Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02020D1999-20210302

    Consolidated text: Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1999/2021-03-02

    02020D1999 — GA — 02.03.2021 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    CINNEADH (CBES) 2020/1999 ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Nollaig 2020

    maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    (IO L 410I 7.12.2020, lch. 13)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    CINNEADH (CBES) 2021/372 ÓN gCOMHAIRLE an 2 Márta 2021

      L 71I

    6

    2.3.2021




    ▼B

    CINNEADH (CBES) 2020/1999 ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Nollaig 2020

    maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine



    Airteagal 1

    1.  

    Bunaítear leis an gCinneadh seo creat le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain. Tá feidhm aige maidir le:

    (a) 

    cinedhíothú;

    (b) 

    coireanna in aghaidh an chine dhaonna;

    (c) 

    na sáruithe nó na mí-úsáidí tromchúiseacha seo a leanas:

    (i) 

    céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach,

    (ii) 

    sclábhaíocht,

    (iii) 

    básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha,

    (iv) 

    daoine a fhuadaítear,

    (v) 

    gabháil agus coinneáil threallach;

    (d) 

    Sáruithe nó mí-úsáidí eile chearta an duine, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh, a mhéid a bhíonn na sáruithe nó na mí-úsáidí sin forleathan, córasach nó ina gcúis imní thromchúiseach ar bhealach eile maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE:

    (i) 

    gáinneáil ar dhaoine, chomh maith le sáruithe chearta an duine a dhéanann smuigléirí imirceach dá dtagraítear san Airteagal seo,

    (ii) 

    foréigean gnéis agus inscnebhunaithe,

    (iii) 

    sáruithe nó mí-úsáidí saoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais,

    (iv) 

    sáruithe nó mí-úsáidí saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh,

    (v) 

    sáruithe nó mí-úsáidí saoirse reiligiúin nó creidimh.

    2.  

    Chun críocha mhír 1 a chur i bhfeidhm, ba cheart aird a thabhairt ar dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus ar ionstraimí dlí idirnáisiúnta a bhfuil glacadh leo go forleathan, amhail:

    (a) 

    an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

    (b) 

    an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

    (c) 

    an Coinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú,

    (d) 

    an Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach;

    (e) 

    an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú;

    (f) 

    an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú;

    (g) 

    an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh;

    (h) 

    an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach;

    (i) 

    an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;

    (j) 

    Prótacal chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi chois agus Pionós a ghearradh ina leith, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta;

    (k) 

    Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;

    (l) 

    an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

    3.  

    Chun críocha an Chinnidh seo, féadfar na páirtithe seo a leanas a áireamh mar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí:

    (a) 

    Gníomhaithe stáit;

    (b) 

    gníomhaithe eile a bhfuil rialú nó údarás éifeachtach á fheidhmiú ar chríoch acu;

    (c) 

    gníomhaithe neamhstáit eile.

    4.  

    Agus an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn maidir le gníomhaithe neamhstáit eile á bhunú nó á leasú faoi phointe (c) de mhír 3, cuirfidh an Chomhairle na gnéithe sonracha seo a leanas go háirithe san áireamh:

    (a) 

    cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 CAE; agus

    (b) 

    tromchúis agus/nó tionchar na mí-úsáidí.

    Airteagal 2

    1.  

    Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine seo a leanas:

    (a) 

    daoine nádúrtha atá freagrach as gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 1(1);

    (b) 

    daoine nádúrtha a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil, nó ábhartha nó a bhfuil baint acu ar bhealach eile leis na gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 1(1), lena n-áirítear trí na gníomhartha sin a phleanáil, a threorú, a ullmhú, a éascú, a spreagadh nó cúnamh a thabhairt ina leith;

    (c) 

    daoine nádúrtha a bhfuil baint acu leis na daoine a chumhdaítear faoi pointí (a) agus

    mar a liostaítear san Iarscríbhinn.

    2.  
    Ní chuirfear de cheangal le mír 1 ar aon Bhallstát teacht isteach chuig a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.
    3.  

    I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:

    (a) 

    mar thír óstach ar eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

    (b) 

    mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó atá faoina gcoimirce;

    (c) 

    faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

    (d) 

    de bhun Chonradh Idir-réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

    4.  
    Measfar go mbeidh feidhm ag mír 3 freisin i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).
    5.  
    Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina dtugann an Ballstát díolúine de bhun mhír 3 nó 4.
    6.  
    Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh a dheonú faoi mhír 1 i gcás ina bhfuil údar leis ar fhorais an riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh, nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach, lena n-áirítear deireadh a chur le sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar chearta an duine a chur chun cinn.
    7.  
    Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh a dheonú faoi mhír 1 más amhlaidh go bhfuil gá le teacht isteach nó le hidirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.
    8.  
    Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúintí a dheonú dá dtagraítear i mír 6 nó 7 fógra don Chomhairle i scríbhinn ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh comhalta amháin nó níos mó de chomhaltaí na Comhairle agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann comhalta amháin den Chomhairle nó níos mó agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.
    9.  
    I gcás, de bhun mhír 3, 4, 6, 7 nó 8, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha do dhaoine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta go docht don chuspóir ar chuige sin a thugtar é agus do na daoine lena mbaineann sin go díreach.

    Airteagal 3

    1.  

    Cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar leis, ar i seilbh nó ar faoi rialú iad seo a leanas iad:

    (a) 

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, atá freagrach as gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 1(1);

    (b) 

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil, nó ábhartha nó a bhfuil baint acu ar bhealach eile leis na gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 1(1), lena n-áirítear trí na gníomhartha sin a phleanáil, a threorú, a ullmhú, a éascú, a spreagadh nó cúnamh a thabhairt ina leith;

    (c) 

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a bhaineann leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a chumhdaítear faoi phointí (a) agus (b);

    mar a liostaítear san Iarscríbhinn, déanfar iad a reo.

    2.  
    Ní chuirfear aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis, ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear ar fáil iad do thairbhe iad sin.
    3.  

    De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

    (a) 

    go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

    (b) 

    go bhfuil siad ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

    (c) 

    go bhfuil siad ceaptha chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

    (d) 

    gur riachtanach iad i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún maidir leis an bhforas ar a measann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain, ar a laghad, roimh an údarú; nó

    (e) 

    go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo.

    4.  

    De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

    (b) 

    ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

    (c) 

    ní chun leas duine nádúrtha ná dlítheanach, eintitis ná comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus

    (d) 

    níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo.

    5.  
    Ní chuirfidh de chosc le mír 1 ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht atá liostaithe san Iarscríbhinn, íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a rinneadh, nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn, roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.
    6.  

    Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le breiseanna mar a leanas arna gcur le cuntais reoite:

    (a) 

    ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

    (b) 

    íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta ar tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

    (c) 

    íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó is infhorghníomhaithe sa Bhallstát lena mbaineann, ar choinníoll go bhfanfaidh aon ús, tuilleamh agus íocaíochtaí den sórt sin faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1.

    Airteagal 4

    1.  
    De mhaolú ar Airteagal 3(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch daonnúil, amhail seachadadh an chúnaimh a chur ar fáil nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó aistriú na n-oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnuithe.
    2.  
    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ón údarú.

    Airteagal 5

    1.  
    Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aontoil ar thogra ó Bhallstát nó ón Ardionadaí, an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.
    2.  
    Déanfaidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, trína dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlachta sin barúlacha a thíolacadh.
    3.  
    I gcás ina dtíolacfar barúlacha, nó i gcás ina dtíolacfar fianaise shubstaintiúil nua, athbhreithneoidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

    Airteagal 6

    1.  
    Áireofar san Iarscríbhinn na forais chun na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 a liostú.
    2.  
    Beidh san Iarscríbhinn, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh an méid a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin; agus áit ghnó.

    Airteagal 7

    1.  

    Próiseálfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:

    (a) 

    maidir leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

    (b) 

    maidir leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

    2.  
    Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe agus le ciontuithe coiriúla nó bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.
    3.  
    Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar “rialaitheoir” de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

    Airteagal 8

    Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht ná aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna nó ar ráthaíocht nó ar shlánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é gur ceann de na páirtithe seo a leanas a dhéanann an t-éileamh:

    (a) 

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;

    (b) 

    aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann amháin de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

    Airteagal 9

    D’fhonn tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

    Airteagal 10

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 8 Nollaig 2023 agus coinneofar faoi shíor-athbhreithniú é. Beidh feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis, agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn go dtí 8 Nollaig 2021.

    Airteagal 11

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.




    IARSCRÍBHINN

    Liosta de na daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3

    A. 

    Daoine nádúrtha

    ▼M1



     

    Ainmneacha (Tras-scríobh an litrithe Rúisise)

    Ainmneacha (litriú Rúisise)

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    1.

    Alexander (Alexandr) Petrovich KALASHNIKOV

    Aлександр Петрович КАЛАШНИКОВ

    Post/Poist: Stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN)

    Dáta breithe: 27.1.1964

    Áit bhreithe: Tatarsk, Novosibirsk Region/Oblast, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Alexander Petrovich Kalashnikov ina stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN) ón 8 Deireadh Fómhair 2019 i leith. Sa cháil sin, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile FSIN. Ina cháil mar an stiúrthóir ar FSIN, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha.

    I gcás Alexei Navalny, agus an tUasal Navalny ag teacht chuige féin sa Ghearmáin (Meán Fómhair 2020-Eanáir 2021) tar éis gur nimhíodh é le néar-oibreán tocsaineach de ghrúpa Novichok, d'éiligh FSIN an 28 Nollaig 2020 go gcuirfeadh sé é féin i láthair oifigeach promhaidh láithreach nó go mbeadh pianbhreith príosúnachta os a chomhair amach mar gheall ar phianbhreith ar fionraí mar gheall ar chiontú i gcalaois a shárú. In 2018, bhí an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh go raibh an ciontú sin treallach agus éagórach. An 17 Eanáir 2021, agus iad ag gníomhú ar ordú Alexander Kalashnikov, chuir oifigigh de chuid FSIN Alexei Navalny faoi choinneáil ar theacht isteach in aerfort Mhoscó dó. Tá gabháil Alexei Navalny bunaithe ar chinneadh ó chúirt chathair Khimki, ar cinneadh é a eisíodh ar a uain ar iarraidh ó FSIN. Déanach i mí na Nollag 2020, bhí FSIN tar éis a iarraidh cheana féin go gcuirfeadh cúirt téarma príosúnachta in ionad phianbhreith ar fionraí Alexei Navalny. An 17 Feabhra 2021, d'ordaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine do Rialtas na Rúise Alexei Navalny a scaoileadh saor.

    2 Márta 2021

    2.

    Alexander (Alexandr) Ivanovich BASTRYKIN

    Алексaндр Ивaнович БАСТРЫКИН

    Post/Poist: Cathaoirleach ar Investigative Committee of the Russian Federation

    Dáta breithe: 27.8.1953

    Áit bhreithe: Pskov, Russian SFSR (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Alexander Ivanovich Bastrykin ina chathaoirleach ar Investigative Committee of the Russian Federation (an “Coiste”) ó mhí Eanáir 2011 i leith (agus bhí sé ina chathaoirleach gníomhach ó mhí Dheireadh Fómhair 2010 go mí na Nollag 2010). Sa cháil sin, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile an Choiste. Go hoifigiúil, is é Uachtarán na Rúise a dhéanann cathaoirleacht ar an gCoiste. Ina cháil mar chathaoirleach an Choiste, tá Alexander Bastrykin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha.

    Tá Alexander Bastrykin freagrach as feachtais diansmachta fhorleathana chórasacha an Choiste in aghaidh fhreasúra na Rúise, feachtais atá dírithe ar chomhaltaí an fhreasúra agus a dhéanann imscrúdú ina leith. An 29 Nollaig 2020, sheol an Coiste imscrúdú maidir le ceannaire an fhreasúra Alexei Navalny, agus cúisíodh é i gcalaois fhorleathan. D'fhoilsigh Alexei Navalny agus daoine eile ailt maidir le húinéireacht Alexander Bastrykin ar ghnólacht réadmhaoine Seiceach LAW Bohemia sna blianta 2000.

    2 Márta 2021

    3.

    Igor Viktorovich KRASNOV

    Игорь Викторович КРАСНОВ

    Post/Poist: Príomh-Ionchúisitheoir Russian Federation (Cónaidhm na Rúise)

    Dáta breithe: 24.12.1975

    Áit bhreithe: Arkhangelsk, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is é Igor Viktorovich Krasnov ina Phríomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise ón 22 Eanáir 2020 leith agus is é iarLeas-Chathaoirleach ar Investigative Committee of the Russian Federation. Ina cháil mar Phríomh-Ionchúisitheoir, déanann sé formhaoirseacht ar Oifigí an Ionchúisitheora i gCónaidhm na Rúise, ar Oifigí an Ionchúisitheora Speisialta agus ar Oifig an Ionchúisitheora Mhíleata. Ina cháil mar Phríomh-Ionchúisitheoir, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear coinneálacha treallacha agóideoirí, agus as cos ar bolg forleathan córasach na saoirse comhthionóil síochánta agus comhlachais, agus na saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh.

    Roimh na hagóidí an 23 Eanáir 2021, thug Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora rabhadh go leagfaí freagracht ar na rannpháirtithe. Ina theannta sin, d'éiligh Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora go gcuirfeadh Federal Service for Supervision in the Sphere of Communications, Information Technology and Mass Communications (Roskomnadzor) srian ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin an fhreasúra agus ar chuntais ar líonraí sóisialta a raibh faisnéis maidir le cruinnithe beartaithe lucht tacaíochta Alexei Navalny orthu. An 29 Eanáir 2021, d'éiligh Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora an athuair go gcuirfeadh Roskomnadzor srian ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin agus cuntais líonraí sóisialta an fhreasúra, roimh agóidí ar son Navalny an 30 agus an 31 Eanáir 2021 an uair seo. Seoladh rabhaidh chuig comhlachtaí idirlín (Facebook, TikTok, Twitter, Google, Mail.ru Group). Ina theannta sin, d'fhógair Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora go ndéanfaí iad siúd a ghlacfadh páirt sna hagóidí a ionchúiseamh.

    Thacaigh Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta le hiarraidh FSIN chun pianbhreith fionraithe Alexei Navalny i gcás calaoise líomhnaithe a choigeartú ina pianbreith príosúnachta. In ainneoin na fírice go raibh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh in 2018 go raibh sé treallach agus éagórach gur ciontaíodh é sa chás sin, Gabhadh Alexei Navalny ar theacht chuig aerfort Moscó dó an 17 Eanáir 2021.

    2 Márta 2021

    4.

    Viktor Vasilievich (Vasilyevich) ZOLOTOV

    Виктор Васильевич ЗОЛОТОВ

    Post/Poist: Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia)

    Dáta breithe: 27.1.1954

    Áit bhreithe: Sasovo, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Viktor Vasilievich Zolotov ina Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia) ón 5 Aibreán 2016 i leith agus, dá bhrí sin, Ardcheannasaí National Guard Troops of the Russian Federation, chomh maith le Ceannasaí ar OMON, aonad soghluaiste sainchuspóireach arna chomhtháthú in Rosgvardia. Sa cháil seo, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile Rosgvardia agus trúpaí OMON. Ina cháil mar stiúrthóir Rosgvardia, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha, agus sáruithe forleathana córasacha ar shaoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais, go háirithe trí chur faoi chois foréigneach agóidí agus léirsithe.

    Fostaíodh Rosgvardia chun deireadh a chur leis na léirsithe ar son Navalny an 23 Eanáir 2021 agus tuairiscíodh gur úsáid roinnt mhaith oifigeach de chuid OMON agus an Gharda Náisiúnta brúidiúlacht agus foréigean in aghaidh na n-agóideoirí. D'ionsaigh na fórsaí slándála na scórtha iriseoirí, lena n-áirítear comhfhreagraí Meduza, Kristina Safronova, ar bhuail oifigeach OMON í agus iriseoir ó Novaya Gazeta, Yelizaveta Kirpanova, a bhí ag cur fola i ndiaidh buille a fháil sa cheann le smachtín. Chuir na fórsaí slándála níos mó ná 300 mionaoiseach faoi choinneáil go treallach.

    2 Márta 2021

    ▼B

    B. 

    Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí



    ( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    Top