Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02014R0037-20160728

    Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/37(1)/2016-07-28

    2014R0037 — GA — 28.07.2016 — 006.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 37/2014 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 15 Eanáir 2014

    lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh

    (IO L 018 21.1.2014, lch. 1)

    Arna leasú:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2015/475 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Márta 2015

      L 83

    1

    27.3.2015

    ►M2

    RIALACHÁN (AE) 2015/476 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Márta 2015

      L 83

    6

    27.3.2015

    ►M3

    RIALACHÁN (AE) 2015/477 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Márta 2015

      L 83

    11

    27.3.2015

    ►M4

    RIALACHÁN (AE) 2015/478 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Márta 2015

      L 83

    16

    27.3.2015

    ►M5

    RIALACHÁN (AE) 2015/479 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Márta 2015

      L 83

    34

    27.3.2015

    ►M6

    RIALACHÁN (AE) 2015/752 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Aibreán 2015

      L 123

    16

    19.5.2015

    ►M7

    RIALACHÁN (AE) 2015/755 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Aibreán 2015

      L 123

    33

    19.5.2015

    ►M8

    RIALACHÁN (AE) 2015/938 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Meitheamh 2015

      L 160

    57

    25.6.2015

    ►M9

    RIALACHÁN (AE) 2015/939 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Meitheamh 2015

      L 160

    62

    25.6.2015

    ►M10

    RIALACHÁN (AE) 2015/940 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Meitheamh 2015

      L 160

    69

    25.6.2015

    ►M11

    RIALACHÁN (AE) 2015/941 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Meitheamh 2015

      L 160

    76

    25.6.2015

    ►M12

    RIALACHÁN (AE) 2015/1145 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Iúil 2015

      L 191

    1

    17.7.2015

    ►M13

    RIALACHÁN (AE) 2015/1843 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 6 Deireadh Fómhair 2015

      L 272

    1

    16.10.2015

    ►M14

    RIALACHÁN (AE) 2016/1036 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Meitheamh 2016

      L 176

    21

    30.6.2016

    ►M15

    RIALACHÁN (AE) 2016/1037 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Meitheamh 2016

      L 176

    55

    30.6.2016

    ►M16

    RIALACHÁN (AE) 2016/1076 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Meitheamh 2016

      L 185

    1

    8.7.2016




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 37/2014 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 15 Eanáir 2014

    lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh



    Airteagal 1

    Déantar leis seo na Rialacháin atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

    Airteagal 2

    Forléireofar tagairtí d'fhorálacha na Rialachán a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo mar thagairtí do na forálacha sin arna leasú leis an Rialachán seo.

    Forléireofar tagairtí d'iar-ainmneacha coistí mar thagairtí d'ainmneacha nua na gcoistí amhail dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

    Ar fud na Rialachán a liostaítear san Iarscríbhinn:

    (a) tuigfear gurb ionann aon tagairt do na focail 'Comhphobal Eorpach','Comhphobal', 'Comhphobail Eorpacha' nó 'Comhphobail' agus tagairt don 'Aontas Eorpach' nó don Aontas';

    (b) tuigfear gurb ionann aon tagairt don chomhfhocal 'cómhargadh' agus tagairt don 'mhargadh inmheánach';

    (c) tuigfear gurb ionann aon tagairt do na focail 'Coiste dá bhforáiltear in Airteagal 113', 'Coiste dá bhforáiltear in Airteagal 133', 'Coiste dá dtagraítear in Airteagal 113' agus 'Coiste dá dtagraítear in Airteagal 133' agus tagairt do 'Coiste dá bhforáiltear in Airteagal 207';

    (d) tuigfear gurb ionann aon tagairt do na focail 'Airteagal 113 den Chonradh' nó 'Airteagal 133 den Chonradh' agus tagairt do 'Airteagal 207 den Chonradh'.

    Airteagal 3

    Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta arna dtionscnamh chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear sna Rialacháin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó roimh a theacht i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:

    (a) nuair atá gníomh glactha ag an gCoimisiún;

    (b) nuair atá gá le comhairliúchán faoi cheann de na Rialacháin a liostaítear san Iarscríbhinn agus tá na comhairliúcháin sin tionscanta; nó

    (c) nuair atá gá le togra faoi cheann de na Rialacháin a liostaítear san Iarscríbhinn agus tá an togra sin glactha ag an gCoimisiún.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    IARSCRÍBHINN

    LIOSTA NA RIALACHÁN A THAGANN FAOI RÉIM AN CHOMHBHEARTAIS TRÁCHTÁLA AGUS A CHUIRTEAR IN OIRIÚINT D'AIRTEAGAL 290 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH NÓ D'FHORÁLACHA INFHEIDHME RIALACHÁN (AE) UIMH. 182/2011.

    ▼M12 —————

    ▼M1 —————

    ▼M8 —————

    ▼M13 —————

    ▼B

    5.    Rialachán (CE) Uimh. 385/96

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 385/96, ceanglaítear coinníollacha aonfhoirmeacha le cur chun feidhme na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán sin chun na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 385/96 mar seo a leanas:

    (1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(11):

    "11.  Gan dochar d'Airteagal 15(2), i gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himeacht a thionscnamh, déanfaidh sé amhlaidh laistigh de 45 lá ón dáta a cuireadh an gearán isteach, nó, i gcás tionscnaimh de bhun mhír 8, laistigh de thréimhse nach faide ná sé mhí ón am a fuarthas eolas ar dhíol an tsoithigh nó ón am ar cheart eolas a bheith faighte ar a dhíol, agus foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás nach gcuirtear dóthain fianaise isteach, cuirfear é sin in iúl don ghearánach laistigh de 45 lá ón ngearán a chur isteach chuig an gCoimisiún.

    Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a chinneadh go raibh gá le himeacht mar sin a thionscnamh.".

    (2) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

    (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    "2.  I gcás ina bhfuil bearta neamhriachtanach, déanfar an t-imscrúdú nó na himeachtaí a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).";

    (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    "4.  I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh thiar thall iad, go bhfuil praghsáil dhíobhálach i gceist agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall uirthi, gearrfaidh an Coimisiún muirear praghsála díobhálaí ar an tógálaí long, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Is ionann méid an mhuirir praghsála díobhálaí agus an corrlach praghsála díobhálaí arna bhunú. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, na bearta is gá chun a chinneadh a chur chun feidhme, go háirithe an muirear praghsála díobhálaí a bhailiú.".

    (3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 8:

    "Is féidir an t-imscrúdú a fhoirceannadh gan muirear praghsála díobhálaí a ghearradh má chuireann an tógálaí long díol an tsoithigh de phraghas díobhálach ar neamhní go cinntitheach agus gan choinníoll nó má chomhlíonann sé leigheas coibhéiseach eile lenar ghlac an Coimisiún.".

    (4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):

    "1.  Mura n-íocfaidh an tógálaí long atá i gceist an muirear praghsála díobhálaí arna ghearradh faoi Airteagal 7, gearrfaidh an Coimisiún frithbhearta ar na soithí a thóg an tógálaí long sin i bhfoirm cearta luchtaithe agus díluchtaithe a dhiúltú.

    Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a thiocfaidh forais na bhfrithbheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun cinn.".

    (5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

    "Airteagal 10

    Nós imeachta coiste

    1.  Beidh Coiste a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle ( 1 ) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).

    2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    (6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(5):

    "5.  Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit lena n-áirítear oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis a fuarthas de bhun an Rialacháin seo agus ar iarr a soláthraí go ndéileálfaí léi i modh rúnda, gan cead sonrach a fháil ón soláthraí. Ní sceithfear malairtí faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit ná aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag Ballstáit an Aontais ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo.".

    (7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3):

    "3.  Déanfar an nochtadh faisnéise i scríbhinn. Déanfar é sin, ag féachaint go cuí don ghá atá ann faisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach lú ná mí amháin roimh chinneadh cinntitheach a dhéanamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais nó breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach, i gcás ina bhfuil cinneadh den sórt sin bunaithe ar aon fhíorais agus breithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir.".

    (8) Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    "Airteagal 14a

    Tuarascáil

    Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.".

    6.    Rialachan (CE) Uimh. 2271/96

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2271/96, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú.

    Chun go nglacfaí na forálacha atá riachtanach chun an Rialachán sin a chur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le dlíthe a chur leis an liosta atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin nó i dtaca le hiad a scriosadh aisti. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh sé i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Ceanglaítear le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le critéir a bhunú i ndáil le daoine a údarú chun go ndéanfaidís aon cheanglas nó toirmeasc, lena n-áirítear iarrataí ó chúirteanna coigríche, a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach, a mhéid go ndéanfadh neamhchomhlíonadh damáiste tromchúiseach dá leasanna nó do leasanna an Aontais. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 mar seo a leanas:

    (1) In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

    "Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun dlíthe, rialacháin nó ionstraimí reachtacha eile de chuid tríú tíortha a bhfuil cur i bhfeidhm seach-chríochach acu agus a bhfuil éifeachtaí díobhálacha acu ar leas an Aontais agus ar leas na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha a fheidhmíonn a gcearta faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur isteach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus chun na dlíthe, na rialacháin nó na hionstraimí reachtacha eile a scriosadh nuair nach mbeidh na héifeachtaí céanna acu a thuilleadh.".

    (2) In Airteagal 7, pointe (c).

    (3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

    "Airteagal 8

    1.  Chun críocha Airteagal 7(b) a chur chun feidhme, beidh an Coiste um Reachtaíocht Sheach-chríochach de chúnamh ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).

    2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    (4) Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    "Airteagal 11a

    1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

    5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 1 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear ceithre mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.".

    ▼M2 —————

    ▼M11 —————

    ▼M7 —————

    ▼M3 —————

    ▼B

    11.    Rialachán (CE) Uimh. 673/2005

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 673/2005, tugtar an chumhacht don Chomhairle chun an Rialachán sin a aisghairm. Ba cheart an chumhacht sin a bhaint agus ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haisghairm Rialachán (CE) Uimh. 673/2005.

    Dá réir sin, scriostar Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 673/2005.

    12.    Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú.

    Chun go nglacfaí na forálacha atá riachtanach chun Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 a chur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le Iarscríbhinní I, II, III, IV agus V a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh sé i mbun comhairliúchán iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 mar seo a leanas:

    (1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

    "Airteagal 12

    Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a chun Iarscríbhinní I, II, III, IV agus V a leasú. Déanfar na sonraí in Iarscríbhinn 1 maidir leis na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát a leasú ar bhonn faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil.".

    (2) Scriostar Airteagal 15.

    (3) Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    "Airteagal 15a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.  Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

    2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse chúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i Airteagal 12 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

    5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.".

    (4) Scriostar Airteagal 16.

    ▼M9 —————

    ▼M16 —————

    ▼M6 —————

    ▼B

    16.    Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle

    I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 55/2008, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh agus chun cóir fhabhrach a fhionraí go sealadach i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí i ndáil le glacadh beart cosanta cinntitheach. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.

    Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 mar seo a leanas:

    (1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3):

    "3.  D’ainneoin forálacha eile de chuid an Rialacháin seo, go háirithe Airteagal 10, i gcás ina bhfuil allmhairithe táirgí talmhaíochta ina gcúis do shuaitheadh tromchúiseach do mhargaí an Aontais agus dá sásraí rialála, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta iomchuí a ghlacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11a(5).".

    (2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    "Airteagal 4

    Cur chun feidhme taraif-chuótaí le haghaidh táirgí déiríochta

    Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe chun taraif-chuótaí a chur chun feidhme maidir le ceannteidil 0401 go 0406 . Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11a(5).".

    (3) Scriostar Airteagal 8.

    (4) Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

    (a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

    "1.  I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún faoi deara go bhfuil dóthain fianaise ann chun calaois, nó mírialtachtaí a léiriú nó chun a léiriú gur théip ar an Moldóiv go córasach na rialacha maidir le tionscnamh táirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin a chomhlíonadh, nó a áirithiú go gcomhlíonfar iad, agus gur théip uirthi comhar riaracháin a sholáthar mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1), nó gur théip uirthi aon cheann de na coinníollacha eile atá sainithe in Airteagal 2(1) a chomhlíonadh, féadfaidh sé bearta a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11a(5) chun na socruithe fabhracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhionraí go hiomlán nó go páirteach ar feadh tréimhse nach faide na sé mhí, ar an gcoinníoll go bhfuil an méid seo a leanas déanta aige ar dtús:"

    (b) scriostar mír 2.

    (c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.  Nuair a bheidh críoch le tréimhse na fionraíochta, cinnfidh an Coimisiún an gcuirfidh sé deireadh leis an mbeart sealadach fionraíochta nó an gcuirfidh sé síneadh leis an mbeart fionraíochta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11a(5).".

    (5) Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

    (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    "1.  I gcás ina ndéanfar táirge atá de thionscnamh na Moldóive a allmhairiú ar théarmaí a bheidh ina gcúis, nó ag bagairt a bheith ina gcúis, le deacrachtaí tromchúiseacha do tháirgeoir de chuid an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí dír-iomaíocha, féadfaidh an Coimisiún dleachtanna na Comhtharaife Custaim a thabhairt isteach arís ar an táirge sin ag tráth ar bith i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11a(5).";

    (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5, mhír 6 agus mhír 7:

    "5.  Críochnófar an t-imscrúdú laistigh de shé mhí tar éis fhoilsiú an fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún, in imthosca eisceachtúla, an tréimhse sin a fhadú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11a(4).

    6.  Déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de thrí mhí, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11a(5). Rachaidh cinneadh den sórt sin i bhfeidhm amhail ón dáta a bhfoilseofar é.

    7.  I gcásanna ina bhfágann imthosca eisceachtúla, a mbíonn gá le gníomhú láithreach maidir leo, gur dodhéanta imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11a(6), aon bheart coisctheach a dhéanamh má tá fíorghá leis.".

    (6) Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    "Airteagal 11a

    An nós imeachta Coiste

    1.  Chun críocha Airteagal 3(3) agus Airteagal 11 agus Airteagal 12 den Rialachán seo, beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle maidir leis na comhrialacha d’allmhairí ( 4 ) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ).

    2  Chun críocha Airteagal 4 den Rialachán seo, beidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 195 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ( 6 ) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.  Chun críocha Airteagal 10 den Rialachán seo, beidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 184 de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    4.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    5.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    6.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 4 den Rialachán sin.

    (7) In Airteagal 12 cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

    "Mura gcomhlíonann an Mholdóiv na rialacha tionscnaimh nó mura soláthraíonn sí comhar riaracháin, mar a cheanglaítear in Airteagal 2, do Chaibidlí 17, 18, 19 agus 21 réamhluaite nó má dhéanann allmhairithe táirgí faoi na Caibidlí sin atá faoi réir na socruithe fabhair a dheonaítear faoin Rialachán seo na gnáthleibhéil allmhairithe a bhíonn ag an Moldóiv a shárú go suntasach, déanfar bearta iomchuí i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11a(5).".

    ▼M10 —————

    ▼M15 —————

    ▼M4 —————

    ▼M7 —————

    ▼M5 —————

    ▼M14 —————

    ▼B




    Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 15(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2008 agus maidir le hAirteagal 25(6) de Rialachán (CE) Uimh. 597/2009

    Measann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go bhfuil bonn cirt le hAirteagal 15(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus Airteagal 25(6) de Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 a áireamh go heisiach ar bhonn thréithe sonracha na Rialachán sin sula ndéanfar iad a leasú leis an Rialachán seo. Mar thoradh air sin, is leis an dá Rialachán sin amháin a bhaineann áireamh forála, amhail na hAirteagal sin, agus agus ní bheidh sin mar fhasach ó thaobh dréachtú na reachtaíochta sa todhchaí..

    Ar mhaithe lena bheith soiléir, tuigeann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún nach dtugtar isteach le hAirteagal 15(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus Airteagal 25(6) de Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 nósanna imeachta atá difriúil ó na cinn dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 nó atá sa bhreis orthu sin.




    Ráiteas ón gComhairle maidir le hAirteagal 3(4) agus Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimhir 182/2011 a chur i bhfeidhm maidir le himeachtaí frithdhumpála agus le himeachtaí dleachta fhrithchúitimh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 597/2009

    Nuair a mholann Ballstát leasú maidir le dréachtbheart frithdhumpála nó dréachtbheart dleachta fhrithchúitimh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (na "Bunrialacháin"), i gcomhréir le hAirteagal 3(4) nó Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, déanfaidh sé an méid a leanas:

    (a) a áirithiú go molfar an leasú in am tráthúil, agus go n-urramófar leis na sprioc-amanna sna Bunrialacháin agus go léireofar leis go dteastaíonn ón gCoimisiún go leor ama chun aon nós imeachta nochta is gá a dhéanamh, an togra a scrúdú i gceart, agus go scrúdóidh an Coiste aon dréachtbheart leasaithe a mholtar;

    (b) a áirithiú go mbeidh an leasú molta ag teacht leis na Bunrialacháin mar a léiríonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é agus leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha;

    (c) bonn cirt i scríbhinn a sholáthar lena chuirfear in iúl, ar a laghad, an bealach a mbaineann an leasú molta leis na Bunrialacháin agus leis na fíricí a shuitear san imscrúdú, agus féadfar a áireamh leo freisin aon argóint thacaíoch eile a mheasann an Ballstát a mholann an leasú é a bheith iomchuí.




    Ráiteas ón gCoimisiún maidir le himeachtaí frithdhumpála agus le himeachtaí dleachta fhrithchúitimh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus Rialachán (CE) Uimhir 597/2009

    Aithníonn an Coimisiún a thábhachtaí is atá sé go bhfaigheadh na Ballstáit faisnéis má fhoráiltear di i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (na "Bunrialacháin") le go gcuirfí ar a gcumas cinntí oiriúnacha a dhéanamh agus déanfaidh an Coimisiún beart chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    * * *

    Chun nach mbeidh aon amhras ann, tuigeann an Coimisiún leis an tagairt do chomhairliúcháin in Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 go n-éilítear ar an gCoimisiún, seachas i gcásanna an-phráinneacha, tuairimí na mBallstát a lorg roimh dhleachtanna frithdhumpála nó frithchúitimh a ghlacadh.

    * * *

    Áiritheoidh an Coimisiún go mbainisteoidh sé gach gné de nósanna imeachta frithdhumpála agus frithchúitimh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear go bhféadfadh na Ballstáit leasuithe a mholadh, chun a áirithiú go n-urramófar na tréimhsí ama a leagtar síos agus na hoibleagáidí i leith páirtithe leasmhara a chruthaítear leis na Bunrialacháin agus go mbeidh aon bheart a fhorchuirfear sa deireadh comhsheasmhach leis na fíricí a shuitear leis an imscrúdú agus leis na Bunrialacháin mar a léiríonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh iad agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.




    Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an gcódú

    Áireofar líon leasuithe suntasacha ar na gníomhartha atá i gceist le glacadh Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh agus Rialachán (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialachán áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh. Chun inléiteacht na ngníomhartha lena mbaineann a fheabhsú, molfaidh an Coimisiún códú na ngníomhartha chomh tapa agus is féidir tar éis an dá Rialachán sin a ghlacadh, agus ar a dhéanaí roimh an 1 Meitheamh 2014.




    Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis na gníomhartha tarmligthe

    I gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh agus Rialachán (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh, meabhraíonn an Coimisiún an gealltanas ar thug sé i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach faisnéis iomlán agus doiciméid a chur ar fáil don Pharlaimint i ndáil leis na cruinnithe a bhí aige le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.



    ( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

    ( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".

    ( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".

    ( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).

    ( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)

    ( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1)

    ( 7 ) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus lena leagtar síos forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).".

    Top