le cur isteach roimh fhoilsiú laethúil an mheasúnaithe ar phraghsanna GNL dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29.
    3.  

    I gcás inarb iomchuí, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, treoraíocht a eisiúint maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a) 

    mionsonraí na faisnéise atá le tuairisciú, sa bhreis ar mhionsonraí reatha na n-idirbheart intuairiscithe agus na sonraí bunúsacha faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014, lena n-áirítear tairiscintí ceannaigh agus tairiscintí díola; agus

    (b) 

    an nós imeachta, an fhormáid chaighdeánach agus an fhormáid leictreonach agus na ceanglais theicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le sonraí a chur isteach atá le húsáid chun na sonraí margaidh is gá a sholáthar.

    4.  
    Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh GNL na sonraí margaidh GNL is gá faoi bhráid ACER saor in aisce agus trí na bealaí tuairiscithe arna mbunú ag ACER, i gcás inar féidir trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta atá ann agus atá ar fáil cheana.

    Airteagal 21

    Cáilíocht na sonraí margaidh GNL

    1.  

    Áireofar na nithe seo a leanas i sonraí margaidh GNL:

    (a) 

    na páirtithe sa chonradh, lena n-áirítear táscaire ceannaigh/díola;

    (b) 

    an páirtí tuairiscithe;

    (c) 

    praghas an idirbhirt;

    (d) 

    cainníochtaí an chonartha;

    (e) 

    luach an chonartha;

    (f) 

    fuinneog theachta an lasta GNL;

    (g) 

    téarmaí an tseachadta;

    (h) 

    na pointí seachadta;

    (i) 

    an fhaisnéis stampa ama faoi na nithe seo a leanas uile:

    (i) 

    an dáta agus an t-am a rinneadh an tairiscint cheannaigh nó an tairiscint díola;

    (ii) 

    dáta agus am an idirbhirt;

    (iii) 

    dáta agus am tuairiscithe na tairisceana ceannaigh, na tairisceana díola nó an idirbhirt;

    (iv) 

    ACER na sonraí margaidh GNL a fháil.

    2.  

    Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh GNL sonraí margaidh GNL ar sholáthar do ACER sna haonaid agus sna hairgeadraí seo a leanas:

    (a) 

    tuairisceofar praghsanna aonaid idirbhirt, tairisceana ceannaigh agus tairisceana díola san airgeadra a shonraítear sa chonradh agus in EUR/MWh agus áireofar leo rátaí comhshó agus malairte arna gcur i bhfeidhm más infheidhme;

    (b) 

    tuairisceofar cainníochtaí conartha sna haonaid a shonraítear sna conarthaí agus in MWh;

    (c) 

    tuairisceofar fuinneoga teachta i dtéarmaí dátaí seachadta arna sloinneadh i bhformáid AUL;

    (d) 

    léireofar le pointe seachadta aitheantóir bailí arna liostú ag ACER cosúil leo siúd dá dtagraítear sa liosta saoráidí GNL atá faoi réir tuairiscithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014; déanfar an fhaisnéis stampa ama a thuairisciú i bhformáid AUL;

    (e) 

    más ábhartha, déanfar foirmle an phraghais sa chonradh fadtéarmach óna ndíorthaítear an praghas a thuairisciú ina hiomláine.

    3.  
    Eiseoidh ACER treoraíocht maidir leis na critéir faoina mbeidh aighnitheoir aonair freagrach as cuid mhór de na sonraí margaidh GNL arna gcur isteach laistigh de thréimhse thagartha áirithe agus maidir leis an gcaoi a dtabharfar aghaidh ar an gcás sin ina mheasúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus ina thagarmharcanna GNL.

    Airteagal 22

    Leanúnachas gnó

    Athbhreithneoidh, nuashonróidh agus foilseoidh ACER go tráthrialta a mheasúnú ar phraghsanna tagartha GNL agus a mhodheolaíocht maidir le tagarmharc GNL agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun sonraí margaidh GNL a thuairisciú agus chun a mheasúnuithe ar phraghsanna GNL agus a thagarmharcanna GNL a fhoilsiú, agus tuairimí rannpháirtithe sonraí margaidh GNL á gcur san áireamh.

    CAIBIDIL IV

    BEARTA I GCÁS ÉIGEANDÁIL GHÁIS

    ROINN 1

    Dlúthpháirtíocht gáis don soláthar leictreachais, do thionscail bhunriachtanacha agus do chustaiméirí atá faoi chosaint

    Airteagal 23

    Cosaint dlúthpháirtíochta a leathnú chuig toirteanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais

    1.  

    De mhaolú ar Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/1938, ní bheidh feidhm ag beart dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 13(1) agus (2) den Rialachán sin ach amháin mura raibh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht in ann na nithe seo a leanas a chumhdach:

    (a) 

    an t-easnamh sa soláthar gáis dá custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht nó, i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag Ballstát chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo, na toirteanna bunriachtanacha tomhaltais gáis dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht;

    (b) 

    toirt chriticiúil gháis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais, d’ainneoin chur i bhfeidhm an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2017/1938. Beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(3), pointí (b), (c) agus (d), de Rialachán (AE) 2017/1938.

    2.  

    Na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu dlúthpháirtíocht a sholáthar de bhun mhír 1 beidh siad i dteideal na nithe seo a leanas a asbhaint ón tairiscint dlúthpháirtíochta:

    (a) 

    soláthairtí dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a mhéid a dhéantar difear do thoirteanna bunriachtanacha nó, i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag Ballstát chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 24, soláthar thoirteanna bunriachtanacha tomhaltais gáis a chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht;

    (b) 

    soláthar toirteanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais;

    (c) 

    soláthar toirteanna gáis le haghaidh an leictreachais is gá chun gás a tháirgeadh agus a iompar; agus

    (d) 

    na toirteanna gáis is gá le haghaidh oibríochtaí bonneagair atá criticiúil maidir le slándáil an tsoláthair agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn II chomh maith le suiteálacha eile atá ríthábhachtach d’fheidhmiú seirbhísí míleata, slándála náisiúnta agus cabhrach daonnúla.

    3.  
    Ní rachaidh na toirteanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus mír 2, pointí (b) agus (d), thar na toirteanna a léirítear in Iarscríbhinn I. I gcás inar féidir le Ballstát a léiriú go bhfuil gá le toirt níos airde gáis chun géarchéim leictreachais Ballstáit a sheachaint, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil, a chinneadh go gceadófar toirteanna níos airde a asbhaint.
    4.  
    I gcás ina n-iarrfar ar na Ballstáit nach bhfuil a gcóras leictreachais sioncrónaithe ach le córas leictreachais tríú tír bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar, féadfaidh siad, ar bhonn eisceachtúil, toirteanna gáis níos airde a asbhaint i gcás ina ndéanfar an córas leictreachais a dhíshioncrónú as córas an tríú tír sin fad is a cheanglaítear ar sheirbhísí córais cumhachta leithlisithe nó ar sheirbhísí eile d’oibreoir an chórais tarchurtha cumhachta oibriú sábháilte iontaofa an chórais cumhachta a áirithiú.

    Airteagal 24

    Bearta laghdaithe éilimh a bhaineann le custaiméirí atá faoi chosaint

    1.  
    Féadfaidh na Ballstáit, go heisceachtúil, bearta sealadacha a dhéanamh chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/1938, go háirithe nuair a dhearbhófar ceann de na leibhéil ghéarchéime de bhun Airteagal 11(1) agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1938, nó foláireamh an Aontais de bhun Rialachán (AE) 2022/1369. Beidh bearta den sórt sin teoranta d’úsáidí neamhriachtanacha gáis agus cuirfear san áireamh leo na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2022/1369 . Ní fhéadfar bearta eisceachtúla den sórt sin a dhéanamh ach amháin tar éis measúnú arna dhéanamh ag údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2017/1938, maidir leis na coinníollacha chun na toirteanna neamhriachtanacha gáis sin a chinneadh.
    2.  
    Mar thoradh ar bhearta dá dtagraítear i mír 1, ní laghdófar in imthosca ar bith tomhaltas custaiméirí leochaileacha, arna shainmhíniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE, agus ní dhéanfaidh na Ballstáit custaiméirí atá faoi chosaint a dhícheangal mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal seo.

    Airteagal 25

    Coimircí le haghaidh sreabha trasteorann

    I gcás iarraidh ón gCoimisiún de bhun Airteagal 12(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2017/1938 chun deireadh a chur le srianta míchuí ar shreafaí gáis trasteorann nó ar rochtain ar bhonneagar gáis, nó ar bhearta lena gcuirtear an soláthar gáis i mbaol i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás inniúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2017/1938, nó an Ballstát, dá dtagraítear in Airteagal 12(6), a chéad fhomhír den Rialachán sin, in ionad an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/1938 a leanúint, a ghníomhaíocht a mhodhnú nó déanfaidh sé gníomhaíocht chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 12(5) den Rialachán sin.

    ROINN 2

    Rialacha maidir le bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar

    Airteagal 26

    Oibleagáidí dlúthpháirtíochta a leathnú go sealadach chuig Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu

    1.  
    Ní hamháin go mbeidh feidhm ag an oibleagáid bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar de bhun Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu leis an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht, ach beidh feidhm acu freisin maidir le Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu, ar choinníoll go bhfuil an acmhainneacht is gá sa bhonneagar ábhartha, lena n-áirítear na soithí agus na hiompróirí GNL, ar fáil.
    2.  
    Beidh feidhm ag Airteagal 13, míreanna 2 go 9, de Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.
    3.  
    Ballstáit ag a bhfuil saoráidí GNL nach bhfuil nasc díreach acu le Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht, féadfaidh siad teacht ar chomhaontú go déthaobhach le haon Bhallstát eile maidir leis na socruithe dlúthpháirtíochta teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá a bhfuil feidhm acu maidir le dlúthpháirtíocht a sholáthar.
    4.  
    Na rialacha réamhshocraithe maidir le bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar de bhun Airteagal 27, beidh feidhm acu freisin maidir leis na Ballstáit neamhnasctha a mhéid nach bhfuil socrú déthaobhach tugtha i gcrích tráth a gheofar iarraidh ar dhlúthpháirtíocht.

    Airteagal 27

    Rialacha réamhshocraithe maidir le bearta dlúthpháirtíochta

    1.  
    I gcás nár tháinig dhá Bhallstát ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá de bhun Airteagal 13(10) de Rialachán (AE) 2017/1938 (“comhaontú dlúthpháirtíochta”), beidh an seachadadh gáis de bhun na hoibleagáide in Airteagal 13(1) den Rialachán sin i gcás éigeandála faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
    2.  

    Ní rachaidh an cúiteamh as an mbeart dlúthpháirtíochta thar chostais réasúnta agus, de mhaolú ar Airteagal 13(8) de Rialachán (AE) 2017/1938, beidh an méid seo a leanas san áireamh ann in aon chás:

    (a) 

    an praghas ar ghás sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht;

    (b) 

    na costais stórála agus iompair, lena n-áirítear táillí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dhiall na lastaí GNL chuig an bpointe idirnaisc a iarradh;

    (c) 

    costais dlíthíochta le haghaidh imeachtaí breithiúnacha nó eadrána gaolmhara ina bhfuil an Ballstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht páirteach;

    (d) 

    costais indíreacha eile nach gcumhdaítear leis an bpraghas ar ghás, cosúil le haisíocaíocht damáistí airgeadais nó damáistí eile a eascraíonn as sceitheadh éigeantach ualaigh dhocht custaiméirí a bhaineann le soláthar dlúthpháirtíochta, ar choinníoll nach sáraíonn na costais indíreacha sin 100 % den phraghas ar ghás.

    3.  
    I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát cúiteamh ar chostais indíreacha de bhun mhír 2, pointe (d), ar mó é ná 100 % de phraghas an gháis, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha, an cúiteamh níos airde iomchuí, agus imthosca sonracha conarthacha agus náisiúnta conarthacha agus náisiúnta an cháis agus prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh á gcur san áireamh.
    4.  
    Mura gcomhaontóidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát atá ag soláthar na dlúthpháirtíochta ar phraghas eile, beidh praghas an gháis a sholáthraítear don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ag freagairt do phraghas an mhargaidh lá roimh ré sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht nó an praghas margaidh lá roimh ré comhfhreagrach ag an malartú is gaire inrochtana, ag an bpointe trádála fíorúil malairte inrochtana is gaire, nó ag mol comhaontaithe an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht.
    5.  
    Cúiteamh ar na toirteanna gáis a sheachadtar i gcomhthéacs iarrata dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 28, déanfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht é a íoc go díreach leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht nó leis an eintiteas a shonraíonn an dá Bhallstát ina bhfreagra ar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht agus an dearbhú maidir leis an bhfáltas agus leis an toirt atá le glacadh.
    6.  

    Déanfaidh an Ballstát a bhfuil an iarraidh ar bheart dlúthpháirtíochta dírithe air an beart dlúthpháirtíochta a sholáthar a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 lá tar éis na hiarrata. Ní fhéadfaidh Ballstát diúltú dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ach amháin má léiríonn sé na nithe seo a leanas:

    (a) 

    nach bhfuil dóthain gáis aige i gcomhair na dtoirteanna dá dtagraítear in Airteagal 23(2); nó

    (b) 

    nach bhfuil acmhainneacht idirnaisc leordhóthanach ar fáil aige, mar a leagtar amach in Airteagal 13(7) de Rialachán (AE) 2017/1938, agus nach bhfuil sé in ann toirteanna leordhóthanacha GNL a sholáthar.

    7.  
    Sa bhreis ar na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear san Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit socruithe teicniúla agus comhordú ar sholáthar na dlúthpháirtíochta a chomhaontú.
    8.  
    Beidh an tAirteagal seo gan dochar do shocruithe atá ann cheana maidir le hoibriú sábháilte iontaofa an chórais gáis.

    Airteagal 28

    Nós imeachta maidir le bearta dlúthpháirtíochta in éagmais comhaontú dlúthpháirtíochta

    1.  

    Déanfaidh an Ballstát a iarrann cur i bhfeidhm na mbeart dlúthpháirtíochta iarraidh ar dhlúthpháirtíocht a eisiúint chuig Ballstát eile, ina sonrófar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

    (a) 

    sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit;

    (b) 

    sonraí teagmhála oibreoirí córais tarchurtha ábhartha an Bhallstáit (más ábhartha);

    (c) 

    sonraí teagmhála an tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann an Bhallstáit (más ábhartha);

    (d) 

    tréimhse seachadta lena n-áirítear uainiú an chéad seachadta fhéideartha agus fad measta na seachadtaí;

    (e) 

    pointí seachadta agus idirnaisc;

    (f) 

    toirt an gháis in kWh do gach pointe idirnaisc;

    (g) 

    cáilíocht an gháis.

    2.  
    Seolfar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht go comhuaineach chuig na Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith in ann bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar, chuig an gCoimisiún agus chuig na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2017/1938.
    3.  
    Seolfaidh na Ballstáit a fhaigheann iarraidh dlúthpháirtíochta freagra ina léireofar na sonraí teagmhála dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c), agus an toirt agus an cháilíocht is féidir a sholáthar do na pointí idirnaisc ag an am a iarrtar dá dtagraítear i mír 1, pointí (d) go (g). Sonróidh an freagra an toirt a eascraíonn as ciorrú nó scaoileadh féideartha stoc straitéiseach i gcás nach leor an toirt is féidir a sholáthar le bearta deonacha.
    4.  
    Déanfar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht a chur isteach 72 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta sonraithe. Déanfar an fhreagairt ar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht laistigh de 24 uair an chloig. Déanfar an dearbhú maidir leis an bhfáltas agus leis an toirt atá le glacadh ag an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht laistigh de 24 uair an chloig ón am seachadta is gá.
    5.  
    Féadfar an iarraidh a chur isteach ar feadh tréimhse lae nó roinnt laethanta, agus beidh an freagra ag teacht leis an bhfad a iarradh.
    6.  
    I gcás ina bhfuil roinnt Ballstát ag soláthar na dlúthpháirtíochta agus ina bhfuil socruithe déthaobhacha dlúthpháirtíochta i bhfeidhm ag ceann amháin nó níos mó acu, ba cheart tosaíocht a bheith ag na socruithe sin idir na Ballstáit a bhfuil comhaontú déthaobhach acu. Ní bheidh na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear san Airteagal seo infheidhme ach amháin i ndáil leis na Ballstáit eile a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht.
    7.  
    Féadfaidh an Coimisiún cur chun feidhme comhaontuithe dlúthpháirtíochta a éascú, go háirithe trí bhíthin teimpléid atá inrochtana ar ardán slán ar líne chun gur féidir iarrataí agus tairiscintí a tharchur i bhfíor-am.

    CAIBIDIL V

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 29

    Nós imeachta coiste

    1.  
    Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
    2.  
    I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 30

    Athbhreithniú

    Faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil sin, a mholadh fad a chur le bailíocht an Rialacháin seo.

    Airteagal 31

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    ▼M1

    Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.

    ▼B

    Beidh feidhm ag Airteagal 14 ón 31 Márta 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    IARSCRÍBHINN I

    (a) 

    Na toirteanna criticiúla gáis uasta le haghaidh slándáil soláthair leictreachais de bhun Airteagal 23 le haghaidh na tréimhse ó mhí na Nollag 2022 go Márta 2023 (luachanna in milliún méadar ciúbach) ( 5 ):



    Ballstát

    Nollaig 2022

    Eanáir 2023

    Feabhra 2023

    Márta 2023

    AT

    74,24

    196,83

    152,20

    139,35

    BE

    399,05

    458,77

    382,76

    398,99

    BG

    61,49

    71,26

    61,55

    63,29

    CY

    -

    -

    -

    -

    CZ

    17,26

    49,64

    34,80

    28,28

    DE

    2 090,53

    2 419,56

    2 090,59

    1 863,77

    DK

    249,48

    295,56

    254,87

    268,09

    EE

    5,89

    5,78

    5,00

    1,05

    EL

    209,95

    326,68

    317,18

    232,80

    ES

    1 378,23

    1 985,66

    1 597,27

    1 189,29

    IE

    372,76

    375,29

    364,26

    375,74

    FI

    28,42

    39,55

    44,66

    12,97

    FR

    876,37

    875,58

    802,53

    771,15

    HR

    10,95

    66,01

    59,99

    48,85

    HU

    82,13

    133,97

    126,44

    93,72

    IT

    2 166,46

    3 304,99

    3 110,79

    2 774,67

    LV

    89,26

    83,56

    84,96

    66,19

    LT

    16,13

    20,22

    18,81

    4,21

    LU

    -

    -

    -

    -

    MT

    32,88

    34,84

    31,43

    33,02

    NL

    684,26

    762,31

    556,26

    480,31

    PL

    158,14

    158,64

    136,97

    148,64

    PT

    409,97

    415,22

    368,54

    401,32

    RO

    130,35

    179,35

    162,41

    159,71

    SI

    12,98

    15,15

    13,35

    12,80

    SK

    33,99

    47,26

    34,80

    34,76

    SE

    18,05

    18,61

    17,71

    15,76

    (b) 

    ►M1  Toirteanna gáis criticiúla uasta le haghaidh slándáil soláthair leictreachais de bhun Airteagal 23 don tréimhse ó Aibreán 2023 go mí na Nollag 2024 (luachanna in milliún méadar ciúbach): ◄



    Ballstát

    Luach míosúil

    AT

    140,66

    BE

    409,89

    BG

    64,40

    CY

    -

    CZ

    32,50

    DE

    2 116,11

    DK

    267,00

    EE

    4,43

    EL

    271,65

    ES

    1 537,61

    IE

    372,01

    FI

    31,40

    FR

    831,41

    HR

    46,45

    HU

    109,06

    IT

    2 839,23

    LV

    80,99

    LT

    14,84

    LU

    -

    MT

    33,03

    NL

    620,79

    PL

    150,60

    PT

    398,76

    RO

    157,96

    SI

    13,57

    SK

    37,70

    SE

    17,53




    IARSCRÍBHINN II

    Bonneagar criticiúil maidir le slándáil an tsoláthair Airteagal 23(2), pointe (d)



    Earnáil

    Fo-earnáil

    I Fuinneamh

    1.  Leictreachas

    Bonneagar agus saoráidí chun leictreachas a ghiniúint agus a tharchur i ndáil leis an soláthar leictreachais

    2.  Ola

    Táirgeadh, scagadh, cóireáil, agus stóráil ola agus a tarchur trí phíblínte

    3.  Gás

    Táirgeadh, scagadh, cóireáil agus stóráil gáis agus a tharchur trí phíblínte

    Críochfoirt GNL

    II Iompar

    4.  Iompar de bhóthar

    5.  Iompar ar iarnród

    6.  Aeriompar



    ( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

    ( 2 ) Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).

    ( 3 ) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

    ( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).

    ( 5 ►M1  Tá na figiúirí in Iarscríbhinn I, codanna (a) agus (b), bunaithe ar shonraí ón measúnú leordhóthanachta geimhridh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941 a rinne an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E), ach amháin i gcás Mhálta a bhfuil a ghiniúint leictreachais ag brath go heisiach ar sheachadtaí GNL agus nach bhfuil aon acmhainn shuntasach stórála aige. I bhfianaise shainiúlacht an gháis chalraigh ísil, ba cheart na luachanna le haghaidh na hÍsiltíre sa tábla seo a iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta 37,89 arna roinnt ar 35,17. In Iarscríbhinn I, cuid (a), léirítear na toirteanna míosúla aonair arna ríomh ag ENTSO-E le haghaidh na míonna ó mhí na Nollag 2022 go dtí mí an Mhárta 2023; léirítear leis na figiúirí in Iarscríbhinn I, cuid (b), le haghaidh na míonna Aibreán 2023 go Nollaig 2024 meán na luachanna sa tréimhse idir mí na Nollag 2022 agus mí an Mhárta 2023. ◄

    Top