EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02016R1037-20180608

Consolidated text: Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (códú)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1037/2018-06-08

02016R1037 — GA — 08.06.2018 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2016/1037 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2016

maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

(códú)

(IO L 176 30.6.2016, lch. 55)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2017/2321 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 12 Nollaig 2017

  L 338

1

19.12.2017

►M2

RIALACHÁN (AE) 2018/825 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Bealtaine 2018

  L 143

1

7.6.2018




▼B

RIALACHÁN (AE) 2016/1037 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2016

maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

(códú)



Airteagal 1

Prionsabail

1.  Féadfar dleacht frithchúiteamh a fhorchur chun aon fhóirdheontas a tugadh a fhrithchúiteamh, go díreach nó go hindíreach, le haghaidh monarú, táirgeadh, onnmhairiú nó iompair aon táirge a bhfuil a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas ina chúis díobhála.

2.  D'ainneoin mhír 1, i gcás nach n-allmhairítear táirgí go díreach ón tír thionscnaimh ach ina n-onnmhairítear isteach san Aontas ó thír idirmheánach iad, beidh forálacha an Rialacháin seo infheidhme go hiomlán agus measfar gur tharla an t-idirbheart nó na hidirbhearta, nuair is iomchuí, idir an tír thionscnaimh agus an Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) maidir le táirge, meastar gur táirge ar tugadh fóirdheontas ina leith é má bhaineann sé tairbhe as fóirdheontas in-fhrithchúitithe mar atá sainmhínítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4. Féadfaidh rialtas thír thionscnaimh an táirge allmhairithe, nó rialtas tíre idirmheánaí óna n-onnmhairítear an táirge isteach san Aontas, dá ngairtear “an tír is onnmhaireoir” chun críocha an Rialacháin seo, fóirdheontas den sórt sin a thabhairt;

(b) ciallaíonn “rialtas” rialtas nó aon chomhlacht poiblí laistigh de chríoch na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir;

(c) ciallaíonn “táirge comhchosúil” táirge atá mar a chéile leis an táirge i gceist, is é sin le rá, ar cosúil gach gné de leis an táirge i gceist, nó, in éagmais táirge den sórt sin, táirge eile, cé nach cosúil gach gné de leis an táirge i gceist, a bhfuil a shaintréithe an-chosúil le saintréithe an táirge i gceist;

(d) ciallaíonn “díobháil”, mura sonraítear a mhalairt, díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais, bagairt díobhála ábhartha don tionscal de chuid an Aontais nó moilliú ábhartha ar bhunú tionscal den sórt sin, agus léireofar i gcomhréir le forálacha Airteagal 8 í.

Airteagal 3

Sainmhíniú ar fhóirdheontas

Measfar go bhfuil fóirdheontas ann más rud é:

1.

 

(a) go bhfuil ranníocaíocht airgeadais ó rialtas sa tír thionscnaimh nó sa tír is onnmhaireoir, is é sin le rá, i gcás ina dtarlaíonn an méid seo a leanas:

(i) baineann cleachtas rialtais le haistriú díreach cistí (mar shampla, deontais, iasachtaí, instealladh cothromais), le haistrithe ionchasacha díreacha cistí nó dliteanas (mar shampla, ráthaíochtaí iasachta);

(ii) ligtear ioncam rialtais a bheadh dlite murach sin thar ceal nó ní bhailítear é (mar shampla, dreasachtaí fioscacha amhail creidmheasanna cánach). I dtaca leis seo, i gcás díolúine táirge onnmhairithe ó dhleachtanna nó ó chánacha atá ar an táirge comhchosúil nuair atá sé beartaithe don tomhaltas intíre, nó aisíoc na ndleachtanna nó na gcánacha sin i méideanna nach mó iad ná na méideanna atá fabhraithe, ní mheasfar é a bheith ina fhóirdheontas, ar choinníoll díolúine den sórt sin a bheith tugtha i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III;

(iii) soláthraíonn rialtas earraí nó seirbhísí seachas an bonneagar ginearálta, nó ceannaíonn sé earraí;

(iv) déanann rialtas:

 íocaíochtaí le sásra maoiniúcháin, nó

 a chur de chúram ar chomhlacht príobháideach nó a ordú dó cineál amháin nó níos mó de na feidhmeanna atá léirithe i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) a dhéanamh, feidhmeanna a chuirfí de chúram de ghnáth ar an rialtas, agus níl aon difríocht ann i ndáiríre idir an cleachtas agus na cleachtais a leanann rialtais de ghnáth;

(b) tá aon chineál tacaíochta ioncaim nó praghais ann de réir bhrí Airteagal XVI de CGTT 1994; agus

2. go mbronntar sochar ar an gcaoi sin.

Airteagal 4

Fóirdheontais in-fhrithchúitithe

1.  Ní bheidh fóirdheontais faoi réir bearta frithchúitimh ach amháin más fóirdheontais shainiúla iad, mar atá sainmhínithe i mír 2, i mír 3 agus i mír 4.

2.  Lena chinneadh cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann fóirdheontas go sainiúil le fiontar nó tionscal nó le grúpa fiontar nó tionscal (“fiontair áirithe”) laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a) i gcás ina ndéanann an t-údarás deonúcháin, nó an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, teorannú sainráite ar rochtain ar fhóirdheontas i gcás fiontair áirithe, is fóirdheontas sainiúil a bheidh san fhóirdheontas sin;

(b) i gcás ina mbunaíonn an t-údarás deonúcháin, nó an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, critéir nó coinníollacha oibiachtúla lena rialaítear incháilitheacht le haghaidh fóirdheontas nó méid an fhóirdheontais, ní bheidh sainiúlacht i gceist, ar choinníoll go bhfuil an incháilitheacht uathoibríoch agus go gcloítear go docht le critéir agus coinníollacha den sórt sin;

(c) más rud é, d'ainneoin cuma na neamh-shainiúlachta a bheith ann de thoradh chur i bhfeidhm na bprionsabal atá leagtha síos i bpointe (a) agus i bpointe (b), go bhfuil cúiseanna lena chreidiúint gur fóirdheontas sainiúil atá ann i ndáiríre, is féidir fachtóirí eile a chur san áireamh. Is iad na fachtóirí sin: clár fóirdheontais a bheith in úsáid ag líon teoranta fiontar áirithe; úsáid fhorleathan ag fiontair áirithe; méideanna fóirdheontas atá díréireach mór a thabhairt d'fhiontair áirithe; an modh inar fheidhmigh an t-údarás deonúcháin rogha sa chinneadh fóirdheontas a thabhairt. I dtaca leis sin, déanfar faisnéis a mheas faoi chomh minic is a dhiúltaítear nó a fhormheastar iarratais ar fhóirdheontas agus faoi na cúiseanna le cinntí den sórt sin, go háirithe.

Chun críocha phointe (b), ciallaíonn “critéir nó coinníollacha oibiachtúla” critéir nó coinníollacha atá neodrach, nach bhfuil i bhfabhar fiontair áirithe thar fhiontair eile, agus ar de chineál eacnamaíoch iad, a chuirtear i bhfeidhm go cothrománach, amhail líon fostaithe nó méid an fhiontair.

Ní mór na critéir agus na coinníollacha bheith leagtha amach go soiléir de réir dlí, rialachán, nó doiciméad oifigiúil eile, ionas gur féidir iad a fhíorú.

Agus pointe (c) den chéad fhomhír á chur i bhfeidhm, cuirfear san áireamh an méid éagsúlachta ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin, chomh maith leis an tréimhse ama ar lena linn a bhí an clár fóirdheontais i bhfeidhm.

3.  Fóirdheontas sainiúil a bheidh i bhfóirdheontas atá teoranta d'fhiontair áirithe atá suite laistigh de réigiún geografach ainmnithe laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin. Chun críocha an Rialacháin seo, ní mheasfar gur fóirdheontas sainiúil é socrú nó athrú na rátaí cánach is infheidhme go ginearálta ag gach leibhéal rialtais atá i dteideal é sin a dhéanamh.

4.  D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, measfar gur fóirdheontais shainiúla a bheidh sna fóirdheontais seo a leanas:

(a) fóirdheontais atá ag brath, de réir dlí nó i ndáiríre, cibé acu leo féin nó mar cheann amháin de roinnt coinníollacha eile, ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, lena n-áirítear na cinn atá léirithe in Iarscríbhinn I;

(b) fóirdheontais atá ag brath, cibé acu leo féin nó mar cheann amháin de roinnt coinníollacha eile, ar úsáid earraí intíre thar earraí onnmhairithe.

Chun críocha phointe (a), measfar go bhfuil fóirdheontais ag brath i ndáiríre ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin nuair a léiríonn na fíorais go bhfuil deonú fóirdheontais, gan a bheith ag brath go dlíthiúil ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, ceangailte i ndáiríre le honnmhairiú nó tuilleamh onnmhairiúcháin iarbhír nó a bhfuiltear ag súil leo. Ní chiallaíonn an fíric go ndeonaítear fóirdheontas d'fhiontair a onnmhairíonn gur fóirdheontas onnmhairiúcháin atá ann de réir bhrí na forála seo, mar gheall ar an bhfíric sin amháin.

5.  Aon chinneadh sainiúlachta a dhéanfar faoi fhorálacha an Airteagail seo, beidh sé bunaithe ar fhianaise dheimhneach.

Airteagal 5

Méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe a ríomh

Déanfar méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a ríomh i dtéarmaí an tsochair a bhronntar ar an bhfaighteoir sa tréimhse imscrúdaithe le haghaidh fóirdheontas a thabhairt. De ghnáth is éard a bheidh sa tréimhse seo bliain chuntasaíochta is déanaí an tairbhí, ach d'fhéadfadh aon tréimhse eile sé mhí ar a laghad roimh thionscnamh an imscrúdaithe a bheith i gceist a bhfuil sonraí airgeadais iontaofa agus sonraí ábhartha eile ar fáil fúithi.

Airteagal 6

Sochar don fhaighteoir a ríomh

Maidir leis an sochar don fhaighteoir a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) ní mheasfar gurb ionann cothromas caipitil arna soláthar ag rialtas agus sochar a bhronnadh, mura féidir a mheas go bhfuil an infheistíocht ar neamhréir leis an ngnáthchleachtas infheistíochta, lena n-áirítear soláthar caipil riosca, infheisteoirí príobháideacha i gcríoch na tíre tionscnaimh agus/nó na tíre is onnmhaireoir;

(b) ní mheasfar gurb ionann iasacht ó rialtas agus sochar a bhronnadh, mura bhfuil difríocht idir an méid a íocann an chuideachta a fhaigheann an iasacht ar an iasacht rialtais agus an méid a d'íocfadh an chuideachta ar iasacht tráchtála inchomparáide a d'fhéadfadh an cuideachta a fháil ar an margadh. Sa chás sin is ionann an sochar agus an difríocht idir an dá mhéid sin:

(c) ní mheasfar gurb ionann ráthaíocht iasachta ó rialtas agus sochar a bhronnadh, mura bhfuil difríocht idir an méid a íocann an chuideachta a fhaigheann an ráthaíocht ar iasacht arna ráthú ag an rialtas agus an méid a d'íocfadh an chuideachta ar iasacht tráchtála inchomparáide mura mbeadh an ráthaíocht rialtais ann. Sa chás sin is ionann an sochar agus an difríocht idir an dá shuim sin, coigeartaithe le haghaidh aon difríochta i dtáillí;

(d) ní mheasfar gurb ionann soláthar earraí nó seirbhísí nó ceannach earraí ag rialtas agus sochar a bhronnadh, mura ndéantar iad a sholáthar ar luach saothair neamhleor nó má dhéantar an ceannach ar luach saothair atá níos mó ná leordhóthanach. Déanfar leordhóthanacht an luach saothair a chinneadh i ndáil le coinníollacha margaidh atá i réim an tráth sin don táirge nó don tseirbhís i dtír an tsoláthair nó an cheannaigh, lena n-áirítear praghas, cáilíocht, infhaighteacht, indíoltacht, iompar agus coinníollacha eile ceannaigh nó díola.

Murab ann do théarmaí margaidh agus coinníollacha i réim don tráth sin don táirge nó don tseirbhís i dtrácht i dtír an tsoláthair nó an cheannaigh, ar féidir iad a úsáid mar thagarmharcanna iomchuí, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i) déanfar na téarmaí agus na coinníollacha atá i réim don tráth sin sa tír lena mbaineann a choigeartú, ar bhonn na gcostas iarbhír, praghsanna agus fachtóirí eile ar fáil sa tír sin, de réir méid iomchuí a léiríonn gnáththéarmaí agus gnáthchoinníollacha margaidh; nó

(ii) nuair is iomchuí, úsáidfear na téarmaí agus na coinníollacha atá i réim don tráth sin i margadh tíre eile nó atá ar fáil ar an margadh domhanda.

Airteagal 7

Forálacha ginearálta maidir le ríomh

1.  Cinnfear méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe in aghaidh aonad an táirge ar tugadh fóirdheontas ina leith a onnmhairítear isteach san Aontas.

Agus an méid sin á shuíomh, féadfar na heilimintí seo a leanas a asbhaint den fhóirdheontas iomlán:

(a) aon táille iarratais nó aon chostais eile a thabhaítear de riachtanas chun cáiliú le haghaidh an fhóirdheontais, nó chun é a fháil;

(b) cánacha onnmhairiúcháin, dleachtanna nó muirir eile a thobhaítear ar onnmhairiú an táirge isteach san Aontas a bheartaítear go sonrach chun an fóirdheontas a fhritháireamh.

I gcás ina n-éilíonn páirtí leasmhar asbhaint, ní mór dó a chruthú go bhfuil bonn cirt leis an éileamh sin.

2.  I gcás nach dtugtar an fóirdheontas trí thagairt a dhéanamh do na cainníochtaí a monaraíodh, a táirgeadh, a onnmhairíodh nó a iompraíodh, déanfar méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe a chinneadh trí luach an fhóirdheontais iomláin a leithdháileadh, de réir mar is iomchuí, thar leibhéal tháirgeadh, dhíol nó onnmhairiú na dtáirgí lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdaithe le haghaidh fóirdheontas a thabhairt.

3.  I gcás inar féidir an fóirdheontas a nascadh le héadáil sócmhainní seasta, anois nó sa todhchaí, ríomhfar méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe tríd an bhfóirdheontas a leathadh thar thréimhse a léiríonn gnáth-dhíluachadh sócmhainní den sórt sin sa tionscal lena mbaineann.

Déanfar an méid arna ríomh ar an gcaoi sin atá inchurtha leis an tréimhse imscrúdaithe, lena n-áirítear an méid a dhíorthaíonn ó shócmhainní seasta arna bhfáil roimh an tréimhse sin, a leithdháileadh de réir mar atá leagtha síos i mír 2.

I gcás gur sócmhainní neamh-dhíluachála iad, déanfar an fóirdheontas a luacháil mar iasacht saor ó ús, agus caithfear leis i gcomhréir le hAirteagal 6(b).

4.  I gcás nach féidir fóirdheontas a nascadh le héadáil sócmhainní seasta, beidh méid an tsochair arna fháil le linn na tréimhse imscrúdaithe inchurtha i bprionsabal leis an tréimhse sin, agus leithdháilfear é de réir mar atá leagtha síos i mír 2, mura dtagann imthosca speisialta chun cinn a bheadh mar údar lena leithdháileadh thar thréimhse éagsúil.

Airteagal 8

Díobháil a chinneadh

1.  Déanfar díobháil a chinneadh bunaithe ar fhianaise dheimhneach agus beidh scrúdú oibiachtúil ar an méid seo a leanas ag baint leis an gcinneadh sin:

(a) méid na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith agus éifeacht na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar phraghsanna i margadh an Aontais do tháirgí comhchosúla; agus

(b) tionchar iarmhartach na n-allmhairí sin ar an tionscal de chuid an Aontais.

2.  I dtaca le méid na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, tabharfar aird ar cibé acu atá nó nach bhfuil méadú suntasach ar allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, mar ghlanfhigiúr nó i gcoibhneas le táirgeadh nó tomhaltas san Aontas. I dtaca le héifeacht na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar phraghsanna, tabharfar aird ar cibé acu a tharla nó nár tharla gur gearradh go suntasach faoi phraghsanna trí na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith i gcomparáid le praghas táirge chomhchosúil ón tionscal de chuid an Aontais, nó cibé an é toradh na n-allmhairí sin praghsanna a laghdú go suntasach ar shlí éigin eile nó méadú ar phraghsanna go leibhéal suntasach, a tharlódh murach sin, a chosc. Ní gá go mbeifear in ann treoir chinntitheach a fháil as aon fhachtóir amháin nó níos mó ná aon fhachtóir amháin de na fachtóirí sin.

3.  I gcás ina bhfuil allmhairí táirge ó níos mó ná tír amháin faoi réir imscrúduithe ar dhleacht frithchúitimh go comhuaineach, ní dhéanfar éifeachtaí allmhairí den sórt sin a mheasúnú go carnach ach amháin má chinntear an méid seo a leanas:

(a) go bhuil méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe arna suíomh i ndáil leis na hallmhairí ó gach tír níos mó ná de minimis mar atá sainmhínithe in Airteagal 14(5) agus nach diomaibhseach méid na n-allmhairí ó gach tír; agus

(b) gurb iomchuí measúnú carnach a dhéanamh ar éifeachtaí na n-allmhairí i bhfianaise na gcoinníollacha iomaíochta idir táirgí allmhairithe agus na gcoinníollacha iomaíochta idir na táirgí allmhairithe agus an táirge Aontais comhchosúil.

4.  Áireofar sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar an tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann meastóireacht ar na tosca agus innéacsanna eacnamaíocha ábhartha uile a imríonn tionchar ar staid an tionscail, lena n-áirítear go bhfuil tionscal fós ag téarnamh ó éifeachtaí fóirdheontas a bheith a thabhairt nó dumpála san am atá thart; an méid mór fóirdheontas in-fhrithchúitithe; meath iarbhír agus ionchasach i ndíolacháin, brabúis, aschur, sciar margaidh, táirgiúlacht, toradh ar infheistíocht agus úsáid acmhainne; fachtóirí a dhéanann difear do phraghsanna Aontais; éifeachtaí diúltacha iarbhír agus ionchasacha ar shreabha airgid, fardail, fostaíocht, pá, fás agus cumas caipiteal nó infheistíochtaí a chruinniú agus, i gcás na talmhaíochta, cibé acu atá nó nach bhfuil ualach méadaithe ar chláir tacaíochta rialtais. Ní liosta cuimsitheach an liosta seo, agus ní gá go bhféadfar treoir chinntitheach a bhunú ar aon cheann amháin nó níos mó de na fachtóirí seo.

5.  Ní mór a léiriú, ón bhfianaise ábhartha uile a thíolactar i ndáil le mír 1, gur cúis díobhála iad na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith. Go sonrach, is éard a bheidh ann léiriú go bhfuil leibhéal na méideanna agus/nó na bpraghsanna arna n-aithint de bhun mhír 2 freagrach as an tionchar ar an tionscal de chuid an Aontais dá bhforáiltear i mír 4, agus go bhfuil an tionchar sin ann ar leibhéal lenar féidir é a aicmiú mar thionchar ábhartha.

6.  Déanfar fachtóirí aitheanta seachas na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith a dhéanann díobháil don tionscal de chuid an Aontais ag an am céanna a scrúdú chomh maith lena áirithiú nach mbeidh díobháil arna déanamh ag na fachtóirí sin inchurtha leis na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith de bhun mhír 5. Ar na fachtóirí ar féidir a mheas i ndáil leis sin áireofar: méid agus praghsanna allmhairí neamh-fhóirdheontais; laghdú ar éileamh nó athruithe ar phatrúin tomhaltais; cleachtais trádála shriantacha táirgeoiri tríú tíortha agus Aontais agus cleachtais trádála shriantacha eatarthu; forbairtí i dteicneolaíocht agus feidhmíocht onnmhairiúcháin; agus táirgiúlacht an tionscail de chuid an Aontais.

7.  Déanfar éifeacht na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith a mheasúnú i ndáil le táirgeadh an táirge chomhchosúil ag an tionscal de chuid an Aontais nuair is féidir, trí na sonraí atá ar fáil, an táirgeadh sin a shainaithint ar bhonn leithligh ar bhonn critéar amhail an próiseas táirgthe, díolacháin agus brabúis táirgeoirí. Mura féidir an táirgeadh sin a shainaithint ar bhonn leithligh, déanfar éifeachtaí na n-allmhairí fóirdheontais a mheasúnú trí scrúdú a dhéanamh ar tháirgeadh an grúpa táirgí nó an raon táirgí is srianta, lena n-áirítear an táirge comhchosúil, ar féidir an fhaisnéis is gá a sholáthar ina leith.

8.  Má chinntear go bhfuil bagairt díobhála ábhartha ann, beidh sé bunaithe ar fhíorais seachas ar líomhaintí, tuairimíocht nó féidearthacht fhánach. Ní mór go mbeadh an t-athrú ar imthosca a chruthódh cás ina mbeadh an fóirdheontas ina chúis díobhála, intuartha go soiléir agus ar tí tarlú.

Agus cinneadh á dhéanamh gurb ann do bhagairt díobhála ábhartha, ba cheart fachtóirí cosúil leis na fachtóirí seo a leanas a mheas:

(a) cineál an fhóirdheontais nó na bhfóirdheontas i dtrácht agus na héifeachtaí trádála is dóchúil a thiocfadh astu;

(b) ráta suntasach méadaithe ar allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith isteach i margadh an Aontais, rud a léiríonn gur dóchúil go mbeidh méadú suntasach ar allmhairí;

(c) acmhainn leordhóthanach an onnmhaireora atá indiúscartha go héasca nó méadú atá ar tí tarlú agus suntasach san acmhainn sin a léiríonn an dóchúlacht go dtiocfidh méadú suntasach ar onnmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith isteach san Aontas, ag cur san áireamh infhaighteachta margaí onnmhairiúcháin eile a ghlacfadh aon onnmhairí breise.

(d) cibé an bhfuil allmhairí ag teacht isteach ar phraghsanna, a laghdódh praghsanna go suntasach nó a choiscfeadh méadú ar phraghsanna a tharlódh murach sin, agus ar dochúil go méadóidís an t-éileamh ar allmhairí breise;

(e) fardail an táirge a bhfuil imscrúdú á dhéanamh air.

Ní féidir treoir chinntitheach a fháil de riachtanas ó fhachtóir amháin díobhsan, ach ní mór a bhaint de thátal as iomlán na bhfachtóirí go bhfuil tuilleadh onnmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar tí teacht agus, mura ndéantar beart cosantach, go dtarlóidh díobháil ábhartha.

Airteagal 9

Sainmhíniú ar thionscal de chuid an Aontais

▼M2

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar an téarma “tionscal an Aontais” a léiriú mar théarma lena dtagraítear do tháirgeoirí táirgí cosúla an Aontais ina n-iomláine nó do na táirgeoirí sin díobh arb ionann aschur comhchoiteann a dtáirgí agus céatadán suntasach de tháirgeadh iomlán an Aontais de na táirgí sin, ach amháin:

▼B

(a) nuair atá táirgeoirí comhlachaithe leis na honnmhaireoirí nó na hallmhaireoirí nó gur allmhaireoirí an táirge a líomhnaítear a fhóirdheonaíodh iad na táirgeoirí féin, féadfar an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a léiriú mar thagairt don chuid eile de na táirgeoirí;

(b) in imthosca eisceachtúla féadfar críoch an Aontais, i gcás an táirgeadh i gceist, a roinnt in dhá margadh iomaíocha nó níos mó agus féadfar na táirgeoirí i ngach margadh a mheas mar thionscal ar leithligh, ar na coinníollacha seo a leanas:

(i) má dhíolann na táirgeoirí sa mhargadh sin a dtáirgeacht uile, nó geall leis, den táirge i gceist, sa mhargadh sin; agus

(ii) maidir leis an éileamh sa mhargadh sin ní táirgeoirí an táirge i gceist atá lonnaithe in áit eile san Aontas a sholáthraíonn é go haon leibhéal suntasach.

In imthosca den sórt sin, féadfar a chinneadh gurb ann do dhíobháil fiú i gcás nach ndéantar díobháil do chuid mhór den tionscal iomlán de chuid an Aontais, ar an gcoinníoll go bhfuil comhdhlúthacht allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith curtha isteach sa mhargadh sin ar leithligh agus ar choinníoll freisin gur cúis díobhála na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith do tháirgeoirí na táirgeachta uile sa mhargadh sin, nó geall leis.

2.  Chun críocha mhír 1, ní mheasfar go bhfuil táirgeoirí comhlachaithe le honnmhairí nó le hallmhairí ach amháin:

(a) má rialaíonn ceann amháin acu an ceann eile go díreach nó go hindíreach; nó

(b) má tá an dá cheann faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; nó

(c) más rud é, in éineacht lena chéile go rialaíonn siad tríú páirtí go díreach nó go hindíreach, ar choinníoll go bhfuil forais ann lena chreidiúint nó bheith in amhras faoi gurb é toradh an chaidrimh go n-iompraíonn an táirgeoir lena mbaineann é féin ar bhealach atá éagsúil le hiompar táirgeoirí neamhchomhlachaithe.

Chun críocha na míre seo, measfar go rialaíonn ceann amháin ceann eile nuair is féidir leis an gcéad cheann srian a chur ar an dara ceann nó é a rialú ó thaobh dlí nó oibríochta.

3.  I gcás inar léiríodh an tionscal de chuid an Aontais mar thagairt do tháirgeoirí i réigiún áirithe, tabharfar deis do na honnmhaireoirí nó don rialtas a bhronnann fóirdheontais in-fhrithchúitithe gealltanais a thairiscint de bhun Airteagal 13 i ndáil leis an réigiún lena mbaineann. Sna cásanna sin, agus leas an Aontais sna bearta á mheasúnú, tabharfar aird ar leith ar leas an réigiúin. Mura dtairgtear gealltanas leormhaith go pras nó má tá feidhm ag na cásanna atá leagtha amach in Airteagal 13(9) agus (10), féadfar dleacht frithchúitimh shealadach nó chinntitheach a fhorchur san Aontas ina iomláine. Sna cásanna sin féadfar na dleachtanna, más indéanta, a shrianadh do tháirgeoirí nó onnmhaireoirí sonracha.

4.  Beidh forálacha Airteagal 8(7) infheidhme maidir leis an Airteagal seo.

Airteagal 10

Imeachtaí a thionscnamh

1.  Ach amháin mar a fhoráiltear i mír 8, déanfar imscrúdú lena gcinnfear arb ann d'aon fhóirdheontas líomhnaithe, agus méid agus éifeacht an fhóirdheontais sin, a thionscnamh le gearán i scríbhinn ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó ó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann an tionscail de chuid an Aontais.

▼M2

Ina theannta sin, féadfaidh tionscal an Aontais, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige atá ag gníomhú thar a cheann, agus ceardchumainn gearáin a thíolacadh go comhpháirteach, nó féadfaidh ceardchumainn tacú leo. Ní dhéanann sé seo difear don deis atá ann do thionscal an Aontais an gearán a aistarraingt.

▼B

Féadfar an gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin, nó faoi bhráid Ballstáit a sheolfaidh chuig an gCoimisiún é. Seolfaidh an Coimisiún cóip d'aon ghearán a gheobhaidh sé chuig na Ballstáit. Measfar gur taisceadh an gearán ar an gcéad lá oibre tar éis a sheachadta don Choimisiún trí phost cláraithe nó tar éis admháil fála a bheith eisithe ag an gCoimisiún.

In éagmais aon ghearáin, agus i gcás ina bhfuil go leor fianaise ag Ballstát maidir le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil dá thoradh sin don tionscal de chuid an Aontais, déanfaidh an Ballstát an fhianaise sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin láithreach.

▼M2

1a.  Déanfaidh an Coimisiún rochtain ar an ionstraim cosanta trádála a éascú d’earnálacha tionscail éagsúlaithe agus ilroinnte, atá comhdhéanta den chuid is mó d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), trí Dheasc Chabhrach tiomanta do FBManna, mar shampla trí fheasacht i dtaobh na hionstraime a mhúscailt, trí fhaisnéis agus mínithe ghinearálta a thabhairt maidir le nósanna imeachta agus maidir leis an gcaoi le gearán a thíolacadh, trí cheistneoirí caighdeánacha a sheoladh i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus trí fhreagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ghinearálta nach mbaineann le cásanna sonracha.

Déanfaidh an Deasc Chabhrach do FBManna foirmeacha caighdeánacha le haghaidh staidrimh a chur ar fáil, ar fhoirmeacha iad atá le tíolacadh ar mhaithe le seasamh gnó agus le ceistiúcháin.

▼B

2.  Beidh san áireamh i ngearán faoi mhír 1 go leor fianaise maidir le fóirdheontais in-fhrithchúitithe (lena n-áirítear méid na bhfóirdheontas sin, más féidir), díobháil a bheith ann chomh maith le nasc cúisíoch idir na hallmhairí a líomhnaítear gur tugadh fóirdheontas ina leith agus an díobháil líomhnaithe. Beidh sa ghearán an fhaisnéis sin atá ar fáil go réasúnach don ghearánach maidir leis an méid seo a leanas:

(a) céannacht an ghearánaigh agus tuairisc ón ngearánach ar mhéid agus luach táirgthe an táirge chomhchosúil san Aontas. I gcás ina ndéantar gearán i scríbhinn thar ceann an tionscail de chuid an Aontais, sainaithneoidh an gearánach an tionscal ar thar a cheann a dhéantar an gearán le liosta de tháirgeoirí cruthaithe go léir an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil (nó comhlachais de tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil) agus, a mhéid agus is féidir, le tuairisc ar mhéid agus luach táirgthe an táirge chomhchosúil san Aontas ag na táirgeoirí sin;

(b) tuairisc iomlán ar an táirge a líomhnaítear gur tugadh fóirdheontas ina leith, ainm na tíre tionscnaimh nó onnmhairithe nó na dtíortha tionscnaimh nó onnmhairithe i gceist, céannacht gach onnmhaireora aitheanta nó gach táirgeora iasachta aitheanta agus liosta de gach duine is eol a allmhairíonn an táirge i gceist;

(c) fianaise gurb ann do na fóirdheontais i dtrácht, agus maidir le méid, cineál agus in-fhrithchúiteacht na bhfóirdheontas sin

(d) na hathruithe ar mhéid na n-allmhairí a líomhnaítear gur tugadh fóirdheontas ina leith, éifeacht na n-allmhairí sin ar phraghasanna an táirge chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus tionchar iarmhartach na n-allmhairí ar an tionscal de chuid an Aontais, mar atá léirithe ag tosca agus innéacsanna ábhartha a bhaineann le staid an tionscail de chuid an Aontais, amhail iad siúd a liostaítear in Airteagal 8(2) agus (4).

3.  Scrúdóidh an Coimisiún, a mhéid is féidir, cruinneas agus leordhóthanacht na fianaise arna soláthar sa ghearán chun a chinneadh an bhfuil go leor fianaise ann chun údar maith a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh.

4.  Féadfar imscrúdú a thionscnamh d'fhonn a chinneadh cibé an fóirdheontais “sonracha” de réir bhrí Airteagal 4(2) agus (3) na fóirdheontais líomhnaithe, nó nach ea.

5.  Féadfar imscrúdú a thionscnamh chomh maith maidir le bearta den chineál a liostaítear in Iarscríbhinn IV, sa mhéid go bhfuil fóirdheontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de chuid éigin iontu, d'fhonn a chinneadh cibé an gcomhlíonann na bearta i dtrácht forálacha na hIarscríbhinne sin go hiomlán, nó nach gcomhlíonann.

6.  Ní dhéanfar imscrúdú de bhun mhír 1 a thionscnamh ach amháin má chinntear, ar bhonn an mhéid atá táirgeoirí an táirge chomhchosúil san Aontas ag tacú leis an ngearán, nó an mhéid atá siad ag cur ina aghaidh, gurb ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais an gearán. Measfar gur gearán ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais atá ann má thacaíonn táirgeoirí sin an Aontais leis arb ionann a n-aschur comhchoiteann agus níos mó na 50 % de tháirgeadh iomlán an táirge chomhchosúil arna tháirgeadh ag an gcuid sin den tionscal de chuid an Aontais atá ag tacú leis an ngearán, nó atá ag cur ina aghaidh. Mar sin féin, ní dhéanfar aon imscrúdú a thionscnamh i gcás inar lú ná 25 % de tháirgeadh iomlán an táirge chomhchosúil a tháirgeann an tionscal de chuid an Aontais táirgeadh na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a thacaíonn go sainráite leis an ngearán.

7.  Seachnóidh na húdaráis aon phoibliú ar an ngearán lena n-iarrtar imscrúdú a thionscnamh, ach amháin má tá cinneadh déanta imscrúdú a thionscnamh. Mar sin féin, chomh luath agus is féidir tar éis gearán a bhfuil na doiciméid chuí ag gabháil leis a fháil de bhun an Airteagail seo, agus in aon chás sula ndéanfar imscrúdú a thionscnamh, tabharfaidh an Coimisiún fógra do rialtas na tíre tionscnaimh nó/agus don tír is onnmhaireoir lena mbaineann, agus tabharfar cuireadh chuig comhairliúchán dóibh a mbeidh sé mar aidhm ag an gcomhairliúchán sin an staid maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 2 a shoiléiriú agus comhréiteach sásúil a bhaint amach.

▼M1

Ina theannta sin, táirgfidh an Coimisiún comhairliúcháin don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir lena mbaineann maidir le fóirdheontais eile a sainaithníodh le linn an imscrúdaithe. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún achoimre ar na príomhghnéithe a bhaineann le fóirdheontais eile, go háirithe na fóirdheontais dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, a chur chuig an tír thionscnaimh agus/nó an tír is onnmhaireoir. Mura gcumhdóidh an fógra tionscnaimh na fóirdheontais bhreise, leasófar an fógra tionscnaimh agus foilseofar an leagan leasaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tabharfar am breise agus am leordhóthanach do na páirtithe leasmhara uile lena dtuairimí a thabhairt.

▼B

8.  Más rud é, in imthosca speisialta, go gcinneann an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh gan gearán i scríbhinn a bheith faighte aige ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais chun an imscrúdú sin a thionscnamh, déanfar é sin ar bhonn fianaise leordhóthanach go bhfuil fóirdheontais in-fhrithchúitithe, díobháil agus nasc cúisíoch ann, mar a léirítear i mír 2, chun údar a thabhairt leis an tionscnamh sin. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a chinneadh go raibh gá leis an imscrúdú sin a thionscnamh.

9.  Déanfar an fhianaise maidir le fóirdheontais agus díobháil araon a mheas go comhuaineach mar chuid den chinneadh imscrúdú a thionscnamh, nó gan é a thionscnamh. Diúltófar do ghearán i gcás nach ann do go leor fianaise maidir le fóirdheontais in-fhrithchúitithe ná maidir le díobháil chun údar a thabhairt dul ar aghaidh leis an gcás. Ní dhéanfar imeachtaí a thionscnamh in aghaidh tíortha arb ionann a n-allmhairí agus sciar níos lú ná 1 % den mhargadh, ach amháin i gcás ina mbíonn 3 % nó níos mó de thomhaltas an Aontais sna tíortha sin le chéile.

10.  Féadfar an gearán a aistarraingt sula ndéanfar é a thionscnamh, agus measfar sa chás sin nár taisceadh é.

11.  I gcás inar léir go bhfuil go leor fianaise ann chun údar a thabhairt le himeachtaí a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún amhlaidh laistigh de 45 lá ón dáta ar taisceadh an gearán agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás nach bhfuil go leor fianaise ann, cuirfear é sin in iúl don ghearánach laistigh de 45 lá ón ngearán a thaisceadh leis an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar an ngearán de ghnáth laistigh de 21 lá ón ngearán a thaisceadh leis an gCoimisiún.

12.  Leis an bhfógra faoi thionscnamh na n-imeachtaí tabharfar fógra maidir le tionscnamh imscrúdaithe, luafar an táirge agus na tíortha lena mbaineann, déanfar achoimre ar an bhfaisnéis a fuarthas, agus déanfar foráil maidir leis an gCoimisiún a chur ar an eolas faoin bhfaisnéis ábhartha uile.

Luafar na tréimhsí ar laistigh díobh a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iad féin a chur in aithne, a gcuid tuairimí a nochtadh i scríbhinn agus faisnéis a chur isteach, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh san imscrúdú. Luafar ann chomh maith an tréimhse ar laistigh díobh a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 11(5).

13.  Tabharfaidh an Coimisiún comhairle do na honnmhaireoirí, na hallmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha arb eol dó iad a bheith bainteach, agus don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir agus do na gearánaigh, maidir le tionscnamh na n-imeachtaí agus, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda, cuirfidh sé téacs iomlán an ghearáin i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do na honnmhaireoirí aitheanta agus d'údaráis na tíre tionscnaimh agus/nó d'údaráis na tíre is onnmhaireoir, agus cuirfear é ar fáil do pháirtithe leasmhara bainteacha eile arna iarraidh sin. I gcás ina bhfuil líon an-mhór onnmhaireoirí ann, féadfar téacs iomlán an ghearáin i scríbhinn a chur ar fáil do húdaráis na tíre tionscnaimh agus/nó d'údaráis na tíre is onnmhaireoir nó don chomhlachas trádála ábhartha, agus dóibh siúd amháin.

14.  Ní chuirfidh imscrúdú ar dhleacht frithchúitimh bac ar nósanna imeachta imréitigh custaim.

Airteagal 11

An t-imscrúdú

1.  Tar éis na himeachtaí a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit, tús le himscrúdú ar leibhéal an Aontais. Cumhdóidh imscrúdú den sórt sin fóirdheontas a thabhairt agus díobháil araon, agus imscrúdófar go comhuaineach iad.

Chun críche toraidh ionadaíoch, roghnófar tréimhse imscrúdaithe, i gcás fóirdheontas a thabhairt, lena gcumhdófar, de ghnáth, an tréimhse imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 5.

De ghnáth, ní chuirfear san áireamh faisnéis a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe.

2.  Páirtithe a fhaigheann ceistneoirí mar chuid d'imscrúdú ar dhleacht frithchúitimh, tabharfar 30 lá ar a laghad dóibh le freagraí a thabhairt. Beidh feidhm leis an teorainn ama d'onnmhaireoirí ón dáta a fhaightear an ceistneoir, agus chun na críche sin measfar é a bheith faighte seachtain ón lá a seoladh chuig an bhfreagróir é nó ón lá a seoladh chuig ionadaí taidhleoireachta iomchuí na tíre tionscnaimh agus/nó ionadaí taidhleoireachta iomchuí na tíre is onnmhaireoir é. Féadfar síneadh ar an tréimhse 30 lá a thabhairt, agus aird chuí á tabhairt ar theorainn ama an imscrúdaithe, ar choinníoll go dtaispeánann an páirtí go bhfuil údar maith le síneadh den sórt sin, i ngeall ar a chúinsí.

3.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar, agus déanfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarrataí den sórt sin.

Seolfaidh siad an fhaisnéis arna hiarraidh chuig an gCoimisiún maille le torthaí na scrúduithe, na seiceálacha nó na n-imscrúduithe go léir a rinneadh.

I gcás ina bhfuil leas ginearálta leis an bhfaisnéis sin nó i gcás inar iarr Ballstát an fhaisnéis, déanfaidh an Coimisiún í a sheoladh chuig na Ballstáit, ar choinníoll nach faisnéis rúnda atá inti, agus sa chás sin seolfar achoimre neamhrúnda ar aghaidh.

4.  Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit na seiceálacha agus scrúduithe go léir is gá a dhéanamh, i measc onnmhaireoirí, trádálaithe agus tháirgeoirí an Aontais go háirithe, agus féadfaidh sé iarraidh orthu imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha, ar choinníoll go dtugann na gnólachtaí lena mbaineann a dtoiliú agus gur tugadh fógra oifigiúil do rialtas na tíre i dtrácht agus nach ndéanann siad aon agóid.

Glacfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarrataí den sórt sin ón gCoimisiún.

Údarófar d'oifigigh an Choimisiúin cúnamh a thabhairt d'oifigigh Ballstát a ndualgais a chomhlíonadh, má iarrann an Coimisiún nó Ballstát amhlaidh.

5.  Tabharfar éisteacht do na páirtithe leasmhara a chuir iad féin in aithne i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 10(12) má tá iarraidh i scríbhinn ar éisteacht déanta acu laistigh den tréimhse atá leagtha síos san fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarraidh ina léiríonn siad gur páirtí leasmhar iad ar dócha go ndéanfaidh toradh na n-imeachtaí difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a bheith acu.

6.  Cuirfear deiseanna ar fáil, arna iarraidh sin, do na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí agus do na gearánaigh a chuir iad féin in aithne i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 10(12), agus do rialtas na tíre tionscnaimh agus/nó do rialtas na tíre is onnmhaireoir, teacht le chéile leis na páirtithe sin a bhfuil leas codarsna acu, ionas gur féidir tuairimí malartacha a chur i láthair agus argóintí frisnéise a chur chun tosaigh.

Agus deiseanna den sórt sin á gcur ar fáil, ní mór a chur san áireamh an gá le rúndacht a choimeád chomh maith le háisiúlacht do na páirtithe.

Ní bheidh oibleagáid ar aon pháirtí freastal ar chruinniú agus mura bhfreastalóidh siad air ní dhéanfaidh sin aon dochar do chás an pháirtí sin.

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis ó bhéal dá bhforáiltear sa mhír seo, sa mhéid go ndéanfar í a dhearbhú i scríbhinn ina dhiaidh sin.

▼M2

7.  Féadfaidh táirgeoirí an Aontais, rialtas na tíre tioscnaimh agus /nó onnmhairithe, na ceardchumainn, na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus eagraíochtaí tomhaltóirí, a chuir iad féin in aithne i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 10(12), maille le hionadaithe na tíre is onnmhaireoir, arna iarraidh sin, scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis go léir a chuir aon pháirtí in imscrúdú ar fáil don Choimisiún, seachas doiciméid inmheánacha a d’ullmhaigh údaráis an Aontais nó a mBallstát, ar choinníoll an fhaisnéis sin a bheith ábhartha chun a gcásanna a léiriú agus gan a bheith rúnda de réir bhrí Airteagal 29 agus go bhfuil sé in úsáid san imscrúdú.

▼B

Féadfaidh na páirtithe sin freagairt a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus cuirfear a mbarúlacha san áireamh i gcás ina bhfuil na barúlacha sin réasúnaithe a dhóthain sa fhreagairt.

8.  Seachas i gcúinsí dá bhforáiltear in Airteagal 28, déanfar cruinneas na faisnéise a chuireann páirtithe leasmhara ar fáil, agus ar a bhfuil na torthaí bunaithe, a scrúdú a mhéid agus is féidir.

▼M2

9.  Maidir le himeachtaí a thionscnaítear de bhun Airteagal 10(11), déanfar, i ngach cás ina bhféadfar é sin a dhéanamh, imscrúdú a thabhairt i gcrích laistigh de 1 bhliain amháin. Ar aon chuma, i ngach cás déanfar imscrúduithe den sórt sin a thabhairt i gcrích laistigh de 13 mhí ó thráth a dtionscnaimh, i gcomhréir leis na torthaí a fhaightear de bhun Airteagal 13 le haghaidh gealltanas nó na torthaí a fhaightear de bhun Airteagal 15 le haghaidh gníomhaíocht chinntitheach. Beidh tréimhsí imscrúdaithe, aon uair is indéanta agus go háirithe i gcás earnálacha éagsúlaithe agus ilroinnte atá comhdhéanta den chuid is mó de FBManna, i gcomhthráth leis an mbliain airgeadais.

▼B

10.  Le linn an imscrúdaithe, tabharfaidh an Coimisiún deis réasúnach don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir leanúint leis an gcomhairliúchán d'fhonn an staid fhíorasach a shoiléiriú agus comhréiteach sásúil a bhaint amach.

▼M2

11.  Iarrtar ar tháirgeoirí táirge cosúil an Aontais comhoibriú leis an gCoimisiún in imscrúduithe arna dtionscnamh de bhun Airteagal 10(8).

12.  Beidh oifig an Oifigigh Éisteachta, a leagtar a chumhachtaí agus a fhreagrachtaí amach i sainordú arna ghlacadh ag an gCoimisiún, i bhfeidhm ag an gCoimisiún agus déanfaidh an t-oifigeach feidhmiú éifeachtach chearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara a choimirciú.

▼B

Airteagal 12

Bearta sealadacha

▼M2

1.  Féadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur:

(a) má thionscnaítear imeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 10;

(b) má thugtar fógra ina leith sin agus má thugtar deis leordhóthanach do pháirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach agus tuairimí a thabhairt i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 10(12);

(c) má dhéantar cinneadh sealadach dearfach go dtairbhíonn an táirge allmhairithe d’fhóirdheontais in-fhrithchúitithe agus de dhíobháil do thionscal an Aontais de thoradh na dumpála sin; agus

(d) ar mhaithe le leas an Aontais, le hidirghabháil a dhéanamh chun díobháil den sórt sin a chosc.

Déanfar na dleachtanna sealadacha a fhorchur tráth nach luaithe ná 60 lá ó dháta thionscnamh na n-imeachtaí ach nach déanaí ná 9 mí ó dháta thionscnamh na n-imeachtaí.

Freagróidh méid na dleachta frithchúitimh sealadaí do mhéid iomlán na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe arna bhunú go sealadach.

I gcás inar féidir leis an gCoimisiún, ar bhonn na faisnéise ar fad a chuirtear isteach, baint de thátal as go soiléir ar bhonn sealadach nach chun leasa an Aontais é an dleacht shealadach a fhorchur ag an méid sin, is ionann an dleacht frithchúitimh shealadach agus an méid is leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais, más ísle sin ná méid iomlán na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe.

Ní dhéanfar dleachtanna sealadacha a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse trí seachtaine i ndiaidh na faisnéise a sheoladh chuig páirtithe leasmhara faoi Airteagal 29a (tréimhse réamhnochta). Beidh soláthar faisnéise den sórt sin gan dochar d’aon chinneadh gaolmhar a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú faoin 9 Meitheamh 2020, chun féachaint ar tharla ardú suntasach sna hallmhairí le linn na tréimhse réamhnochta agus chun féachaint, má tharla ardú den sórt sin, an ndearna sé díobháil bhreise do thionscal an Aontais, d’ainneoin na mbeart a d’fhéadfadh bheith tógtha ag an gCoimisiún bunaithe ar Airteagal 24(5a) agus ar Airteagal 15(1). Braithfidh sé go háirithe ar shonraí arna mbailiú ar bhonn Airteagal 24(6) agus ar aon fhaisnéis ábhartha a bheidh ar fáil dó. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32b chun fad na tréimhse réamhnochta a leasú go 2 sheachtain i gcás ina dtiocfaidh ardú suntasach ar allmhairithe ar cúis leo díobháil bhreise agus go 4 seachtaine murar amhlaidh an cás.

Poibleoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin a rún chun dleachtanna sealadacha a fhorchur, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na rátaí dleachta féideartha, ag an am céanna agus a chuirfidh sé an fhaisnéis ar fáil do pháirtithe leasmhara de bhun Airteagal 29a.

▼M2

1a.  Nuair a ríomhtar an corrlach díobhála ar bhonn spriocphraghais, bunófar an spriocbhrabús a úsáidfear agus gnéithe á gcur san áireamh amhail leibhéal na brabúsachta roimh an ardú ar allmhairí ón tír atá faoi réir imscrúdú, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chlúdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a fhéadfar bheith ag súil léi faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Ní bheidh corrlach brabúis den sórt sin níos lú ná 6 %.

1b.  Nuair a bheidh an spriocphraghas á bhunú, déanfar costas iarbhír tháirgeadh thionscal an Aontais, a eascraíonn as comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil agus as na prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, nó as Coinbhinsiúin de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo, a léiriú mar is cuí. Thairis sin, déanfar costais a ghearrfar amach anseo, nach gclúdaítear i mír 1a den Airteagal seo a ghabhann leis an Rialachán seo, a eascraíonn as na comhaontuithe agus as na coinbhinsiúin sin agus a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 18(1), a chur san áireamh.

▼B

2.  Déanfar dleachtanna sealadacha a urrú le ráthaíocht, agus beidh scaoileadh na dtáirgí lena mbaineann i saorchúrsaíocht san Aontas ag brath ar ráthaíocht den sórt sin a sholáthar.

3.  Glacfaidh an Coimisiún bearta sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(4).

4.  I gcás ina n-iarrann Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh láithreach agus ina gcomhlíontar na coinníollacha atá sa chéad agus sa dara fomhír de mhír 1, cinnfidh an Coimisiún, laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ón dáta a fhaightear an iarraidh, an bhforchuirfear dleacht frithchúitimh shealadach.

5.  Déanfar dleachtanna frithchúitimh sealadacha a fhorchur ar feadh uastréimhse ceithre mhí.

Airteagal 13

Gealltanais

▼M2

1.  I gcás ina mbeidh cinneadh sealadach dearfach déanta i dtaobh fóirdheontasaithe agus díobhála, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25(2), gealltanais dheonacha agus shásúla a ghlacadh, ar gealltanais iad ar fúthu:

(a) a chomhaontóidh an tír tionscnaimh agus/nó onnmhairithe an fóirdheontassa a dhíothú nó a theorannú nó bearta eile a dhéanamh maidir lena éifeachtaí; nó

(b) a ghabhfaidh aon onnmhaireoir air féin a phraghsanna a athbhreithniú nó deireadh a chur le honnmhairí chuig an limistéar lena mbaineann fad a thairbheoidh onnmhairithe den sórt sin d’fhóirdheontais in-fhrithchúitithe, ar phraghsanna dumpáilte, má dhíothaítear éifeacht dhíobhálach na dumpála dá bhrí sin.

I gcás den sórt sin agus fad a bheidh gealltanais den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag dleachtanna sealadacha a fhorchuirfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(3), ná ag dleachtanna cinntitheacha a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 15(1), de réir mar a bheidh, maidir le hallmhairithe ábhartha an táirge lena mbaineann a mhonaraigh na cuideachtaí dá dtagraítear sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar le gealltanais, arna leasú ina dhiaidh sin.

Ní bheidh arduithe praghais faoi ghealltanais den sórt sin níos airde ná an méid is gá chun méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a fhrithchúiteamh.

I gcás inar féidir leis an gCoimisiún, ar bhonn na faisnéise uile a chuirtear isteach, a bhaint de thátal as go soiléir ar bhonn sealadach nach chun leasa an Aontais é an méadú praghas a chinneadh faoi ghealltanais den sórt sin, i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, beidh an méadú faoi ghealltanais den sórt sin faoi bhun mhéid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe dá mbeadh méadú den sórt sin leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais.

▼B

2.  Féadfaidh an Coimisiún gealltanais a mholadh, ach ní bheidh oibleagáid ar aon tír ná ar aon onnmhaireoir gealltanas den sórt sin a thabhairt. I gcás nach dtugann tíortha ná onnmhaireoirí gealltanais den sórt sin, nó nach nglacann siad le cuireadh iad a thabhairt, ní dhéanfaidh sé aon dochar do bhreithniú an cháis.

Mar sin féin, d'fhéadfaí a chinneadh gur dhóchúla toradh a bheith ar bhagairt díobhála má leantar le fóirdheontas a thabhairt i leith allmhairí. Ní dhéanfar gealltanais a iarraidh ná a ghlacadh ó thíortha ná ó onnmhaireoirí ach i gcás ina ndearnadh cinneadh sealadach dearfach i dtaobh fóirdheontas a thabhairt agus díobhála mar thoradh ar thabhairt fóirdheontais den sórt sin.

▼M2

Ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, ní fhéadfar gealltanais a thabhairt níos déanaí ná 5 lá roimh dheireadh na tréimhse inar féidir uiríll a dhéanamh de bhun Airteagal 30(5), d’fhonn a áirithiú go mbeidh an deis ag páirtithe eile a dtuairimí a chur in iúl.

3.  Ní gá glacadh le gealltanais a tugadh má mheastar gur neamhphraiticiúil iad a ghlacadh, eadhon i gcás in bhfuil an líon onnmhaireoirí atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann rómhór, nó ar chúiseanna eile, lena n-áirítear cúiseanna a bhaineann leis an mbeartas ginearálta lena gcuimsítear go háirithe na prionsabail agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil agus sna prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu agus Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo. D’fhéadfaí na cúiseanna ar a bhfuil sé beartaithe an tairiscint ar ghealltanas a dhiúltú a sholáthar don onnmhaireoir agus/nó don tír tionscnaimh /onnmhairithe lena mbaineann, agus d’fhéadfaí deis a thabhairt dó a bharúlacha ina leith a thabhairt. Leagfar cúiseanna an diúltaithe amach sa chinneadh cinntitheach.

4.  Maidir le páirtithe a thairgeann gealltanas, beidh de cheangal orthu leagan neamhrúnda de ghealltanas den sórt sin a sholáthar, leagan ciallmhar de bhrí Airteagal 29, ionas go bhféadfar é a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara san imscrúdú, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Thairis sin, sula nglacfaidh sé le haon tairiscint den sórt sin, tabharfar deis do thionscal an Aontais a thuairim a chur in iúl maidir le príomhghnéithe ghealltanais.

▼B

5.  I gcás ina nglactar le gealltanais déanfar an t-imscrúdú a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

6.  Má ghlactar leis na gealltanais, is gnách go ndéanfar an t-imscrúdú maidir le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil a thabhairt chun críche. Sa chás sin, má dhéantar cinneadh diúltach maidir le fóirdheontas a thabhairt nó díobháil, rachaidh an gealltanas as feidhm láithreach, seachas i gcásanna ina ndearnadh an cinneadh sin go mór mór mar go raibh gealltanas ann. I gcásanna mar sin, d'fhéadfadh gá a bheith leis an ngealltanas a choinneáil ar feadh tréimhse réasúnaí.

Más cinneadh dearfach maidir le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil a dhéantar, leanfar le feidhm a bheith ag an ngealltanas i gcomhréir le téarmaí an ghealltanais agus le forálacha an Rialacháin seo.

7.  Ceanglóidh an Coimisiún ar aon tír nó ar aon onnmhaireoir ar glacadh gealltanais uathu faisnéis a sholáthar, go tréimhsiúil, ar faisnéis í is iomchuí maidir le comhlíonadh an ghealltanais sin, agus fíorú na sonraí is ábhartha a cheadú. Mura gcomhlíontar na ceanglais sin measfar gur sárú ar an ngealltanas atá ann.

8.  I gcás ina nglactar le gealltanais ó onnmhaireoirí áirithe le linn imscrúdaithe, measfar go mbeidh éifeacht leo, chun críocha Airteagail 18, 19, 20 agus 22, ón dáta a dhéantar an t-imscrúdú maidir leis an tír thionscnaimh agus/nó an tír is onnmhaireoir a thabhairt i gcrích.

9.  I gcás ina ndéanann aon pháirtí sa ghealltanas gealltanas a shárú nó a aistarraingt, nó i gcás ina ndéanann an Coimisiún glacadh an ghealltanais a aistarraingt, aistarraingeoidh an Coimisiún glacadh an ghealltanais, de réir mar is iomchuí, agus beidh feidhm ag an dleacht shealadach a d'fhorchuir an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12 nó ag an dleacht chinntitheach a d'fhorchuir an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 15(1), ar choinníoll go dtugtar deis don onnmhaireoir lena mbaineann, nó don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir barúlacha a thabhairt, ach amháin má aistarraingíonn an t-onnmhaireoir sin nó an tír sin glacadh an ghealltanais. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit nuair a chinnfidh sé gealltanas a aistarraingt.

Féadfaidh aon pháirtí leasmhar nó aon Bhallstát faisnéis a thíolacadh, ar fianaise prima facie í gur sáraíodh gealltanas. De ghnáth, an measúnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar cibé acu ar sáraíodh gealltanas nó nár sáraíodh, tabharfar i gcrích é laistigh de shé mhí, ach ní thabharfar i gcrích é, in aon chás, níos déanaí ná naoi mí tar éis iarraidh a bhfuil údar cuí léi a fháil.

Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ó údaráis inniúla na mBallstát chun faireachán a dhéanamh ar na gealltanais.

10.  Féadfar go bhforchuirfear dleacht shealadach i gcomhréir le hAirteagal 12 ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil, nuair atá cúis a chreidiúint go bhfuil gealltanas á shárú, nó i gcás ina ndéanfar gealltanas a shárú nó a aistarraingt, nuair nár tugadh an t-imscrúdú as ar tháinig an gealltanas i gcrích.

Airteagal 14

Foirceannadh gan bearta a ghlacadh

1.  I gcás ina ndéantar an gearán a aistarraingt, is féidir na himeachtaí a fhoirceannadh ach amháin mura mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leasa an Aontais.

2.  I gcás ina bhfuil bearta cosanta neamhriachtanach déanfar an t-imscrúdú nó na himeachtaí a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

3.  Déanfar na himeachtaí a fhoirceannadh láithreach i gcás ina gcinntear gur méid de minimis méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe, i gcomhréir le mír 5, nó gur diomaibhseach an díobháil nó méid na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith atá ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann.

4.  I gcás imeachtaí arna dtionscnamh de bhun Airteagal 10(11), is gnách go bhféachfar ar dhíobháil mar dhíobháil dhiomaibhseach i gcás ina bhfuil sciar margaidh na n-allmhairí níos lú ná na méideanna atá leagtha síos in Airteagal 10(9). Maidir le himscrúduithe a bhaineann le hallmhairí ó thíortha atá i mbéal forbartha, measfar gur diomaibhseach méid na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith chomh maith más ionann é agus níos lú ná 4 % d'allmhairí go léir an táirge chomhchosúil san Aontas, ach amháin nuair is ionann allmhairí na dtíortha atá i mbéal forbartha a bhfuil a sciar féin de na hallmhairí níos lú ná 4 %, nuair is ionann na hallmhairí sin le chéile agus níos mó ná 9 % de na hallmhairí go léir den táirge comhchosúil san Aontas.

▼M2

5.  Glacfar leis go mbeidh méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe de minimis má tá méid den sórt sin níos lú ná 1 % ad valorem. Maidir leis na himscrúduithe a bhaineann le hallmhairí ó thíortha i mbéal forbartha, beidh an tairseach de minimis cothrom le 2 % ad valorem, áfach.

▼B

Airteagal 15

Dleachtanna cinntitheacha a fhorchur

1.  I gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh iad, go bhfuil fóirdheontais in-fhrithchúitithe ann agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall orthu, agus go bhfuil gá, chun leas an Aontais, le hidirghábháil i gcomhréir le hAirteagal 31, forchuirfidh an Coimisiún dleacht frithchúitimh chinntitheach, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3). I gcás ina bhfuil dleachtanna sealadacha i bhfeidhm, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta sin tráth nach déanaí ná mí amháin roimh dhul in éag na ndleachtanna sin.

Ní fhorchuirfear aon bhearta i gcás ina n-aistarraingítear an fóirdheontas nó na fóirdheontais nó i gcás inar léiríodh nach bhfuil na honnmhaireoirí ag baint aon tairbhe as na fóirdheontais a thuilleadh.

▼M2

Ní rachaidh méid na dleachta frithchúitimh thar méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe arna bhunú.

I gcás inar féidir leis an gCoimisiún, ar bhonn na faisnéise uile a chuirtear isteach, a bhaint de thátal as go soiléir nach chun leasa an Aontais é méid na mbeart a chinneadh i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, beidh méid na dleachta frithchúitimh níos lú dá mbeadh dleacht níos lú den sórt sin leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais.

I gcás nár chláraigh an Coimisiún allmhairithe, agus i gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, bunaithe ar anailís ar an bhfaisnéis ábhartha uile atá ar fáil dó agus bearta críochnaitheacha á nglacadh aige, go dtarlaíonn ardú suntasach breise ar allmhairithe atá faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamhnochta, léireoidh an Coimisiún an díobháil bhreise atá mar thoradh ar mhéadú den sórt sin agus an corrlach díobhála á chinneadh do thréimhse nach faide ná an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 18(1).

▼B

2.  Déanfar dleacht frithchúitimh a fhorchur sna méideanna iomchuí i ngach cás, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar allmhairí táirge a thagann ó aon fhoinse ar léir a bhaineann tairbhe as fóirdheontais in-fhrithchúitithe agus a dhéanann díobháil, seachas allmhairí ó na foinsí sin ar glacadh le gealltanais uathu faoi théarmaí an Rialacháin seo.

Sa Rialachán lena bhforchuirtear an dleacht, sonrófar an dleacht le haghaidh gach soláthraí nó, más rud é nach praiticiúil é sin a dhéanamh, le haghaidh na tíre soláthair lena mbaineann.

3.  I gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis a imscrúdú a theorannú i gcomhréir le hAirteagal 27, aon dleacht frithchúitimh a ghearrfar ar allmhairí ó onnmhaireoirí nó ó tháirgeoirí a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 27 ach nach raibh cumhdaithe san imscrúdú, ní bheidh an dleacht frithchúitimh sin níos mó ná meánmhéid ualaithe na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a leagadh síos le haghaidh na bpáirtithe sa sampla.

Chun críocha na míre seo, tabharfaidh an Coimisiún neamhaird ar aon fhóirdheontais in-fhrithchúitithe de mhéid nialais nó de minimis agus ar mhéideanna d'fhóirdheontais in-fhrithchúitithe arna leagan síos sna cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 28.

Cuirfear dleachtanna aonair i bhfeidhm ar allmhairí ó aon onnmhaireoir nó táirgeoir a ndearnadh méid fóirdheontas aonair a thabhairt ina leith a ríomh, mar a fhoráiltear in Airteagal 27.

Airteagal 16

Cúlghabhálacht

1.  Ní chuirfear bearta sealadacha ná dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha i bhfeidhm ach ar tháirgí a chuirtear i saorchúrsaíocht i ndiaidh don bheart a glacadh de bhun Airteagal 12(1) nó Airteagal 15(1), de réir an cháis, a theacht i bhfeidhm, faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.  I gcás ina mbeidh dleacht shealadach curtha i bhfeidhm agus i gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh iad, go bhfuil fóirdheontais in-fhrithchúitithe agus díobháil ann, cinnfidh an Coimisiún cén cion den dleacht shealadach atá le bailiú go cinntitheach, is cuma má tá dleacht frithchúitimh chinntitheach le forchur, nó nach bhfuil.

Chun na críche sin, ní aireofar le “díobháil” moilliú ábhartha i dtaca le tionscal de chuid an Aontais a bhunú, ná bagairt díobhála ábhartha, ach amháin i gcás inar léir go mbeadh díobháil ábhartha mar thoradh uirthi in éagmais beart sealadach. I ngach cás eile a bhaineann le bagairt nó moilliú den sórt sin, scaoilfear aon mhéideanna sealadacha agus ní fhéadfar dleachtanna cinntitheacha a fhorchur ach ón dáta a dhéantar cinneadh deiridh maidir le bagairt nó moilliú ábhartha.

3.  Má tá an dleacht frithchúitimh chinntitheach níos airde ná an dleacht shealadach, ní dhéanfar an difríocht a bhailiú. Má tá an dleacht frithdhumpála chinntitheach níos ísle ná an dleacht shealadach, déanfar an dleacht a athríomh. I gcás ina ndéantar cinneadh deiridh atá diúltach, ní dhéanfar an dleacht shealadach a dheimhniú.

4.  Féadfar dleacht frithchúitimh chinntitheach a ghearradh ar tháirgí a scaoileadh lena gcaitheamh tráth nach déanaí ná 90 lá roimh dháta chur i bhfeidhm beart sealadach ach gan an dáta sin a bheith roimh thionscnamh an imscrúdaithe, ar choinníoll:

(a) na hallmhairí a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 24(5);

(b) deis a gcuid barúlacha a thabhairt a bheith tugtha ag an gCoimisiún do na hallmhaireoirí lena mbaineanna;

(c) imthosca ríthábhachtacha a bheith ann ina ndéantar díobháil don táirge ar tugadh fóirdheontas ina leith i dtrácht, díobháil atá deacair a dheisiú, agus ar de dheasca méid mór allmhairí a theacht isteach laistigh de thréimhse sách gearr de tháirge a bhaineann tairbhe as fóirdheontais in-fhrithchúitithe faoi théarmaí an Rialacháin seo is cúis leis an díobháil sin; agus

(d) go meastar gur gá, chun nach dtarlóidh an díobháil sin arís, measúnú cúlghabhálach a dhéanamh ar dhleachtanna frithchúitimh ar na hallmhairí sin.

5.  I gcásanna ina ndéanfar gealltanais a shárú nó a aistarraingt, féadfar dleachtanna cinntitheacha a ghearradh ar tháirgí a chuirtear i saorchúrsaíocht tráth nach mó ná 90 lá roimh dháta chur i bhfeidhm beart sealadach, ar choinníoll gur cláraíodh na hallmhairí i gcomhréir le hAirteagal 24(5), agus nach mbeidh feidhm ag aon mheasúnú cúlghabhálach den sórt sin ar allmhairí a chuirtear i saorchúrsaíocht roimh shárú nó aistarraingt an ghealltanais.

Airteagal 17

Fad tréimhse

Ní bheidh feidhm ag beart frithchúitimh ach amháin a fhad, agus a mhéid atá gá leis chun gníomhú in aghaidh na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe is cúis díobhála.

Airteagal 18

Athbhreithnithe éaga

1.  Rachaidh beart frithchúitimh cinntitheach in éag cúig bliana ón dáta a fhorchuirfear é nó cúig bliana ó dháta an athbhreithnithe is déanaí lena gcumhdaíodh fóirdheontas a thabhairt agus díobháil araon, ach amháin má chinntear in athbhreithniú gur dhócha go leanfaí le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag an bhirt. Déanfar athbhreithniú éaga den sórt sin a thionscnamh ar thionscnamh an Choimisiúin, nó ar iarraidh tháirgeoirí an Aontais, nó thar ceann tháirgeoirí an Aontais, agus fanfaidh an beart i bhfeidhm ar feitheamh thoradh an athbhreithnithe sin.

▼M2

Má théann an beart in éag tar éis imscrúdaithe de bhun an Airteagail seo, déanfar aon dleacht a bailíodh ó dháta tionscnaimh imscrúdú den sórt sin ar earraí a ndearnadh imréiteach custaim orthu a aisíoc ar choinníoll go n-iarrtar sin ar na húdaráis náisiúnta custaim agus go ndeonaíonn na húdaráis sin i gcomhréir le reachtaíocht custaim an Aontais is infheidhme maidir le haisíocaíocht agus loghadh dleachtanna. Ní íocfaidh na húdaráis náisiúnta custaim lena mbaineann ús mar thoradh ar aisíocaíocht den sórt sin.

▼B

2.  Déanfar athbhreithniú éaga a thionscnamh i gcás ina bhfuil go leor fianaise san iarraidh gur dhócha go leanfaí le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. D'fhéadfadh dóchúlacht den sórt sin a léiriú, mar shampla, trí fhianaise go bhfuil fóirdheontas a thabhairt agus díobháil ann i gcónaí nó trí fhianaise a bheith ann nach ann don díobháil a thuilleadh mar thoradh iomlán nó páirt-thoradh ar bhearta nó trí fhianaise a bheith ann go léiríonn cúinsí na n-onnmhaireoirí nó coinníollacha an mhargaidh gur dhócha go ndéanfaí tuilleadh fóirdheontas díobhálach a thabhairt.

3.  Agus imscrúduithe á ndéanamh faoin Airteagal seo, tabharfar deis d'onnmhaireoirí, d'allmhaireoirí, don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí an Aontais a mbarúlacha a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú, agus bainfear conclúidí amach agus aird chuí á tabhairt ar an bhfianaise ábhartha go léir a bhfuil na doiciméid chuí ag gabháil léi a cuireadh i láthair maidir leis an gceist cibé an dócha go leanfaí le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag beart, nó nach dócha.

4.  Foilseofar fógra maidir le dul in éag atá le tarlú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag tráth iomchuí le linn bhliain dheiridh thréimhse chur i bhfeidhm na mbeart mar atá sainmhínithe san Airteagal seo. Ina dhiaidh sin, beidh táirgeoirí an Aontais i dteideal iarraidh ar athbhreithniú a thaisceadh i gcomhréir le mír 2, tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Foilseofar fógra chomh maith ina bhfógrófar dul in éag iarbhír beart faoin Airteagal seo.

Airteagal 19

Athbhreithnithe eatramhacha

1.  D'fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh chomh maith ar an ngá le leanúint leis na bearta a fhorchur, má tá údar leis sin, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó ar iarraidh ó Bhallstát nó, ar choinníoll tréimhse réasúnach ama d'aon bhliain amháin ar a laghad a bheith caite ó forchuireadh an bhirt chinntithigh, ar iarraidh ó aon onnmhaireoir nó allmhaireoir nó ó tháirgeoirí an Aontais, nó ón tír thionscnaimh agus/nó ón tír is onnmhaireoir a bhfuil go leor fianaise inti chun údar a léiriú le hathbhreithniú eatramhach den sórt sin.

2.  Tionscnófar athbhreithniú eatramhach i gcás ina bhfuil go leor fianaise san iarraidh le nach bhfuil gá níos mó leis an mbeart a fhorchur chun gníomhú in aghaidh an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe agus/nó nach dócha go leanfadh an díobháil, nó go dtosódh sé arís dá gcuirfí deireadh leis an mbeart, nó dá n-athrófaí é, nó nach bhfuil an beart atá ann leordhóthanach, nó leordhóthanach níos mó, chun gníomhú in aghaidh an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe is cúis díobhála.

3.  I gcás ina bhfuil na dleachtanna frithchúitimh a fhorchuirtear níos lú ná méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a fuarthas, féadfar athbhreithniú eatramhach a thionscnamh má thíolacann táirgeoirí an Aontais nó aon pháirtí leasmhar eile faisnéis leordhóthanach, laistigh de dhá bhliain ó theacht i bhfeidhm na mbeart de ghnáth, lena léirítear laghdú ar phrasghsanna onnmhairiúcháin tar éis an tréimhse imscrúdaithe bunaidh agus roimh nó i ndiaidh na mbeart a fhorchur, nó lena léirítear nach raibh aon athrú ar phraghsanna athdhíola an táirge allmhairithe san Aontas, nó go raibh athrú neamhleor ar na praghsanna sin. I gcás ina gcruthaíonn an t-imscrúdú go bhfuil na líomhaintí fíor, féadfar dleachtanna frithchúitimh a ardú chun an t-ardú praghais is gá a bhaint amach chun an díobháil a réiteach. Mar sin féin, ní bheidh an leibhéal ardaithe dleachta níos mó ná méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe.

Féadfar an t-athbhreithniú eatramhach a athoscailt chomh maith, faoi na coinníollacha thuasluaite, ar thionscnamh an Choimisiúin nó ar iarraidh ó Bhallstát.

4.  Agus imscrúduithe á ndéanamh de bhun an Airteagail seo, féadfaidh an Coimisiún, inter alia, a mheas cibé an bhfuil athrú suntasach tagtha ar na cúinsí a bhaineann le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil, nó nach bhfuil, nó cibé an bhfuil na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir leis an díobháil a cinneadh roimhe seo faoi Airteagal 8 á mbaint amach leis na bearta atá ann faoi láthair, nó nach bhfuil. Maidir leis sin, cuirfear an fhianaise ábhartha go léir atá doiciméadaithe i gceart san áireamh sa chinneadh deiridh.

Airteagal 20

Athbhreithnithe brostaithe

I gcás onnmhaireora a bhfuil a onnmhairí faoi réir dleachta frithchúitimh cinntithí ach nach ndearnadh imscrúdú ina aonar air le linn an imscrúdaithe bunaidh mar gheall ar chúiseanna eile seachas diúltú comhar a thabhairt don Choimisiún, beidh sé i dteideal, arna iarraidh sin, athbhreithniú brostaithe ionas go mbeidh an Coimisiún in ann ráta dleachta frithchúitimh ar leith a leagan síos don onnmhaireoir sin.

Tionscnófar an t-athbhreithniú sin tar éis deis a thabhairt do tháirgeoirí an Aontais barúlacha a thabhairt.

Airteagal 21

Aisíocaíochtaí

1.  D'ainneoin Airteagal 18, féadfaidh allmhaireoir aisíocaíocht dleachtanna a bailíodh a iarraidh i gcás ina léirítear go bhfuarthas réidh le méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe, a bhí mar bhonn le híoc na ndleachtanna, nó gur laghdaíodh é go leibhéal atá faoi bhun leibhéal na dleachta i bhfeidhm.

2.  Agus aisíocaíocht ar dhleachtanna frithchúitimh á hiarraidh, tíolacfaidh an t-allmhaireoir iarratas chuig an gCoimisiúin. Déanfar an t-iarratas a thíolacadh trí Bhallstát na críche inar cuireadh na táirgí i saorchúrsaíocht, laistigh de sé mhí ón dáta a chinn na húdaráis inniúla méid na ndleachtanna cinntitheacha a bhí le gearradh nó laistigh de sé mhí ón dáta a tógadh cinneadh cinntitheach na méideanna a bhailiú a bhí urraithe le dleacht shealadach. Seolfaidh na Ballstáit an iarraidh chuig an gCoimisiún láithreach.

3.  Ní mheasfar go bhfuil go leor fianaise ag tacú le hiarratas ar aisíocaíocht ach amháin má tá fáisnéis bheacht ann maidir le méid na ndleachtanna frithchúitimh atá éilithe mar aisíocaíocht agus na doiciméid chustaim go léir maidir leis an méid sin a ríomh agus a íoc. Beidh fianaise ann freisin, le haghaidh tréimhse ionadaíoch, maidir le méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe don onnmhaireoir nó don táirgeoir a bhfuil an dleacht infheidhme maidir leis. I gcásanna nach bhfuil baint ag an allmhaireoir leis an onnmhaireoir ná leis an táirgeoir lena mbaineann agus nach bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil láithreach, nó i gcásanna nach bhfuil an t-onnmhaireoir ná an táirgeoir toilteanach é a chur ar fáil don allmhaireoir, beidh ráiteas san iarratas ón onnmhaireoir nó ón táirgeoir gur laghdaíodh méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe, nó go bhfuarthas réidh leo, mar a shonraítear san Airteagal seo, agus go gcuirfear an fhianaise tacaíochta ábhartha ar fáil don Choimisiún. I gcás nach bhfaightear fianaise den sórt sin ón onnmhaireoir ná ón táirgeoir laistigh de thréimhse ama réasúnach, déanfar an t-iarratas a dhiúltiú.

4.  Cinnfidh an Coimisiún ar cheart an t-iarratas a dheonú agus an chuid de a dheonófar, nó féadfaidh sé a chinneadh ag tráth ar bith athbhreithniú eatramhach a thionscnamh, agus leis sin, úsáidfear an fhaisnéis agus na cinntí ó athbhreithniú den sórt sin, a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hathbhreithnithe den sórt sin, d'fhonn a chinneadh an mbeidh bonn cirt le haisíocaíocht agus a mhéid a bheidh bonn cirt léi.

Is iondúil go ndéanfar dleachtanna a aisíoc laistigh de 12 mhí agus nach déanaí ná 18 mí in aon chúinsí tar éis an dáta a rinne allmhaireoir an táirge atá faoi réir na dleachta frithchúitimh iarraidh ar aisíocaíocht, agus beidh fianaise chuí ag tacú leis an iarratas sin.

Ba cheart do na Ballstáit aon aisíocaíocht arna húdarú a íoc de ghnáth laistigh de 90 lá ón dáta a dhéantar an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 22

Forálacha ginearálta maidir le hathbhreithnithe agus aisíocaíochtaí

1.  Beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Rialacháin seo maidir le nósanna imeachta agus imscrúduithe a sheoladh, seachas iad siúd a bhaineann le teorainneacha ama, i dtaca le haon athbhreithniú arna ndéanamh de bhun Airteagal 18, Airteagal 19 agus Airteagal 20.

Na hathbhreithnithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 18 agus Airteagal 19, déanfar go pras iad agus tabharfar i gcrích iad, de ghnáth, laistigh de 12 mhí ó dháta tionscnaimh an athbhreithnithe. Ar aon chuma, athbhreithnithe a dhéanfar de bhun Airteagal 18 agus Airteagal 19, déanfar iad a thabhairt i gcrích i ngach cás laistigh de 15 mhí ó dháta an tionscnaimh.

Déanfar na hathbhreithnithe de bhun Airteagal 20 a thabhairt i gcrích i ngach cás laistigh de naoi mí ó dháta an tionscnaimh.

Má thionscnaítear athbhreithniú de bhun Airteagal 18 fad agus atá athbhreithniú faoi Airteagal 19 ar siúl mar chuid den imeacht chéanna, tabharfar an t-athbhreithniú de bhun Airteagal 19 i gcrích ag an am céanna leis an am atáthar ag súil leis an athbhreithniú de bhun Airteagal 18 a thabhairt i gcrích.

Mura dtabharfar an t-imscrúdú i gcrích laistigh de na spriocanna ama a shonraítear sa dara fhomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír, maidir leis na bearta:

(a) rachaidh siad in éag i gcás imscrúduithe de bhun Airteagal 18;

(b) rachaidh siad in éag i gcás imscrúduithe de bhun Airteagal 18 agus Airteagal 19 ag an am céanna, i gcás inar tionscnaíodh an t-imscrúdú de bhun Airteagal 18 fad is a bhí athbhreithniú á dhéanamh faoi Airteagal 19 le linn na n-imeachtaí céanna, nó i gcás inar tionscnaíodh athbhreithnithe den sórt sin ag an am céanna; nó

(c) ní thiocfaidh aon athrú orthu i gcás imscrúduithe de bhun Airteagal 19 agus Airteagal 20.

Foilseofar fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar go bhfuil na bearta de bhun na míre seo ag dul in éag nó á gcoimeád.

2.  Tionscnóidh an Coimisiún athbhreithnithe de bhun Airteagal 18, Airteagal 19 agus Airteagal 20. Cinnfidh an Coimisiún an dtionscnóidh sé athbhreithnithe de bhun Airteagal 18 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2). Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin do na Ballstáit tar éis d'oibreoir nó do Bhallstát iarraidh a thíolacadh lena dtugtar bonn cirt chun athbhreithniú a thionscnamh de bhun Airteagal 19 agus Airteagal 20 agus tar éis don Choimisiún a anailís air a thabhairt chun críche nó tar éis don Choimisiún a chinneadh gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá le leanúint le bearta a fhorchur.

3.  I gcás ina ndlífidh athbhreithnithe é, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3), déanfar bearta a aisghairm nó a choimeád de bhun Airteagal 18, nó a aisghairim, a choimeád nó a leasú de bhun Airteagal 19 agus Airteagal 20.

4.  I gcás ina n-aisghairfear bearta maidir le honnmhaireoirí ar leith, ach nach ndéanfar iad a aisghairm don tír ina hiomláine, beidh na honnmhaireoirí sin fós faoi réir na n-imeachtaí agus d'fhéadfaí iad a imscrúdú arís in aon athbhreithniú a dhéanfar ina dhiaidh sin maidir leis an tír sin de bhun an Airteagail seo.

5.  I gcás ina bhfuil athbhreithniú ar bhearta de bhun Airteagal 19 ar bun ag deireadh na tréimhse ina gcuirtear na bearta sin i bhfeidhm mar atá sainmhínithe in Airteagal 18, déanfar na bearta a imscrúdú faoi fhorálacha Airteagal 18 freisin.

6.  I ngach imscrúdú athbhreithnithe nó aisíocaíochta a dhéantar de bhun Airteagal 18 go hAirteagal 21, bainfidh an Coimisiún úsáid as an modh céanna agus a d'úsáid sé san imscrúdú a raibh an dleacht mar thoradh air, ar choinníoll nár athraíodh na cúinsí, agus tabharfar aird chuí ar Airteagail 5, 6, 7 agus 27.

Airteagal 23

Teacht timpeall

1.  Féadfar dleachtanna frithchúitimh arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo a leathnú chuig allmhairí den táirge comhchosúil ó thríú tíortha, bíodh siad modhnaithe beagán nó gan a bheith modhnaithe, nó d'fhéadfaí iad a ghearradh ar allmhairí den táirge comhchosúil atá modhnaithe beagán ón tír atá faoi réir beart, nó cuid de bhearta, i gcás ina bhfuil teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm ag tarlú.

2.  Féadfar dleachtanna frithchúitimh nach mó ná an dleacht frithchúitimh iarmharach arna forchur i gcomhréir le hAirteagal 15(2) a leathnú chuig allmhairí ó chomhlachtaí a bhaineann tairbhe as dleachtanna aonair sna tíortha atá faoi réir beart nuair atá teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm ag tarlú.

3.  Déanfar teacht timpeall a shainmhíniú mar athrú ar an bpatrún trádála idir tríú tíortha agus an tAontas nó idir comhlachtaí aonair sa tír faoi réir beart agus an tAontas, agus eascraíonn sé as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil údar maith dóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas an dleacht a fhorchur, agus i gcás ina bhfuil fianaise maidir le díobháil ann nó go bhfuil an bonn á bhaint d'éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta i dtéarmaí praghsanna agus/nó cainníochtaí an táirge chomhchosúil, agus go bhfuil an táirge comhchosúil a allmharaíodh agus/nó páirteanna den táirge sin ag baint tairbhe i gcónaí as an bhfóirdheontas.

Áirítear na nithe seo a leanas, inter alia, sa chleachtas, próiseas nó obair dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) modhnú beag ar an táirge lena mbaineann ionas go bhfuil sé faoi réir cóid chustaim nach mbíonn faoi réir na mbeart de ghnáth, ar choinníoll nach n-athraíonn an modhnú sin saintréithe an táirge;

(b) coinsíniú an táirge atá faoi réir bearta trí thríú tíortha;

(c) atheagrú a bpatrún agus a mbealaí díolacháin sa tír atá faoi réir beart ag onnmhaireoirí nó táirgeoirí d'fhonn a gcuid táirgí a onnmhairiú faoi dheireadh chuig an Aontas trí tháirgeoirí a bhaineann tairbhe as dleachtráta aonair atá níos ísle ná an dleachtráta is infheidhme ar tháirgí na monaróirí.

▼M2

4.  Tionscnófar imscrúduithe de bhun an Airteagail seo ar thionscnamh ón gCoimisiún nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó d’aon pháirtí leasmhar ar bhonn go leor fianaise a bheith ann maidir leis na tosca a leagtar amach i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo. Déanfar tionscnaimh trí mheán rialachán ón gCoimisiún lena ndéanfar na húdaráis chustaim a threorú freisin maidir le hallmhairí a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 24(5) nó ráthaíochtaí a iarraidh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin do na Ballstáit tar éis do pháirtí leasmhar nó do Bhallstát iarraidh a chur isteach lena dtugtar bonn cirt chun imscrúdú a thionscnamh agus tar éis don Choimisiún a anailís air a thabhairt chun críche, nó tar éis don Choimisiún féin a chinneadh go bhfuil gá le himscrúdú a thionscnamh.

▼B

Déanfaidh an Coimisiúin an t-imscrúdú. Féadfaidh na húdaráis chustaim a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún agus déanfar na himscrúduithe a thabhairt i gcrích laistigh de naoi mí.

I gcás go dtugann na fíorais, mar a shuífear sa deireadh iad, bonn cirt chun na bearta a fhadú, déanfaidh an Coimisiún sin, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Gabhfaidh éifeacht leis an bhfadú ón dáta a forchuireadh an clárú de bhun Airteagal 24(5) nó ón dáta ar iarradh ráthaíochtaí. Beidh feidhm ag forálacha nós imeachta ábhartha an Rialacháin seo maidir leis an tionscnamh agus maidir le stiúradh imscrúduithe de bhun an Airteagail seo.

5.  Ní bheidh allmhairí faoi réir clárúchán de bhun Airteagal 24(5) ná faoi réir bearta i gcás ina bhfuil siad á dtrádáil ag cuideachtaí a bhaineann tairbhe as díolúintí.

6.  Déanfar iarrataí ar dhíolúintí a bhfuil fianaise leo a thíolacadh laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos sa Rialachán ón gCoimisiún lena dtionscnaítear an t-imscrúdú.

▼M2

I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó obair imchéimnithe lasmuigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú ar tháirgeoirí an táirge lena mbaineann nach bhfuil páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar a sainmhínítear i mír 3.

I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó obair imchéimnithe laistigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú ar allmhaireoirí a léiríonn nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar a sainmhínítear i mír 3.

▼B

Deonaítear na díolúintí sin le cinneadh ón gCoimisiún agus beidh siad bailí ar feadh na tréimhse agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a anailís a thabhairt i gcrích.

Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 20, féadfar díolúintí a dheonú chomh maith i ndiaidh an imscrúdaithe is cúis le fadú na mbeart a thabhairt i gcrích.

7.  Ar choinníoll aon bhliain amháin ar a laghad a bheith caite ó fhadú na mbeart, agus má tá líon suntasach páirtithe atá ag iarraidh díolúine, nó a d'fhéadfadh díolúine a iarraidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh athbhreithniú ar fhadú na mbeart a thionscnamh. Déanfar aon athbhreithniú den sórt sin i gcomhréir le forálacha Airteagal 22(1) mar is infheidhme maidir le hathbhreithnithe faoi Airteagal 19.

8.  Ní chuirfidh aon rud san Airteagal seo bac ar ghnáthchur i bhfeidhm na bhforálacha i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 24

Forálacha ginearálta

1.  Is le Rialachán a fhorchuirfear dleachtanna frithchúitimh sealadacha nó cinntitheacha, agus baileoidh na Ballstáit iad de réir na foirme, an ráta arna sonrú agus na gcritéar eile atá leagtha síos sa Rialachán lena bhforchuirtear na dleachtanna sin. Déanfar na dleachtanna sin a bhailiú ar leithligh ó na dleachtanna custaim, na cánacha agus na muirir eile a ghearrtar de ghnáth ar allmhairí.

Ní bheidh aon táirge faoi réir dleachtanna frithdhumpála agus dleachtanna frithchúitimh ag an am céanna d'fhonn déileáil leis an staid chéanna mar thoradh ar dhumpáil nó ar fhóirdheontas a thabhairt i leith onnmhairí.

2.  Rialacháin lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh sealadacha nó cinntitheacha, agus Rialacháin nó Cinntí lena nglactar le gealltanais nó lena bhfoirceanntar imscrúduithe nó imeachtaí, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Agus aird chuí á tabhairt ar fhaisnéis rúnda a chosaint, beidh sna Rialacháin nó sna Cinntí sin, go háirithe, ainmneacha na n-onnmhaireoirí, más féidir, nó na dtíortha lena mbaineann, tuairisc ar an táirge agus achoimre ar na fíorais agus na breithnithe is ábhartha i ndáil le cinntí maidir le fóirdheontas a thabhairt agus díobháil. I ngach cás, cuirfear cóip den Rialachán nó den Chinneadh chuig na páirtithe leasmhara aitheanta. Beidh feidhm ag forálacha na míre seo mutatis mutandis maidir le hathbhreithnithe.

▼M2

3.  Féadfar forálacha speisialta, go háirithe maidir leis an sainmhíniú comhchoiteann ar choincheap an tionscnaimh, mar atá i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), agus maidir le cur i bhfeidhm agus bailiú dleachta frithchúitimh i scairbh ilchríochach Ballstáit nó limistéar eacnamaíoch eisiach arna dhearbhú ag Ballstát de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS), a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo.

▼B

4.  Chun leasa an Aontais, féadfar bearta arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo a chur ar fionraí ar feadh tréimhse 9 mí le cinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2). Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2), síneadh nach mó ná bliain amháin a chur leis an bhfionraí sin.

Ní fhéadfar bearta a chur ar fionraí ach amháin i gcás ina bhfuil athrú sealadach tagtha ar choinníollacha an mhargaidh sa mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de dheasca na fionraí, agus ar choinníoll gur tugadh deis don tionscal de chuid an Aontais a mbarúlacha a thabhairt agus go bhfuil na barúlacha sin curtha san áireamh. Féadfar bearta a chur i bhfeidhm arís tráth ar bith i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 25(2) mura bhfuil feidhm le cúis na fionraí a thuilleadh.

▼M2

5.  Amhail ó thionscnamh an imscrúdaithe agus tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas i dtráth cuí, féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do na húdaráis custaim na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí a chlárú ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar na hallmhairí sin ó dháta clárúcháin den sórt sin ar aghaidh. Déanfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin tar éis iarraidh a fháil ó thionscal an Aontais ina bhfuil go leor fianaise chun údar a thabhairt do ghníomh den sórt sin. Féadfar allmhairí a chur faoi réir clárúchán ar thionscnamh an Choimisiúin freisin. Is le rialachán de chuid an Choimisiúin a thabharfar clárú isteach. Déanfar cuspóir an bhirt agus, más iomchuí, meastachán ar mhéid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shonrú i rialachán den sórt sin. Ní bheidh an tréimhse ina gcuirfear allmhairí faoi réir clárúcháin níos faide ná 9 mí.

▼M2

5a.  Déanfaidh an Coimisiún, mura mbeidh go leor fianaise aige de réir bhrí Airteagal 10 nach gcloítear leis na ceanglais faoi phointe (c) nó faoi phointe (d) d’Airteagal 16(4), allmhairí a chlárú de bhun mhír 5 den Airteagal seo le linn na tréimhse réamhnochta de bhun Airteagal 29a. Agus cinneadh á dhéanamh faoi chlárúchán, go háirithe déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a bhaileofar bunaithe ar chruthú chóid Tharaif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh (TARIC) don táirge atá faoi réir imscrúdú de bhun mhír 6 den Airteagal seo.

▼M2

6.  Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún gach mí maidir le trádáil allmhairí ar táirgí iad atá faoi réir imscrúdú agus bearta, agus maidir leis an méid dleachtanna a bailíodh de bhun an Rialacháin seo. Agus tús á chur le himscrúdú de bhun Airteagal 10, cruthóidh an Coimisiún cóid TARIC a chomhfhreagraíonn don táirge atá faoi réir imscrúdú. Bainfidh na Ballstáit úsáid as na cóid TARIC sin d’fhonn tuarascáil a thabhairt faoi allmhairí an táirge atá faoi réir imscrúdú amhail ó thús an imscrúdaithe. Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh réasúnaithe ar leith a fháil ó pháirtí leasmhar, a chinneadh achoimre neamhrúnda a thabhairt dóibh ar an bhfaisnéis i ndáil le méideanna agus luachanna comhiomlána allmhairithe na dtáirgí lena mbaineann.

▼B

7.  Gan dochar do mhír 6, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit, ar bhonn gach cáis faoi leith, an fhaisnéis is gá a sholáthar chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart. Chuige sin, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 11(3) agus Airteagal 11(4). Aon sonraí a thíolacfaidh na Ballstáit de bhun an Airteagail seo,cumhdófar faoi fhorálacha Airteagal 29(6) iad.

▼M2

8.  I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aon doiciméad a ghlacadh lena soláthraítear treoir ghinearálta do pháirtithe leasmhara féideartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 11(3) CAE. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl freisin.

Airteagal 24a

Scairbh ilchríochach Ballstáit nó limistéar eacnamaíoch eisiach

1.  Féadfar dleacht frithchúitimh a fhorchur freisin ar aon táirge ar tugadh fóirdheontas ina leith a dtugtar méideanna go leor de go dtí oileán saorga, suiteáil sheasta nó ar snámh nó aon struchtúr eile i scairbh ilchríochach Ballstáit nó i limistéar eacnamaíoch eisiach dearbhaithe ag Ballstát de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS), i gcás ina ndéanfaí díobháil do thionscal an Aontais mar gheall air sin. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos na coinníollacha chun dleachtanna den sórt sin a thabhú mar aon leis na nósanna imeachta a bhaineann le táirgí den sórt sin a fhógairt agus a dhearbhú agus le híocaíocht dleachtanna den sórt sin, lena n-áirítear aisghabháil, aisíocaíocht agus loghadh (uirlis chustaim). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

2.  Is amhail ón dáta a mbeidh an uirlis chustaim oibríochtúil dá dtagraítear i mír 1 amháin a fhorchuirfidh an Coimisiún dleachtanna dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na hoibreoirí eacnamaíocha go léir go bhfuil an uirlis chustaim oibríochtúil trí fhoilsiú ar leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼B

Airteagal 25

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh an Coiste a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta le hAirteagal 4 de.

5.  De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn maidir le bearta cinntitheacha a ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil le hathbhreithnithe éaga a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh de bhun Airteagal 18 den Rialachán seo, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, amhlaidh. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile ina ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile nuair nach ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh an cheathrú chuid de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

6.  Féadfaidh an coiste aon ábhar a mheas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhar é a tharraingeoidh an Coimisiún anuas nó ar iarratas ó Bhallstát. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis a iarraidh agus féadfaidh siad tuairimí a mhalartú sa choiste nó go díreach leis an gCoimisiún.

Airteagal 26

Cuairteanna fíorúcháin

1.  Tabharfaidh an Coimisiúin, má mheasann sé gurb iomchuí, cuairteanna ar allmhaireoirí, onnmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, comhlachais agus eagraíochtaí trádála agus chun a dtaifid a scrúdú, agus chun faisnéis a soláthraíodh ar fhóirdheonú agus ar dhíobháil a fhíorú. In éagmais freagra chuí agus thráthúil, féadfaidh sé nach ndéanfar cuairteanna fíorúcháin a thabhairt.

2.  Féadfaidh an Coimisiún imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfaigheann sé comhaontú na ngnólachtaí lena mbaineann, agus go dtugann sé fógra don tír i dtrácht agus nach gcuireann an tír sin i gcoinne an imscrúdaithe. A luaithe agus a fhaightear comhaontú na ngnólachtaí lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na ngnólachtaí a bhfuil cuairt le tabhairt orthu agus na dátaí atá socraithe in iúl don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir.

3.  Cuirfear na gnólachtaí lena mbaineann ar an eolas faoin gcineál faisnéise atá le fíorú le linn na gcuairteanna fíorúcháin agus faoi aon fhaisnéis eile is gá a sholáthar le linn na gcuairteanna sin, cé nár cheart go gcuirfeadh sin bac ar iarrataí a dhéantar le linn an fhíorúcháin sonraí breise a sholáthar i bhfianaise na faisnéise atá faighte.

4.  Sna himscrúduithe a dhéanfar de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, tabharfaidh oifigigh na mBallstát sin a iarrann amhlaidh cúnamh don Choimisiún.

Airteagal 27

Sampláil

▼M2

1.  I gcásanna ina bhfuil líon mór táirgeoirí, onnmhaireoirí nó allmhaireoirí an Aontais, cineálacha táirgí nó idirbheart ann, féadfar an t-imscrúdú a theorannú do líon réasúnta páirtithe, táirgí nó idirbheart trí úsáid a bhaint as samplaí atá bailí ó thaobh staitisticí ar bhonn faisnéise atá ar fáil tráth an roghnaithe, nó a theorannú don líon ionadaíoch is mó táirgthe, díolachán nó onnmhairí is féidir a imscrúdú go réasúnta laistigh den mhéid ama atá ar fáil.

2.  Faoin gCoimisiún a fhanfaidh sé an rogha deiridh a dhéanamh i ndáil le páirtithe, cineálacha táirgí nó idirbhearta a dhéanfar faoi na forálacha samplála seo. Chun gur féidir sampla ionadaíoch a roghnú, áfach, tabharfar tosaíocht do shampla a roghnú i gcomhar leis na páirtithe lena mbaineann, agus le cead uathu, ar choinníoll go gcuirfidh páirtithe den sórt sin iad féin in aithne agus go gcuirfidh siad go leor faisnéise ar fáil, laistigh d’aon sheachtain amháin ó lá tionscnaimh an imscrúdaithe, chun gur féidir sampla ionadaíoch a roghnú.

▼B

3.  I gcásanna ina ndéantar an t-imscrúdú a theorannú i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar méid fóirdheontas in-fhrithchúitithe ar leith a tugadh a ríomh i gcás aon onnmhaireora nó tairgeora nár roghnaíodh ar an gcéad dul síos agus a thíolacann an fhaisnéis is gá laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo, seachas i gcás ina bhfuil líon na n-onnmhaireoirí nó táirgeoirí chomh mór sin go mbeadh ró-ualach ag baint le himscrúduithe aonair agus go gcuirfidís bac ar an imscrúdú a thabhairt chun críche in am trátha.

4.  I gcás ina ndéantar cinneadh sampláil a dhéanamh agus nach gcomhoibríonn roinnt de na páirtithe a roghnaíodh, nó nach gcomhoibríonn aon cheann acu, rud a d'fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh do thoradh an imscrúdaithe, féadfar sampla nua a roghnú.

Mar sin féin, má leantar le méid ábhartha den neamh-chomhoibriú sin nó mura bhfuil go leor ama ann sampla nua a roghnú, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Airteagal 28.

Airteagal 28

Neamh-chomhoibriú

1.  I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a sholáthar ar an bhfaisnéis is gá, nó mura soláthraíonn sé an fhaisnéis sin laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó má chuireann sé isteach go mór ar an imscrúdú, féadfar na torthaí sealadacha nó deiridh, bíodh siad dearfach nó diúltach, a bhunú ar na fíorais atá ar fáil.

I gcás inar léir gur sholáthar páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin agus úsáidfear na fíorais atá ar fáil.

Ba cheart páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi iarmhairtí an neamh-chomhoibrithe.

2.  Ní mheasfar gur neamh-chomhoibriú é mainneachtain freagra leictreonach a thabhairt, ar choinníoll go léiríonn an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnach mar thoradh ar an bhfreagra a thabhairt ar an mbealach a iarradh é.

3.  Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis a thíolacann páirtí leasmhar oiriúnach ar gach bealach, níor cheart neamhaird a thabhairt uirthi mar sin féin, ar choinníoll nach bhfuil na heasnaimh tromchúiseach a ndóthain le deacracht mhíchuí a chruthú i dteacht ar thoradh a bheadh réasúnta cruinn, go gcuirtear an fhaisnéis chuí isteach in am trátha agus gur féidir í a fhíorú, agus go ndearna an páirtí a dhícheall.

4.  I gcás ina ndiúltaítear glacadh le fianaise nó le faisnéis áirithe, cuirfear an páirtí atá á soláthar ar an eolas láithreach faoi na cúiseanna a bhaineann leis an diúltú sin, agus tabharfar deis dó a chás a mhíniú tuilleadh laistigh den teorainn ama atá sonraithe. Má mheastar nach bhfuil an míniú sásúil, nochtfar na cúiseanna leis an bhfianaise nó an fhaisnéis sin a dhiúltiú, agus foilseofar iad.

5.  Má bhunaítear cinntí, lena n-áirítear na cinntí sin a bhaineann leis an líon fóirdheontas in-fhrithchúitithe, ar fhorálacha mhír 1, lena n-áirítear an fhaisnéis a sholáthraítear sa ghearán, déanfar é a sheiceáil, nuair is praiticiúil é agus aird chuí á tabhairt ar theorainneacha ama an imscrúdaithe, trí thagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ó fhoinsí neamhspleácha eile a d'fhéadfadh a bheith ar fáil, amhail liostaí foilsithe praghsanna, staitisticí oifigiúla allmhairí agus dearbhuithe custaim, nó faisnéis arna fáil ó pháirtithe leasmhara eile le linn an imscrúdaithe.

D'fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis sin sonraí ábhartha a bhaineann leis an margadh domhanda nó margaí ionadaíocha eile, nuair is iomchuí.

6.  Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar, nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus go gcoinnítear siar faisnéis ábhartha dá bhrí sin, d'fhéadfadh an toradh a bheith níos diúltaí don pháirtí ná mar a bheadh sé dá gcomhoibreodh sé.

Airteagal 29

Rúndacht

1.  Aon fhaisnéis ar fhaisnéis rúnda í (toisc go dtabharfaí buntáiste suntasach iomaíoch d'iomaitheoir dá nochtfaí í, mar shampla, nó toisc go mbeadh tionchar suntasach diúltach aici ar an duine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó ar an duine óna bhfuair sé an fhaisnéis) nó aon fhaisnéis a sholáthraíonn páirtithe ar bhonn rúnda d'imscrúdú, caithfidh na húdaráis leis amhlaidh, ar chúis a shuíomh.

2.  Ceanglófar ar pháirtithe leasmhara atá ag soláthar faisnéis rúnda, achoimrí neamhrúnda den fhaisnéis sin a sholáthar freisin. Beidh na hachoimrí sin mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a tíolacadh faoi rún a thuiscint. I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh na páirtithe sin a chur in iúl nach féidir achoimre a dhéanamh ar fhaisnéis den sórt sin. I gcúinsí eisceachtúla den sórt sin, ní mór ráiteas faoi na cúiseanna nach bhfuil sé indéanta an t-achoimriú sin a dhéanamha chur ar fáil.

3.  Más rud é go meastar nach bhfuil údar le hiarraidh ar rúndacht agus más rud é nach bhfuil soláthróir na faisnéise toilteanach an fhaisnéis a chur ar fáil ná údarú a thabhairt í a nochtadh i bhfoirm ghinearálta nó i bhfoirm achoimre, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin ach amháin más féidir le foinsí iomchuí a léiriú go bhfuil an fhaisnéis sin ceart. Ní dhéanfar iarrataí ar rúndacht a dhiúltú gan chúis.

4.  Ní chuirfidh an t Airteagal seo bac ar nochtadh faisnéise ginearálta ag údaráis an Aontais, agus go háirithe nochtadh na gcúiseanna ar a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe, ná nochtadh fianaise ar a bhfuil údaráis an Aontais ag brath sa mhéid is gur gá na cúiseanna sin a mhíniú in imeachtaí cúirte. Ní foláir a chur san áireamh sa nochtadh sin leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann i dtaobh gan rúin a ngnó a nochtadh.

5.  Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit, ná a n-oifigigh, aon fhaisnéis a gheobhaidh siad de bhun an Rialacháin seo ar faisnéis í a d'iarr an soláthróir a choinneáil faoi rún, gan sainchead a fháil ón soláthróir sin. Ní nochtfar malartuithe faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit, ná aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó na mBallstát, ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo.

6.  Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar iarradh í.

Ní chuirfidh an fhoráil seo bac ar fhaisnéis a fhaightear i gcomhthéacs imscrúdaithe amháin a úsáid chun críche imscrúduithe eile a thionscnamh laistigh de na himeachtaí céanna a bhaineann leis an táirge comhchosúil céanna.

▼M2

Airteagal 29a

Faisnéis ag an gcéim shealadach

1.  Féadfaidh táirgeoirí, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus an tír tionscnaimh/onnmhairithe, faisnéis faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha a iarraidh. Déanfar iarrataí ar fhaisnéis den sórt sin i scríbhinn laistigh den teorainn ama atá forordaithe san fhógra tionscnaimh. Soláthrófar faisnéis den sórt sin do na páirtithe sin trí seachtaine roimh dhleachtanna sealadacha a fhorchur. Áireofar ar fhaisnéis den sórt sin: achoimre ar na dleachtanna a mholtar chun críche faisnéise amháin, agus sonraí faoi ríomh an chorrlaigh fóirdheontais agus mhéid an fhóirdeontais in-fhrithchúitithe agus an chorrlaigh atá leordhóthanach chun deireadh a chur le díobháil do thionscal an Aontais, ag féachaint don riachtanas a bhaineann leis na hoibleagáidí rúndachta a luaitear in Airteagal 29 a urramú. Beidh tréimhse trí lá oibre ag páirtithe ó sholáthar faisnéis den sórt sin chun tuairimí a sholáthar maidir le beachtas na ríomhanna.

2.  Nuair nach bhfuil sé beartaithe dleachtanna sealadacha a fhorchur ach leanúint leis an imscrúdú, cuirfear neamh-fhorchur na ndleachtanna in iúl do pháirtithe leasmhara trí seachtaine roimh dhul in éag an spriocdháta atá luaite in Airteagal 12(1) d’fhorchur na ndleachtanna sealadacha.

▼B

Airteagal 30

Nochtadh

1.  Féadfaidh na gearánaigh, na honnmhaireoirí agus na hallmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus an tír thionscnaimh agus/nó an tír is onnmhaireoir, a iarraidh go nochtfar na sonraí is bunús leis na fíorais riachtanacha agus na breithnithe riachtanacha ar forchuireadh bearta sealadacha ar a mbonn. Déanfar iarrataí ar an nochtadh sin i scríbhinn díreach tar éis na bearta sealadacha a fhorchur, agus déanfar an nochtadh i scríbhinn a luaithe agus is féidir ina dhiaidh sin.

2.  Féadfaidh na páirtithe a luaitear i mír 1 nochtadh deiridh na bhfíoras riachtanach agus na mbreithnithe riachtanach a iarraidh a bhfuil sé beartaithe acu forchur beart cinntitheach, nó foirceannadh imscrúdaithe nó imeachtaí nach bhforchuirtear beart lena linn, a mholadh ar a mbonn agus aird ar leith á tabhairt ar nochtadh aon fhíoras nó aon bhreithnithe atá éagsúil leo sin a úsáidtear le haghaidh bearta sealadacha ar bith.

3.  Cuirfear iarrataí ar nochtadh deiridh faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn mí ar a dhéanaí, i gcásanna inar forchuireadh dleacht shealadach, tar éis fhorchur na dleachta sin a fhoilsiú. I gcás nár forchuireadh dleacht shealadach, tabharfar deis do pháirtithe nochtadh deiridh a iarraidh laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos ag an gCoimisiún.

4.  Is i scríbhinn a thabharfar an nochtadh deiridh. Déanfar é sin, ag féachaint go cuí don fhaisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach déanaí ná mí amháin roimh na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 14 nó in Airteagal 15 a thionscnamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais ná breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach i gcás ina bhfuil cinneadh den sórt sin bunaithe ar fhíorais agus breithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir.

5.  Aon uiríoll a dhéanfar tar éis an nochta dheiridh, ní thabharfar aird air ach amháin má fhaightear é laistigh de thréimhse a shocróidh an Coimisiún i ngach cás, ar tréimhse í nach giorra ná 10 lá, agus aird chuí á tabhairt ar phráinn an ábhair. Féadfar tréimhse níos giorra a leagan amach i gcás ina gcaithfear nochtadh deiridh sa bhreis a dhéanamh.

Airteagal 31

Leas an Aontais

1.  Bunófar cinneadh i dtaobh an bhfuil gá le hidirghabháil chun leasa an Aontais ar mheasúnú ar na leasanna éagsúla ina n-iomláine, lena n-áirítear leasanna an tionscail bhaile agus úsáideoirí agus tomhaltóirí. Ní dhéanfar cinneadh de bhun an Airteagail seo ach amháin i gcás ina bhfuil an deis tugtha do gach páirtí a thuairimí a chur in iúl de bhun mhír 2. In imscrúdú mar sin, tabharfar aird speisialta ar an ngá le fáil réidh leis na héifeachtaí saofa a bhíonn ag fóirdheontas díobhálach a tugadh ar thrádáil, agus ar iomaíocht éifeachtach a thabhairt ar ais. Ní fhéadfar bearta, arna gcinneadh ar bhonn an fhóirdheontais a tugadh agus na díobhála a rinneadh, a chur i bhfeidhm i gcás inar féidir leis na húdaráis, ar bhonn na faisnéise ar fad a tíolacadh, a bhaint de thátal as nach chun leasa an Aontais atá sé na bearta sin a chur i bhfeidhm.

▼M2

2.  D’fhonn bunús fónta a sholáthar a chuireann ar chumas na n-údarás na dearcthaí ar fad agus an fhaisnéis ar fad a chur san áireamh sa chinneadh maidir lena bhfuil nó nach bhfuil forchur na mbeart chun leasa an Aontais, féadfaidh táirgeoir, ceardchumainn, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha an Aontais, úsáideoirí ionadaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe i bhfógra tionscnaimh na n-imeachtaí dleachta frithchúitimh, iad féin a chur in iúl, agus faisnéis a sholáthar don Choimisiún. Cuirfear faisnéis den sórt sin, nó achoimrí oiriúnacha di, ar fáil do na páirtithe eile atá sonraithe san Airteagal seo, agus beidh siad i dteideal freagairt a thabhairt ar fhaisnéis den sórt sin.

▼B

3.  Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 éisteacht a iarraidh. Glacfar le hiarrataí den sórt sin i gcás ina dtíolactar iad laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach i mír 2, agus i gcás ina leagtar amach iontu, i dtéarmaí leas an Aontais, na cúiseanna i dtaobh cén fáth ar cheart éisteacht a thabhairt do na páirtithe.

▼M2

4.  Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 tuairimí a sholáthar maidir le haon dleachtanna sealadacha a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear tuairimí den sórt sin san áireamh mura bhfaighfear iad laistigh de 15 lá ó dháta chur i bhfeidhm beart den sórt sin agus cuirfear na tuairimí sin, nó achoimrí iomchuí orthu, ar fáil do pháirtithe eile a bheidh i dteideal freagra a thabhairt orthu.

▼B

5.  Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis a dhéanfar a thíolacadh go cuí agus scrúdóidh sé a ionadaí atá sí agus déanfar torthaí na hanailíse sin, mar aon le tuairim ar a fhiúntaí atá sí, a sheoladh chuig an gcoiste mar chuid den dréacht-bheart a chuirfear isteach de bhun Airteagal 14 agus Airteagal 15. Ba cheart don Choimisiún tuairimí an choiste a chur san áireamh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

6.  Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 a iarraidh go gcuirfear na fíorais agus na breithnithe ar dócha go nglacfar na cinntí deiridh ina leith ar fáil dóibh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil a mhéid is féidir agus gan dochar d'aon chinneadh a ghlacfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin.

7.  Ní chuirfear faisnéis san áireamh ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise ann a thacaíonn le bailíocht na faisnéise sin.

Airteagal 32

Naisc idir bearta um dhleachtanna frithchúitimh agus réitigh iltaobhacha

Má tá táirge allmhairithe faoi réir aon fhrithbheart a fhorchuirtear tar éis dul in iontaoibh nósanna imeachta um réiteach díospóide an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais, agus más iomchuí na bearta sin chun an díobháil a rinne na fóirdheontais in-fhrithchúitithe a leigheas, déanfar aon dleacht frithchúitimh arna forchur i ndáil leis an táirge sin a fhionraí nó a aisghairm láithreach, de réir mar is iomchuí.

▼M2

Airteagal 32a

Tuarascáil

1.  Déanfaidh an Coimisiún, agus aird chuí aige ar chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 29, tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Beidh san áireamh sa tuarascáil sin faisnéis faoi bhearta sealadacha agus bearta críochnaitheacha a chur i bhfeidhm, faoi imscrúduithe a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh, faoi ghealltanais, faoi ath-imscrúduithe, faoi athbhreithnithe agus cuairteanna fíorúcháin, agus faoi ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as sin. Déanfar úsáid d’ionstraimí maidir le cosaint trádála ag tríú tíortha lena ndírítear ar an Aontas agus achomhairc i gcoinne na mbeart a fhorchuirtear a chuimsiú sa tuarascáil freisin. Áireofar ann gníomhaíochtaí an Oifigigh Éisteachta ó Ardstiúrthóireacht Trádála an Choimisiúin agus ón Deasc chabhrach FBM i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Áireofar sa tuarascáil freisin an chaoi a fhéachadh ar chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil agus an chaoi a cuireadh san áireamh iad sna himscrúduithe. Le caighdeáin den sórt sin, cumhdófar na caighdeáin a ionchorpraítear i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil ina bhfuil an tAontas ina pháirtí agus i gCoinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo, mar aon le reachtaíocht choibhéiseach náisiúnta na tíre onnmhairithe.

2.  Faoin 9 Meitheamh 2023 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 12(1), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 13(1), agus an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 15(1), lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur i bhfeidhm seo, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, a bheith ag gabháil le hathbhreithniú den sórt sin.

Airteagal 32b

An tarmligean a fheidhmiú

1  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(1) ó 2 bhliain tar éis 8 Meitheamh 2018 agus ní féidir í a fheidhmiú ach uair amháin.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ( 3 ).

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼B

Airteagal 33

Forálacha críochnaitheacha

Ní chuirfidh an Rialachán seo bac ar chur i bhfeidhm:

(a) aon rialacha speisialta atá leagtha síos i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha;

(b) Rialacháin an Aontais i ndáil leis an earnáil talmhaíochta agus Rialachán (CE) Uimh. 1667/2006 ( 4 ) ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle ( 5 ), agus Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle ( 6 ). Feidhmeoidh an Rialachán seo mar chomhlánú ar na Rialacháin sin agus de mhaolú ó aon fhorálacha de na Rialacháin sin a chuireann bac ar chur i bhfeidhm dleachtanna frithchúitimh;

(c) bearta speisialta, ar choinníoll nach dtagann na bearta sin salach ar oibleagáidí faoi CGTT 1994.

Airteagal 34

Tuarascáil

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/1036.

Airteagal 35

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 597/2009.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléirú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 36

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

LIOSTA LÉIRITHEACH FÓIRDHEONTAS ONNMHAIRIÚCHÁIN

(a) Fóirdheontais dhíreacha arna soláthar ag rialtais le gnólacht nó le tionscal atá ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin.

(b) Scéimeanna coinneála airgeadra nó aon chleachtais dá leithéid ina gcuimseofaí bónas ar onnmhairí.

(c) Muirir iompair inmheánaigh agus muirir lasta maidir le loingsithe onnmhairiúcháin, arna soláthar nó faoi shainordú ag rialtais, ar théarmaí atá níos fabhraí ná do lastais baile.

(d) Táirgí nó seirbhísí allmhairithe nó baile arna soláthar ag rialtais nó a gcuid gníomhaireachtaí, go díreach nó go hindíreach trí scéimeanna atá sainordaithe ag rialtais, lena n-úsáid i dtáirgeadh earraí onnmhairithe, ar théarmaí nó ar choinníollacha atá níos fabhraí ná le haghaidh táirgí nó seirbhísí comhchosúla, nó atá iomaíoch go díreach, lena n-úsáid i dtáirgeadh earraí do thomhaltas intíre, más rud é (i gcás táirgí) go bhfuil téarmaí nó coinníollacha den sórt sin níos fabhraí ná a bhfuil ar fáil ( 7 ) ar bhonn tráchtála ar mhargaí domhanda dá n-onnmhaireoirí.

(e) Díolúine iomlán nó páirteach, loghadh, nó iarchur ( 8 ) a bhaineann go sonrach le honnmhairí, ar chánacha díreacha ( 9 ) nó ar mhuirir leasa shóisialta a íocadh nó is iníoctha ag fiontair thionsclaíocha nó tráchtála.

(f) Asbhaintí speisialta a cheadú a bhaineann go díreach le honnmhairí nó le feidhmíocht onnmhairiúcháin, de bhreis orthu sin a deonaíodh i leith táirgeadh le haghaidh tomhaltas intíre, chun an bonn ar a ngearrtar cánacha díreacha a ríomh.

(g) Díolúine nó loghadh, i ndáil le táirgí onnmhairithe a tháirgeadh agus a dháileadh, ar chánacha indíreacha ( 10 ) de bhreis ar na cánacha a ghearrtar i leith táirgí comhchosúla a tháirgeadh agus a dháileadh nuair a dhíoltar le haghaidh tomhaltas intíre iad.

(h) Díolúine, loghadh nó iarchur cánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe (10)  ar earraí nó ar sheirbhísí a úsáidtear i dtáirgeadh táirgí a onnmhairíodh de bhreis ar dhíolúine, loghadh nó iarchur cánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe ar earraí nó ar sheirbhísí a úsáideadh i dtáirgeadh táirgí comhchosúla nuair a dhíoltar do thomhaltas intíre iad; ar choinníoll, áfach, go bhféadfar cánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe a dhíolmhú, a aisíoc nó a iarchur ar tháirgí onnmhairithe fiú nuair nach ndíolmhaítear, nach loghtar nó nach n-iarchuirtear sin ar tháirgí comhchosúla nuair a dhíoltar do thomhaltas intíre iad, má thoibhítear na cánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe (agus gnáthlamháltas á dhéanamh do dhramhaíl) ( 11 ). Déanfar an mhír seo a léiriú i gcomhréir leis na treoirlínte maidir le tomhaltas na n-ionchur sa phróiseas táirgthe atá in Iarscríbhinn II.

(i) Loghadh nó aisíoc muirear ar allmhairí (10)  de bhreis ar na cánacha a ghearrtar ar ionchuir allmhairithe a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe (agus gnáthlamháltas á dhéanamh do dhramhaíl); ar choinníoll, áfach, i gcásanna áirithe go bhféadfadh gnólacht cainníocht ionchur ón margadh intíre a úsáid atá comhionann le agus ar aon chaighdeán agus ar aon saintréithe leis na hionchuir allmhairithe mar ionadach dóibh d'fhonn leas a bhaint as an bhforáil seo más rud é go dtarlaíonn na hoibríochtaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin chomhfhreagracha araon laistigh de thréimhse ama réasúnach, gan dul thar dhá bhliain. Déanfar an mhír seo a léiriú i gcomhréir leis na treoirlínte maidir le hídiú na n-ionchur sa phróiseas táirgthe atá in Iarscríbhinn II agus na treoirlínte i gcinneadh na gcóras aisíoca ionadaigh mar fhóirdheontais onnmhairiúcháin atá in Iarscríbhinn III.

(j) Rialtais (nó institiúidí speisialta a rialaíonn rialtais) a thabhairt cláir um ráthaíocht creidmheasa nó um árachas onnmhairiúcháin, cláir árachais nó ráthaíochta i gcoinne arduithe i gcostas táirgí a onnmhairíodh nó i gcláir riosca malartán, ag rátaí préimhe atá neamhleor chun costais oibriúcháin fhadtéarmacha agus caillteanais na gclár a chlúdach.

(k) Creidmheasanna onnmhairiúcháin arna ndeonú ag rialtais (nó institiúidí speisialta arna rialú ag rialtais agus/nó ag gníomhú faoi údarás rialtas) ag rátaí is ísle ná a bhfuil a íoc go hiarbhír as na cistí ata in úsáid amhlaidh (nó a mbeadh orthu a íoc má fuarthas ar iasacht iad ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta d'fhonn cistí ar chomhaibíocht agus ar chomhthéarmaí creidmheasa eile a fháil agus a bhíonn ainmnithe san airgeadra céanna leis an gcreidmheas onnmhairiúcháin), nó iad a íoc na costais uile, nó cuid díobh, a thabhaigh onnmhaireoirí nó institiúidí airgeadais chun creidmheasanna a fháil, a mhéid a úsáidtear iad chun buntáiste ábharach a bhaint amach i réimse na dtéarmaí creidmheasa onnmhairiúcháin.

Ar choinníoll, áfach, más rud é go bhfuil Comhalta de chuid EDT ina pháirtí do ghealltanas idirnáisiúnta ar chreidmheasanna onnmhairiúcháin oifigiúla a bhfuil ar a laghad 12 Chomhalta bunaidh den sórt sin ina bpáirtithe ón 1 Eanáir 1979 (nó gealltanas comharba ar ghlac na Comhaltaí bhunaidh leis), nó más rud é i gcleachtas go gcuireann Comhalta de chuid EDT forálacha rátaí úis an ghealltanais ábhartha i bhfeidhm, ní mheasfar cleachtas creidmheasa onnmhairiúcháin atá i gcomhréir leis na forálacha sin a bheith ina fhóirdheontas onnmhairiúcháin.

(l) Aon mhuirear eile ar an gcuntas poiblí ar fóirdheontas onnmhairiúcháin é de réir bhrí Airteagal XVI de CGTT 1994.

▼M2




IARSCRÍBHINN Ia

COINBHINSIÚIN EIS DÁ dTAGRAÍTEAR SA RIALACHÁN SEO

1. An Coinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais nó Éigeantach, Uimh. 29 (1930)

2. An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, Uimh. 87 (1948)

3. An Coinbhinsiún maidir leis na Prionsabail a Chur i bhFeidhm i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, Uimh. 98 (1949)

4. An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothar Comhionann d’Oibrithe Fireanna agus Baineanna ar Obair arb Ionann a Luach, Uimh. 100 (1951)

5. An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a chur ar ceal, Uimh. 105 (1957)

6. An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú i gcúrsaí Fostaíochta agus Slí Bheatha, Uimh. 111 (1958)

7. An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta ag a nGlacfar Duine Isteach i bhFostaíocht, Uimh. 138 (1973)

8. An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí a Thoirmeasc agus le Beart Láithreach chun iad a Dhíchur, Uimh. 182 (1999)

▼B




IARSCRÍBHINN II

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE HIONCHUIR A ÍDIÚ SA PHRÓISEAS TÁIRGTHE ( 12 )

1. Is féidir le scéimeanna indíreacha lacáiste cánach díolúine, loghadh nó iarchur cánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe a cheadú, cánacha a thoibhítear ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe (agus gnáthlamháltas á dhéanamh do dhramhaíl). Mar an gcéanna, is féidir le scéimeanna aisíoca loghadh nó aisíoc ar mhuirir a cheadú, muirir a thoibhítear ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe (agus gnáthlamháltas á dhéanamh do dhramhaíl).

2. Déanann liosta léiritheach na bhfóirdheontas onnmhairiúcháín in Iarscríbhinn I tagairt don téarma “ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe” i bpointí (h) agus (i). De bhun phointe (h), is féidir le scéimeanna indíreacha lacáiste cánach a bheith ina bhfóirdheontas onnmhairiúcháin sa mhéid go mbíonn díolúine, loghadh nó iarchur mar thoradh orthu ar chánacha indíreacha carnacha arna dtoibhiú ag céim níos luaithe de bhreis ar an méid cánacha den sórt sin a thoibhítear iarbhír ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe. De bhun phointe (i), is féidir le scéimeanna aisíoca a bheith ina bhfóirdheontas onnmhairiúcháin sa mhéid go mbíonn loghadh nó aisíoc mar thoradh orthu ar mhuirir onnmhairiúcháin de bhreis orthusan a thoibhítear go hiarbhír ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe. Ordaítear leis an dá phointe nach mór gnáthlamháltas á dhéanamh do dhramhaíl i dtorthaí maidir le hídiú na n-ionchur i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe. Déanann pointe (i) foráil freisin maidir le hionadú, nuair is iomchuí sin.

3. Agus scrúdú á dhéanamh cibé an ídítear ionchuir i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe,ní mór don Choimisiún dul ar aghaidh de ghnáth ar an mbonn seo a leanas, mar chuid d'imscrúdú ar dhleacht frithchúitimh de bhun an Rialacháin seo.

4. I gcás ina líomhnaítear go dtugann scéim lacáiste cánach indíreach, nó scéim aisíoca, fóirdheontas mar gheall ar ró-lacáiste nó ró-aisíoc cánacha indíreacha nó muirir allmhairiúcháin ar ionchuir a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe,ní mór don Choimisiún de ghnáth ar dtús a chinneadh an bhfuil ar bun ag rialtas na tíre is onnmhaireoir agus á chur i bhfeidhm aige, córas nó nós imeachta lena dheimhniú cén t-ionchur a ídítear i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe agus cé na méideanna atá i gceist. I gcás inar cinneadh a leithéid de chóras nó de nós imeachta a chur i bhfeidhm, ní mór don Choimisiún de ghnáth ansin scrúdú a dhéanamh ar an gcóras nó ar an nós imeachta féachaint an bhfuil sé réasúnach, éifeachtach chun na críche atá beartaithe, agus bunaithe ar chleachtais tráchtála a nglactar go ginearálta leo sa tír is onnmhaireoir. Féadfaidh an Coimisiún a mheas gur gá tástálacha praiticiúla áirithe a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 26(2), chun faisnéis a fhíorú nó lena dheimhniú dó féin go bhfuil an córas nó an nós imeachta á chur i bhfeidhm go héifeachtach.

5. Nuair nach bhfuil aon chóras nó nós imeachta den sórt sin ann, i gcás nach bhfuil sé réasúnach, nó i gcás gur tionscnaíodh é agus go meastar é a bheith réasúnta, ach go bhfaightear nach bhfuil sé á chur i bhfeidhm nó nach bhfuil sé á chur i bhfeidhm go héifeachtach, is gnáth gur gá scrúdú breise ón tír is onnmhaireoir atá bunaithe ar an ionchur iarbhír a chur i gcrích agus cinneadh á dhéanamh cibé ar tharla íocaíocht iomarcach. Má mheasann an Coimisiún gur gá sin, féadfar scrúdú breise a dhéanamh i gcomhréir le pointe 4.

6. Ní mór don Choimisiún de ghnáth déileáil le hionchuir mar ionchuir atá ionchorpraithe go fisiciúil má úsáidtear ionchur den sórt sin sa phróiseas táirgthe agus go bhfuil siad go fisiciúil sa táirge onnmhairithe. Ní gá d'ionchur a bheith i láthair sa táirge críochnaitheach san fhoirm chéanna inar tháinig sé isteach sa phróiseas táirgthe.

7. Agus an méid ionchur ar leith a ídítear i dtáirgeadh táirge onnmhairithe á chinneadh, ní mór “gnáthlamháltas do dhramhaíl” a chur san áireamh de ghnáth, agus ní mór caitheamh le dramhaíl den sórt sin de ghnáth amhail is gur ídíodh i dtáirgeadh an táirge onnmhairithe í. Tagraíonn an téarma “dramhaíl” don chuid sin d'ionchur ar leith nach bhfuil feidhm neamhspleách aici sa phróiseas táirgthe, nach n-ídítear agus an táirge onnmhairithe á tháirgeadh (ar chúiseanna amhail neamhéifeachtúlachtaí) agus nach ndéanann an monaróir céanna a aisghabháil, a úsáid nó a dhíol.

8. Ní mór do chinneadh an Choimisiúin ar cibé an “gnáth”-lamháltas an lamháltas atá á éileamh do dhramhaíl na nithe seo a chur san áireamh de ghnáth, an próiseas táirgthe, meántaithí an tionscail sa tír is onnmhaireoir, agus tosca teicniúla eile, de réir mar is iomchuí. Ní mór don Choimisiún a choinneáil i gcuimhne gur ceist thábhachtach í cibé ar ríomh na húdaráis sa tír is onnmhaireoir an méid dramhaíola go réasúnta, nuair a bheartaítear an méid sin a áireamh sa lacáiste cánach nó dleachta nó sa loghadh cánach nó dleachta.




IARSCRÍBHINN III

TREOIRLÍNTE CHUN CÓRAIS AISÍOCA IONADAIGH A CHINNEADH MAR FHÓIRDHEONTAIS ONNMHAIRIÚCHÁIN

I

Is féidir le córais aisíoca aisíoc nó aistarraingt a cheadú ar mhuirir ar allmhairí ar ionchuir a ídítear i bpróiseas táirgthe táirge eile agus i gcás ina mbeidh in onnmhairiú an táirge deiridh seo ionchuir intíre a bhfuil an caighdeán agus na saintréithe céanna acu leosan a cuireadh isteach le haghaidh na n-ionchur allmhairithe. De bhun phointe (i) d'Iarscríbhinn I, is féidir le córais aisíoca a bheith ina bhfóirdheontas onnmhairiúcháin sa mhéid is go mbíonn ró-aisíoc de thoradh orthu ar na muirir a toibhíodh ar allmhairí ar dtús ar na hionchuir a allmhairítear a bhfuil aisíoc á éileamh ina leith.

II

Agus scrúdú á dhéanamh ar aon chóras aisíoca ionadaíoch mar chuid d'imscrúdú ar dhleacht frithchúitimh de bhun an Rialacháin seo, ní mór don Choimisiún dul ar aghaidh de ghnáth ar an mbonn seo a leanas:

1. ordaítear le pointe (i) d'Iarscríbhinn I go bhféadfar ionchuir an mhargaidh bhaile a chur in ionad ionchuir allmhairithe i dtáirgeadh táirge le haghaidh onnmhairiú ar choinníoll go bhfuil na hionchuir den sórt sin comhionann i gcainníocht, agus ar aon chaighdeán agus ar aon saintréithe, leis na hionchuir allmhairithe atá á gcur ina n-ionad. Is tábhachtach go mbeadh córas nó nós imeachta fíorúcháin ann toisc go gcuireann sé ar chumas rialtas na tíre is onnmhaireoir a áirithiú agus a léiriú nach mó méid na n-ionchur a n-éilítear aisíoc ina leith ná méid na dtáirgí den chineál céanna atá á n-onnmhairiú, i cibé foirm, agus nach ann d'aisíoc ar mhuirir ar allmhairí de bhreis ar na cinn a gearradh ar dtús ar na hionchuir allmhairithe atá i gceist;

2. i gcás ina líomhnaítear go dtugann córas aisíoca ionadaíoch fóirdheontas, ní mór don Choimisiún de ghnáth dul ar aghaidh ar dtús lena chinneadh an bhfuil córas nó nós imeachta fíorúcháin i bhfeidhm ag rialtas na tíre is onnmhaireoir, agus an gcuireann sé an córas nó an nós imeachta sin i bhfeidhm. I gcás inar cinneadh a leithéid de chóras nó de nós imeachta a chur i bhfeidhm, scrúdóidh an Coimisiún de ghnáth ansin an nós imeachta um fhíorú féachaint an bhfuil siad réasúnach, éifeachtach chun na críche atá beartaithe, agus bunaithe ar chleachtais tráchtála a nglactar go ginearálta leo sa tír is onnmhaireoir. Sa mhéid go gcinntear go bhfuil na nósanna imeachta ann chun freastal ar an tástáil agus go cuirtear i bhfeidhm go héifeachtach iad, ní thoimhdeofar aon fhóirdheontas a bheith ann. Féadfaidh an Coimisiún a mheas gur gá tástálacha praiticiúla áirithe a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 26(2), chun faisnéis a fhíorú nó lena dheimhniú dó féin go bhfuil na nósanna imeachta um fhíorú á gcur i bhfeidhm go héifeachtach.

3. nuair nach bhfuil aon nósanna imeachta fíorúcháin ann, i gcás nach bhfuil siad réasúnach, nó i gcás ina meastar na nósanna imeachta den sórt sin a bheith bunaithe agus a bheith réasúnach, ach go bhfaightear nach bhfuil siad á gcur i bhfeidhm go hiarbhír nó nach bhfuil siad á gcur i bhfeidhm go héifeachtach, d'fhéadfadh go bhfuil fóirdheontas ann. I gcásanna den sórt sin, ba ghá go ndéanfadh an tír is onnmhaireoir tuilleadh scrúdaithe arna mbunú ar na hidirbhearta a tharla go hiarbhír chun a chinneadh cibé ar tharla íocaíocht iomarcach. Má mheasann an Coimisiún gur gá sin, féadfar scrúdú breise a dhéanamh i gcomhréir le pointe 2;

4. má tá foráil maidir le haisíoc ionadach ann faoina bhfuil cead ag onnmhaireoirí loingsithe allmhairithe áirithe a roghnú ar a n-éilítear aisíoc, níor cheart a mheas go dtugann sé sin ann féin fóirdheontas;

5. mheasfaí aisíoc iomarcach ar mhuirir ar allmhairí a bheith ann, de réir bhrí phointe (i) d'Iarscríbhinn I, i gcás inar íoc rialtais ús ar aon airgead a aisíocadh faoina scéimeanna aisíoca, a mhéid den ús a íocadh go hiarbhír nó atá iníoctha.




IARSCRÍBHINN IV

(Macasamhail is ea an Iarscríbhinn seo d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú ar Thalmhaíocht. Aon téarmaí nó nathanna nach mínítear anseo nó nach bhfuil féinmhínitheach, tá siad le léiriú i gcomhthéacs an Chomhaontaithe sin.)

TACAÍOCHT INTÍRE: BUNÚS AN DÍOLÚINE Ó NA GEALLTANAIS UM LAGHDÚ

1.

Bearta tacaíochta intíre a n-éilítear díolúine ina leith ó na gealltanais um laghdú, comhlíonfaidh siad an bunriachtanas nach bhfuil aon éifeachtaí saofa ar thrádáil nó éifeachtaí ar tháirgeadh acu, nó, ar an chuid is mó, éifeachtaí íosta. Dá réir sin, gach beart a n-éilítear díolúine ina leith, beidh sé i gcomhréir leis na critéir bhunúsacha seo a leanas:

(a) déanfar an tacaíocht atá i gceist a chur ar fáil trí chlár rialtais atá maoinithe go poiblí (lena n-áirítear ioncam rialtais atá ligthe thar ceal) nach mbaineann aistrithe ó thomhaltóirí leis; agus

(b) ní bheidh d'éifeacht ag an tacaíocht atá i gceist go dtabharfar tacaíocht praghsanna do tháirgeoirí;

móide critéir agus na coinníollacha a bhaineann go sonrach le beartais agus atá leagtha amach thíos.

Cláir seirbhísí na Rialtas

2.   Seirbhísí ginearálta

Gabhann caiteachas (nó ioncam atá ligthe thar ceal) le beartais sa chatagóir seo i ndáil le cláir a sholáthraíonn seirbhísí nó sochair don talmhaíocht nó do phobal na tuaithe. Ní ghabhfaidh íocaíochtaí díreacha le táirgeoirí nó le próiseálaithe leo. Cláir den sórt sin, lena n-áirítear an liosta seo a leanas ach nach bhfuil teoranta dó, comhlíonfaidh sé na critéir ghinearálta i bpointe 1 agus coinníollacha a bhaineann go sonrach le beartais agus atá leagtha amach thíos:

(a) taighde, lena n-áirítear taighde ginearálta, taighde i dtaca le cláir comhshaoil, agus cláir thaighde a bhaineann le táirgí áirithe;

(b) rialú lotnaidí agus galar, lena n-áirítear bearta rialaithe ginearálta agus bearta rialaithe a bhaineann go sonrach le táirge ar leith chun lotnaidí agus galair a rialú, mar shampla córais luathrabhaidh, coraintín agus díothú;

(c) seirbhísí oiliúna, lena n-áirítear saoráidí oiliúna ginearálta agus sonracha;

(d) seirbhísí comhairleacha agus um shíneadh, lena n-áirítear modhanna a sholáthar chun aistriú faisnéise agus torthaí taighde chuig táirgeoirí agus tomhaltóirí a éascú;

(e) seirbhísí cigireachta, lena n-áirítear seirbhísí cigireachta ginearálta agus iniúchadh a dhéanamh ar tháirgí áirithe chun críocha sláinte, sábháilteachta, grádaithe nó caighdeánaithe;

(f) seirbhísí margaíochta agus cur chun cinn, lena n-áirítear eolas faoin margadh, comhairle agus cur chun cinn a bhaineann le táirgí áirithe ach gan caiteachas chun críoch neamhshonraithe a chur san áireamh a d'fhéadfadh díoltóirí a úsáid chun a bpraghas díola a laghdú, nó tairbhe dhíreach eacnamaíoch a bhronnadh ar cheannaitheoirí; agus

(g) seirbhísí bonneagair, lena n-áirítear: líonobair leictreachas, bóithre agus modhanna eile iompair, saoráidí margaidh agus calafoirt, saoráidí soláthair uisce, dambaí agus scéimeanna draenála, agus oibreacha bonneagair a bhaineann le cláir comhshaoil. I ngach cás, ní dhéanfar an caiteachas a dhíriú ach ar oibreacha caipitil a sholáthar nó a thógáil, agus eiseoidh sé saoráidí ar an bhfeirm, seachas chun fóntais phoiblí atá ar fáil don phobal i gcoitinne a líonoibriú, a sholáthar faoi fhóirdheontas. Ní chuimseoidh sé fóirdheontais ar ionchuir nó ar chostais oibriúcháin, nó muirir úsáideora tosaíochta.

3.   Stocshealbhaíocht phoiblí chun críocha slándála bia ( 13 )

Caiteachas (nó ioncam atá ligthe thar ceal) i ndáil le carnadh agus sealbhú stoc táirgí atá mar chuid lárnach de chlár slándála bia, a aithníodh i reachtaíocht náisiúnta. D'fhéadfaí a áireamh leis sin cúnamh rialtais do stóráil phríobháideach táirgí mar chuid de chlár den sórt sin.

Freagróidh méid agus carnadh an stoic sin do spriocanna réamhshocraithe a bhaineann le slándáil bia amháin. Próiseas charnadh agus dhiúscairt an stoic, beidh sé trédhearcach ó thaobh airgeadais de. Déanfar ceannacháin bia an rialtais ar phraghsanna margaidh reatha agus déanfar díolacháin ó stoic slándála bia ar phraghas nach lú ná an praghas margaidh reatha intíre le haghaidh an táirge agus na cáilíochta atá i gceist.

4.   Cúnamh bia intíre ( 14 )

Caiteachas (nó ioncam atá ligthe thar ceal) i ndáil le soláthar cúnaimh bia intíre do chodanna den daonra atá i ngátar.

Incháilitheacht an cúnamh bia a fháil, beidh sí faoi réir critéar a sainíodh go soiléir agus a bhaineann le cuspóirí cothaithe. Beidh cúnamh den sórt sin mar sholáthar díreach bia dóibh siúd lena mbaineann nó acmhainní a sholáthar d'fhaighteoirí incháilithe chun go bhféadfaidh siad bia a cheannach ar an margadh nó ar phraghsanna fóirdheonaithe. Déanfar ceannach bia an rialtais ar phraghsanna margaidh reatha agus beidh maoiniú agus riaradh an chúnaimh trédhearcach.

5   Íocaíochtaí díreacha le táirgeoirí

Tacaíocht a cuireadh ar fáil trí íocaíochtaí díreacha (nó ioncam a ligeadh thar ceal, lena n-áirítear íocaíochtaí comhchineáil) do tháirgeoirí a n-éilítear díolúine ó ghealltanais laghdaithe ina leith, comhlíonfaidh sí na critéir bhunúsacha a leagtar amach i bpointe 1, móide critéir shonracha a bhaineann le cineálacha aonair íocaíochta dírí mar atá leagtha amach i bpointí 6 go 13. I gcás ina n-éilítear díolúine ó laghdú le haghaidh aon chineál reatha nó nua íocaíochta dírí seachas iad siúd atá sonraithe i bpointí 6 go 13, beidh sé i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach i bpointí 6 (b) go (e), i dteannta leis na critéir ghinearálta atá leagtha amach i bpointe 1.

6.   Tacaíocht ioncaim dhíchúpláilte

(a) Déanfar incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin a chinneadh de réir critéir a shaineofar go soiléir amhail ioncam, stádas mar tháirgeoir nó úinéir talún, a úsáid tosca nó leibhéal táirgeachta i mbuntréimhse shainithe sheasta.

(b) Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le cineál nó méid na táirgeachta (agus aonaid beostoic san áireamh) a rinne an táirgeoir in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe air sin.

(c) Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le praghsanna, bídís intíre nó idirnáisiúnta a bhaineann le haon táirgeadh a rinneadh in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe orthu sin.

(d) Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith leis na tosca táirgeachta a úsáideadh in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe orthu sin.

(e) Ní éileofar aon táirgeadh d'fhonn íocaíochtaí den sórt sin a fháil.

7.   Rannpháirtíocht airgeadais an Rialtais i dtaca le hárachas ioncaim agus cláir slándála ioncaim

(a) Déanfar incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin a chinneadh trí chaillteanas ioncaim, gan ach ioncam a fhaightear ó thalmhaíocht a chur san áireamh, ar mó é ná 30 % den ollioncam meánach nó a chomhionann in ioncam glan (gan aon íocaíochtaí ó na scéimeanna céanna nó ó scéimeanna den chineál céanna) sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana arna bhunú ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, gan an iontráil is airde ná an iontráil is ísle. Aon táirgeoir a chomhlíonfaidh an coinníoll sin, beidh sé i dteideal na híocaíochtaí a fháil.

(b) Cúiteoidh méid na n-íocaíochtaí den sórt sin níos lú ná 70 % de chaillteanas ioncaim an táirgeora le linn na bliana a n-éiríonn an táirgeoir incháilithe an cúnamh sin a fháil.

(c) Ní bhainfidh méid aon íocaíochtaí den sórt sin ach le hioncam; ní bhainfidh sé le cineál nó méid na táirgeachta (agus aonaid beostoic san áireamh) a rinne an táirgeoir; nó leis na praghsanna, bídís intíre nó idirnáisiúnta, a bhaineann le táirgeadh den sórt sin; nó leis na tosca táirgeachta atá úsáideadh.

(d) I gcás ina bhfaighidh táirgeoir san aon bhliain íocaíochtaí de bhun an phointe seo agus de bhun phointe 8 (faoiseamh ó thubaistí nádúrtha), beidh iomlán na n-íocaíochtaí den sórt sin níos lú ná 100 % de chaillteanas iomlán an táirgeora.

8.   Íocaíochtaí (a dhéantar go díreach nó trí rannpháirtíocht airgeadais an rialtais i scéimeanna árachais barr) le haghaidh faoiseamh ó thubaistí nádúrtha

(a) Ní thiocfaidh incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin i gceist ach amháin tar éis aitheantas foirmiúil ó údaráis rialtais gur tharla tubaiste nádúrtha nó a leithéid (lena n-áirítear ráigeanna galair, inmhíolú lotnaidí, timpistí núicléacha, agus cogadh ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann), nó go bhfuil sé ag tarlú; agus déanfar é a chinneadh le caillteanas táirgeachta is mó ná 30 % den mheán táirgeachta sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana arna bhunú ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, gan an iontráil is airde ná an iontráil is ísle.

(b) Ní dhéanfar íocaíochtaí arna ndéanamh tar éis tubaiste a chur i bhfeidhm ach amháin i leith caillteanas ioncaim, beostoc (lena n-áirítear íocaíochtaí i ndáil le cóireáil tréidliachta na n-ainmhithe), talaimh nó tosca táirgthe eile mar gheall ar an tubaiste nádúrtha atá i gceist.

(c) Ní chúiteoidh na híocaíochtaí níos mó ná an costas iomlán a bhaineann le caillteanais den sórt sin a ionadú agus ní cheanglóidh sé nó ní shonróidh sé cineál nó méid na táirgeachta amach anseo.

(d) Ní rachaidh íocaíochtaí a rinneadh le linn tubaiste thar an leibhéal is gá chun cosc a chur le caillteanas breise mar a shainítear i gcritéar atá leagtha amach i bpointe (b), nó é a mhaolú.

(e) I gcás ina bhfaighidh táirgeoir san aon bhliain íocaíochtaí de bhun an phointe seo agus de bhun phointe 7 (árachas ioncaim agus cláir slándála ioncaim), beidh iomlán na n-íocaíochtaí den sórt sin níos lú ná 100 % de chaillteanas iomlán an táirgeora.

9.   Cúnamh do choigeartú struchtúrach a chuirtear ar fáil trí chláir scoir táirgeoirí

(a) Déanfar incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin a chinneadh trí thagairt do chritéir atá sainithe go soiléir i gcláir a ceapadh chun scor daoine atá i mbun táirgeadh talmhaíochta indíolta, nó iad a bhogadh chuig gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta a éascú.

(b) Beidh na híocaíochtaí sin coinníollach ar scor iomlán buan na bhfaighteoirí ó tháirgeadh talmhaíochta indíolta.

10.   Cúnamh do choigeartú struchtúrach a chuirtear ar fáil trí chláir scoir acmhainní

(a) Cinnfear incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin trí thagairt do chritéir atá sainithe go soiléir i gcláir a ceapadh chun talamh nó acmhainní eile, lena n-áirítear beostoc, a bhaint ó tháirgeadh talmhaíochta indíolta.

(b) Beidh na híocaíochtaí sin ag brath ar thalamh a scor ó tháirgeadh talmhaíochta indíolta ar feadh trí bliana ar a laghad, agus i gcás beostoic ar a mharú nó a dhiúscairt go buan cinntitheach.

(c) Ní cheanglóidh agus ní shaineoidh íocaíochtaí aon úsáid eile le haghaidh na talún sin nó acmhainní eile atá i gceist chun táirgí talmhaíochta indíolta a tháirgeadh.

(d) Ní bheidh baint ag íocaíochtaí le cineál nó le méid na táirgeachta nó leis na praghsanna, bídís intíre nó idirnáisiúnta, a bhaineann le táirgeadh a rinneadh agus leas á bhaint as an talamh nó as acmhainní eile atá fós ag táirgeadh.

11.   Cúnamh do choigeartú struchtúrach a chuirtear ar fáil trí chabhair infheistíochta

(a) Cinnfear incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin trí thagairt do chritéir a shaineofar go soiléir i gcláir rialtais a ceapadh chun cabhrú le hathstruchtúrú airgeadais nó fisiciúil oibríochtaí táirgeora mar fhreagra ar mhíbhuntáistí struchtúracha a léiríodh go hoibiachtúil. Féadfar incháilitheacht do chláir dá leithéid a bheith bunaithe freisin ar chlár rialtais atá sainithe go soiléir chun talamh talmhaíochta a athphríobháidiú.

(b) Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le cineál nó méid na táirgeachta (agus aonaid beostoic san áireamh) a rinne an táirgeoir in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe air sin, seachas mar a fhoráilfear faoi chritéar (e).

(c) Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le praghsanna, bídís intíre nó idirnáisiúnta a bhaineann le haon táirgeadh a rinneadh in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe orthu sin.

(d) Ní thabharfar na híocaíochtaí ach amháin ar feadh na tréimhse ama is gá do réadú na hinfheistíochta a gcuirtear ar fáil iad ina leith.

(e) Ní dhéanfaidh na híocaíochtaí sainordú nó ainmniú ar bhealach ar bith ar na táirgí talmhaíochta atá le táirgeadh ag na faighteoirí ach amháin a cheangal orthu gan táirge ar leith a tháirgeadh.

(f) Teorainneofar na híocaíochtaí don mhéid is gá chun an míbhuntáiste struchtúrach a chúiteamh.

12.   Íocaíochtaí faoi chláir chomhshaoil

(a) Déanfar incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin a chinneadh mar chuid de chlár comhshaoil nó caomhnaithe rialtais a shaineofar go soiléir agus beidh sé ag brath ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sonracha faoin gclár rialtais, lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le modhanna táirgthe nó ionchuir.

(b) Teorainneofar méid na híocaíochta do na costais bhreise nó don chaillteanas ioncaim a bhaineann le comhlíonadh an chláir rialtais.

13.   Íocaíochtaí faoi chláir cúnaimh réigiúnaigh

(a) Teorainneofar incháilitheacht le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin do tháirgeoirí i réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste. Ní mór do gach réigiún den sórt sin a bheith ina limistéar geografach tadhlach ainmnithe go soiléir, agus sainfhéiniúlacht eacnamaíoch agus riaracháin aige, a mheastar a bheith faoi mhíbhuntáiste ar bhonn critéar neodrach agus oibiachtúil a léirítear go soiléir i dlí nó rialachán agus a léiríonn nach as cúinsí sealadacha a eascraíonn deacrachtaí an réigiúin.

(b) Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le cineál nó méid na táirgeachta (agus aonaid beostoic san áireamh) a rinne an táirgeoir in aon bhliain tar éis na buntréimhse seachas chun an táirgeadh sin a laghdú.

(c) Ní bheidh baint ag méid na n-íocaíochtaí den sórt sin in aon bhliain ar leith le praghsanna, bídís intíre nó idirnáisiúnta a bhaineann le haon táirgeadh a rinneadh in aon bhliain tar éis na buntréimhse, agus ní bheidh sé bunaithe orthu sin.

(d) Ní bheidh íocaíochtaí ar fáil ach amháin do tháirgeoirí i réigiúin atá cáilithe, ach beidh siad ar fáil de ghnáth do gach táirgeoir laistigh de na réigiúin sin.

(e) I gcás ina mbaineann siad le tosca táirgthe, déanfar íocaíochtaí ag ráta céimlaghdaitheach agus iad os cionn leibhéal tairseach na toisce lena mbaineann.

(f) Teorainneofar na híocaíochtaí do na costais bhreise nó don chaillteanas ioncaim a bhaineann le dul i mbun táirgeadh talmhaíochta indíolta sa limistéar forordaithe.




IARSCRÍBHINN V

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE LEIS AN LEASÚ A RINNEADH AIR



Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle

(IO L 188, 18.7.2009, lch. 93)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 18 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin




IARSCRÍBHINN VI

TÁBLA COMHGHAOIL



Rialachán (CE) Uimh. 597/2009

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 11

Airteagail 1 go 11

Airteagal 12(1) go (4)

Airteagal 12(1) go (4)

Airteagal 12(6)

Airteagal 12(5)

Airteagal 13 agus Airteagal 14

Airteagal 13 agus Airteagal 14

Airteagal 15(1)

Airteagal 15(1)

Airteagal 15(2), an chéad abairt

Airteagal 15(2), an chéad fhomhír

Airteagal 15(2), an dara habairt

Airteagal 15(2), an dara fomhír

Airteagal 15(3)

Airteagal 15(3)

Airteagail 16 go 27

Airteagail 16 go 27

Airteagal 28(1) go (4)

Airteagal 28(1) go (4)

Airteagal 28(5), an chéad abairt

Airteagal 28(5), an chéad fhomhír

Airteagal 28(5), an dara habairt

Airteagal 28(5), an dara fomhír

Airteagal 28(6)

Airteagal 28(6)

Airteagail 29 go 33

Airteagail 29 go 33

Airteagal 33a

Airteagal 34

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 35

Airteagal 36

Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV

Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn V

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (Féach leathanach 21 den Iris Oifigiúil seo)

( 3 ) 1O L 123, 12.5.2016, Ich. 1.

( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 1667/2006 ón gComhairle, an 7 Samhain 2006 maidir le glúcós agus lachtós (IO L 312, 11.11.2006, lch. 1).

( 5 ) Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir leis an gcomhchóras trádála le haghaidh ubhalbaimine agus lachtalbaimine (IO L 181, 14.7.2009, lch. 8).

( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad (IO L 328, 15.12.2009, lch. 10).

( 7 ) Ciallaíonn “ar fáil ar bhonn tráchtála” go bhfuil an rogha idir táirgí baile agus allmhairithe neamhshrianta agus gur ar bhreithnithe tráchtála amháin a bhraitheann sí.

( 8 ) Ní fhéadfaidh iarchur bheith ina fhóirdheontas onnmhairiúcháin i gcás, mar shampla, go mbailítear muirir úis iomchuí.

( 9 ) Chun críocha an Rialacháin seo:

 ciallaíonn “cánacha díreacha” cánacha ar phá, brabúis, leasanna, cíosanna, dleachtanna, agus gach cineál eile ioncaim, agus cánacha ar úinéireacht maoine réadaí,

 ciallaíonn “muirir ar allmhairí” taraifí, dleachtanna, agus muirir fhioscacha eile nár áiríodh aon áit eile san fhonóta seo a thoibhítear ar allmhairí,

 ciallaíonn “cánacha indíreacha” cánacha ar dhíolacháin, máil, láimhdeachas, breisluach,saincheadúnais, stampa, aistriú, fardal agus trealamh, cánacha teorann agus gach cáin eile seachas cánacha díreacha agus muirir ar allmhairí,

 is iad is cánacha indíreacha “arna dtobhach ag céim níos luaithe” na cánacha a ghearrtar ar earraí nó ar sheirbhísí a úsáidtear go díreach nó go neamhdhíreach chun an táirge a dhéanamh,

 is iad is cánacha indíreacha “carnacha” cánacha ilchéimneacha a thoibhítear áit nach bhfuil aon sásra chun an cháin a chreidiúnú ina dhiaidh sin má úsáidtear na hearraí nó seirbhísí atá faoi réir cánach, ag céim amháin de tháirgeadh i staid den táirgeadh ina dhiaidh sin, cuimsíonn

 “loghadh” cánacha a aisíoc nó lacáiste cánacha, cuimsíonn

 “loghadh nó aisíoc” díolúine iomlán nó páirteach nó iarchur muirear ar allmhairí.

( 10 ) Féach fonóta 2 a ghabhann le pointe (e).

( 11 ) Níl feidhm ag pointe (h) maidir le córais cánach breisluacha agus coigeartú ar cháin teorann a dhéantar ina n-ionad; is é pointe (g) amháin a chlúdaíonn an fhadhb maidir le loghadh iomarcach cánacha breisluacha.

( 12 ) Is iad is ionchuir a ídítear sa phróiseas táirgthe ionchuir a ionchorpraíodh go fisiciúil, fuinneamh, breoslaí agus ola a úsáidtear sa phróiseas táirgthe agus catalaígh a ídítear le linn a n-úsáide chun an táirge onnmhairithe a fháil.

( 13 ) Chun críche phointe 3 den Iarscríbhinn seo, déanfar cláir stocshealbhaíochta rialtais chun críocha slándála bia i dtíortha atá i mbéal forbartha a bhfuil a n-oibriú trédhearcach agus á chur i gcrích i gcomhréir le critéir nó treoirlínte oibiachtúla atá foilsithe go hoifigiúil a mheas a bheith i gcomhréir le forálacha an phointe seo, lena n-áirítear cláir faoina bhfaightear stoic earraí bia chun críocha slándála bia agus iad a scaoileadh ar phraghsanna riartha, ar choinníoll go bhfuil an difríocht idir an praghas fála agus an praghas tagartha seachtrach curtha san áireamh in AMS.

( 14 ) Chun críocha phointe 3 agus phointe 4 den Iarscríbhinn seo, déanfar soláthar earraí bia ar phraghsanna ar tugadh fóirdheontas ina leith leis an gcuspóir freastal ar riachtanais bia daoine bochta uirbeacha agus tuaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha ar bhonn rialta ar phraghsanna réasúnta a mheas a bheith i gcomhréir le forálacha an phointe seo.

Top