Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02015R2283-20210327

    Consolidated text: Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/2021-03-27

    02015R2283 — GA — 27.03.2021 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) 2015/2283 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Samhain 2015

    maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (IO L 327 11.12.2015, lch. 1)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2019/1381 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019

      L 231

    1

    6.9.2019




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) 2015/2283 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Samhain 2015

    maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



    CAIBIDIL I

    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    Airteagal 1

    Ábhar agus cuspóir

    1.  Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

    2.  Is é is cuspóir don Rialachán seo feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus fós ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna na dtomhaltóirí a sholáthar.

    Airteagal 2

    Raon Feidhme

    1.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

    2.  Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) 

    bianna géinmhodhnaithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003;

    (b) 

    bianna nuair a úsáidtear agus a mhéid a úsáidtear iad:

    (i) 

    mar einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008;

    (ii) 

    mar bhreiseáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

    (iii) 

    mar bhlastáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

    (iv) 

    mar thuaslagóirí eastóscúcháin a úsáidtear nó atá ceaptha lena n-úsáid i dtáirgeadh earraí bia nó comhábhar bia a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/32/CE;

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    1.  Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 agus Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

    2.  Tá feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) 

    ciallaíonn “bia núíosach” aon bhia nár úsáideadh lena chaitheamh ag an duine ar leibhéal suntasach laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, beag beann ar dháta aontachais Ballstát leis an Aontas, agus a thagann faoi cheann amháin ar a laghad de na catagóirí seo a leanas:

    (i) 

    bia le struchtúr móilíneach nua nó struchtúr móilíneach a ndearnadh modhnú air d'aon ghnó, i gcás nár úsáideadh an struchtúr sin i mbia nó nár úsáideadh mar bhia é laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997;

    (ii) 

    bia atá déanta de mhiocrorgánaigh, d'fhungais nó algaí, nó atá ar leithlis ó mhiocrorgánaigh, ó fhungais nó algaí nó ar táirgeadh ó mhiocrorgánaigh, ó fhungais nó algaí é;

    (iii) 

    bia atá déanta d'ábhar de thionscnamh mianrach nó atá ar leithlis ó ábhar de thionscnamh mianrach nó ar táirgeadh ó ábhar de thionscnamh mianrach é;

    (iv) 

    bia atá déanta de phlandaí nó dá gcodanna, nó atá ar leithlis ó phlandaí nó óna gcodanna, nó ar táirgeadh ó phlandaí nó óna gcodanna é, ach amháin i gcás ina mbeidh stair úsáid shábháilte an bhia laistigh den Aontas ag an mbia agus go bhfuil sé déanta de phlanda nó cineál den speiceas céanna, nó go bhfuil sé ar leithlis ó phlanda nó cineál den speiceas céanna nó gur táirgeadh ó phlanda nó cineál den speiceas céanna, ar planda nó cineál den speiceas céanna é a fuarthas:

    — 
    ó chleachtais iomadaithe traidisiúnta a úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997; nó
    — 
    ó chleachtais iomadaithe neamhthraidisiúnta nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, i gcás nach n-eascraíonn athruithe suntasacha i gcomhdhéanamh nó i struchtúr an bhia as na cleachtais sin a dhéanann difear do luach cothaitheach an bhia, dá mheitibileacht nó do chion na substaintí neamh-inmhianaithe atá ann;
    (v) 

    bia atá déanta d'ainmhithe nó dá gcodanna, nó atá ar leithlis ó ainmhithe nó óna gcodanna, nó ar táirgeadh ó ainmhithe nó óna gcodanna é, ach amháin i gcás ainmhithe a fuarthas ó chleachtais pórúcháin thraidisiúnta a úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 agus i gcás go bhfuil stair úsáid shábháilte an bhia laistigh den Aontas ag an mbia ó na hainmhithe sin;

    (vi) 

    bia atá déanta de shaothrán cille nó saothrán fíocháin a dhíorthaítear ó ainmhithe, ó phlandaí, ó mhiocrorgánaigh, ó fhungais nó algaí, nó atá ar leithlis ó shaothrán cille nó saothrán fiacháin a dhíorthaítear ó ainmhithe, ó phlandaí, ó mhiocrorgánaigh, ó fhungais nó algaí, nó ar táirgeadh é ó shaothrán cille nó saothrán fíocháin a dhíorthaítear ó ainmhithe, ó phlandaí, ó mhiocrorgánaigh, ó fhungais nó algaí;

    (vii) 

    bia a thagann as próiseas nua táirgthe nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 agus a n-eascraíonn athruithe suntasacha i gcomhdhéanamh nó i struchtúr bia as, ar próiseas é a dhéanann difear do luach cothaitheach an bhia, dá mheitibileacht nó do chion na substaintí neamh–inmhianaithe atá ann;

    (viii) 

    bia atá déanta as nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu faoi mar a shainmhínítear i bpointe (f) den mhír seo;

    (ix) 

    vitimíní, mianraí nó substaintí eile a úsáidtear i gcomhréir le Treoir 2002/46/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 nó Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, sna cásanna seo a leanas:

    — 
    úsáideadh próiseas táirgthe nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(vii) den mhír seo; nó
    — 
    is nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu na substaintí sin nó tá siad déanta as “nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu” faoi mar a shainmhínítear i bpointe (f) den mhír seo;
    (x) 

    bia a úsáideadh go heisiach i bhforbhianna laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, i gcás ina bhfuil sé ceaptha lena úsáid i mbianna seachas na forbhianna faoi mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/46/CE;

    (b) 

    ciallaíonn “stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír” gur dearbhaíodh sábháilteacht an bhia sin le sonraí a chomhdhéanta agus le taithí a fuarthas óna úsáid leanúnach, ar feadh 25 bliana ar a laghad, mar chuid de ghnáthréim bia líon suntasach daoine i dtríú tír amháin ar a laghad, roimh an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 14;

    (c) 

    ciallaíonn “bia traidisiúnta ó thríú tír” bia núíosach, faoi mar a shainmhínítear i bpointe (a) den mhír seo seachas bia núíosach amhail dá dtagraítear i bpointe (a) (i), (iii), (vii), (viii), (ix) agus (x) de, a dhíorthaítear ó tháirgeadh príomhúil faoi mar a shainmhínítear i bpointe 17 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, a bhfuil stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír aige;

    (d) 

    ciallaíonn “an t-iarratasóir” an Ballstát, an tríú tír nó an páirtí leasmhar, a fhéadfaidh ionadaíocht a dhéanamh thar ceann roinnt páirtithe leasmhara, agus a chuir iarratas i gcomhréir le hAirteagal 10 nó Airteagal 16 nó fógra i gcomhréir le hAirteagal 14 faoi bhráid an Choimisiúin;

    (e) 

    ciallaíonn “bailí” i ndáil le hiarratas nó le fógra iarratas nó fógra a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus ina bhfuil an fhaisnéis atá ag teastáil do mheasúnú riosca agus do nós imeachta um údarú;

    (f) 

    ciallaíonn “nana–ábhar a ndearnadh innealtóireacht air” aon ábhar a tháirgtear d'aon ghnó ag a bhfuil toise amháin nó níos mó de 100 nm nó níos lú, nó ar ábhar é atá comhdhéanta de chodanna feidhmiúla scoite, bíodh siad sa mhianach ann nó ar an dromchla, ar codanna go leor acu ag a bhfuil toise amháin nó níos mó de 100nm nó níos lú, lena n–áirítear struchtúir, ceirtleáin nó tathaguithe, a bhféadfaidh méid níos mó de 100 nm a bheith acu ach a bhfuil airíonna fós acu ar saintréithe den nanascála iad.

    Ar na hairíonna ar saintréithe den nanascála iad, áirítear na nithe seo a leanas:

    (i) 

    na hairíonna sin a bhaineann le hachar dromchla sonrach mór na n-ábhar sin; agus/nó

    (ii) 

    airíonna fisiceimiceacha sonracha atá éagsúil ó airíonna neamh-nanafhoirmeacha an ábhair chéanna.

    Airteagal 4

    Nós imeachta chun stádas bia núíosaigh a chinneadh

    1.  Fíoróidh oibreoirí gnó bia cibé acu a thagann nó nach dtagann an bia a bheartaíonn siad a chur ar an margadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    2.  I gcás nach bhfuil oibreoirí gnó bia cinnte faoi cibé acu a thagann nó nach dtagann an bia a bheartaíonn siad a chur ar an margadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo, rachaidh siad i gcomhairle leis an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe acu an bia núíosach a chur ar dtús. Déanfaidh na hoibreoirí gnó bia an fhaisnéis is gá a sholáthar don Bhallstát chun go mbeidh an Ballstát sin in ann a chinneadh cibé acu a thagann nó nach dtagann bia faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    3.  Chun go bhféadfar a chinneadh cibé acu a thagann nó nach dtagann bia faoi raon feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh Ballstáit dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún.

    4.  Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, céimeanna nós imeachta an phróisis comhairliúcháin dá bhforáiltear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear na spriocdhátaí agus an modh chun an stádas a chur ar fáil go poiblí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

    Airteagal 5

    Cumhacht cur chun feidhme maidir le sainmhíniú ar bhia núíosach

    Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cibé acu a thagann nó nach dtagann bia áirithe faoin sainmhíniú ar bhia núíosach, faoi mar a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 3(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).



    CAIBIDIL II

    CEANGLAIS MAIDIR LE BIANNA NÚÍOSACHA A CHUR AR AN MARGADH LAISTIGH DEN AONTAS

    Airteagal 6

    Liosta an Aontais de bhianna núíosacha atá údaraithe

    1.  Bunóidh agus nuashonróidh an Coimisiún liosta Aontais de bhianna núíosacha a údaraítear a chur ar an margadh laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 7, le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9 (“liosta an Aontais”).

    2.  Ní fhéadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas amhlaidh nó a úsáid i mbianna nó ar bhianna, i gcomhréir leis na coinníollacha úsáide agus leis na ceanglais lipéadaithe atá sonraithe ann.

    Airteagal 7

    Coinníollacha ginearálta maidir le bianna núíosacha a chur ar liosta an Aontais

    Ní dhéanfaidh an Coimisiún bia núíosach a údarú agus a chur ar liosta an Aontais ach amháin má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, nach gcothaíonn an bia riosca do shláinte an duine;

    (b) 

    nach gcuirfidh an úsáid atá ceaptha don bhia an tomhaltóir ar míthreoir, go háirithe i gcás ina bhfuil sé beartaithe é a chur in ionad bia eile agus ina bhfuil athrú suntasach sa luach cothaitheach;

    (c) 

    má bheartaítear an bia a chur in ionad bia eile, nach bhfuil an oiread sin de dhifríocht idir é agus an bia sin agus go mbeadh a ghnáth-thomhaltas chun aimhleasa an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de.

    Airteagal 8

    Céadbhunú liosta an Aontais

    Faoin 1 Eanáir 2018, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, liosta an Aontais trí na bianna núíosacha a údaraíodh nó ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4, faoi Airteagal 5 nó faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a áireamh ann, lena n-áirítear aon choinníollacha údarúcháin atá ann cheana.

    Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

    Airteagal 9

    Inneachar agus nuashonrú liosta an Aontais

    1.  Údaróidh an Coimisiún bia núíosach agus nuashonróidh sé liosta an Aontais i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos:

    (a) 

    in Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 12 agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 27, nó

    (b) 

    in Airteagail 14 go 19.

    2.  Agus bia núíosach á údarú agus liosta an Aontais dá bhforáiltear i mír 1 á nuashonrú, déanfar ceann amháin díobh seo a leanas:

    (a) 

    bia núíosach a chur ar liosta an Aontais;

    (b) 

    bia núíosach a bhaint de liosta an Aontais;

    (c) 

    sonraíochtaí, coinníollacha úsáide, nó ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise nó ceanglais faireacháin iarmhargaidh a bhaineann le bia núíosach a chur ar liosta an Aontais a chur ar an liosta féin, nó iad a bhaint de liosta an Aontais nó iad a athrú.

    3.  San iontráil do bhia núíosach ar liosta an Aontais dá bhforáiltear i mír 2 áireofar sonraíocht an bhia núíosaigh agus, i gcás inarb iomchuí:

    (a) 

    na coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid, lena n-áirítear, go háirithe, aon cheanglas is gá d'fhonn a sheachaint, gur ann do dhrochthorthaí a d'fhéadfadh a bheith ar ghrúpaí áirithe den phobal, do shárú ar uasleibhéil iontógála agus do rioscaí i gcás tomhailt iomarcach.

    (b) 

    ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise chun an tomhaltóir deiridh a chur ar an eolas faoi aon tréith shonrach nó aon airí bia, amhail comhdhéanamh, luach cothaitheach nó éifeachtaí cothaitheacha agus an úsáid atá ceaptha don bhia, rud a fhágann nach ionann is gnáthbhia a thuilleadh bia núíosach nó faoi impleachtaí do shláinte grúpaí sonracha den phobal;

    (c) 

    ceanglais faireacháin iarmhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 24.



    CAIBIDIL III

    NÓSANNA IMEACHTA UM ÚDARÚ DO BHIA NÚÍOSACH.



    ROINN I

    Rialacha ginearálta

    Airteagal 10

    An nós imeachta lena n-údaraítear bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonraítear liosta an Aontais

    ▼M1

    1.  Is ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas chuig an gCoimisiún ó iarratasóir a thosóidh an nós imeachta lena n-údaraítear bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonraítear liosta an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán seo, i gcomhréir le formáidí caighdeánacha sonraí, i gcás inarb ann dóibh de bhun Airteagal 39f de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Déanfaidh an Coimisiún an t-iarratas a chur ar fáil do na Ballstáit gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún achoimre den iarratas, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (e) de mhír 2 den Airteagal seo, a chur ar fáil go poiblí.

    ▼B

    2.  Beidh ar áireamh san iarratas ar údarú:

    (a) 

    ainm agus seoladh an iarratasóra;

    (b) 

    ainm an bhia núíosaigh agus an tuairisc air;

    (c) 

    tuairisc ar an bpróiseas táirgthe nó ar na próisis tháirgthe;

    (d) 

    comhdhéanamh mionsonraithe an bhia núíosaigh;

    (e) 

    fianaise eolaíoch a léiríonn nach gcothaíonn an bia núíosach riosca sábháilteachta do shláinte an duine;

    (f) 

    i gcás inarb iomchuí, an modh anailíse nó na modhanna anailíse;

    (g) 

    moladh maidir leis na coinníollacha úsáide beartaithe agus maidir le ceanglais lipéadaithe shonracha nach gcuirfidh an tomhaltóir ar míthreoir nó bonn cirt infhíoraithe don chúis nach bhfuil gá leis na heilimintí sin.

    ▼M1

    3.  I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”), déanfaidh an tÚdarás an t-iarratas a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 23 agus tabharfaidh sé a thuairim faoi cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar difear do shláinte an duine de dhroim an nuashonraithe.

    ▼B

    4.  Nuair a chuirtear modhanna tástála i bhfeidhm ar nana-ábhair a bhfuil innealtóireacht déanta orthu amhail dá dtagraítear dóibh i bpointe (a)(viii) agus i bpointe (a) (ix) d'Airteagal 3(2), tabharfaidh na hiarratasóirí míniú ar an iomchuibheas eolaíoch a luann siad leis na nana-ábhair agus, i gcás inarb iomchuí, ar na hoiriúnuithe nó na coigeartuithe teicniúla a bheidh déanta chun aird a thabhairt ar shaintréithe sainiúla na n-ábhar sin.

    5.  Maidir leis an nós imeachta lena n-údaraítear bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonraítear liosta an Aontais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 9, is glacadh gnímh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 12 a bheidh mar dheireadh air.

    6.  De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta a fhoirceannadh agus cinneadh a dhéanamh gan dul ar aghaidh le nuashonrú, aon tráth, má mheasann sé nach bhfuil bonn cirt leis an nuashonrú sin.

    I gcásanna den sórt sin, i gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na mBallstát, tuairim an Údaráis agus aon chúinsí dlisteanacha eile is ábhartha maidir leis an nuashonrú atá á bhreithniú san áireamh.

    Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir agus na Ballstáit uile ar an eolas go díreach faoi na cúiseanna a measann sé nach bhfuil bonn cirt leis an nuashonrú. Déanfaidh an Coimisiún an liosta de na hiarratais sin a chur ar fáil go poiblí.

    7.  Féadfaidh an t-iarratasóir a iarratas a tharraingt siar tráth ar bith, agus leis sin foirceannfar an nós imeachta.

    Airteagal 11

    Tuairim an Údaráis

    1.  I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún tuairim ar an Údarás, cuirfidh sé an t-iarratas bailí ar aghaidh chuig an Údarás gan mhoill, agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin i ndiaidh dó an bhailíocht a fhíorú. Glacfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh de naoi mí ón dáta a fhaightear iarratas bailí.

    2.  Agus sábháilteacht bianna núíosacha á meas aige, déanfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas a bhreithniú:

    (a) 

    an bhfuil an bia núíosach lena mbaineann chomh sábháilte le bia ó chatagóir bia inchomórtais arna chur ar an margadh cheana laistigh den Aontas;

    (b) 

    an gcothaíonn comhdhéanamh an bhia núíosaigh agus coinníollacha a úsáide riosca sábháilteachta do shláinte an duine san Aontas;

    (c) 

    i gcás bia núíosach a bheartaítear a chur in ionad bia eile, an bia núíosach é nach bhfuil an oiread sin de dhifríocht idir é agus an bia sin agus go mbeadh a ghnáth-thomhaltas chun aimhleasa an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de.

    3.  Cuirfidh an tÚdarás a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, chuig an iarratasóir.

    4.  I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus ina n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis bhreise ón iarratasóir, féadfar an tréimhse naoi mí dá bhforáiltear i mír 1 a fhadú.

    Tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir, sonróidh an tÚdarás tréimhse ina bhfuil an fhaisnéis bhreise sin le soláthar agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis an méid sin.

    Mura ndéanfaidh an Coimisiún agóid i gcoinne an fhadaithe laistigh d'ocht lá oibre tar éis don Údarás é a chur ar an eolas, déanfar an tréimhse naoi mí dá bhforáiltear i mír 1 a fhadú go huathoibríoch leis an tréimhse bhreise sin. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an bhfadú sin.

    5.  I gcás nach ndéanfar an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar don Údarás laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh an tÚdarás a thuairim a tharraingt suas ar bhonn na faisnéise atá ar fáil aige.

    6.  I gcás ina gcuirfidh iarratasóir faisnéis bhreise isteach ar a thionscnamh féin, seolfaidh sé an fhaisnéis sin chuig an Údarás.

    I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh den tréimhse naoi mí dá bhforáiltear i mír 1.

    7.  Cuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis bhreise arna soláthar i gcomhréir le mír 4 agus mír 6 ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit.

    Airteagal 12

    Bia núíosach a údarú agus nuashonruithe ar liosta an Aontais

    1.  Laistigh de sheacht mí ó dháta foilsithe thuairim an Údaráis, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 30(1) dréachtghníomh cur chun feidhme lena n-údarófar bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonrófar liosta an Aontais, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

    (a) 

    na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 7, agus, i gcás inarb infheidhme, i bpointe (c) den Airteagal sin;

    (b) 

    aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais, lena n-áirítear prionsabal an réamhchúraim amhail dá dtagraítear dó in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

    (c) 

    tuairim an Údaráis;

    (d) 

    aon tosca dlisteanacha eile atá ábhartha maidir leis an iarratas atá á bhreithniú.

    Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

    2.  I gcás nár iarr an Coimisiún tuairim ar an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 10(3), tosóidh an tréimhse seacht mí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo ón dáta a mbeidh iarratas bailí faighte ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

    Airteagal 13

    Gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos ceanglais riaracháin agus eolaíochta le haghaidh iarratas

    Faoin 1 Eanáir 2018, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) 

    inneachar, dréachtú agus tíolacadh an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 10(1);

    (b) 

    na socruithe maidir le bailíocht na n-iarratas sin a fhíorú gan mhoill;

    (c) 

    an cineál faisnéise atá le háireamh i dtuairim an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 11.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).



    ROINN II

    Rialacha sonracha maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha

    Airteagal 14

    Fógra a thabhairt maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír

    In ionad an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a leanúint, féadfaidh iarratasóir, a bhfuil sé de rún aige bia traidisiúnta ó thríú tír a chur ar an margadh laistigh den Aontas, a roghnú fógra faoin rún intinne sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

    (a) 

    ainm agus seoladh an iarratasóra;

    (b) 

    ainm an bhia thraidisiúnta agus tuairisc air;

    (c) 

    comhdhéanamh mionsonraithe an bhia thraidisiúnta;

    (d) 

    tír thionscnaimh nó tíortha tionscnaimh an bhia thraidisiúnta;

    (e) 

    sonraí doiciméadaithe lena léirítear stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír;

    (f) 

    moladh maidir leis na coinníollacha úsáide beartaithe agus maidir le ceanglais lipéadaithe shonracha nach gcuirfidh an tomhaltóir ar míthreoir, nó bonn cirt infhíoraithe don chúis nach bhfuil gá leis na heilimintí sin.

    Airteagal 15

    An nós imeachta maidir le fógra a thabhairt i dtaobh bia traidisiúnta ó thríú tír a chur ar an margadh laistigh den Aontas

    1.  Cuirfidh an Coimisiún an fógra bailí dá bhforáiltear in Airteagal 14 ar aghaidh gan mhoill, agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin i ndiaidh an bhailíocht a fhíorú, chuig na Ballstáit agus chuig an Údarás.

    ▼M1

    2.  Laistigh de 4 mhí ón dáta a gcuirfidh an Coimisiún fógra bailí ar aghaidh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstát nó an tÚdarás agóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an mbia traidisiúnta lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas. I gcás ina dtíolacfaidh an tÚdarás agóidí cuí-réasúnaithe, poibleoidh sé, gan mhoill, an fógra, de bhun Airteagal 23, a mbeidh feidhm aige mutatis mutandis.

    ▼B

    3.  Déanfaidh an Coimisiún an t-iarratasóir a chur ar an eolas i dtaobh aon agóid shábháilteachta chuí-réasúnaithe a luaithe a dhéantar an agóid sin a chur faoina bhráid. Déanfar na Ballstáit, an tÚdarás agus an t-iarratasóir a chur ar an eolas maidir le toradh an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2.

    4.  I gcás nach ndéantar aon agóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le mír 2 laistigh den teorainn ama a leagtar síos sa mhír sin, údaróidh an Coimisiún an bia traidisiúnta lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus nuashonróidh sé liosta an Aontais gan mhoill.

    Ar an mbia traidisiúnta a iontráil i liosta an Aontais, sonrófar gur bia traidisiúnta ó thríú tír atá i gceist.

    I gcás inarb infheidhme, sonrófar coinníollacha úsáide áirithe, ceanglais lipéadaithe shonracha nó ceanglais faireacháin iarmhargaidh.

    5.  I gcás inar cuireadh agóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le mír 2, ní údaróidh an Coimisiún an bia traidisiúnta lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas ná ní nuashonróidh sé liosta an Aontais.

    Sa chás sin, féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 16.

    Airteagal 16

    Iarratas maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír a údarú

    I gcás nach ndéanann an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 15(5), bia traidisiúnta lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas a údarú agus liosta an Aontais a uasdátú, féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a thíolacadh, de bhreis ar an bhfaisnéis a bheidh soláthraithe cheana i gcomhréir le hAirteagal 14, sonraí doiciméadaithe i ndáil leis na hagóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 15(2). ►M1  Déanfar an t-iarratas a thíolacadh i gcomhréir le formáidí caighdeánacha sonraí, i gcás inarb ann dóibh de bhun Airteagal 39f de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. ◄

    Cuirfidh an Coimisiún, gan mhoill, an t-iarratas bailí ar aghaidh chuig an Údarás agus cuirfidh sé ar fáil do Bhallstáit é. ►M1  Poibleoidh an tÚdarás an t-iarratas, an fhaisnéis ábhartha tacaíochta agus aon fhaisnéis fhorlíontach arna soláthar ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 23. ◄

    Airteagal 17

    Tuairim an Údaráis maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír

    1.  Glacfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh de shé mhí ón dáta a fhaightear iarratas bailí.

    2.  Agus sábháilteacht bia thraidisiúnta ó thríú tír á meas aige, déanfaidh an tÚdarás na hábhair seo a leanas a bhreithniú:

    (a) 

    an bhfuil sonraí iontaofa arna gcur isteach ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 16 ag tacú le stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír;

    (b) 

    an gcothaíonn comhdhéanamh an bhia agus coinníollacha a úsáide riosca sábháilteachta do shláinte an duine san Aontas;

    (c) 

    i gcás ina mbeartaítear bia traidisiúnta ó thríú tír a chur in ionad bia eile, ar bia traidisiúnta é nach bhfuil an oiread sin de dhifríocht idir é agus an bia sin agus go mbeadh ghnáth-thomhaltas chun aimhleasa an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de.

    3.  Cuirfidh an tÚdarás a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus chuig an iarratasóir.

    4.  I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus ina n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis bhreise ón iarratasóir, féadfar an tréimhse sé mhí dá bhforáiltear i mír 1 a fhadú.

    Tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir, sonróidh an tÚdarás tréimhse ina bhfuil an fhaisnéis bhreise sin le soláthar agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis an méid sin.

    Mura ndéanfaidh an Coimisiún agóid i gcoinne an fhadaithe laistigh d'ocht lá oibre tar éis don Údarás é a chur ar an eolas, déanfar an tréimhse sé mhí dá bhforáiltear i mír 1 a fhadú go huathoibríoch leis an tréimhse bhreise sin. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an bhfadú sin.

    5.  I gcás nach ndéantar an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar don Údarás laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh an tÚdarás á thuairim a tharraingt suas ar bhonn na faisnéise atá ar fáil aige.

    6.  I gcás ina gcuirfidh iarratasóir faisnéis bhreise isteach ar a thionscnamh féin, seolfaidh sé chuig an Údarás é.

    I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh den tréimhse sé mhí dá bhforáiltear i mír 1.

    7.  Cuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis bhreise arna soláthar i gcomhréir le mír 4 agus mír 6 ar fáil don Choimisiún agus do Bhallstáit.

    Airteagal 18

    Bia traidisiúnta ó thríú tír a údarú agus nuashonruithe ar liosta an Aontais

    1.  Laistigh de thrí mhí ó dháta foilsithe thuairim an Údaráis, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 30(1) dréachtghníomh cur chun feidhme lena n-údarófar an bia traidisiúnta ó thríú tír a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonrófar liosta an Aontais, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

    (a) 

    na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 7, agus, i gcás inarb infheidhme, i bpointe (c) den Airteagal sin;

    (b) 

    aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais, lena n-áirítear prionsabal an réamhchúraim amhail dá dtagraítear dó in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

    (c) 

    tuairim an Údaráis;

    (d) 

    aon tosca dlisteanacha eile atá ábhartha maidir leis an iarratas atá á bhreithniú.

    Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

    2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta um údarú a fhoirceannadh aon tráth agus cinneadh a dhéanamh gan dul ar aghaidh le nuashonrú, i gcás ina measann sé nach bhfuil bonn cirt leis an nuashonrú sin.

    I gcás den sórt sin, i gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na mBallstát, tuairim an Údaráis agus aon tosca dlisteanacha eile is ábhartha maidir leis an nuashonrú atá á bhreithniú san áireamh.

    Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir agus na Ballstáit uile ar an eolas go díreach maidir leis na cúiseanna a mheasann sé nach bhfuil bonn cirt leis an nuashonrú.

    3.  Féadfaidh an t-iarratasóir a iarratas dá dtagraítear in Airteagal 16 a tharraingt siar aon tráth, agus leis sin foirceannfar an nós imeachta.

    Airteagal 19

    Nuashonruithe ar liosta an Aontais a mhéid a bhaineann le bianna traidisiúnta údaraithe ó thríú tíortha

    Tá feidhm ag Airteagal 10 go hAirteagal 13 maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír a bhaint de liosta an Aontais nó maidir le sonraíochtaí, coinníollacha úsáide, ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise nó ceanglais faireacháin iarmhargaidh a bhaineann le bia traidisiúnta ó thríú tír a áireamh ar liosta an Aontais a chur leis an liosta sin, a bhaint den liosta sin nó iad a athrú ar an liosta.

    Airteagal 20

    Gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos ceanglais riaracháin agus eolaíochta maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha

    Faoin 1 Eanáir 2018, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a) 

    inneachar, dréachtú agus tíolacadh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagal 14 agus na hiarratais dá dtagraítear in Airteagal 16;

    (b) 

    na socruithe maidir le bailíocht na bhfógraí agus na n-iarratas sin a fhíorú gan mhoill;

    (c) 

    na socruithe chun faisnéis a mhalartú leis na Ballstáit agus leis an Údarás a mhéid a bhaineann le hagóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta a chur isteach, amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(2);

    (d) 

    an cineál faisnéise atá le cur ar áireamh i dtuairim an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 17.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).



    CAIBIDIL IV

    RIALACHA NÓS IMEACHTA BREISE AGUS CEANGLAIS EILE

    Airteagal 21

    Faisnéis bhreise maidir le bainistiú riosca

    1.  I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise ar iarratasóir maidir le hábhair a bhaineann le bainistiú riosca, cinnfidh sé, in éineacht leis an iarratasóir, an tréimhse ina bhfuil an fhaisnéis sin le soláthar.

    I gcásanna den sórt sin, féadfar an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) nó (2) nó in Airteagal 18(1) a fhadú dá réir. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an bhfadú sin agus cuirfidh sé an fhaisnéis bhreise ar fáil do Bhallstáit a luaithe a bheidh sí faighte aige.

    2.  I gcás nach bhfaighfear an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 1 laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear sa mhír sin, gníomhóidh an Coimisiún ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil aige.

    Airteagal 22

    Tréimhsí ama a fhadú ar bhonn ad hoc

    In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún na tréimhsí ama dá bhforáiltear in Airteagail 11(1), 12(1) nó (2), 17(1) agus 18(1) a fhadú ar a thionscnamh féin nó, i gcás inarb infheidhme, arna iarraidh sin don Údarás, i gcás ina mbeidh bonn cirt le fadú iomchuí de bharr chineál an ábhair i dtrácht.

    Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir agus na Ballstáit ar an eolas maidir leis an bhfadú agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis.

    ▼M1

    Airteagal 23

    Trédhearcacht agus rúndacht

    1.  I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún tuairim an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 10(3) agus Airteagal 16 den Rialachán seo, déanfaidh an tÚdarás an t iarratas ar údarú, faisnéis ábhartha tacaíochta agus aon fhaisnéis fhorlíontach arna soláthar ag an iarratasóir a phoibliú chomh maith lena thuairimí eolaíocha, i gcomhréir le hAirteagal 38 go hAirteagal 39e de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus leis an Airteagal seo.

    2.  Agus an t-iarratas taiscthe, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh a thíolacadh, lena mbeidh cosaint infhíoraithe ag gabháil, go gcaithfear faoi rún le codanna áirithe den fhaisnéis a tíolacadh faoin Rialachán seo.

    3.  I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún tuairim an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 10(3) agus Airteagal 16 den Rialachán seo, déanfaidh an tÚdarás an iarraidh ar rúndacht arna tíolacadh ag an iarratasóir a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 39 go hAirteagal 39e de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

    4.  De bhreis ar na míreanna faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 39(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus de bhun Airteagal 39(3) den Rialachán sin, féadfaidh an tÚdarás caitheamh i modh rúin leis na míreanna faisnéise seo a leanas a cheadú freisin, i gcás inar thaispeáin an t-iarrthóir go bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin dochar nár bheag a dhéanamh dá leasanna:

    (a) 

    i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis arna soláthar i dtuairiscí mionsonraithe ar bhunsubstaintí agus bunullmhóidí agus ar an gcaoi a n úsáidtear iad sin chun an bia núíosach is ábhar don údarú a mhonarú, agus aon fhaisnéis mhionsonraithe ar chineál agus comhdhéanamh na mbianna sonracha nó na gcatagóirí sonracha bia ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir an bia núíosach sin a úsáid, ach amháin faisnéis atá ábhartha do mheasúnú sábháilteachta;

    (b) 

    i gcás inarb infheidhme, faisnéis anailíseach mhionsonraithe ar athraitheacht agus cobhsaíocht bhaisceanna táirgthe aonair, ach amháin faisnéis atá ábhartha do mheasúnú sábháilteachta.

    5.  I gcás nach n-iarrfaidh an Coimisiún tuairim an Údaráis de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 16 den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún an iarraidh ar rúndacht arna tíolacadh ag an iarratasóir a mheas. Beidh feidhm le hAirteagail 39, 39a agus 39d de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus de mhír 4 den Airteagal seo mutatis mutandis.

    6.  Ní dochar an tAirteagal seo d'Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

    ▼B

    Airteagal 24

    Ceanglais faireacháin iarmhargaidh

    Féadfaidh an Coimisiún, ar chúiseanna sábháilteachta bia agus tar éis dó tuairim an Údaráis a chur san áireamh, ceanglais faireacháin iarmhargaidh a fhorchur. Féadfar a áireamh sna ceanglais sin, ar bhonn cás ar chás, go ndéanfar na hoibreoirí gnó bia ábhartha a shainaithint.

    Airteagal 25

    Ceanglais maidir le faisnéis bhreise

    Aon oibreoir gnó bia ar bith a bhfuil bia núíosach curtha ar an margadh aige, déanfaidh sé an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach i dtaobh faisnéis ar bith a fhaigheann sé amach fúithi maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) 

    aon fhaisnéis eolaíoch nua nó aon fhaisnéis theicniúil nua a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar an measúnú ar shábháilteacht úsáid an bhia núíosaigh;

    (b) 

    aon toirmeasc nó srian a fhorchuireann tríú tír ina gcuirtear an bia núíosach ar an margadh.

    Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.



    CAIBIDIL V

    COSAINT SONRAÍ

    Airteagal 26

    An nós imeachta um údarú i gcás cosaint sonraí

    1.  Arna iarraidh sin don iarratasóir, agus i gcás ina mbeidh tacaíocht aige ó fhaisnéis iomchuí agus infhíoraithe a bheidh ar áireamh san iarratas dá bhforáiltear in Airteagal 10(1), ní dhéanfar, gan comhaontú an iarratasóra thosaigh, fianaise eolaíoch nuafhorbartha ná sonraí eolaíocha lena dtacaítear leis an iarratas a úsáid chun tairbhe iarratais ina dhiaidh sin i rith tréimhse cúig bliana ón dáta a dhéanfar an bia núíosach a údarú.

    2.  Déanfaidh an Coimisiún an chosaint sonraí a dheonú faoi Airteagal 27(1) i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    gur ainmnigh an t-iarratasóir tosaigh an fhianaise eolaíoch nuafhorbartha nó na sonraí eolaíocha mar shonraí dílseánaigh an tráth a rinneadh an chéad iarratas;

    (b) 

    go raibh ceart eisiach tagartha ag an iarratasóir tosaigh ar an bhfianaise eolaíoch dhílseánaigh nó ar na sonraí eolaíocha dílseánaigh tráth a rinneadh an chéad iarratas; agus

    (c) 

    nach bhféadfadh an tÚdarás an bia núíosach a mheas agus a údarú gan an t-iarratasóir tosaigh an fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó na sonraí eolaíocha dílseánaigh a chur isteach.

    Féadfaidh an t-iarratasóir tosaigh, áfach, a chomhaontú le hiarratasóir ina dhiaidh sin go bhféadfar an fhianaise eolaíoch agus na sonraí eolaíocha sin a úsáid.

    3.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 maidir le fógraí agus iarratais i dtaobh bianna traidisiúnta ó thríú tíortha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

    Airteagal 27

    Bia núíosach a údarú agus a áireamh i liosta an Aontais bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó ar shonraí eolaíocha dílseánaigh atá faoi chosaint

    1.  I gcás ina ndéanfar bia núíosach a údarú agus a áireamh i liosta an Aontais de bhun Airteagal 10 go hAirteagal 12 bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó ar shonraí eolaíocha dílseánaigh a bhfuil cosaint sonraí deonaithe dóibh de réir amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26(1), déanfar, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an méid seo a leanas a léiriú san iontráil don bhia núíosach sin i liosta an Aontais:

    (a) 

    an dáta ar áiríodh an bia núíosach i liosta an Aontais;

    (b) 

    an fíoras go bhfuil an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha dílseánaigh atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26;

    (c) 

    ainm agus seoladh an iarratasóra;

    (d) 

    an fíoras gurb é an t-iarratasóir atá sonraithe i bpointe (c) den mhír seo, agus an t-iarratasóir sin amháin, atá údaraithe chun an bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíochta dílseánaigh arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 roimhe sin nó le comhaontú ón iarratasóir tosaigh;

    (e) 

    dáta deiridh na cosanta sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 26.

    2.  Fianaise eolaíoch nó sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 nó dá bhfuil an tréimhse chosanta faoin Airteagal sin dulta in éag, ní dhéanfar cosaint athnuaite a dheonú dóibh.

    Airteagal 28

    An nós imeachta um údarú i gcás iarratas comhthráthach ar údarú i dtaobh éileamh sláinte

    1.  An nós imeachta um údarú le haghaidh bia núíosach a mbeidh tús curtha leis i ndiaidh iarratais, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don iarratasóir, é a bhac i gcás ina mbeidh curtha isteach ag an iarratasóir:

    (a) 

    iarraidh ar chosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 26; agus

    (b) 

    iarratas ar údarú i dtaobh éileamh sláinte maidir leis an mbia núíosach céanna i gcomhréir le hAirteagal 15 nó Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, in éineacht le hiarraidh ar chosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán sin.

    Beidh an bac ar an nós imeachta um údarú gan dochar don mheasúnú ar an mbia ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 11.

    2.  Déanfaidh an Coimisiún dáta feidhme an bhaic a chur in iúl don iarratasóir.

    3.  An t-achar a bheidh an nós imeachta um údarú faoi bhac, cuirfear stop le háireamh na tréimhse ama chun críocha na teorann ama a leagtar síos in Airteagal 12(1).

    4.  Athchromfar ar an nós imeachta um údarú nuair a bheidh tuairim an Údaráis i dtaobh an éilimh sláinte, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, faighte ag an gCoimisiún.

    Déanfaidh an Coimisiún an dáta a n-athchromfar ar an nós imeachta um údarú a chur in iúl don iarratasóir. Ón dáta a n-athchromfar ar an nós imeachta, leanfar an athuair le háireamh na tréimhse ama ón tús chun críocha na teorann ama a leagtar síos in Airteagal 12(1) den Rialachán seo.

    5.  Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar cásanna iad ina mbeidh cosaint sonraí deonaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, ní rachaidh tréimhse na cosanta sonraí a dheonófar i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo thar tréimhse na cosanta sonraí a bheidh deonaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.

    6.  Féadfaidh an t-iarratasóir an iarraidh ar bhac ar an nós imeachta um údarú, arna cur isteach i gcomhréir le mír 1, a tharraingt siar tráth ar bith. Sa chás sin, athchromfar ar an nós imeachta um údarú agus ní bheidh feidhm ag mír 5.



    CAIBIDIL VI

    PIONÓIS AGUS FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 29

    Pionóis

    Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2018 agus déanfaidh siad fógra a thabhairt gan mhoill don Choimisiún i dtaobh aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh.

    Airteagal 30

    Nós imeachta coiste

    1.  Tabharfaidh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ).

    2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama chun an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

    3.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama chun an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

    I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 31

    Gníomhartha tarmligthe

    Chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 32, an sainmhíniú ar nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 3(2) a choigeartú agus a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó do na sainmhínithe a bheidh comhaontaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta.

    Airteagal 32

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.  Tá sé tábhachtach go háirithe go leanfadh an Coimisiún a ghnáthchleachtas agus go rachadh sé i mbun comhairliúchán le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe Ballstát, sula ndéanfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh.

    3.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 31 Nollaig 2015. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    4.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 31 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

    6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 31 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.



    CAIBIDIL VII

    BEARTA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 33

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 mar a leanas:

    (1) 

    In Airteagal 2(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(h) an sainmhíniú ar ‘nana-ábhair a bhfuil innealtóireacht déanta orthu’ faoi mar a bhunaítear i bpointe (f) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).

    (2) 

    Scriostar pointe (t) d'Airteagal 2(2).

    Déanfar tagairtí do phointe (t) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 arna scriosadh a fhorléiriú mar thagairtí do phointe (f) d'Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

    (3) 

    In Airteagal 18, scriostar mír 5.

    Airteagal 34

    Aisghairm

    Déantar leis seo Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 a aisghairm ón 1 Eanáir 2018. Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo

    Airteagal 35

    Bearta idirthréimhseacha

    1.  Maidir le haon iarraidh chun bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ar iarraidh í a cuireadh faoi bhráid Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus nach mbeidh an cinneadh críochnaitheach déanta ina leith roimh an 1 Eanáir 2018, déileálfar léi mar iarratas faoin Rialachán seo.

    Ní dhéanfaidh an Coimisiún Airteagal 11 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcás ina mbeidh measúnú riosca soláthraithe cheana féin ag Ballstát ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus nach mbeidh aon agóid réasúnaithe i leith an mheasúnaithe ardaithe ag aon Bhallstát eile.

    2.  Bianna nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a chuirfear ar an margadh go dleathach faoin 1 Eanáir 2018 agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh cinneadh déanta i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 12 nó le hAirteagal 14 go hAirteagal 19 den Rialachán seo tar éis iarratas ar údarú bia núíosaigh nó fógra maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír a bheith curtha isteach faoin dáta a bheidh sonraithe sna rialacha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 nó le hAirteagal 20 den Rialachán seo faoi seach, ach tráth nach déanaí ná an 2 Eanáir 2020.

    3.  Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta a ghlacadh i dtaca leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 20, ar bearta iad atá riachtanach chun mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

    Airteagal 36

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2018, seachas le haghaidh na bhforálacha seo a leanas:

    (a) 

    Beidh feidhm ag Airteagal 4(4), Airteagail 8, 13 agus 20, Airteagal 23(8), Airteagal 30 agus Airteagal 35(3) amhail ón 31 Nollaig 2015;

    (b) 

    Beidh feidhm ag Airteagal 4(2) agus (3) amhail ó dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(4);

    (c) 

    Beidh feidhm ag Airteagal 5 amhail ón 31 Nollaig 2015. Maidir le gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar faoi Airteagal 5, áfach, ní bheidh feidhm acu roimh an 1 Eanáir 2018.

    (d) 

    Beidh feidhm ag Airteagal 31 agus ag Airteagal 32 amhail ón 31 Nollaig 2015. Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoi na hAirteagail sin, áfach, ní bheidh feidhm acu roimh an 1 Eanáir 2018.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



    ( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    ( *1 ) Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1).”.

    Top