EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02021R1173-20210719

Consolidated text: Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1173/2021-07-19

02021R1173 — GA — 19.07.2021 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2021/1173 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2021

maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488

(IO L 256 19.7.2021, lch. 3)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 116, 4.5.2023, lch.  29 ((AE) 2021/1173)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2021/1173 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2021

maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488



Airteagal 1

Bunú

1.  
Ar mhaithe leis an tionscnamh maidir leis an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta Eorpach a chur chun feidhme, bunaítear leis seo Comhghnóthas de réir bhrí Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (“Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach”, “an Comhghnóthas”) don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2033.
2.  
Chun ré CAI 2021-2027 agus Fís Eorpach, an Chláir don Eoraip Dhigiteach, agus na Saoráide um Chónascadh na hEorpa a chur san áireamh, déanfar na glaonna ar thograí agus na glaonna ar thairiscintí faoin Rialachán seo a sheoladh faoin 31 Nollaig 2027. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar glaonna ar thograí nó glaonna ar thairiscintí a sheoladh faoin 31 Nollaig 2028.
3.  
Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an gComhghnóthas. I ngach Ballstát, beidh an inniúlacht dhlítheanach aige is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.
4.  
Beidh suíomh an Chomhghnóthais lonnaithe i Lucsamburg.
5.  
Leagtar amach Reachtanna an Chomhghnóthais (“na Reachtanna”) san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “tástáil inghlacthachta” tástáil a dhéantar chun a chinneadh cibé an gcomhlíonann sár-ríomhaire EuroHPC sonraíocht an chórais;

(2) 

ciallaíonn “aga rochtana” tréimhse ríomhaireachta sár-ríomhaire a chuirtear ar fáil d’úsáideoir nó do ghrúpa úsáideoirí chun a gcláir ríomhaireachta a chur i gcrích;

(3) 

ciallaíonn “eintiteas cleamhnaithe” aon eintiteas dlíthiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 187(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;

(4) 

ciallaíonn “Ionad Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta” tionscadal comhoibríoch a roghnaítear trí ghlao oscailte iomaíoch ar thograí chun an úsáid a bhaintear as cumais ríomhaireachta feidhmíochta foircní atá ar na bacáin a chur chun cinn, ionad a chuireann ar chumas pobail úsáideoirí i gcomhar le geallsealbhóirí eile sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta méadú ó scála a dhéanamh ar chóid chomhthreomhara reatha i dtreo feidhmíocht eicseascálaithe agus scálaithe fhoircnigh;

(5) 

ciallaíonn “comhdhearadh” cur chuige comhchoiteann idir soláthróirí agus úsáideoirí teicneolaíochta a bhíonn ag gabháil do phróiseas deartha ar bhonn comhoibritheach atriallach chun teicneolaíochtaí, feidhmchláir agus córais nua a fhorbairt;

(6) 

ciallaíonn “coinbhleacht leasa” cás a bhaineann le gníomhaí airgeadais nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;

(7) 

ciallaíonn “comheintiteas” eintiteas ina gcuimsítear Comhalta Príobháideach den Chomhghnóthas, de bhun reachtanna gach Comhalta Phríobháidigh;

(8) 

ciallaíonn “cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha” cumann eintiteas dlíthiúil de chuid an Aontais a thagann le chéile ar mhaithe le sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch a fháil go comhpháirteach in éineacht leis an gComhghnóthas; féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhpháirtithe príobháideacha seo a bheith rannpháirteach i gComhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais;

(9) 

ciallaíonn “sár-ríomhaire EuroHPC” aon chóras ríomhaireachta atá faoi úinéireacht iomlán an Chomhghnóthais nó atá faoi chomhúinéireacht le Stáit Rannpháirteacha eile nó le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha. Is féidir leis a bheith ina shár-ríomhaire clasaiceach (sár-ríomhaire ardleibhéil, sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch, nó sár-ríomhaire lár-raoin), ina ríomhaire clasaiceach-candamach hibrideach, ina ríomhaire candamach nó ina ionsamhlóir candamach;

(10) 

ciallaíonn “eicsea-scála” leibhéal feidhmíochta atá in ann 10 i gcumhacht 18 n-oibríocht sa soicind a dhéanamh (nó 1 eicsea-Flap);

(11) 

ciallaíonn “sár-ríomhaire ardleibhéil” córas ríomhaire den chéad scoth a forbraíodh leis an teicneolaíocht is airde a bhíonn ar fáil ag pointe ama ar leith agus a bhaineann leibhéil feidhmíochta eicseascálaithe nó níos faide (i.e. iar-eicseascálaithe) amach i gcás feidhmchlár a théann i ngleic le fadhbanna níos casta;

(12) 

ciallaíonn “cuibhreannas óstach” grúpa Stát Rannpháirteach nó cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha atá tar éis aontú rannchuidiú le sár-ríomhaire EuroHPC a fháil agus a oibriú, lena n-áirítear aon eagraíocht a dhéanann ionadaíocht do na Stáit Rannpháirteacha seo;

(13) 

ciallaíonn “eintiteas óstach” eintiteas dlítheanach ina n-áirítear saoráidí chun sár-ríomhaire EuroHPC a óstáil agus a oibriú agus atá bunaithe i Stát Rannpháirteach ar Ballstát é;

(14) 

ciallaíonn “hipearnasctha” cumarsáid atá in ann sonraí a aistriú ag 10 i gcumhacht 12 ghiotán sa soicind (1 teirighiotán sa soicind) nó thairis sin;

(15) 

ciallaíonn “sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch” sár-ríomhaire lár-raoin, ar a laghad, a dearadh go sonrach le ceanglais slándála, rúndachta agus sláine sonraí d’úsáideoirí tionsclaíocha atá níos déine ná mar a bhíonn i gceist le húsáid eolaíoch;

(16) 

ciallaíonn “ranníocaíochtaí ilchineáil i leith gníomhaíochtaí indíreacha” arna gcistiú ó Fhís Eorpach ranníocaíochtaí ón Stát Rannpháirteach nó ó Chomhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, ina gcuimsítear na costais incháilithe a thabhaigh siad chun gníomhaíochtaí indíreacha a chur chun feidhme lúide ranníocaíocht an Chomhghnóthais sin, Stáit Rannpháirteacha an Chomhghnóthais sin agus aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais leis na costais sin;

(17) 

ciallaíonn “ranníocaíochtaí ilchineáil i leith gníomhaíochtaí” arna gcistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach nó ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ranníocaíochtaí ón Stát Rannpháirteach nó ó Chomhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, ina gcuimsítear na costais incháilithe a thabhaigh siad chun cuid de ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais a chur chun feidhme lúide ranníocaíocht an Chomhghnóthais sin, Stáit Rannpháirteacha an Chomhghnóthais sin agus aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais leis na costais sin;

(18) 

ciallaíonn “sár-ríomhaire lár-raoin” sár-ríomhaire den chéad scoth lena ngabhann ord amháin ar a mhéad de leibhéal feidhmíochta dearbhmhéide níos ísle ná sár-ríomhaire ardleibhéil;

(19) 

ciallaíonn “Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta” eintiteas dlítheanacha, nó cuibhreannas eintiteas dlítheanacha, atá bunaithe i Stát Rannpháirteach, atá comhlachaithe le lárionad náisiúnta sár-ríomhaireachta an Stáit Rannpháirtigh sin, a sholáthraíonn rochtain de réir éilimh d’úsáideoirí ón earnáil tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, lucht acadúil, agus riaracháin phoiblí ar na sár-ríomhairí agus ar na teicneolaíochtaí, na huirlisí, na feidhmchláir agus na seirbhísí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta is déanaí, agus a thairgeann saineolas, scileanna, oiliúint, líonrú agus for-rochtain;

(20) 

ciallaíonn “stát breathnóireachta” tír atá incháilithe chun a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Chomhghnóthais arna chistiú ag Fís Eorpach nó ag an gClár don Eoraip Dhigiteach nach Stát Rannpháirteach é;

(21) 

ciallaíonn “Stát Rannpháirteach” tír atá ina comhalta den Chomhghnóthas;

(22) 

ciallaíonn “leibhéal feidhmíochta” líon na n-oibríochtaí snámhphointe in aghaidh an tsoicind (flapanna) is féidir le sár-ríomhaire a dhéanamh;

(23) 

ciallaíonn “Comhalta Príobháideach” aon chomhalta den Chomhghnóthas seachas an tAontas nó na Stáit Rannpháirteacha;

(24) 

is gléas ríomhaireachta é “ríomhaire candamach” a bhaineann leas as na dlíthe a bhaineann le meicnic chandamach chun tascanna áirithe ar leith a réiteach ag úsáid níos lú acmhainní ríomhaireachta dá bhrí sin ná mar a úsáideann ríomhairí clasaiceacha;

(25) 

ciallaíonn “ionsamhlóir candamach” gléas candamach atá fíor-inrialaithe lenar féidir léargais a fháil ar airíonna córas candamach casta nó fadhbanna ríomhaireachta sonracha nach mbíonn fáil ag ríomhairí clasaiceacha orthu a réiteach;

(26) 

ciallaíonn “slándáil an tslabhra soláthair” i gcás sár-ríomhaire EuroHPC na bearta a áireofar nuair a bheidh soláthróir an tsár-ríomhaire sin á roghnú chun a áirithiú go mbeidh comhpháirteanna, teicneolaíochtaí, córais agus fios gnó ar fáil, a bheidh riachtanach chun an sár-ríomhaire sin a fháil agus a oibriú; áirítear leis sin bearta chun na rioscaí a bhaineann le briseadh faoi dheoidh i soláthar na gcomhpháirteanna, na teicneolaíochta agus na gcóras sin a mhaolú, lena n-áirítear athruithe ar phraghsanna nó feidhmíocht níos ísle nó foinsí soláthair eile; cumhdaítear leis saolré iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.

(27) 

ciallaíonn “Clár Oibre Straitéiseach maidir le Taighde agus Nuálaíocht” an doiciméad ina gcumhdaítear tréimhse Fís Eorpach ina sainaithnítear na príomhthosaíochtaí agus na teicneolaíochtaí agus na nuálaíochtaí bunriachtanacha chun cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach;

(28) 

ciallaíonn “clár straitéiseach ilbhliantúil” doiciméad ina leagtar amach straitéis le haghaidh ghníomhaíochtaí uile an Chomhghnóthais;

(29) 

ciallaíonn “sár-ríomhaireacht” ríomhaireacht ar leibhéil feidhmíochta ina n-éilítear comhtháthú ollmhór na ngnéithe ríomhaireachta aonair, lena n-áirítear comhpháirteanna candamacha, chun fadhbanna a réiteach nach féidir le gnáthchórais ríomhaireachta a láimhseáil;

(30) 

ciallaíonn “costas iomlán úinéireachta” sár-ríomhaire EuroHPC na costais fála móide na costais oibriúcháin, lena n-áirítear cothabháil, go dtí go n-aistreofar úinéireacht an tsár-ríomhaire chuig an eintiteas óstach nó go ndíolfar é, nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire gan úinéireacht a aistriú;

(31) 

ciallaíonn “clár oibre” an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (25) de Rialachán (AE) 2021/695 nó, i gcás inarb ábhartha, an doiciméad a fheidhmíonn freisin mar an clár oibre dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/694, nó in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/1153.

Airteagal 3

Misean agus cuspóirí

1.  
Is é a bheidh mar mhisean ag an gComhghnóthas seirbhís sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus éiceachóras bonneagar sonraí den chéad scoth a bheidh cónasctha, slán agus hipearnasctha a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothú san Aontas; tacú le forbairt agus glacadh córas sár-ríomhaireachta nuálach agus iomaíoch atá dírithe ar éileamh agus faoi stiúir an úsáideora bunaithe ar shlabhra soláthair lena n-áiritheofar comhpháirteanna, teicneolaíochtaí agus eolas a chuirfidh teorainn leis an mbaol bristí agus lena bhforbrófar raon leathan feidhmchlár a bheidh barrfheabhsaithe le haghaidh na gcóras sin; agus, an úsáid a bhainfear as an mbonneagar sár-ríomhaireachta sin a leathnú amach chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, agus tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus le forbairt príomhscileanna le haghaidh eolaíochta agus earnáil tionsclaíochta na hEorpa.
2.  

Is iad seo a leanas na cuspóirí foriomlána a bheidh ag an gComhghnóthas:

(a) 

rannchuidiú le Rialachán (AE) 2021/695 agus go háirithe Airteagal 3 de a chur chun feidhme, tionchar eolaíoch, eacnamaíoch, comhshaoil, teicneolaíoch agus sochaíoch a chur ar fáil ó infheistíochtaí an Aontais i dtaighde agus i nuálaíocht, d’fhonn boinn eolaíochta agus teicneolaíochta an Aontais a neartú, tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus rannchuidiú chun cuspóirí agus beartais an Aontais a fhíorú, agus rannchuidiú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ach cloí le prionsabail Chlár Oibre na Náisiúin Aontaithe 2030 agus Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide ( 1 );

(b) 

dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, lena n-áirítear trí ghlaonna comhpháirteacha, chomh maith le sineirgí a lorg le gníomhaíochtaí agus le cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal réigiúnach, go háirithe leo sin a thacaíonn le réitigh nuálacha a chur chun úsáide, forbairt oideachais agus réigiúnach, i gcás inarb ábhartha;

(c) 

bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí hipearnasctha den chéad scoth a bheidh comhtháite, dírithe ar éileamh agus dírithe ar riachtanais an úsáideora a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothabháil san Aontas;

(d) 

an bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí hipearnasctha a chónascadh agus é a idirnascadh leis na spásanna sonraí Eorpacha agus le héiceachóras néil chun seirbhísí ríomhaireachta agus sonraí a sholáthar do raon leathan úsáideoirí poiblí agus príobháideacha san Eoraip;

(e) 

barr feabhais eolaíoch a chur chun cinn agus tacú le glacadh agus úsáid chórasach thorthaí an taighde agus na nuálaíochta arna nginiúint san Aontas.

(f) 

éiceachóras sár-ríomhaireachta agus sonraí fíor-iomaíoch agus nuálach a dháiltear go forleathan san Eoraip a fhorbairt tuilleadh agus tacú leis, rud a rannchuideoidh le ceannaireacht eolaíoch agus dhigiteach an Aontais, a bheidh ábalta teicneolaíochtaí agus ailtireachtaí ríomhaireachta a tháirgeadh go neamhspleách agus iad a chomhtháthú ar phríomhchórais ríomhaireachta, agus feidhmchláir forbartha a bheidh barrfheabhsaithe le haghaidh na gcóras sin;

(g) 

an úsáid a bhaintear as córais sár-ríomhaireachta a leathnú agus príomhscileanna a fhorbairt a theastaíonn ó eolaíocht agus earnáil tionsclaíochta na hEorpa.

3.  
Rannchuideoidh an Comhghnóthas chun leasanna an Aontais a chosaint nuair a bheidh sár-ríomhairí á soláthar agus tacóidh sé le forbairt agus glacadh teicneolaíochtaí, córais agus feidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta. Cumasóidh sé cur chuige comhdhearaidh chun sár-ríomhairí den chéad scoth a fháil, agus tabharfaidh sé cosaint ag an am céanna do shlándáil shlabhra soláthair na dteicneolaíochtaí agus na gcóras a gheofar. Rannchuideoidh sé le huathriail straitéiseach an Aontais, tacóidh sé le forbairt teicneolaíochtaí agus feidhmchlár a threiseoidh slabhra soláthair Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta na hEorpa agus cuirfidh sé a gcomhtháthú i gcórais sár-ríomhaireachta chun cinn, córais a thugann aghaidh ar líon mór riachtanas eolaíoch, sochaíoch, comhshaol agus tionsclaíoch.

Airteagal 4

Colúin ghníomhaíochta

1.  

Cuirfidh an Comhghnóthas an misean dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme de réir na gcolún gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) 

an colún riaracháin, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí ginearálta a bhainfidh le hoibriú agus le bainistiú an Chomhghnóthais;

(b) 

an colún bonneagair, lena gcuimsítear na gníomhaíochtaí chun an bonneagar sár-ríomhaireachta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí hipearnasctha agus slán den chéad scoth a fháil, a chur chun úsáide, a nuashonrú agus a oibriú, lena n-áirítear glacadh agus úsáid chórasach na dtorthaí taighde agus nuálaíochta a ghintear san Aontas a chur chun cinn;

(c) 

an colún le haghaidh chónascadh na seirbhísí sár-ríomhaireachta, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí go léir chun rochtain uile-Aontais a sholáthar ar acmhainní agus seirbhísí sár-ríomhaireachta agus sonraí cónasctha slána ar fud na hEorpa don phobal taighde agus eolaíochta, don earnáil tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, agus don earnáil phoiblí, go háirithe i gcomhar le PRACE agus GÉANT; áireofar ar na gníomhaíochtaí sin:

(i) 

tacaíocht d’idirnasc na n-acmhainní Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí atá faoi úinéireacht iomlán nó faoi pháirtúinéireacht an Chomhghnóthais nó atá á gcur ar fáil ag na Stáit Rannpháirteacha ar bhonn deonach;

(ii) 

tacaíocht d’idirnasc na mbonneagar sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha an Aontais, agus bonneagair néil agus sonraí cónasctha, slána;

(iii) 

tacaíocht d’fhorbairt, fáil agus oibriú ardáin le haghaidh cónascadh rianúil agus soláthar seirbhíse slán do sheirbhís sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus bonneagar sonraí, lena mbunaítear pointe rochtana ilfhreastail le haghaidh aon seirbhís sár-ríomhaireachta nó sonraí arna mbainistiú ag an gComhghnóthas, ag tabhairt pointe iontrála aonair d’aon úsáideoir;

(d) 

colún teicneolaíochta, lena dtabharfar aghaidh ar ghníomhaíochtaí uaillmhianacha taighde agus nuálaíochta chun éiceachóras sár-ríomhaireachta iomaíoch, nuálach den chéad scoth a fhorbairt ar fud na hEorpa lena dtabharfar aghaidh ar theicneolaíochtaí crua-earraí agus bogearraí, agus ar a gcomhtháthú i gcórais ríomhaireachta, lena gcumhdaítear an slabhra soláthair eolaíoch agus tionsclaíoch iomlán, chun rannchuidiú le huathriail straitéiseach an Aontais; díreoidh sé freisin ar theicneolaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta atá fuinneamhéifeachtúil, lena gcuirfear le hinbhuanaitheacht chomhshaoil; rachaidh na gníomhaíochtaí sin i ngleic leo seo inter alia:

(i) 

comhpháirteanna micrea-phróiseála ísealchumhachta, comhpháirteanna idirnascachta, ailtireacht an chórais agus teicneolaíochtaí gaolmhara amhail algartaim nua, cóid bhogearraí, uirlisí, agus timpeallachtaí;

(ii) 

paraidímí ríomhaireachta atá ag teacht chun cinn agus a gcomhtháthú i bpríomhchórais sár-ríomhaireachta trí chur chuige atá bunaithe ar chomhdhearadh; nascfar na teicneolaíochtaí sin le forbairt, fáil agus cur chun úsáide na sár-ríomhairí ardleibhéil, lena n-áirítear ríomhairí candamacha, agus na mbonneagar;

(iii) 

teicneolaíochtaí agus córais chun córais sár-ríomhaireachta chlasaiceacha a idirnascadh agus a oibriú le teicneolaíochtaí ríomhaireachta eile ar minic comhlántach iad, amhail ríomhaireacht chandamach nó teicneolaíochtaí ríomhaireachta eile atá ag teacht chun cinn agus a n-oibriú éifeachtach a áirithiú;

(iv) 

algartaim nua agus teicneolaíochtaí bogearraí a thairgeann méaduithe feidhmíochta suntasacha;

(e) 

an colún feidhmchlár, ag dul i ngleic le gníomhaíochtaí chun an barr feabhais Eorpach a bhaint amach agus a chothabháil i bpríomh-fheidhmchláir agus cóid ríomhaireachta agus sonraí agus le haghaidh na heolaíochta, na hearnála tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, agus na hearnála poiblí; rachaidh na gníomhaíochtaí i ngleic leo seo inter alia:

(i) 

feidhmchláir, lena n-áirítear algartaim agus forbairtí bogearraí nua, le haghaidh úsáideoirí poiblí agus príobháideacha a thairbhíonn ó shaothrú acmhainní agus chumais na sár-ríomhairí ardleibhéil agus a gcoinbhéirseacht le hardteicneolaíochtaí digiteacha amhail an intleacht shaorga, anailísíocht sonraí ardfheidhmíochta, teicneolaíochtaí néil, etc., trí chóid agus feidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta-chumasaithe, mórscála agus atá ag teacht chun cinn sa mhargadh a chomhdhearadh, a fhorbairt agus a bharrfheabhsú;

(ii) 

tacaíocht a thabhairt, i measc rudaí eile, d’Ionaid Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíocht i bhfeidhmchláir agus do thaispeántóirí píolótacha agus do bhinsí tástála Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta-chumasaithe mórscála le haghaidh feidhmchláir olltiomsaithe sonraí agus ardseirbhísí digiteacha i raon leathan earnálacha eolaíocha, poiblí agus tionsclaíocha;

(f) 

an colún maidir le húsáid agus scileanna a leathnú, agus é mar aidhm aige cumais agus scileanna a fhorbairt a chothaíonn an barr feabhais sár-ríomhaireachta, ríomhaireachta candamaí agus úsáide sonraí ina gcuirtear sineirgí le ríomhchláir agus le hionstraimí eile san áireamh, go háirithe an Clár don Eoraip Dhigiteach, an úsáid eolaíoch agus thionsclaíoch a bhaintear as acmhainní sár-ríomhaireachta agus feidhmchláir sonraí a leathnú, agus an rochtain agus an úsáid a bhaineann an earnáil tionsclaíochta as bonneagair sár-ríomhaireachta agus sonraí i gcomhair na nuálaíochta a chuirtear in oiriúint do riachtanais tionsclaíochta a chothú, chomh maith le pobal eolaíoch eolach ceannródaíoch agus lucht oibre oilte a sholáthar don Eoraip i gcomhair ceannaireacht eolaíochta agus chun claochlú digiteach a dhéanamh ar an earnáil tionsclaíochta agus ar an riarachán poiblí, lena n-áirítear tacaíocht agus líonrú na Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus na nIonad Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta.

(g) 

an colún um chomhar idirnáisiúnta: ag teacht leis na cuspóirí beartais sheachtraigh agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, gníomhaíochtaí atá ábhartha do chur chun cinn an chomhair idirnáisiúnta sa tsár-ríomhaireacht a shainiú, a chur chun feidhme agus a bheith rannpháirteach iontu chun dúshláin dhomhanda eolaíochta agus shochaíocha a réiteach, agus iomaíochas éiceachóras soláthair agus úsáideoirí na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta san Eoraip á chur chun cinn san am céanna.

2.  
I dteannta na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfar é a chur ar iontaoibh an Chomhghnóthais cúraimí breise a chur chun feidhme i gcás ina ndéantar cistiú carnach, comhlántach nó comhcheangailte ar chistiú idir cláir de chuid an Aontais i gcomhréir le clár oibre ábhartha an Choimisiúin.

Airteagal 5

An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

1.  

Suas le EUR 3 081 300 000 a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas lena n-áirítear leithreasuithe LEE, lena n-áirítear suas le EUR 92 000 000 le haghaidh costas riaracháin, ar choinníoll go ndéanfar an méid sin a mheaitseáil ar a laghad le ranníocaíocht na Stát Rannpháirteach, agus is mar seo a leanas a dháilfear í:

(a) 

suas le EUR 900 000 000 ó Fhís Eorpach;

(b) 

suas le EUR 1 981 300 000 ón gClár don Eoraip Dhigiteach;

(c) 

suas le EUR 200 000 000 ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

2.  
Déanfar an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 a íoc ó leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais, leithreasuithe a leithdháiltear ar gach clár ábhartha.
3.  
Féadfar cistí breise an Aontais lena gcomhlánaítear an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leithdháileadh ar an gComhghnóthas chun tacú lena gcolúin gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4, seachas na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a).
4.  
Ranníocaíochtaí ó chláir an Aontais a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí breise atá curtha ar iontaoibh an Chomhghnóthais i gcomhréir le mír 3, is ranníocaíochtaí iad nach gcuirfear san áireamh nuair a bheidh an ranníocaíocht airgeadais uasta ón Aontas á ríomh.
5.  
Cistí breise ón Aontas lena gcomhlánaítear an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar na cistí sin a leithdháileadh ar an gComhghnóthas ó thríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach, leis an gClár don Eoraip Dhigiteach nó leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i gcomhréir lena gcomhaontuithe comhlachais faoi seach. Ní dhéanfaidh na cistí breise Aontais sin difear do ranníocaíocht na Stát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), mura gcomhaontóidh na Stáit Rannpháirteacha a mhalairt.
6.  
Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1(a) den Airteagal seo chun go ndéanfaidh an Comhghnóthas tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí indíreacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (43), de Rialachán (AE) 2021/695, a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais.
7.  
Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 (b) i gcomhair forbairt cumais ar fud an Aontais ar fad, lena n-áirítear Ríomhairí Ardfheidhmíochta, ríomhairí candamacha nó ionsamhlóirí candamacha a fháil, a uasghrádú agus a oibriú, an tseirbhís Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí agus bonneagar sonraí a chónascadh agus a húsáid a leathnú, agus forbairt ardscileanna agus oiliúna.
8.  
Déanfar an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mhír 1(c) le haghaidh idirnascadh na n-acmhainní Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus sonraí agus chun bonneagar Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus sonraí uile-Eorpach a bheidh comhtháite agus hipearnasctha a chruthú.

Airteagal 6

Ranníocaíochtaí eile ón Aontas

Ranníocaíochtaí ó chláir de chuid an Aontais seachas na cláir dá dtagraítear in Airteagal 5(1) atá ina gcuid de chómhaoiniú ón Aontas ar chlár arna chur chun feidhme ag ceann de na Stáit Rannpháirteacha, ar Ballstát é, ní chuirfear san áireamh iad agus an ranníocaíocht uasta airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5 a ríomh.

Airteagal 7

Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí eile seachas an tAontas féin

1.  
Déanfaidh na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíocht iomlán atá i gcomhréir le méid na ranníocaíochta ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Déanfaidh na Stáit Rannpháirteacha a ranníocaíochtaí comhchoiteanna a shocrú eatarthu agus conas a sholáthróidh siad iad. Ní dhéanfaidh sin difear do chumas gach Stáit Rannpháirtigh a ranníocaíocht airgeadais náisiúnta a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 8.
2.  
Déanfaidh Comhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíochtaí EUR 900 000 000 ar a laghad leis an gComhghnóthas.
3.  
Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo, ranníocaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 15 de na Reachtanna.
4.  
Féadfaidh gach Stát Rannpháirteach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(3)(f) de na Reachtanna a sholáthar do thairbhithe atá bunaithe sa Stát Rannpháirteach sin. Féadfaidh na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíocht an Chomhghnóthais a chomhlánú, laistigh den uasráta aisíocaíochta is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 34 de Rialachán 2021/695, Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/694 agus in Airteagal 14 Rialachán (AE) 2021/1153. Beidh na ranníocaíochtaí sin gan dochar do rialacha Státchabhrach.
5.  
Tabharfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais seachas an tAontas tuairisc faoin 31 Eanáir gach bliain don Bhord Rialaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 15 de na Reachtanna, maidir le luach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo a rinneadh sa bhliain airgeadais roimhe sin.
6.  
►C1  D’fhonn na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(3) (b) go (g) de na Reachtanna a luacháil, ◄ cinnfear na costais i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costais na n-eintiteas lena mbaineann, le caighdeáin chuntasaíochta infheidhme na tíre ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe agus leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta is infheidhme agus na Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais Idirnáisiúnta. Is iniúchóir seachtrach neamhspleách a dheimhneoidh na costais, iniúchóir a cheapfaidh an t-eintiteas lena mbaineann nó údaráis iniúchóireachta na Stát Rannpháirteach. Féadfaidh an Comhghnóthas an modh luachála a dheimhniú, i gcás ina mbeadh aon éiginnteacht ann de bharr an deimhniúcháin. Má tá éiginnteacht ann fós, féadfaidh an Comhghnóthas iniúchadh a dhéanamh ar an modh luachála.
7.  

Féadfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí nó an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 23 de na Reachtanna a chur ar siúl sna cásanna seo a leanas:

(a) 

má mhainníonn an Comhghnóthas na coinníollacha a chomhlíonadh do ranníocaíocht ón Aontais; nó

(b) 

má mhainníonn na comhaltaí seachas an tAontas nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht a dhéanamh, nó mura ndéantar ranníocaíocht ach go páirteach nó mura dtugann siad urraim do na tréimhsí ama maidir leis an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo; nó

(c) 

de thoradh na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 24.

Ní chuirfidh cinneadh an Choimisiúin maidir leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí bac ar aisíocaíocht na gcostas incháilithe a thabhaíonn na comhaltaí seachas an tAontas sula dtugtar fógra faoin gcinneadh don Chomhghnóthas.

Airteagal 8

Ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha a bhainistiú

1.  
Tabharfaidh gach Stát rannpháirteach gealltanas táscach maidir le méid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta i ngníomhaíochtaí indíreacha leis an gComhghnóthas. Tabharfar an gealltanas sin gach bliain don Chomhghnóthas sula nglacfar an clár oibre.

Sa bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/695, in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694 nó in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1153, féadfar a áireamh sa chlár oibre, mar iarscríbhinn, critéir incháilitheachta maidir le rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach náisiúnta.

Cuirfidh gach Stát Rannpháirteach de chúram ar an gComhghnóthas meastóireacht a dhéanamh ar na tograí i gcomhréir le rialacha Fís Eorpach.

Bunófar roghnú na dtograí ar liosta an rangaithe arna sholáthar ag an gcoiste meastóireachta. Féadfaidh an Bord Rialaithe imeacht ón liosta sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, mar a leagtar amach sa chlár oibre iad, chun comhsheasmhacht fhoriomlán chur chuige na punainne a áirithiú.

Beidh ceart crosta ag gach Stát Rannpháirteach maidir le gach saincheist a bhaineann le húsáid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta féin leis an gComhghnóthas d’iarratasóirí arna mbunú sna Stáit Rannpháirteacha sin, ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta.

2.  
Déanfaidh gach Stát Rannpháirteach ceann amháin nó níos mó de na comhaontuithe riaracháin a thabhairt i gcrích leis an gComhghnóthas lena leagfar síos an sásra comhordúcháin chun ranníocaíochtaí a íoc le hiarratasóirí atá bunaithe sa Stát Rannpháirteach sin agus chun tuairisc a thabhairt ina leith. Áireofar i gcomhaontú den sórt sin an sceideal, na coinníollacha íocaíochta, na ceanglais tuairiscithe agus iniúchóireachta.

Déanfaidh gach Stát rannpháirteach a dhícheall a sceideal íocaíochta, a thuairisciú agus a iniúchtaí a shioncrónú le sceideal íocaíochta, tuairisciú agus iniúchtaí an Chomhghnóthais agus a rialacha incháilitheachta costais a chóineasú le rialacha Fís Eorpach.

3.  
Sa chomhaontú dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh gach Stát rannpháirteach íocaíocht a ranníocaíochta leis na tairbhithe a chur de chúram ar an gComhghnóthas. Tar éis tograí a roghnú, geallfaidh an Stát Rannpháirteach an tsuim is gá le haghaidh íocaíochtaí. Féadfaidh údaráis iniúchóireachta an Stáit Rannpháirtigh a ranníocaíochtaí náisiúnta faoi seach a iniúchadh.

Airteagal 9

Eintiteas óstach

1.  
Beidh na sár-ríomhairí EuroHPC lonnaithe i Stát Rannpháirteach ar Ballstát é. I gcás ina mbeidh sár-ríomhaire EuroHPC á óstáil cheana féin ag Stát Rannpháirteach, ar sár-ríomhaire ardleibhéil nó sár-ríomhaire lár-raoin é, ní bheidh sé incháilithe páirt a ghlacadh i nglao nua ar léiriú spéise do ghiniúint incriminteach na sár-ríomhairí sin roimh chúig bliana ar a laghad ón dáta roghnúcháin tar éis glao roimhe sin ar léiriú spéise. I gcás ríomhairí candamacha agus insamhlóirí candamacha a fháil, nó sár-ríomhaire EuroHPC a uasghrádú le luasairí candamacha, laghdaítear an tréimhse sin go dhá bhliain.
2.  
I gcás na sár-ríomhairí EuroHPC dá dtagraítear in Airteagail 11, 12 agus 14, féadfaidh an t-eintiteas óstach ionadaíocht a dhéanamh ar Stát Rannpháirteach ar Ballstát nó cuibhreannas óstach é. Déanfaidh an t-eintiteas óstach agus údaráis inniúla an Stáit Rannpháirtigh nó na Stát Rannpháirteach i gcuibhreannas óstach comhaontú chuige sin.
3.  
Déanfaidh an Comhghnóthas oibriú gach sár-ríomhaire EuroHPC aonair atá faoi úinéireacht iomlán an Chomhghnóthais, nó atá faoina chomhúinéireacht i gcomhréir le hAirteagail 11, 12 agus 14 a chur ar iontaoibh an eintitis óstach.
4.  
Roghnófar na heintitis óstaigh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo agus rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19.
5.  

Tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus an Stát Rannpháirteach comhfhreagrach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó an cuibhreannas óstach comhfhreagrach trí phróiseas cothrom trédhearcach bunaithe, inter alia, ar na critéir seo a leanas:

(a) 

comhlíonadh shonraíochtaí ginearálta an chórais a shainítear sa ghlao ar léiriú spéise;

(b) 

costas iomlán úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC, lena n-áirítear meastachán cruinn agus modh fíorúcháin do chostais oibriúcháin an tsár-ríomhaire sin i rith a shaolré;

(c) 

taithí an eintitis óstaigh ar chórais den chineál céanna a shuiteáil agus a oibriú;

(d) 

cáilíocht bhonneagar fisiceach agus TF na saoráide óstála, a shlándáil agus a nascacht leis an gcuid eile den Aontas;

(e) 

an cháilíocht seirbhíse do na húsáideoirí, eadhon cumas chun an comhaontú seirbhíse a chuirtear ar fáil i measc na ndoiciméad a bhíonn ag gabháil leis an nós imeachta roghnúcháin a chomhlíonadh;

(f) 

doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó údaráis inniúla Stáit Rannpháirteacha an chuibhreannais óstaigh chun sciar de chostas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach bhfuil cumhdaithe ag ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile ón Aontas faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6, go dtí go n-aistreoidh an Comhghnóthas a úinéireacht chuig an eintiteas óstach sin nó go dtí go ndíolfar nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire mura ndéantar aon aistriú ar an úinéireacht.

6.  

I gcás na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch dá dtagraítear in Airteagal 13, déanfaidh an t-eintiteas óstach comhaontú le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha ar mhaithe le hullmhú chun sár-ríomhairí den sórt sin nó codanna de shár-ríomhairí EuroHPC a fháil agus a oibriú.

Déanfar na coinníollacha seo a leanas a urramú agus sár-ríomhaire EuroHPC de ghrád tionsclaíoch á óstáil:

(a) 

déanfaidh an Comhghnóthas oibriú gach sár-ríomhaire EuroHPC aonair de ghrád tionsclaíoch atá faoi chomhúinéireacht i gcomhréir le hAirteagal 13 a chur ar iontaoibh an eintitis óstaigh;

(b) 

déanfar na heintitis óstaigh a roghnú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo agus le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19;

(c) 

tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstach agus a chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha trí phróiseas cothrom agus trédhearcach bunaithe, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

(i) 

na critéir a leagtar amach i míreanna 5(a) go dtí 5(e) den Airteagal seo; agus

(ii) 

doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an chuibhreannais comhpháirtithe príobháideacha chun sciar de chostas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach gcumhdaítear le ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile ón Aontas faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6.

7.  
An t-eintiteas óstach a roghnófar, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh cuireadh a thabhairt, faoi réir comhaontú roimh ré an Choimisiúin, do Stáit Rannpháirteacha bhreise, nó do chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, dul isteach sa chuibhreannas óstach. An ranníocaíocht airgeadais agus an ranníocaíocht chomhchineáil ná aon ghealltanas eile a thabharfaidh na Stáit Rannpháirteacha nua, nó na Comhaltaí Príobháideacha, ní dhéanfaidh siad difear don ranníocaíocht airgeadais ón Aontas agus na cearta úinéireachta comhfhreagracha agus an céatadán aga rochtana a leithdháilfear ar an Aontas maidir leis an sár-ríomhaire EuroHPC sin mar a shainmhínítear in Airteagail 11, 12, 13, agus 14.

Airteagal 10

Comhaontú óstach

1.  
Sula seolfaidh sé an nós imeachta chun sár-ríomhaire EuroHPC a fháil, tabharfaidh an Comhghnóthas comhaontú óstach i gcrích le gach eintiteas óstach a roghnófar.
2.  

Tabharfar aghaidh go háirithe sa chomhaontú óstach ar na gnéithe seo a leanas maidir leis na sár-ríomhairí EuroHPC:

(a) 

na cearta agus na hoibleagáidí i rith an nós imeachta chun an sár-ríomhaire a fháil, lena n-áirítear tástálacha inghlacthachta an tsár-ríomhaire;

(b) 

na coinníollacha dliteanais chun an sár-ríomhaire a oibriú;

(c) 

an cháilíocht seirbhíse a thairgfear do na húsáideoirí ar oibriú an tsár-ríomhaire, mar a leagtar amach sa chomhaontú seirbhíse;

(d) 

na pleananna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht chomhshaoil an tsár-ríomhaire;

(e) 

coinníollacha rochtana do sciar an Aontais d’aga rochtana ar an sár-ríomhaire, mar a chinneann an Bord Rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 17;

(f) 

modhanna cuntasaíochta na n-agaí rochtana;

(g) 

sciar den chostas iomlán úinéireachta a shocróidh an t-eintiteas óstach a bheidh cumhdaithe ag an Stát Rannpháirteach sa chás go bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe sa chuibhreannas óstach nó ag na Stáit Rannpháirtithe sa chuibhreannas óstach;

(h) 

na coinníollacha maidir leis an aistriú úinéireachta dá dtagraítear in Airteagail 11(5), 12(7), 13(6) agus 14(6), lena n-áirítear, i gcás na sár-ríomhairí EuroHPC, forálacha maidir lena luach iarmharach agus maidir lena ndíchoimisiúnú a ríomh;

(i) 

an oibleagáid atá ar an eintiteas óstach rochtain a sholáthar ar na sár-ríomhairí EuroHPC, ag áirithiú san am céanna shlándáil na sár-ríomhairí, cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, cosaint príobháideachas cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE, cosaint rúin trádála i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943 agus cosaint rúndacht sonraí eile arna gcumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil;

(j) 

an oibleagáid atá ar an eintiteas óstach nós imeachta iniúchta deimhnithe a chur i bhfeidhm lena gcumhdaítear costais oibriúcháin an tsár-ríomhaire EuroHPC agus agaí rochtana na n-úsáideoirí;

(k) 

an oibleagáid atá ar an eintiteas óstach tuarascáil iniúchóireachta agus sonraí maidir leis an úsáid a baineadh as aga rochtana sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur isteach chuig an mBord Rialaithe faoin 31 Eanáir gach bliain;

(l) 

na coinníollacha sonracha is infheidhme nuair a oibríonn an t-eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC le húsáid san earnáil tionsclaíochta.

3.  
Is le dlí an Aontais a rialófar an comhaontú óstach, agus déanfar é a fhorlíonadh, in aon ní nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo nó ag aon ghníomhartha dlíthiúla eile de chuid an Aontais, trí dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe.
4.  
Beidh clásal eadrána de réir bhrí Airteagal 272 CFAE sa chomhaontú óstach, ina ndeonófar dlínse ar gach ní a chumhdaítear sa chomhaontú óstach chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
5.  
Tar éis an comhaontú óstach a thabhairt i gcrích, agus gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, seolfaidh an Comhghnóthas, le tacaíocht ón eintiteas óstach a roghnófar, na nósanna imeachta maidir leis an sár-ríomhaire EuroHPC a fháil i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19.
6.  
I gcás ríomhairí lár-raoin, tar éis an comhaontú óstach a thabhairt i gcrích, seolfaidh an Comhghnóthas, nó an teintiteas óstach thar ceann an dá pháirtí chonarthacha na nósanna imeachta maidir leis an sár-ríomhaire EuroHPC a fháil i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19.

Airteagal 11

Fáil agus úinéireacht na sár-ríomhairí ardleibhéil

1.  
Gheobhaidh an Comhghnóthas na sár-ríomhairí ardleibhéil agus is é a bheidh ina úinéir orthu.
2.  
Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 50 % de na costais fála móide suas le 50 % de chostais oibriúcháin na sár-ríomhairí ardleibhéil.

Costas iomlán úinéireachta na sár-ríomhairí ardleibhéil a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó ag na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.

3.  
Beidh roghnú sholáthróir an tsár-ríomhaire ardleibhéil bunaithe ar shonraíochtaí na tairisceana lena gcuirfear san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna soláthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.
4.  
Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir agus sár-ríomhairí ardleibhéil a fháil lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí iomaíocha atá dírithe ar éileamh, ar úsáideoirí agus a fhorbraítear go príomha san Aontas.
5.  
Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus sár-ríomhairí ardleibhéil á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694, nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála, nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.
6.  
Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, cúig bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an Chomhghnóthais ar na sár-ríomhairí ardleibhéil arna suiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an tsár-ríomhaire ardleibhéil a aistriú chuig an eintiteas óstach faoi seach, é a dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcomhaontú óstach. I gcás aistriú na húinéireacht ar sár-ríomhaire ardleibhéil, déanfaidh an t-eintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an eintiteas óstach ach má chinntear é a dhíchoimisiúnú, roinnfear na costais ábhartha go cothrom idir an Comhghnóthas agus an t-eintiteas óstach. Ní bheidh dliteanas ar an gComhghnóthas maidir le haon chostais a thabhófar tar éis úinéireacht an tsár-ríomhaire ardleibhéil a aistriú nó tar éis a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe.

Airteagal 12

Fáil agus úinéireacht na ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha

1.  
Gheobhaidh an Comhghnóthas ríomhairí candamacha agus ionsamhlóirí candamacha, a bhféadfadh idir chórais phíolótacha agus chórais thurgnamhacha a bheith i gceist leo nó fréamhshamhlacha agus córais oibriúcháin mar innill aonair nó cinn a bhfuil hibridiú déanta orthu nó innill Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta lár-raoin atá inrochtana tríd an néal, agus is é a bheidh ina úinéir orthu.
2.  
Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 50 % de na costais fála móide suas le 50 % de chostais oibriúcháin na ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha.

Costas iomlán úinéireachta na ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.

3.  
Beidh roghnú sholáthróir na ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha bunaithe ar shonraíochtaí na tairisceana lena gcuirfear san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna soláthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.
4.  
Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir agus ríomhairí candamacha agus insamhlóirí candamacha a fháil lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí a fhorbraítear go príomha san Aontas.
5.  
Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694 nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.
6.  
Is in eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC a dhéanfar na ríomhairí candamacha agus na hionsamhlóirí candamacha a óstáil, sin nó i lárionad sár-ríomhaireachta a bheidh lonnaithe san Aontas.
7.  
Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, ceithre bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an ríomhaire chandamaigh nó an ionsamhlóra chandamaigh arna suiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an ríomhaire chandamaigh nó an ionsamhlóra chandamaigh a aistriú chuig an eintiteas óstach sin, é a dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcomhaontú óstach. I gcás úinéireacht ríomhaire chandamaigh nó ionsamhlóra chandamaigh a aistriú, déanfaidh an t-eintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an eintiteas óstach ach má chinntear é a dhíchoimisiúnú, roinnfear na costais ábhartha go cothrom idir an Comhghnóthas agus an t-eintiteas óstach. Ní bheidh an Comhghnóthas faoi dhliteanas i leith na gcostas arna dtabhú i ndiaidh úinéireacht an ríomhaire chandamaigh nó an ionsamhlóra chandamaigh a aistriú nó i ndiaidh a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe.

Airteagal 13

Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch

1.  
Gheobhaidh an Comhghnóthas, in éineacht le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, sár-ríomhairí lár-raoin ar a laghad, nó codanna de shár-ríomhairí EuroHPC, atá ceaptha go príomha le húsáid san earnáil tionsclaíochta, agus is é a bheidh ina úinéir nó ina chomhúinéir orthu le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha.
2.  
Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 35 % de chostais fála na sár-ríomhairí EuroHPC, nó na codanna de shár-ríomhairí EuroHPC. Cumhdóidh an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha an costas iomlán úinéireachta a bheidh fágtha de na sár-ríomhairí EuroHPC, nó codanna de na sár-ríomhairí EuroHPC.
3.  
Beidh roghnú an tsoláthróra sár-ríomhaire EuroHPC de ghrád tionsclaíoch bunaithe ar shonraíochtaí na tairisceana lena gcuirfear san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna soláthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.
4.  
Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníollacha a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus sár-ríomhairí de ghrád tionsclaíoch EuroHPC á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694 nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.
5.  
Is in eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC a dhéanfar sár-ríomhairí EuroHPC nó codanna den sár-ríomhaire EuroHPC i gcomhair úsáid thionsclaíoch a óstáil.
6.  
Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, 4 bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an Chomhghnóthais ar na sár-ríomhairí EuroHPC arna suiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC a aistriú chuig an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, é a dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha. I gcás úinéireacht sár-ríomhaire EuroHPC a aistriú, déanfaidh an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha luach iarmharach an tsár-ríomhaire EuroHPC a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha ach go gcinnfear é a dhíchoimisiúnú, cumhdóidh an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha na costais ábhartha. Ní bheidh an Comhghnóthas faoi dliteanas i leith na gcostas arna dtabhú i ndiaidh úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC a aistriú nó i ndiaidh é a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe.

Airteagal 14

Fáil agus úinéireacht na sár-ríomhairí lár-raoin

1.  
Gheobhaidh an Comhghnóthas, go comhpháirteach le húdaráis chonarthacha an Stáit Rannpháirtigh ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó le húdaráis chonarthacha na Stát Rannpháirteach sa chuibhreannas óstach, na sár-ríomhairí lár-raoin agus beidh siad ina gcomhúinéirí orthu.
2.  
Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 35 % de na costais fála móide suas le 35 % de chostais oibriúcháin na sár-ríomhairí lár-raoin. Costas iomlán úinéireachta na sár-ríomhairí lár-raoin a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.
3.  
Beidh roghnú sholáthróir an tsár-ríomhaire lár-raoin bunaithe ar shonraíochtaí tairisceana lena gcuirfidh san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ghinearálta an chórais arna sholáthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.
4.  
Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir agus sár-ríomhairí lár-raoin a fháil lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí a fhorbraítear go príomha san Aontas atá dírithe ar éileamh, atá dírithe ar úsáideoirí agus atá iomaíoch.
5.  
Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus na sár-ríomhairí lár-raoin á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694, nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.
6.  
Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, déanfar an chuid d’úinéireacht an tsár-ríomhaire atá faoi úinéireacht an Chomhghnóthais a aistriú chuig an eintiteas óstach tar éis dímheas iomlán an tsár-ríomhaire. Aisíocfaidh an t-eintiteas óstach leis an gComhghnóthas luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear. Ní bheidh dliteanas ar an gComhghnóthas maidir le haon chostais a thabhófar tar éis úinéireacht an tsár-ríomhaire lár-raoin a aistriú. Ní bheidh an Comhghnóthas faoi dliteanas i leith na gcostas arna dtabhú i ndiaidh úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC a aistriú nó i ndiaidh é a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe

Airteagal 15

Sár-ríomhairí a uasghrádú

1.  
Féadfaidh an Comhghnóthas glao ar léirithe spéise a sheoladh chun na sár-ríomhairí EuroHPC a bhfuil sé ina úinéir nó ina chomhúinéir orthu a uasghrádú. Ní rachaidh an ranníocaíocht uasta ón Aontas leis na huasghráduithe sin thar EUR 150 milliún don tréimhse 2021-2027.
2.  
Beidh eintiteas óstach incháilithe chun freagra a thabhairt ar an nglao sin ar léirithe spéise ar a thúisce bliain amháin tar éis dháta roghnúcháin eintiteas óstach an tsár-ríomhaire EuroHPC, agus tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis an dáta sin. Ní fhéadfar sár-ríomhaire EuroHPC a uasghrádú ach aon uair amháin.
3.  

Roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstála trí phróiseas cothrom trédhearcach a bheidh bunaithe, inter alia, ar na critéir seo a leanas:

(a) 

údar leis an uasghrádú;

(b) 

comhoiriúnacht leis an sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh;

(c) 

méadú ar fheidhmíocht acmhainneacht oibríochtúil an tsár-ríomhaire EuroHPC;

(d) 

doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó údaráis inniúla Stáit Rannpháirteacha an chuibhreannais óstaigh chun sciar de chostas uasghrádaithe an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach gcumhdaítear le ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6, go dtí go n-aistreoidh an Comhghnóthas a úinéireacht chuig an eintiteas óstach sin nó go dtí go ndíolfar nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire mura ndéanfar aon aistriú ar an úinéireacht.

4.  
Gheobhaidh an Comhghnóthas, go comhpháirteach le húdaráis chonarthacha an Stáit Rannpháirtigh ina bhfuil an t-eintiteas óstach roghnaithe bunaithe nó le húdaráis chonarthacha na Stát Rannpháirteach sa chuibhreannas óstach roghnaithe, uasghrádú an tsár-ríomhaire agus beidh sé ina úinéir air faoi choinníollacha céanna úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC bunaidh.
5.  
Cumhdófar leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas don uasghrádú suas le 35 % de chostais fála an uasghrádaithe, arna ndímheas thar an saolré a mheastar a bheidh fágtha ag an sár-ríomhaire bunaidh agus suas le 35 % de na costais bhreise oibriúcháin. Ní bheidh costas iomlán an uasghrádaithe os cionn 30 % de chostas iomlán fála an tsár-ríomhaire EuroHPC bunaidh.
6.  
Ní thiocfaidh athrú ar an sciar d’aga rochtana an Aontais ar an sár-ríomhaire EuroHPC uasghrádaithe le linn shaolré an mheaisín. Má tá méadú acmhainneachta i gceist leis an uasghrádú, beidh an t-aga rochtana breise comhréireach go díreach le rannchuidiú an Aontais.

Airteagal 16

Sár-ríomhairí EuroHPC a úsáid

1.  
Gan dochar d’Airteagal 17(9), beidh cead ag úsáideoirí as na hearnálacha poiblí agus príobháideacha úsáid a bhaint as sár-ríomhairí EuroHPC agus díreofar an úsáid sin ar fheidhmchláir shaoránach. Seachas na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch, úsáidfear sár-ríomhairí EuroHPC go príomha chun críche taighde agus nuálaíochta a thagann faoi chláir chistiúcháin phoiblí, le haghaidh fheidhmchláir na hearnála poiblí agus le haghaidh gníomhaíochtaí nuálacha príobháideacha FBManna, i gcás inarb iomchuí.
2.  
Saineoidh an Bord Rialaithe na coinníollacha ginearálta rochtana maidir leis na sár-ríomhairí EuroHPC a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 17 agus féadfaidh sé na coinníollacha sonracha rochtana a shainiú le haghaidh cineálacha difriúla úsáideoirí nó feidhmeanna. Beidh slándáil agus cáilíocht na seirbhíse mar an gcéanna do gach úsáideoir laistigh de gach catagóir úsáideora, ach amháin i gcás na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch, a gcomhlíonfaidh slándáil agus cáilíocht a seirbhíse ceanglais tionsclaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 13(1).
3.  
Maidir le húsáideoirí atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe le Fís 2020, deonófar rochtain dóibh ar sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí a fuair an Comhghnóthas EuroHPC a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1488.
4.  
Maidir le húsáideoirí atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach nó le Fís Eorpach, deonófar sciar an Aontais den aga rochtana dóibh ar shár-ríomhairí EuroHPC arna bhfáil tar éis 2020.
5.  
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ag cur leasanna an Aontais san áireamh, cinnfidh an Bord Rialaithe aga rochtana ar shár-ríomhairí EuroHPC a dheonú d’eintitis atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe in aon tríú tír agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 17

Aga rochtana an Aontais ar na sár-ríomhairí EuroHPC a leithdháileadh

1.  
Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC ardleibhéil agus candamach i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) le costas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC, agus dá bhrí sin ní rachaidh sé thar 50 % d’am rochtana iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.
2.  
Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC lár-raoin i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), le costas fála agus oibriúcháin an tsár-ríomhaire agus ní rachaidh sé thar 35 % d’am rochtana iomlán an tsár-ríomhaire.
3.  
Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC de ghrád tionsclaíoch i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), le chostas fála an tsár-ríomhaire, agus ní rachaidh sé thar 35 % d’am rochtana iomlán an tsár-ríomhaire.
4.  
Déanfar an t-aga rochtana a bheidh fágtha ar gach sár-ríomhaire EuroHPC a leithdháileadh ar gach Stát Rannpháirteach ina bhfuil eintiteas óstach bunaithe nó ar gach Stát Rannpháirteach i gcuibhreannas óstach. I gcás cuibhreannas óstach, comhaontóidh na Stáit Rannpháirteacha eatarthu féin an dáileadh aga rochtana don sár-ríomhaire.
5.  
Saineoidh an Bord Rialaithe na cearta rochtana ar sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC.
6.  
Beidh an úsáid a bhainfear as sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC saor in aisce do na húsáideoirí ón earnáil phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 16(4) Beidh sé saor in aisce freisin d’úsáideoirí tionsclaíochta i gcás feidhmchláir a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag Fís Eorpach nó ag an gClár don Eoraip Dhigiteach chomh maith leo siúd ar bronnadh Séala Barr Feabhais orthu faoin gclár Fís Eorpach nó faoin Chlár don Eoraip Dhigiteach agus le haghaidh gníomhaíochtaí nuálacha príobháideacha FBManna, i gcás inarb iomchuí. Mar threoirphrionsabal, beidh leithdháileadh aga rochtana do na gníomhaíochtaí sin bunaithe ar phróiseas athbhreithnithe piaraí a bheidh cothrom agus trédhearcach arna shainiú ag an mBord Rialaithe tar éis glaonna leanúnacha oscailte ar léiriú spéise arna seoladh ag an gComhghnóthas.
7.  
Cé is moite d’úsáideoirí FBM a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí nuálacha príobháideacha, glacfaidh úsáideoirí eile le cur chuige na heolaíochta oscailte maidir le scaipeadh eolais a fhaightear trí rochtain ar shár-ríomhairí an Chomhghnóthais, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/695. Tabharfaidh an Bord Rialaithe sainiú breise ar na rialacha eolaíochta oscailte is infheidhme.
8.  
Saineoidh an Bord Rialaithe na rialacha sonracha le haghaidh coinníollacha rochtana a imíonn ó na treoirphrionsabail dá dtagraítear i mír 6. Baineann siad sin le leithdháileadh aga rochtana do thionscadail agus gníomhaíochtaí a mheastar a bheith straitéiseach don Aontas.
9.  
Ar iarraidh sin don Aontas, deonóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin rochtain dhíreach ar na sár-ríomhairí EuroHPC do thionscnaimh is dóigh leis an Aontas a bheith riachtanach chun seirbhísí tacaíochta a bhaineann le sláinte nó leis an aeráid nó seirbhísí tacaíochtaí éigeandála criticiúla eile a sholáthar ar mhaithe le leas an phobail, ar chásanna éigeandála agus bainistithe géarchéime nó ar chásanna is dóigh leis an Aontas a bheith riachtanach dá shlándáil agus dá chosaint. Saineofar na modhanna agus na coinníollacha maidir le rochtain den sórt sin a chur chun feidhme sna coinníollacha rochtana arna nglacadh ag an mBord Rialaithe.
10.  
Saineoidh an Bord Rialaithe na coinníollacha a mbeidh feidhm leo d’úsáid thionsclaíoch chun rochtain a sholáthar ar sciar an Aontais den aga rochtana chun acmhainní Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus sonraí d’fheidhmchláir seachas iad sin a shonraítear i mír 6 a dhaingniú.
11.  

Déanfaidh an Bord Rialaithe faireachán rialta ar sciar an Aontais den aga rochtana a dheonófar in aghaidh an Stáit Rannpháirtigh agus in aghaidh gach catagóire úsáideora, lena n-áirítear chun críoch tráchtála. Féadfaidh sé an méid a leanas, i measc nithe eile, a chinneadh:

(a) 

agaí rochtana a chur in oiriúint an athuair de réir na catagóire gníomhaíochta nó úsáideora, agus é mar aidhm cumais úsáide na sár-ríomhairí EuroHPC a fheabhsú;

(b) 

bearta breise tacaíochta a mholadh d’fhonn deiseanna cothroma rochtana a sholáthar d’úsáideoirí a mbeadh sé d’aidhm acu a leibhéal scileanna agus saineolais i gcórais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta a ardú.

Airteagal 18

Aga rochtana an Aontais ar shár-ríomhairí EuroHPC chun críoch tráchtála

1.  
Beidh feidhm ag coinníollacha sonracha maidir le gach úsáideoir tionsclaíoch chun críoch tráchtála i ndáil le sciar an Aontais den aga rochtana. Is seirbhís íoc in aghaidh na húsáide a bheidh sa tseirbhís seo ar úsáid tráchtála, í bunaithe ar phraghsanna an mhargaidh. Is é an Bord Rialaithe a leagfaidh síos leibhéal na táille.
2.  
Cuimseofar sna táillí a ghinfear de bharr úsáid tráchtála sciar an Aontais den aga rochtana ioncam do bhuiséad an Chomhghnóthais, agus úsáidfear iad chun costais oibriúcháin an Chomhghnóthais a chumhdach.
3.  
Ní rachaidh an t-aga rochtana a leithdháilfear ar sheirbhísí tráchtála thar 20 % d’aga rochtana iomlán an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC. Déanfaidh an Bord Rialaithe cinneadh maidir le leithdháileadh aga rochtana an Aontais d’úsáideoirí seirbhísí tráchtála, agus cuirfear toradh an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 17(11) san áireamh.
4.  
Beidh cáilíocht na seirbhísí tráchtála mar an gcéanna i gcás na n-úsáideoirí uile.

Airteagal 19

Rialacha airgeadais

1.  
Glacfaidh an Comhghnóthas a rialacha airgeadais sonracha i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
2.  
Foilseofar na rialacha airgeadais ar shuíomh gréasáin an Chomhghnóthais.

Airteagal 20

Foireann

1.  
Maidir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne”) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (“Coinníollacha Fostaíochta”) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle ( 2 ) agus sna rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir le foireann an Chomhghnóthais.
2.  
Déanfaidh an Bord Rialaithe, maidir le foireann an Chomhghnóthais, na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar don Údarás Ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus leis na Coinníollacha Fostaíochta don Údarás atá cumhachtaithe chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (“cumhachtaí an údaráis cheapacháin”).
3.  
Glacfaidh an Bord Rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta, lena dtarmligfear cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena saineofar na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean sin a chur ar fionraí. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údaraithe na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.
4.  
I gcás inar gá déanamh amhlaidh mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach. Sna cásanna sin, feidhmeoidh an Bord Rialaithe cumhachtaí an údaráis ceapacháin é féin nó tarmligfidh sé iad chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne de chuid an Chomhghnóthais seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
5.  
Glacfaidh an Bord Rialaithe rialacha iomchuí cur chun feidhme le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.
6.  
Leagfar na hacmhainní foirne amach i bplean bunaithe foirne an Chomhghnóthais, plean ina dtugtar le fios líon na bpost sealadach de réir an ghrúpa feidhme agus de réir gráid, chomh maith le líon na foirne ar conradh arna gcur in iúl i gcoibhéisí lánaimseartha, i gcomhréir lena bhuiséad bliantúil.
7.  
Beidh foireann shealadach agus foireann ar conradh ag obair don Chomhghnóthas.
8.  
Seasfaidh an Comhghnóthas na costais go léir a bhaineann leis an bhfoireann.

Airteagal 21

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus oiliúnaithe

1.  
Féadfaidh an Comhghnóthas leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus oiliúnaithe nach fostaithe de chuid an ghomhghnóthais iad. Cuirfear líon na saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna chur in iúl ina choibhéisí lánaimseartha leis an bhfaisnéis maidir le hacmhainní foirne dá dtagraítear in Airteagal 20(6) i gcomhréir leis an mbuiséad bliantúil.
2.  
Glacfaidh an Bord Rialaithe cinneadh ina leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Chomhghnóthas agus maidir le húsáid a bhaint as oiliúnaithe.

Airteagal 22

Pribhléidí agus Díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, maidir leis an gComhghnóthas agus foireann an Chomhghnóthais.

Airteagal 23

Dliteanas an Chomhghnóthais

1.  
Rialófar dliteanas conarthach an Chomhghnóthais trí na forálacha conarthacha ábhartha agus tríd an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú, maidir leis an gcinneadh nó maidir leis an gconradh i dtrácht.
2.  
I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Comhghnóthas, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arb é a fhoireann féin is cúis leis i bhfeidhmiú a gcuid cúraimí a shlánú.
3.  
Measfar gur caiteachas de chuid an Chomhghnóthais aon íocaíocht a dhéanfaidh an Comhghnóthas maidir leis an dliteanas dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, agus maidir leis na costais agus na speansais a tabhófar i dtaca leis sin, agus cumhdófar iad lena chuid acmhainní féin.
4.  
Is é an Comhghnóthas amháin a bheidh freagrach as comhlíonadh a chuid oibleagáidí.
5.  
Ní bheidh an Comhghnóthas faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfar de bharr ghníomhaíochtaí an eintitis óstaigh maidir le hoibriú na sár-ríomhairí a bhí faoin úinéireacht an Chomhghnóthais EuroHPC ag an eintiteas óstach.

Airteagal 24

Faireachán agus meastóireacht

1.  
Beidh gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais faoi réir faireachán leanúnach agus athbhreithnithe tréimhsiúla i gcomhréir lena chuid rialacha airgeadais, d’fhonn an tionchar agus an feabhas is mó a áirithiú, chomh maith leis an úsáid is éifeachtúla acmhainní. Cuirfear torthaí an fhaireacháin agus na n-athbhreithnithe tréimhsiúla leis an bhfaireachán a dhéanfar ar Chomhpháirtíochtaí Eorpacha agus ar mheastóireachtaí an Chomhghnóthais mar chuid de mheastóireachtaí ar Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagail 50 agus 52 de Rialachán (AE) 2021/695.
2.  
Eagróidh an Comhghnóthas an faireachán leanúnach ar a ghníomhaíochtaí bainistíochta agus cur chun feidhme agus ar athbhreithnithe tréimhsiúla ar aschuir, torthaí agus tionchair na dtionscadal a chuirfear chun feidhme ag teacht le hAirteagal 50 de, agus Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2021/695.
3.  
Déanfar meastóireachtaí ar oibríochtaí na gComhghnóthas go tráthúil ionas go bhféadfar faisnéis ó na meastóireachtaí sin a úsáid sa mheastóireachta eatramhach agus sa mheastóireacht deiridh de chuid Fís Eorpach agus sa phróiseas cinnteoireachta gaolmhar mar a shonraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach agus meastóireacht deiridh ar an gComhghnóthas mar chuid de mheastóireachtaí Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695. Cuirfear an mheastóireacht eatramhach i gcrích le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha ar bhonn próiseas trédhearcach a thúisce a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme Fís Eorpach, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana ó thús chur chun feidhme Fís Eorpach. Déanfar imscrúdú sna meastóireachtaí ar conas a chomhlíonann an Comhghnóthas a mhisean i gcomhréir lena chuspóirí eacnamaíocha, teicneolaíochta, eolaíochta, sochaíocha agus beartais, lena n-áirítear cuspóirí a bhaineann leis an aeráid, agus déanfar meastóireacht ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas, agus breisluach an Aontais a chuid gníomhaíochtaí mar chuid de Fís Eorpach, a chuid sineirgí agus comhlántachtaí le tionscnaimh ábhartha Eorpacha, náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, réigiúnacha, lena n-áirítear sineirgí le codanna eile de Fís Eorpach, amhail misin, braislí nó cláir théamacha nó shonracha. Cuirfear san áireamh sna meastóireachtaí tuairimí na ngeallsealbhóirí, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus áireofar iontu freisin, i gcás inarb ábhartha, measúnú ar an tionchar fadtéarmach eolaíoch, sochaíoch, eacnamaíoch agus ábhartha ó thaobh beartais de a bheidh ag an gComhghnóthas. Áireofar iontu freisin measúnú ar an modh idirghabhála beartais is éifeachtaí maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar sa todhchaí, mar aon le hábharthacht agus comhleanúnachas aon athnuachana a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gComhghnóthas i dtimpeallacht fhoriomlán na gComhpháirtíochtaí Eorpacha agus a cuid tosaíochtaí beartais.
5.  
Ar bhonn torthaí na meastóireachta eatramhaí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 7(7) nó féadfaidh sé aon ghníomh iomchuí eile a dhéanamh.
6.  
Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí breise a dhéanamh ar théamaí nó ar ábhair atá ábhartha go straitéiseach, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha arna roghnú ar bhonn próiseas trédhearcach, chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinne an Comhghnóthas i dtreo na gcuspóirí a leagtar síos, agus na tosca a rannchuidíonn le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a shainaithint agus dea-chleachtais a shainaithint freisin. Ach na meastóireachtaí breise sin a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh iomlán ar thionchar riaracháin an Chomhghnóthais.
7.  
Déanfaidh an Comhghnóthas athbhreithnithe tréimhsiúla ar a chuid gníomhaíochtaí chun faisnéis a fháil don mheastóireachta eatramhach agus don mheastóireacht deiridh ar an gComhghnóthas mar chuid de na meastóireachtaí de chuid Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695.
8.  
Tabharfaidh na hathbhreithnithe tréimhsiúla agus na meastóireachtaí faisnéis d’fhoirceannadh nó d’athnuachan féideartha an Chomhghnóthais, ag teacht le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán 2021/695. Laistigh de 6 mhí ó fhoirceannadh an Chomhghnóthais, ach tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 23 de na Reachtanna a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gComhghnóthas. Cuirfear torthaí na meastóireachta deiridh sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
9.  
Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí ar an gComhghnóthas, ina n-áireofar torthaí na meastóireachta agus breathnuithe a dhéanfaidh an Coimisiún, a fhoilsiú agus a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún mar chuid de na meastóireachtaí de chuid Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695.

Airteagal 25

Dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an dlí is infheidhme

1.  

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

(a) 

de bhun aon chlásal eadrána atá i gcomhaontuithe nó i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an gComhghnóthas, nó ina chuid cinntí;

(b) 

i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i leith aon damáiste a rinne foireann an Chomhghnóthais i gcomhlíonadh a ndualgas dóibh;

(c) 

in aon díospóid idir an Comhghnóthas agus a fhoireann faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta.

2.  
Maidir le haon ábhar nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo nó le haon ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit ina bhfuil suíomh an Chomhghnóthais lonnaithe.

Airteagal 26

Gearáin leis an Ombudsman

Féadfaidh cinntí a ghlacfaidh an Comhghnóthas maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a bheith ina n-ábhar gearáin leis an Ombudsman i gcomhréir le hAirteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 27

Iniúchtaí ex post

1.  
Déanfar iniúchóireacht ex post ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú ag an mbuiséad do Fís Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/695 mar chuid de na gníomhaíochtaí indíreacha de chuid Fís Eorpach, go háirithe ag teacht leis an straitéis iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2) den Rialachán sin.
2.  
Is é an Comhghnóthas a dhéanfaidh na hiniúchóireachta ex post maidir le caiteachas ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú ag an mbuiséad do Chlár don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/694.
3.  
Is é an Comhghnóthas a dhéanfaidh na hiniúchóireachta ex post maidir le caiteachas ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú ag an mbuiséad don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1153 mar chuid de ghníomhaíochtaí na Saoráide um Chónascadh na hEorpa.

Airteagal 28

Leasanna airgeadais na gcomhaltaí a chosaint

1.  
Déanfaidh an Comhghnóthas rochtain a dheonú d’fhoireann an Choimisiúin agus do dhaoine eile a údaróidh an Comhghnóthas nó an Coimisiún faoi seach, chomh maith leis an gCúirt Iniúchóirí, nó, chun críoch an iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), d’údaráis iniúchóireachta na Stát Rannpháirteach, ar a chuid láithreán agus áitreabh agus ar an bhfaisnéis go léir, lena n-áirítear faisnéis i bhformáid leictreonach, a theastóidh uathu chun a gcuid iniúchóireachta a dhéanamh.
2.  
Féadfaidh OLAF agus OIPE imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ( 3 ) ón gComhairle agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) agus d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú, nó le cinneadh nó conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.
3.  
Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, beidh forálacha sna comhaontuithe, sna cinntí agus sna conarthaí a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chomhghnóthas faoi seach, don Chúirt Iniúchóirí, do OIPE agus do OLAF, agus, chun críoch an iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), d’údaráis iniúchóireachta na Stát Rannpháirteach, na hiniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.
4.  
Áiritheoidh an Comhghnóthas go dtabharfar cosaint leordhóthanach do leasanna airgeadais a chuid comhaltaí trí rialuithe inmheánacha agus seachtracha iomchuí a chur i gcrích nó trína gcoimisiúnú.
5.  
Aontóidh an Comhghnóthas do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ( 5 ). Glacfaidh an Comhghnóthas na bearta riachtanacha is gá chun imscrúduithe inmheánacha a chuirfidh OLAF i gcrích a éascú.

Airteagal 29

Rúndacht

Áiritheoidh an Comhghnóthas go ndéanfar faisnéis íogair a chosaint a bhféadfadh a nochtadh sin damáiste a dhéanamh do leasanna a chuid comhaltaí nó do na rannpháirtithe i ngníomhaíocht an Chomhghnóthais.

Airteagal 30

Trédhearcacht

Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) maidir le doiciméid atá i seilbh an Chomhghnóthais.

Airteagal 31

Próiseáil sonraí pearsanta

I gcás ina n-éileofaí le cur chun feidhme an Rialacháin seo go ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ).

Airteagal 32

Rochtain ar thorthaí agus faisnéis maidir le tograí

1.  
Tabharfaidh an Comhghnóthas rochtain d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, mar aon le húdaráis na Stát Rannpháirteach, ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann leis na gníomhaíochtaí indíreacha a bhíonn á gcistiú aige. Áireofar san fhaisnéis sin torthaí na dtairbhithe a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí indíreacha an Chomhghnóthais nó aon fhaisnéis eile a mheasfar is gá chun beartais nó cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fhaire agus a mheas. Tá cearta rochtana den sórt sin teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus comhlíonfaidh siad na rialacha rúndachta is infheidhme.
2.  
Chun beartais nó cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fhaire agus a mheas, soláthróidh an Comhghnóthas don Choimisiún faisnéis a áirítear i dtograí a chuirfear isteach. Beidh feidhm aige sin mutatis mutandis maidir le Stáit Rannpháirteacha i ndáil le tograí lena n-áirítear iarratasóirí atá bunaithe ina gcríocha, atá teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus i gcomhréir leis na rialacha rúndachta is infheidhme.

Airteagal 33

Rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú faoi Fís Eorpach

1.  
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/695 maidir leis na gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú ag an gComhghnóthas faoi Fís Eorpach. I gcomhréir leis an Rialachán sin, measfar gur comhlacht cistiúcháin é an Comhghnóthas agus tabharfaidh sé tacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí indíreacha mar a leagtar amach in Airteagal 1 de na Reachtanna.
2.  
Beidh feidhm freisin ag Rialachán (AE) 2021/695 maidir leis na gníomhaíochtaí indíreacha a bheidh á gcistiú le ranníocaíochtaí an Stáit Rannpháirtigh dá dtagraítear in Airteagal 15(3)(f) de na Reachtanna.

Airteagal 34

Rátaí aisíocaíochta

Maidir le gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú faoin gclár Fís Eorpach, de mhaolú ar Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/695, agus le haghaidh gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, féadfaidh Comhghnóthas rátaí aisíocaíochta éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh cistiú ón Aontais laistigh de ghníomhaíocht i bhfianaise chineál an rannpháirtí, eadhon FBManna, agus chineál na gníomhaíochta. Sonrófar na rátaí aisíocaíochta sa chlár oibre.

Airteagal 35

Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/1153 maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Airteagal 36

Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/694 maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.

Airteagal 37

Tacaíocht ón mBallstát óstach

Féadfar comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích idir an Comhghnóthas agus an Ballstát ina bhfuil a shuíomh lonnaithe maidir le pribhléidí agus díolúintí agus tacaíocht eile a chuirfidh an Stát sin ar fáil don Chomhghnóthas.

Airteagal 38

Aisghairm

1.  
Gan dochar do na gníomhaíochtaí arna dtionscnamh faoi Rialachán (AE) 2018/1488, lena n-áirítear pleananna bliantúla cur chun feidhme agus oibleagáidí airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin, déantar Rialachán (AE) 2018/1488 a aisghairm.

Maidir leis na gníomhaíochtaí arna dtionscnamh faoi Airteagail 10, 11, 13 agus 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1488, chomh maith le hAirteagail 6 agus 7 de na Reachtanna atá i gceangal leis an Rialachán sin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige go dtí go gcuirfear i gcrích iad agus a mhéid is gá.

Maidir le gníomhaíochtaí a eascraíonn ó ghlao ar thograí agus ó ghlao ar thairiscintí dá bhforáiltear i bpleananna bliantúla cur chun feidhme arna nglacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488, measfar gur ghníomhaíochtaí a tionscnaíodh faoin Rialachán sin iad.

2.  
Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 2018/1488 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 39

Forálacha idirthréimhseacha

1.  
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chearta agus d’oibleagáidí na foirne atá fostaithe faoi Rialachán (AE) 2018/1488. Chuige sin, leanfar de chonarthaí fostaíochta na foirne faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus leis na Coinníollacha Fostaíochta.
2.  
Ar feadh na tréimhse atá fanta den téarma oifige, sannfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin arna cheapadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488 d’fheidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán seo le héifeacht ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ní thiocfaidh aon athrú ar choinníollacha eile an chonartha.
3.  
Mura gcomhaontófar a mhalairt idir na comhaltaí, déanfar na cearta agus na hoibleagáidí go léir lena n-áirítear sócmhainní, fiachais nó dliteanais na gcomhaltaí arna sealbhú de bhun Rialachán (AE) 2018/1488 a aistriú chuig na comhaltaí de bhun an Rialacháin seo.
4.  
Sa chéad chruinniú aige tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Bord Rialaithe liosta cinntí a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1488 a mbeidh feidhm acu fós faoin Rialachán seo. Déanfar aon leithreasuithe nár úsáideadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488 a aistriú chuig an gComhghnóthas arna bhunú faoin Rialachán seo.
5.  
Déanfar na cearta agus na hoibleagáidí go léir lena n-áirítear sócmhainní, fiachais nó dliteanais an Chomhghnóthais agus aon leithreasuithe nár úsáideadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488 a aistriú chuig an gComhghnóthas faoin Rialachán seo.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

REACHTANNA AN CHOMHGHNÓTHAIS RÍOMHAIREACHTA ARDFHEIDHMÍOCHTA EORPAIGH

Airteagal 1

Cúraimí

Déanfaidh an Comhghnóthas na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

(a) 

cistí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach a shlógadh chun gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais a mhaoiniú;

(b) 

tacú le cur chun feidhme mhisean, chuspóirí agus cholúin ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais a liostaítear in Airteagail 3 agus 4 den Rialachán seo; déanfar na gníomhaíochtaí sin a chistiú as buiséad an Aontais a eascraíonn as Rialachán (AE) 2021/695 lena mbunaítear Fís Eorpach, Rialachán (AE) 2021/694 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i gcomhréir le raon feidhme a Rialachán faoi seach agus ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha ábhartha leis an gComhghnóthas; chun na críche sin, seolfaidh an Comhghnóthas glao ar thograí, glao ar thairiscintí, agus aon ionstraim nó nós imeachta eile dá bhforáiltear in Fís Eorpach, sa Chlár don Eoraip Dhigiteach agus sa tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;

(c) 

tús a chur le glaonna ar léiriú spéise chun sár-ríomhairí EuroHPC a óstáil nó a uasghrádú agus iad a bhainistiú agus measúnú a dhéanamh ar na tairiscintí a fhaightear, le tacaíocht ó shaineolaithe seachtracha neamhspleácha;

(d) 

eintiteas óstach na sár-ríomhairí EuroHPC a roghnú ar bhealach cothrom, oscailte agus trédhearcach, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo;

(e) 

comhaontú óstála a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo leis an eintiteas óstach chun na sár-ríomhairí EuroHPC a oibriú agus a chothabháil agus comhlíonadh conarthach an chomhaontaithe óstála a fhaire, lena n-áirítear tástáil inghlacthachta na sár-ríomhairí a fuarthas;

(f) 

na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC a shainiú agus faireachán a dhéanamh ar rochtain ar na sár-ríomhairí sin i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo;

(g) 

an méid a rannchuidíonn a oibríochtaí le cuspóirí Fís Eorpach a bhaint amach, anuas ar phleanáil straitéiseach ilbhliantúil, tuairisciú, faireachán agus meastóireacht agus ceanglais eile an chláir amhail cur chun feidhme an chreata aiseolais comhbheartais a áirithiú;

(h) 

glao oscailte ar thograí a thionscnamh agus cistiú a bhronnadh i gcomhréir leis an Rialachán (AE) 2021/695, agus laistigh de theorainneacha na gcistí atá ar fáil, ar ghníomhaíochtaí indíreacha, go príomha i bhfoirm deontas;

(i) 

glao oscailte ar thograí agus glao ar thairiscintí a thionscnamh agus cistiú a bhronnadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694, agus Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa laistigh de theorainneacha na gcistí atá ar fáil;

(j) 

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus comhaontuithe deontais agus conarthaí soláthair a bhainistiú;

(k) 

éifeachtúlacht an tionscnaimh Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh, ar bhonn shraith beart iomchuí a áirithiú;

(l) 

faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn foriomlán i dtreo cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach;

(m) 

dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le gníomhaíochtaí, comhlachtaí agus geallsealbhóirí de chuid an Aontais agus náisiúnta, chun sineirgí a chruthú agus saothrú na dtorthaí taighde agus nuálaíochta a fheabhsú i réimse na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta;

(n) 

dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, chomh maith le sineirgí oibríochtúla i bhfeidhmeanna coiteanna cúloifige le comhghnóthais eile;

(o) 

clár straitéiseach ilbhliantúil a shainiú, na cláir oibre bhliantúla chomhfhreagracha a tharraingt suas agus a chur chun feidhme lena bhforfheidhmiú agus aon choigeartuithe riachtanacha a dhéanamh leis an gclár straitéiseach ilbhliantúil;

(p) 

tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eolais, cumarsáide, saothraithe agus scaipthe trí Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2021/695 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis, lena n-áirítear eolas mionsonraithe maidir le torthaí ó ghlaonna ar thograí a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana i ríomhbhunachar sonraí coiteann de chuid Fís Eorpach;

(q) 

aon chúram eile atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a chur i gcrích.

Airteagal 2

Comhaltaí

(1)  

Is iad comhaltaí an Chomhghnóthais:

(a) 

an tAontas, a ndéanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar a cheann;

(b) 

An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Iorua, an Íoslainn, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSeicia, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Ungáir;

(c) 

An Eilvéis, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an Tuirc, ar an gcoinníoll go bhfuil na tríú tíortha sin comhlachaithe le ceann ar a laghad de na cláir ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo.

(d) 

ach a nglacfar na Reachtanna seo trí bhíthin litir fhormhuinithe, an Ardán Teicneolaíochta Eorpach um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, ar comhlachas cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre é agus oifig chláraithe in Amstardam (an Ísiltír) aige agus Data, AI and Robotics (DAIRO), atá cláraithe faoi dhlí na Beilge agus oifig chláraithe sa Bhruiséil (an Bheilg) aige.

2.  
Ceapfaidh gach Stát Rannpháirteach a ionadaí ar an mBord Rialaithe agus ainmneoidh sé an t-eintiteas nó na heintitis náisiúnta a bheidh freagrach as a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Airteagal 3

Athruithe ar bhallraíocht

1.  
Ar choinníoll go ndéanann siad ranníocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo nó leis an maoiniú dá dtagraítear in Airteagal 15 de na Reachtanna seo chun misean agus cuspóirí an Chomhghnóthais a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit nó na tríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó leis an gClár don Eoraip Dhigiteach nach liostaítear in Airteagal 2(1)(b) de na Reachtanna seo iarratas a dhéanamh ar bheith ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas.
2.  
Seolfar aon iarratas ó Bhallstát nó ó thríú tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó leis an gClár don Eoraip Dhigiteach ar bhallraíocht sa Chomhghnóthas chuig an mBord Rialaithe. Cuirfidh na tíortha is iarrthóirí glacadh na Reachtanna seo ar fáil i scríbhinn, agus aon fhorálacha eile lena rialaítear feidhmiú an Chomhghnóthais. Míneoidh na hiarrthóirí freisin céard a spreag iad le ballraíocht a iarraidh sa Chomhghnóthas, agus tabharfaidh siad le fios an chaoi a bhfuil a straitéis sár-ríomhaireachta náisiúnta ailínithe le cuspóirí an Chomhghnóthais. Déanfaidh an Bord Rialaithe meastóireacht ar an iarratas, ag cur san áireamh ábharthacht agus breisluach féideartha an iarrthóra a mhéid a bhaineann le misean agus cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach, agus féadfaidh sé a chinneadh soiléirithe a iarraidh i dtaca leis an iarrthóireacht sula ndéanfar an t-iarratas a fhormhuiniú.

▼C1

3.  
Ar choinníoll go ndéanann sé ranníocaíocht leis an maoiniú dá dtagraítear in Airteagal 15 de na Reachtanna seo chun misean agus cuspóirí an Chomhghnóthais a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach, agus go nglacann sé na Reachtanna seo, féadfaidh aon eintiteas dlíthiúil nach liostaítear in Airteagal 2(1)(d) de na Reachtanna seo agus atá bunaithe i mBallstát a thacaíonn go díreach nó go hindíreach le taighde agus nuálaíocht i mBallstát iarratas a dhéanamh ar bheith ina chomhalta príobháideach den Chomhghnóthas i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.

▼B

4.  
Aon iarratas ar bhallraíocht le bheith ina chomhalta príobháideach den Chomhghnóthas a dhéanfar i gcomhréir le mír 3, seolfar é chuig an mBord Rialaithe. Déanfaidh an Bord Rialaithe meastóireacht ar an iarratas, ag cur san áireamh ábharthacht agus breisluach féideartha an iarrthóra a mhéid a bhaineann le misean agus cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach agus déanfaidh sé cinneadh ar an iarratas.
5.  
Féadfaidh comhalta ar bith a bhallraíocht sa Chomhghnóthas a fhoirceannadh. Tiocfaidh foirceannadh den sórt sin i bhfeidhm agus beidh sé neamh-inchúlghairthe 6 mhí tar éis fógra a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chuirfidh na comhaltaí eile den Bhord Rialaithe agus na comhaltaí phríobháideacha de ar an eolas. Ón dáta foirceanta amach, brisfear an t-iarchomhalta ó aon oibleagáid seachas na hoibleagáidí a d’fhormheas nó a thabhaigh an Comhghnóthas roimh fhógra foirceanta na ballraíochta.
6.  
Cuirfidh gach comhalta príobháideach an Comhghnóthas ar an eolas uair sa bhliain maidir le haon athruithe suntasacha i gcomhdhéanamh an chomhalta phríobháidigh. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur dócha go mbeidh tionchar ag an athrú sa chomhdhéanamh ar leas an Aontais nó an Chomhghnóthais ar fhorais slándála, féadfaidh sé a mholadh don Bhord Rialaithe ballraíocht an chomhalta phríobháidigh lena mbaineann a fhoirceannadh. Tiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm agus beidh sé neamh-inchúlghairthe laistigh de 6 mhí de chinneadh an Bhoird Rialaithe nó ar an dáta a shonraítear sa chinneadh sin, pé acu sin is túisce.
7.  
Ní féidir ballraíocht sa Chomhghnóthas a aistriú chuig tríú páirtí gan aontú roimh ré ón mBord Rialaithe.
8.  
Nuair a dhéantar aon athrú ar an mballraíocht de bhun an Airteagail seo, foilseoidh an Comhghnóthas láithreach ar a shuíomh gréasáin liosta nuashonraithe de na comhaltaí mar aon le dáta an athraithe sin.

Airteagal 4

Comhlachtaí an Chomhghnóthais

1.  

Is iad comhlachtaí an Chomhghnóthais:

(a) 

an Bord Rialaithe;

(b) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta atá comhdhéanta den Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta agus an Grúpa Comhairleach Bonneagair.

2.  
I gcomhlíonadh a chuid cúraimí dó„ ní thabharfaidh gach comhlacht sa Chomhghnóthas ach faoi na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo, agus ní fheidhmeoidh sé ach laistigh de raon feidhme ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais chun na críche lenar bunaíodh é.

Airteagal 5

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

1.  
Beidh an Bord Rialaithe comhdhéanta d’ionadaithe de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais, agus de chuid na Stát Rannpháirteacha.
2.  
Ceapfaidh an Coimisiún agus gach Stát Rannpháirteach ionadaí amháin ar an mBord Rialaithe.

Airteagal 6

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

1.  
Déanfaidh ionadaithe chomhaltaí an Bhoird Rialaithe gach iarracht chun teacht ar chomhréiteach. Má chliseann orthu teacht ar chomhréiteach, déanfar vótáil.
2.  
Beidh 50 % de na cearta vótála ag an Aontas. Beidh cearta vótála an Aontais doroinnte.
3.  
I gcomhair na dtascanna dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de na Reachtanna seo, dáilfear an 50 % de na cearta vótála atá fágtha go cothrom ar na Stáit Rannpháirtigh uile.

Glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach a bheidh comhdhéanta de vóta an Aontais agus 50 % ar a laghad de gach vóta de chuid na mBallstát Rannpháirteach, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair.

4.  
I gcomhair na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 7(4) de na Reachtanna seo, seachas pointí (f), (g) agus (h), beidh an 50 % de na cearta vótála atá fágtha ag na Stáit Rannpháirteacha ar Ballstáit iad.

Chun críche na míre seo, glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach cáilithe. Measfar go mbeidh tromlach cáilithe bunaithe má dhéanann sé ionadaíocht thar ceann an Aontais agus 55 % ar a laghad de na Comhaltaí Rannpháirteacha ar Ballstáit iad, comhdhéanta de 65 % ar a laghad de dhaonra iomlán na Stát sin. Chun an daonra a chinneadh, úsáidfear na figiúirí a leagtar amach in Iarscríbhinn III le Cinneadh 2009/937/AE ( 8 ) ón gComhairle.

5.  
Do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(f), (g) agus (h) de na Reachtanna seo, agus do gach sár-ríomhaire EuroHPC, scaipfear cearta vótála na Stát Rannpháirteach i gcomhréir lena ranníocaíochtaí airgeadais geallta agus lena ranníocaíochtaí comhchineáil leis an sár-ríomhaire sin go dtí go n-aistreofar a úinéireacht chuig an eintiteas óstach i gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Rialachán seo nó go dtí go ndíolfar nó go ndíchoimisiúnófar é; ní chuirfear na ranníocaíochtaí comhchineáil san áireamh ach amháin má bhíonn siad deimhnithe ex ante ag saineolaí nó iniúchóir neamhspleách.

Chun críoch na míre seo, glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach 75 % ar a laghad de gach vóta, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair.

6.  
I gcomhair na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 7(5), 7(6) agus 7(7) de na Reachtanna seo, glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe in dhá chéim.

Ag an gcéad chéim, dáilfear an 50 % de na cearta vótála atá fágtha go cothrom i measc na Stát Rannpháirteach go léir. Glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach a bheidh comhdhéanta de vóta an Aontais agus 55 % ar a laghad de gach vóta de chuid na mBallstát Rannpháirteach, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair.

Ag an dara céim, cinnfidh an Bord Rialaithe leis an tromlach cáilithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

7.  
Gan dochar do na míreanna roimhe seo, coinneoidh tíortha a bhí ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas faoi Rialachán (AE) 2018/1488 agus a rinne ranníocaíocht le fáil nó oibriú na sár-ríomhairí a fuair an Comhghnóthas EuroHPC arna bhunú faoin Rialachán sin, ach nach bhfuil ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas EuroHPC a thuilleadh, cearta vótála teoranta go heisiach do chinntí a bhaineann leis na sár-ríomhairí sin i gcomhréir le hAirteagail 6(5) agus 7(5) de Reachtanna Chomhghnóthas EuroHPC atá i gceangal le Rialachán 2018/1488.
8.  
Toghfaidh an Bord Rialaithe cathaoirleach i gcomhair tréimhse 2 bhliain. Ní féidir sainordú an chathaoirligh a shíneadh ach aon uair amháin, is é sin tar éis cinneadh ón mBord Rialaithe.
9.  
Is é leaschathaoirleach an Bhoird Rialaithe a bheidh ina ionadaí thar ceann an Choimisiúin, ag teacht in ionad an chathaoirligh i gcás inar gá.
10.  
Tionólfaidh an Bord Rialaithe a ghnáthchruinnithe 2 uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh sé cruinnithe urghnácha a thionól ar iarratas ón gCoimisiún, ó thromlach na n-ionadaithe ó na Stáit Rannpháirteacha, ar iarratas an chathaoirligh, nó ar iarratas an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 15(5) de na Reachtanna seo. Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Rialaithe agus reáchtálfar de ghnáth iad ag suíomh an Chomhghnóthais.

Beidh sé de cheart ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh i bpléití ach ní bheidh aon chearta vótála aige. Féadfaidh an Bord Rialaithe cuireadh a thabhairt, ar bhonn cás ar chás, do dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí.

Féadfaidh gach Stát breathnóireachta toscaire amháin a cheapadh ar an mBord Rialaithe, toscaire a gheobhaidh na doiciméid ábhartha ar fad agus ar féidir leis páirt a ghlacadh i bpléití an Bhoird Rialaithe mura gcinnfidh an Bord Rialaithe a mhalairt ar bhonn cás ar chás. Ní bheidh aon chearta vótála ag na toscairí sin, agus áiritheoidh siad rúndacht faisnéise íogaire i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus beidh siad faoi réir na rialacha maidir le coinbhleacht leasa.

11.  
Ní bheidh ionadaithe na gcomhaltaí faoi dhliteanas pearsanta as aon ghníomhartha a rinne siad ina gcáil mar ionadaithe ar an mBord Rialaithe.
12.  
Glacfaidh an Bord Rialaithe a rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad. Áireofar sna rialacha sin nósanna imeachta sonracha chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint agus rúndacht faisnéise íogaire a áirithiú.
13.  
Aon uair a phléifear saincheisteanna a bhaineann lena gcúraimí, tabharfar cuireadh do chathaoirligh Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta agus Ghrúpa Comhairleach Bonneagair an Chomhghnóthais freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialaithe mar bhreathnóirí agus páirt a ghlacadh ina phléití, ach ní bheidh aon chearta vótála acu. Áiritheoidh siad rúndacht faisnéise íogaire i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus beidh siad faoi réir na rialacha maidir le coinbhleacht leasa.
14.  
Tabharfar cuireadh do chathaoirligh Chomhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialaithe mar bhreathnóirí agus páirt a ghlacadh ina phléití, ach ní bheidh aon chearta vótála acu. Áiritheoidh siad rúndacht faisnéise íogaire i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus beidh siad faoi réir na rialacha maidir le coinbhleacht leasa.

Airteagal 7

Cúraimí an Bhoird Rialaithe

1.  
Beidh freagracht fhoriomlán ar an mBord Rialaithe as treoshuíomh straitéiseach agus oibríochtaí an Chomhghnóthais agus déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme a ghníomhaíochtaí. Áiritheoidh sé go gcuirtear prionsabail na cothroime agus na trédhearcachta i bhfeidhm i gceart i leithdháileadh an chistithe phoiblí.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún, sa ról atá aige ar an mBord Rialaithe, iarracht comhordú a áirithiú idir gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais agus gníomhaíochtaí ábhartha clár cistiúcháin de chuid an Aontais, d’fhonn sineirgí a chur chun cinn agus éiceachóras comhtháite sár-ríomhaireachta agus bonneagar sonraí á bhforbairt agus nuair atá tosaíochtaí a chumhdaítear i dtaighde comhoibritheach á sainaithint.
3.  

Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí riaracháin ghinearálta seo a leanas den Chomhghnóthas:

(a) 

measúnú, glacadh nó diúltú iarratas ar bhallraíocht i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de na Reachtanna seo;

(b) 

cinneadh maidir le foirceannadh ballraíochta sa Chomhghnóthas d’aon chomhalta nach gcomhlíonann a oibleagáidí;

(c) 

rialacha airgeadais an Chomhghnóthais a phlé agus a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo;

(d) 

buiséad bliantúil riaracháin an Chomhghnóthais a phlé agus a ghlacadh, lena n-áirítear an plean bunaithe foirne comhfhreagrach ina dtugtar le fios an líon post sealadach de réir an ghrúpa feidhme agus de réir gráid, an líon foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna gcur in iúl ina gcoibhéisí lánaimseartha;

(e) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, a dhífhostú, síneadh a chur lena théarma oifige nó lena téarma oifige, treoir a thabhairt dó nó di agus a fheidhmíocht nó a feidhmíocht a fhaire;

(f) 

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí a phlé agus a fhormheas, lena n-áirítear caiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo;

(g) 

feidhmiú na gcumhachtaí maidir le húdarás a cheapadh i ndáil le baill foirne i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo;

(h) 

i gcás inarb iomchuí, rialacha cur chun feidhme a bhunú leis na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 20(3) den Rialacháin seo;

(i) 

i gcás inarb iomchuí, rialacha a leagan síos maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Chomhghnóthas agus maidir le húsáid a bhaint as oiliúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Rialachán seo;

(j) 

i gcás inarb iomchuí, grúpaí comhairleacha a bhunú chomh maith leis na comhlachtaí sa Chomhghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 4 de na Reachtanna seo;

(k) 

rialacha agus critéir shonracha a leagan síos maidir le comhaltaí na ngrúpaí comhairleacha a roghnú, a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost, arna mbunú i gcomhréir le pointe (j), lena n-áirítear cúinsí inscne agus éagsúlachta geografacha, agus na rialacha nós imeachta arna leagan síos go neamhspleách ag na grúpaí comhairleacha sin a fhormheas;

(l) 

struchtúr eagraíochtúil na Clároifige a phlé agus a fhormheas ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(m) 

i gcás inarb iomchuí, iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an Rialachán seo a leasú arna mholadh ag comhalta den Chomhghnóthas;

(n) 

na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC a úsáid a shainmhíniú, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo;

(o) 

leibhéal na táille do na seirbhísí tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo a bhunú, agus cinneadh a dhéanamh maidir le leithdháileadh an aga rochtana le haghaidh na seirbhísí sin;

(p) 

beartas cumarsáide an Chomhghnóthais a phlé agus a fhormheas ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(q) 

a bheith freagrach as aon cúram nach leithdháiltear go sonrach ar chomhlacht ar leith den Chomhghnóthas; féadfaidh sé na cúraimí sin a shannadh d’aon chomhlacht de chuid an Chomhghnóthais.

4.  

Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le fáil agus oibriú na sár-ríomhairí EuroHPC agus ioncam ginte dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo:

(a) 

an chuid den chlár straitéiseach ilbhliantúil a bhaineann le sár-ríomhairí EuroHPC a fháil dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;

(b) 

an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann le sár-ríomhairí EuroHPC a fháil agus eintitis óstacha a roghnú agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;

(c) 

seoladh glao ar léiriú spéise a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;

(d) 

roghnú eintiteas óstach na sár-ríomhairí EuroHPC a roghnaíodh ar bhealach cothrom, oscailte agus trédhearcach, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo a fhormheas;

(e) 

cinneadh a dhéanamh go bliantúil maidir le húsáid aon ioncam ginte ó na táillí do sheirbhísí tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo;

(f) 

seoladh glao ar thairiscintí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;

(g) 

na tairiscintí a roghnaítear le cistiú a fhormheas;

(h) 

cinneadh a dhéanamh ar aistriú féideartha úinéireacht na sár-ríomhairí EuroHPC chuig eintiteas óstach, a ndíol le heintiteas eile nó a ndíchoimisiúnú, i gcomhréir le hAirteagail 11(5), 12(7) agus 14(6) den Rialachán seo;

(i) 

cinneadh a dhéanamh ar aistriú féideartha úinéireacht na sár-ríomhairí EuroHPC chuig cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, a ndíol le heintiteas eile nó a ndíchoimisiúnú, i gcomhréir le hAirteagail 13(6) den Rialachán seo.

5.  

Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, chomh maith le gníomhaíochtaí úsáide sonraí agus scileanna an Chomhghnóthais:

(a) 

an clár oibre straitéiseach taighde agus nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh ag tús an tionscnaimh agus é a leasú i rith shaolré Fís Eorpach, más gá; sainaithneofar sa chlár oibre straitéiseach ilbhliantúil, inter alia, na comhpháirtíochtaí Eorpacha eile lena mbunóidh an Comhghnóthas comhar foirmiúil agus rialta, chomh maith le féidearthachtaí do shineirgí idir gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais agus tionscnaimh agus beartais náisiúnta nó réigiúnacha bunaithe ar eolas a gheobhaidh na Stáit Rannpháirteacha;

(b) 

an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh chun an clár oibre straitéiseach ilbhliantúil a chur chun feidhme, lena n-áirítear ábhar an ghlao ar thograí, an ráta cistiúcháin infheidhme in aghaidh na topaice glao, chomh maith leis na rialacha gaolmhara i ndáil le nósanna imeachta maidir le tíolacadh, meastóireacht, roghnú, dámhachtain agus athbhreithniú;

(c) 

seoladh glao ar thograí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;

(d) 

an liosta gníomhartha a roghnaítear i gcomhair cistiú ar bhonn mholadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhormheas de bhun Airteagal 8 den Rialachán seo;

(e) 

a bheith freagrach as faire dlúth agus tráthúil ar dhul chun cinn chlár taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais agus gníomhaíochtaí aonair i ndáil le tosaíochtaí an Choimisiúin agus an chláir oibre straitéiseach ilbhliantúil agus bearta ceartaitheacha a ghlacadh nuair is gá lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an Comhghnóthas a chuspóirí.

6.  

Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe an Chomhghnóthais:

(a) 

an chuid den chlár straitéiseach ilbhliantúil a bhaineann le gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;

(b) 

an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann le gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;

(c) 

seoladh glao ar thograí agus glao ar thairiscintí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;

(d) 

an liosta gníomhartha a roghnaítear i gcomhair cistiú ar bhonn mholadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhormheas.

7.  

Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le cónascadh agus nascacht gníomhaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus bonneagar sonraí, chomh maith le gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta an Chomhghnóthais:

(a) 

an chuid den chlár straitéiseach ilbhliantúil a bhaineann le cónascadh agus nascacht gníomhaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus bonneagar sonraí, chomh maith leis na gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo, a phlé agus a ghlacadh;

(b) 

an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann le cónascadh agus nascacht gníomhaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus bonneagar sonraí, chomh maith le gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;

(c) 

seoladh glao ar thograí agus glao ar thairiscintí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;

(d) 

an liosta gníomhartha a roghnaítear i gcomhair cistiú ar bhonn mholadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhormheas.

Airteagal 8

Ceapachán, dífhostú nó síneadh le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.  
Molfaidh an Coimisiún liosta iarrthóirí don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tar éis comhairliúchán le comhaltaí an Chomhghnóthais seachas an tAontas. Chun críche an chomhairliúcháin sin, ceapfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais seachas an tAontas de chomhthoil a n-ionadaithe chomh maith le breathnóir thar ceann an Bhoird Rialaithe.

Ceapfaidh an Bord Rialaithe an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach.

2.  
Is ball den fhoireann a bheidh sa Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus fostófar é mar ghníomhaire sealadach den Chomhghnóthas faoi Airteagal 2(a) de na Coinníollacha Fostaíochta.

Chun conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh cathaoirleach an Bhoird Rialaithe ionadaíocht thar ceann an Chomhghnóthais.

3.  
4 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Coimisiún, ag comhlachú na gcomhaltaí seachas an tAontas de réir mar is iomchuí, faoi mheasúnú ar fheidhmiú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus cúraimí agus dúshláin an Chomhghnóthais sa todhchaí.
4.  
Féadfaidh an Bord Rialaithe, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún lena dtabharfar aird ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 3, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú uair amháin, ar feadh tréimhse nach faide ná 4 bliana.
5.  
Ní féidir le Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar cuireadh síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige, páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.
6.  
Ní féidir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhífhostú ach ar chinneadh ón mBord Rialaithe de bhun Airteagail 7(3)(e) de na Reachtanna seo ag feidhmiú ar thogra ón gCoimisiún ag comhlachú na gcomhaltaí seachas an tAontas de réir mar is iomchuí.
7.  
Féadfaidh an Coimisiún oifigeach ón gCoimisiún a ainmniú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus na dualgais a shanntar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chomhlíonadh ar feadh aon tréimhse a mbíonn post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin folamh.

Airteagal 9

Cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.  
Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an príomhfheidhmeannach a bheidh freagrach as bainistíocht laethúil an Chomhghnóthais i gcomhréir le cinntí an Bhoird Rialaithe.
2.  
Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil an Chomhghnóthais. Is don Bhord Rialaithe a bheidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach, agus is go hiomlán neamhspleách a chuirfidh sé nó sí a chuid nó a cuid dualgas i bhfeidhm, rud a dhéanfaidh sé nó sí laistigh de na cumhachtaí a shanntar dó.
3.  
Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad an Chomhghnóthais chun feidhme.
4.  

Comhlíonfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, go háirithe, na cúraimí seo a leanas ar bhealach neamhspleách:

(a) 

an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a thíolacadh le plé agus le cur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena ghlacadh;

(b) 

an dréachtbhuiséad bliantúil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena phlé agus lena ghlacadh, lena n-áirítear an clár bunaithe foirne comhfhreagrach ina dtugtar le fios líon na bpost sealadach i ngach grád agus grúpa feidhme agus an líon foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna gcur in iúl ina gcoibhéisí lánaimseartha;

(c) 

an dréachtchlár oibre bliantúil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena phlé agus lena ghlacadh, lena n-áirítear raon feidhme an ghlao ar thograí, glaonna ar léiriú spéise agus glaonna ar thairiscintí atá riachtanach chun go gcuirfear chun feidhme clár gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, an clár soláthair, an clár gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe, agus cónascadh, nascacht agus comhar idirnáisiúnta an chláir gníomhaíochtaí, mar a mholfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta, agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach, mar a mholfaidh na Stáit Rannpháirteacha agus an Coimisiún;

(d) 

na cuntais bhliantúla a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe chun a thuairim a fháil;

(e) 

tuairisc bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe, lena n-áirítear an t-eolas ar chaiteachas comhfhreagrach;

(f) 

comhaontuithe deontais, conarthaí agus cinntí faoina shainchúram a shíniú thar ceann an Chomhghnóthais;

(g) 

conarthaí soláthair a shíniú;

(h) 

faireachán a dhéanamh ar oibríochtaí na sár-ríomhairí EuroHPC faoi úinéireacht nó arna maoiniú ag an gComhghnóthas, lena n-áirítear leithdháileadh sciar an Aontais den aga rochtana, comhlíonadh cearta rochtana d’úsáideoirí acadúla agus tionsclaíocha agus cáilíocht na seirbhísí arna soláthar;

(i) 

beartas cumarsáide an Chomhghnóthais a mholadh don Bhord Rialaithe;

(j) 

oibríochtaí agus foireann an Chomhghnóthais a eagrú, a stiúradh agus a mhaoirsiú laistigh de theorainneacha an tarmligin ón mBord Rialaithe faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 20(2) den Rialachán seo;

(k) 

feidhmiú córais rialaithe inmheánaigh éifeachtaigh agus éifeachtúil a bhunú agus a áirithiú agus aon athrú suntasach leis a thuairisciú leis an mBord Rialaithe;

(l) 

a áirithiú go ndéantar measúnú riosca agus bainistíocht riosca;

(m) 

socrú a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, chun cumas iniúchóireachta inmheánaí an Chomhghnóthais a bhunú;

(n) 

aga rochtana do chásanna éigeandála agus bainistiú géarchéime a leithdháileadh, i gcomhaontú leis an mbeartas rochtana arna shainmhíniú ag an mBord Rialaithe;

(o) 

aon bhearta eile atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chomhghnóthais i dtreo a chuspóirí a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo;

(p) 

aon chúraimí eile atá ar iontaoibh nó a tharmligtear don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ag an mBord Rialaithe a chur i gcrích.

5.  

Bunóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Clároifig chun a fhreagracht nó a freagracht a chur i gcrích maidir le gach cúram tacaíochta a eascraíonn as an Rialachán seo. Beidh an Chlároifig comhdhéanta d’fhoireann an Chomhghnóthais agus go háirithe, déanfaidh sí na cúraimí seo a leanas:

(a) 

tacaíocht a thabhairt chun córas cuntasaíochta iomchuí a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo;

(b) 

glao ar thograí a bhainistiú mar a fhoráiltear sa chlár oibre bliantúil agus na comhaontuithe agus na cinntí deontais a riar;

(c) 

glao ar thairiscintí a bhainistiú mar a fhoráiltear sa chlár oibre bliantúil agus na conarthaí a riar;

(d) 

próiseas roghnúcháin na n-eintiteas óstach a bhainistiú agus na comhaontuithe óstála a riar;

(e) 

gach eolas ábhartha agus tacaíocht a chur ar fáil do chomhaltaí agus comhlachtaí eile an Chomhghnóthais atá riachtanach dóibh chun a ndualgais a chomhlíonadh chomh maith le freagairt dá n-iarratais ar leith;

(f) 

feidhmiú mar rúnaíocht na gcomhlachtaí sa Chomhghnóthas agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí comhairleacha a bhunaigh an Bord Rialaithe.

Airteagal 10

Comhdhéanamh an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta

1.  
Beidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta comhdhéanta de Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta agus Grúpa Comhairleach Bonneagair.
2.  
Ní bheidh níos mó ná dáréag comhalta sa Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta, agus ceapfaidh na Comhaltaí Príobháideacha suas le seisear díobh, ag cur a gcuid gealltanas i leith an Chomhghnóthais san áireamh, agus ceapfaidh an Bord Rialaithe suas le seisear díobh, i gcomhréir le hAirteagal 7(3)(k) de na Reachtanna seo.
3.  
Féadfaidh suas le seisear breathnóirí arna moladh ag Stáit Rannpháirteacha agus arna gceapadh ag an mBord Rialaithe a bheith sa Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta.
4.  
Dháréag comhaltaí a bheidh sa Grúpa Comhairleach Bonneagair. Ceapfaidh an Bord Rialaithe comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Bonneagair, i gcomhréir le hAirteagal 7(3)(k) de na Reachtanna seo.
5.  
Ceapfar comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Taighde agus Nuálaíochta agus comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Bonneagair ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain, tréimhse a fhéadfar a athnuachan uair amháin.
6.  
Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta agus an Grúpa Comhairleach Bonneagair faoi dhó in aghaidh na bliana ar a annaimhe chun a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú.

Airteagal 11

Feidhmiú an Ghrúpa Chomhairligh Taighde agus Nuálaíochta

1.  
Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta le chéile faoi dhó in aghaidh na bliana.
2.  
Féadfaidh an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta meitheal a cheapadh i gcás inar gá sin faoi chomhordú foriomlán ceann amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí.
3.  
Is é an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta a roghnóidh a chathaoirleach féin.
4.  
Glacfaidh an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta lena rialacha nós imeachta lena n-áirítear ainmniú na gcomheintiteas a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Ghrúpa Chomhairligh agus fad a n-ainmniúcháin.

Airteagal 12

Feidhmiú an Ghrúpa Chomhairligh Bonneagair

1.  
Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach Bonneagair le chéile faoi dhó in aghaidh na bliana.
2.  
Féadfaidh an Grúpa Comhairleach Bonneagair meitheal a cheapadh i gcás inar gá sin faoi chomhordú foriomlán ceann amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí.
3.  
Is é an Grúpa Comhairleach Bonneagair a thoghfaidh a chathaoirleach féin.
4.  
Glacfaidh an Grúpa Comhairleach Bonneagair lena rialacha nós imeachta lena n-áirítear ainmniú na n gcomheintiteas a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Ghrúpa Chomhairligh agus fad a n-ainmniúcháin.

Airteagal 13

Cúraimí an Ghrúpa Chomhairligh Taighde agus Nuálaíochta

1.  

Déanfaidh an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta na nithe seo a leanas:

(a) 

rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil maidir leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a tharraingt suas agus athbhreithniú a dhéanamh air go tráthrialta i gcomhréir le héabhlóid an éilimh eolaíoch agus thionsclaíoch;

(b) 

comhairliúcháin phoiblí a eagrú atá oscailte do gach geallsealbhóir poiblí agus príobháideach a bhfuil leas aige nó aici i réimsí na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus na ríomhaireachta candamaí, chun iad a chur ar an eolas maidir leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil agus le dréachtghníomhaíochtaí bainteach leis an gclár oibre taighde agus nuálaíochta do bhliain ar leith, agus aiseolas a bhailiú ina dtaobh.

2.  

Áireofar sa rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

an clár oibre straitéiseach taighde agus nuálaíochta ina sainaithneofar na tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta chun teicneolaíochtaí agus feidhmeanna úsáideora deiridh don Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta a fhorbairt agus a ghlacadh thar réimsí éagsúla cur i bhfeidhm d’fhonn tacú le forbairt éiceachóras comhtháite Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí san Aontas, athléimneacht an Aontais a mhéadú agus cabhrú chun margaí agus feidhmchláir sochaíocha nua agus bearta a chruthú chun forbairt agus glacadh le teicneolaíocht Eorpach a chur chun cinn;

(b) 

gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta féideartha sa taighde agus nuálaíocht a chuireann rud breise le luach agus a bhfuil leas frithpháirteach leo;

(c) 

tosaíochtaí oiliúna agus oideachais le dul i ngleic le príomhinniúlachtaí agus leis an mbearna scileanna i dteicneolaíochtaí agus feidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí, go háirithe i réimse na tionsclaíochta.

Airteagal 14

Cúraimí an Ghrúpa Chomhairligh Bonneagair

1.  

Tabharfaidh an Grúpa Comhairleach Bonneagair comhairle don Bhord Rialaithe chun na sár-ríomhairí EuroHPC a fháil agus a oibriú. Chun na críche sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:

(a) 

rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo maidir le ríomhairí EuroHPC a fháil agus gníomhaíochta forbartha cumais agus leathnaithe a tharraingt suas agus athbhreithniú a dhéanamh air go tráthrialta i gcomhréir le héabhlóid an éilimh eolaíoch agus thionsclaíoch;

(b) 

comhairliúcháin phoiblí a eagrú atá oscailte do gach geallsealbhóir poiblí agus príobháideach dar leas réimse na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, lena n-áirítear an ríomhaireacht chandamach, chun é nó í a chur ar an eolas maidir leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil maidir le fáil agus oibriú na sár-ríomhairí EuroHPC agus maidir leis na dréachtghníomhaíochtaí atá bainteach leis an gclár oibre do bhliain ar leith, agus aiseolas a bhailiú orthu.

2.  

Tabharfaidh an rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 1 aghaidh ar an méid seo a leanas:

(a) 

fáil sár-ríomhairí EuroHPC ag cur san áireamh, inter alia, pleanáil na fála sin, an gá le méaduithe acmhainneachta riachtanacha, na cineálacha feidhmchlár agus pobail úsáideoirí ar gá dul i ngleic leo, na riachtanais úsáideora ábhartha agus na hailtireachtaí córais iomchuí, na riachtanais úsáideora, agus ailtireacht an bhonneagair;

(b) 

cónascadh agus idirnascacht an bhonneagair sin, ag cur san áireamh, inter alia, comhtháthú na mbonneagar náisiúnta Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta nó ríomhaireachta candamaí, agus ailtireacht an bhonneagair hipearnasctha agus chónasctha; agus

(c) 

forbairt cumais, lena n-áirítear na Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus gníomhaíochtaí leathnaithe agus oiliúna i gcomhair úsáideoirí deiridh, chomh maith le deiseanna chun glacadh agus úsáid na réiteach teicneolaíochta Eorpach a chur chun cinn, go sonrach ag na Lárionaid náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta.

Airteagal 15

Foinsí maoinithe

1.  
Is iad comhaltaí an Chomhghnóthais féin a chómhaoineoidh an Comhghnóthas trí ranníocaíochtaí airgeadais a íocfar i dtráthchodanna agus ranníocaíochtaí comhchineáil mar a leagtar amach i míreanna 2 agus 3.
2.  
Ní rachaidh costais riaracháin an Chomhghnóthais thar EUR 92 000 000 agus cumhdófar iad trí bhíthin na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo.

Má bhíonn cuid den ranníocaíocht ón Aontas i gcomhair na gcostas riaracháin gan úsáid, d’fhéadfaí é a chur ar fáil chun costais oibríochtúla an Chomhghnóthais a chumhdach.

3.  

Cumhdófar costais oibríochtúla an Chomhghnóthais trí bhíthin:

(a) 

an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas;

(b) 

na ranníocaíochtaí airgeadais ón Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó ó na Stáit Rannpháirteacha i gcuibhreannas óstach leis an gComhghnóthas, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí an Stáit Rannpháirtigh iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, chun na sár-ríomhairí EuroHPC ardleibhéil nó innill chandamacha a fháil agus lena n-oibriú go dtí go n-aistreofar a n-úinéireacht chuig an eintiteas óstach, go ndíolfar iad nó go ndíchoimisiúnófar iad i gcomhréir le hAirteagail 11(5) agus 12(7) den Rialachán seo, lúide na ranníocaíochtaí ón gComhghnóthas agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin;

(c) 

ranníocaíochtaí comhchineáil ón Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó ó na Stáit Rannpháirteacha i gcuibhreannas óstach leis an gComhghnóthas, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí an Stáit Rannpháirtigh iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, ranníocaíochtaí arb iad costais oibriúcháin na sár-ríomhairí EuroHPC ar leis an gComhghnóthas iad, arna dtabhú ag na heintitis óstála, lúide na ranníocaíochtaí ón gComhghnóthas agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas i leith na gcostas sin;

(d) 

ranníocaíochtaí airgeadais ón Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó ó na Stáit Rannpháirteacha i gcuibhreannas óstach, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí na Stát Rannpháirteach iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, arb iad sin na costais a tabhaíodh i bhfáil, i gcomhar leis an gComhghnóthas, na sár-ríomhairí EuroHPC lár-raoin, lúide ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin;

(e) 

ranníocaíochtaí airgeadais ó chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha arb iad na costais a tabhaíodh i bhfáil agus oibriú, i gcomhar leis an gComhghnóthas, na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch, lúide ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin, go dtí go n-aistreofar a n-úinéireacht chuig an eintiteas óstach, go ndíolfar iad nó go ndíchoimisiúnófar iad i gcomhréir le hAirteagal 13(6) den Rialachán seo;

(f) 

ranníocaíochtaí airgeadais ó na Stáit Rannpháirteacha leis na costais incháilithe a thabhaigh tairbhithe sa Stát Rannpháirteach, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí na Stát Rannpháirteach iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, chun gníomhaíochtaí indíreacha a chur chun feidhme atá comhfhreagrach leis an gclár oibre taighde agus nuálaíochta agus mar chomhlánú le haisíoc na gcostas sin a dhéanfaidh an Comhghnóthas, lúide ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin. Beidh na ranníocaíochtaí sin gan dochar do rialacha na státchabhrach;

▼C1

(g) 

ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Comhaltaí Príobháideacha nó a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (16) agus (17) den Rialachán seo.

▼B

4.  

Acmhainní an Chomhghnóthais a chuirtear isteach ina bhuiséad, is de na ranníocaíochtaí seo a leanas a bheidh siad comhdhéanta:

(a) 

na ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas i gcoinne na gcostas riaracháin;

(b) 

ranníocaíochtaí airgeadais ó na comhaltaí i gcoinne na gcostas oibríochtúla;

(c) 

aon ioncam a ghinfidh an Comhghnóthas;

(d) 

aon ranníocaíochtaí, acmhainní nó ioncam airgeadais eile.

(e) 

measfar gur ioncam de chuid an Chomhghnóthais a bheidh in aon ús a ghnóthóidh na ranníocaíochtaí a íocfar leis an gComhghnóthas.

5.  
Má mhainníonn aon chomhalta den Chomhghnóthas an ceangal atá air i dtaobh leis an ranníocaíocht airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin é sin i scríbhinn agus leagfaidh sé amach tréimhse réasúnach chun an mhainneachtain a chur ina ceart. Mura gcuirfear an cás ina cheart laistigh den tréimhse sin, tionólfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cruinniú den Bhord Rialaithe chun cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil ballraíocht an chomhalta ar mainneachtain le cúlghairm nó an bhfuil aon bhearta eile le glacadh go dtí go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais. Cearta vótála an chomhalta ar mainneachtain, is cearta iad a chuirfear ar fionraí go dtí go gcuirfear an mhainneachtain i leith na gceangal atá air ina ceart. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an gComhghnóthas ná ar a chomhaltaí an ranníocaíocht airgeadais ó na comhaltaí mainneachtana a chumhdach.
6.  
Beidh i gceist go n-úsáidfear acmhainní agus gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach.
7.  
Beidh úinéireacht ag an gComhghnóthas ar na sócmhainní ar fad a ghinfidh sé nó a aistreofar chuige chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach. Ní áireofar ansin na sár-ríomhairí EuroHPC a bhfuil a n-úinéireacht aistrithe ag an gComhghnóthas chuig eintiteas óstach i gcomhréir le hAirteagail 11(5), 12(7), 13(6) agus 14(6) den Rialachán seo.
8.  
Seachas nuair a fhoirceannfar an Comhghnóthas, ní íocfar aon ioncam breise thar chaiteachas le comhaltaí an Chomhghnóthais.

Airteagal 16

Gealltanais airgeadais

Ní sháróidh gealltanais airgeadais an Chomhghnóthais méid na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil nó atá geallta dá bhuiséad ag a chuid comhaltaí. Féadfaidh an Coimisiún gealltanais ilbhliantúla a chur ar fáil.

Airteagal 17

Bliain airgeadais

Tosóidh an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig.

Airteagal 18

Pleanáil oibríochtúil agus airgeadais

1.  
Sonrófar sa chlár straitéiseach ilbhliantúil an straitéis agus na pleananna chun cuspóirí an Chomhghnóthais a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach. Áireofar an méid seo a leanas ann; fáil na sár-ríomhairí, na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta lena n-áirítear an clár oibre straitéiseach taighde agus nuálaíochta; na gníomhaíochta forbartha cumais agus leathnaithe, na gníomhaíochtaí cónasctha, nascachta agus comhair idirnáisiúnta. Áireofar ann freisin dearcthaí airgeadais ilbhliantúla arna bhfáil ó na Stáit Rannpháirteacha agus ón gCoimisiún.
2.  
Déanfaidh na Comhaltaí Príobháideacha an Clár Oibre Straitéiseach Taighde agus Nuálaíochta a dhréachtú agus cuirfidh siad faoi bhráid an Ghrúpa Chomhairligh Taighde agus Nuálaíochta é.
3.  
Déanfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta an clár straitéiseach ilbhliantúil a chomhdhlúthú agus a chur faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Is é sin a bheidh mar bhunús don Stiúrthóir Feidhmiúcháin an clár oibre bliantúil a dhréachtú.
4.  
Áireofar sa dréachtchlár oibre bliantúil na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, na gníomhaíochtaí soláthair, na gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe, na gníomhaíochtaí cónasctha agus nascachta, na gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta, na gníomhaíochtaí riaracháin agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach don bhliain dár gcionn.
5.  
Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Rialaithe na comhaontuithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2) den Rialachán lena dtacaítear leis na meastóireachtaí ar chaiteachas.
6.  
Glacfar an clár oibre bliantúil faoi dheireadh na bliana roimh a chur chun feidhme. Cuirfear an clár oibre bliantúil ar fáil go poiblí.
7.  
Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtbhuiséad bliantúil don bhliain dár gcionn agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Rialaithe é lena ghlacadh.
8.  
Glacfaidh an Bord Rialaithe an buiséad bliantúil do bhliain áirithe faoi dheireadh na bliana roimh a chur chun feidhme.
9.  
Cuirfear an buiséad bliantúil in oiriúint d’fhonn cuntas a ghlacadh ar mhéid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas mar a leagtar amach i mbuiséad ginearálta an Aontais.

Airteagal 19

Tuairisciú oibríochtúil agus airgeadais

1.  

Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bliantúil chuig an mBord Rialaithe maidir le feidhmiú a chuid nó a cuid dualgas i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíocht, inter alia, eolas ar na cúrsaí seo a leanas:

(a) 

taighde, nuálaíocht agus gníomhaíochtaí eile a rinneadh agus an caiteachas comhfhreagrach;

(b) 

fáil agus oibriú an bhonneagair, lena n-áirítear úsáid agus rochtain ar bhonneagar, lena n-áirítear an t-aga rochtana a d’úsáid gach Stát Rannpháirteach go héifeachtach;

(c) 

na tograí agus na tairiscintí a cuireadh isteach, lena n-áirítear scagadh de réir catagóir rannpháirtí, lena n-áirítear FBManna, agus tír ar thír;

(d) 

na gníomhaíochtaí indíreacha a roghnaíodh i gcomhair cistiú, le scagadh de réir catagóir rannpháirtí, lena n-áirítear FBManna, agus tír ar thír, agus ag tabhairt le fios ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais leis na rannpháirtithe agus na gníomhaíochtaí aonair;

(e) 

na tairiscintí a roghnaíodh i gcomhair cistiú, le scagadh de réir catagóir conraitheora, lena n-áirítear FBManna, agus de réir tíre, agus ag tabhairt le fios ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais leis na conraitheoirí aonair agus na gníomhaíochtaí soláthair;

(f) 

toradh na ngníomhaíochtaí soláthair;

(g) 

dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus tograí i gcomhair obair riachtanach bhreise chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

2.  
Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Chomhghnóthais na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais.
3.  
Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais.
4.  
Déanfar an nós imeachta um urscaoileadh i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais.

Airteagal 20

Iniúchóireacht inmheánach

1.  
Na cumhachtaí a fheidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin maidir leis an gComhghnóthas, is iad na cumhachtaí céanna a fheidhmeoidh sé maidir leis an gCoimisiún.
2.  
Beidh an Comhghnóthas in ann an iniúchóireacht inmheánach a dhéanamh dó féin.

Airteagal 21

Dliteanas na gcomhaltaí agus árachas

1.  
Beidh dliteanas airgeadais chomhaltaí an Chomhghnóthais as fiacha an Chomhghnóthais teoranta do ranníocaíochtaí airgeadais a rinne siad cheana leis an gComhghnóthas.
2.  
Glacfaidh an Comhghnóthas árachas iomchuí, agus coinneoidh sé é.

Airteagal 22

Coinbhleacht leasa

1.  
Seachnóidh an Comhghnóthas, a chomhlachtaí agus a fhoireann aon choinbhleacht leasa agus a ngníomhaíochtaí ar bun.
2.  
Glacfaidh an Bord Rialaithe le rialacha lena ndéanfar cosc agus bainistiú ar choinbhleachtaí leasa i ndáil leis na daoine atá ag freastal ar an mBord Rialaithe agus sna comhlachtaí nó i ngrúpaí eile de chuid an Chomhghnóthais.

Airteagal 23

Foirceannadh

1.  
Foirceannfar an Comhghnóthas ag deireadh na tréimhse a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo.
2.  
Mar aon le mír 1, tionscnófar an nós imeacht um fhoirceannadh go huathoibríoch má aistarraingíonn an tAontas nó gach comhalta seachas an tAontas ón gComhghnóthas.
3.  
Chun críche na nósanna imeachta um fhoirceannadh a dhéanamh ar an gComhghnóthas, ceapfaidh an Bord Rialaithe leachtaitheoir(í) a chloífidh le cinntí an Bhoird Rialaithe.
4.  
Nuair atá an Comhghnóthas á fhoirceannadh, úsáidfear a chuid sócmhainní chun a dhliteanais a chumhdach mar aon leis an gcaiteachas a bhaineann lena fhoirceannadh. Aistreofar na sár-ríomhairí faoi úinéireacht an Chomhghnóthais chuig na heintitis óstacha nó cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha faoi seach, díolfar iad nó díchoimisiúnófar iad nuair a dhéanfaidh an Bord Rialaithe cinneadh, agus is i gcomhréir leis an gcomhaontú óstála a dhéanfar sin. Ní bheidh dliteanas ar chomhaltaí an Chomhghnóthais maidir le haon chostais a tabhaíodh tar éis úinéireacht sár-ríomhaire a aistriú nó tar éis é a dhíol nó a dhíchoimisiúnú. Luach iarmharach na sár-ríomhairí a aistrítear leis an gComhghnóthas, i gcás aistriú úinéireachta, aisíocfaidh an t-eintiteas óstach an luach sin leis an gComhghnóthas, nó aisíocfaidh an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha leis é. Má bhíonn barrachas ann, roinnfear ar na comhaltaí é nuair atá an foirceannadh á dhéanamh, rud a tharlóidh i gcomhréir leis an ranníocaíocht airgeadais a rinne na comhaltaí leis an gComhghnóthas. Aon bharrachas den chineál sin a roinnfear ar an Aontas, cuirfear ar ais é i mbuiséad ginearálta an Aontais.
5.  
Bunófar nós imeachta ad hoc chun bainistiú iomchuí aon chomhaontaithe a thabharfar i gcrích nó aon chinnidh a ghlacfaidh an Comhghnóthas a áirithiú, chomh maith le haon chonradh soláthair le fad níos faide ná fad an Chomhghnóthais.



( 1 ) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

( 2 ) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

( 3 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

( 4 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

( 5 ) IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

( 7 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

( 8 ) Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

Top