This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02009R0715-20150525
Regulation (EC) No 715/2009 of the European Parliament and of the Council of 13 July 2009 on conditions for access to the natural gas transmission networks and repealing Regulation (EC) No 1775/2005 (Text with EEA relevance)
Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
2009R0715 — GA — 25.05.2015 — 004.003
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (CE) Uimh. 9993/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 211 14.8.2009, lch. 36) |
Arna leasú:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
L 293 |
67 |
11.11.2010 |
||
L 231 |
16 |
28.8.2012 |
||
RIALACHÁN (AE) Uimh. 347/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 17 Aibreán 2013 |
L 115 |
39 |
25.4.2013 |
|
COMMISSION DECISION (EU) 2015/715 Text with EEA relevance of 30 April 2015 (*) |
L 114 |
9 |
5.5.2015 |
Arna cheartú le
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 9993/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Iúil 2009
maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Is é is aidhm don Rialachán seo:
(a) rialacha neamh-idirdhealaitheacha maidir le coinníollacha rochtana ar chórais tarchurtha gáis nádúrtha a shocrú, agus saintréithe speisialta na margaí náisiúnta agus na margaí réigiúnacha á gcur san áireamh, d'fhonn feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh sa ghás a áirithiú;
(b) rialacha neamh-idirdhealaitheacha maidir le coinníollacha rochtana ar shaoráidí GNL agus ar shaoráidí stórála a shocrú, agus saintréithe speisialta na margaí náisiúnta agus na margaí réigiúnacha á gcur san áireamh; agus
(c) teacht chun cinn margaidh mórdhíola a éascú ar margadh é a bheidh trédhearcach agus a fheidhmeoidh go maith agus a mbeidh leibhéal ard cinnteachta soláthair gáis aige agus sásraí a sholáthar chun na rialacha rochtana gréasáin do mhalartuithe trasteorann sa ghás a chomhchuibhiú.
Áireofar sna cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo prionsabail chomhchuibhithe a shocrú i gcomhair taraifí, nó le haghaidh na modheolaíochtaí is bun lena ríomh, le haghaidh rochtana ar an ngréasán, ach ní ar saoráidí stórála, seirbhísí rochtana a bhunú do thríú páirtithe agus prionsabail chomhchuibhithe a bhaineann le leithdháileadh acmhainne agus le bainistiú ar phlódú, ceanglais trédhearcachta, rialacha comhardúcháin agus muirir i leith éagothroime a chinneadh agus trádáil in acmhainn a éascú.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, cé is moite d'Airteagal 19(4), ach amháin maidir le saoráidí stórála a thagann faoi Airteagal 33(3) nó (4) de Threoir 2009/73/CE.
Féadfaidh na Ballstáit eintiteas nó comhlacht a bhunú i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a leagtar de ghnáth ar an oibreoir córais tarchurtha a chur i gcrích agus beidh an t-eintiteas nó an comhlacht sin faoi réir cheanglais an Rialacháin seo. Beidh an t-eintiteas nó an comhlacht sin faoi réir deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo agus beidh sé faoi réir ainmniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2009/73/CE.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn ‘tarchur’ gás nádúrtha a iompar trí ghréasán, arb é atá ann den chuid is mó píblínte ardbhrú, seachas gréasán réamhtheachtach píblínte agus seachas an chuid de na píblínte ardbhrú a úsáidtear go príomha i gcomhthéacs an dáileacháin áitiúil ar ghás nádúrtha d'fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí, ach gan soláthar a áireamh ann;
(2) ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh a chuir an t-oibreoir córais tarchurtha i gcrích le húsáideoir gréasáin d'fhonn tarchur a chur i gcrích;
(3) ciallaíonn ‘acmhainn’ an sreabhadh uasta, arna shloinneadh i méadair chiúbacha in aghaidh an aonaid ama nó in aonad fuinnimh in aghaidh an aonaid ama, arb é an sreabhadh é a bhfuil úsáideoir an ghréasáin i dteideal é a bheith aige i gcomhréir le forálacha an chonartha iompair;
(4) ciallaíonn ‘acmhainn neamhúsáidte’ acmhainn dhocht a fuair úsáideoir gréasáin faoi chonradh iompair ach nár ainmnigh an t-úsáideoir roimh an spriocdháta a sonraíodh sa chonradh;
(5) ciallaíonn ‘bainistiú ar phlódú’ bainistiú phunann acmhainne an oibreora córais tarchurtha d'fhonn an úsáid optamach agus an úsáid uasta a bhaint as an acmhainn theicniúil agus brath tráthúil a dhéanamh ar na pointí plódúcháín agus sáithiúcháin amach anseo;
(6) ciallaíonn ‘margadh tánaisteach’ margadh na hacmhainne a ndéantar trádáil uirthi seachas ar an margadh príomha;
(7) ciallaíonn ‘ainmniúchán’ an tuairisciú roimh ré a dhéanann úsáideoir an ghréasáin chuig an oibreoir córais tarchurtha maidir leis an sreabhadh iarbhír ar mian le húsáideoir an ghréasáin a instealladh isteach sa chóras nó a bhaint uaidh;
(8) ciallaíonn ‘ath-ainmniúchán’ an tuairisciú ina dhiaidh sin ar ainmniúchán ceartaithe;
(9) ciallaíonn ‘sláine córais’ aon staid maidir le gréasán tarchurtha, lena n-áirítear na saoráidí tarchurtha riachtanacha ina bhfanann brú agus cáilíocht an gháis nádúrtha laistigh de na teorainneacha íosta agus uasta arna leagan síos ag an ibreoir córais tarchurtha, ionas go ndéantar ráthú ar tharchur an gháis nádúrtha ón taobh teicniúil;
(10) ciallaíonn ‘tréimhse chothromúcháin’ an tréimhse inar gá do gach úsáideoir gréasáin aistarraingt méid gáis nádúrtha, arna shloinneadh in aonaid fuinnimh, a fhritháireamh tríd an oiread céanna gáis nádúrtha a instealladh sa ghréasán tarchurtha i gcomhréir leis an gconradh iompair nó leis an gcód gréasáin;
(11) ciallaíonn ‘úsáideoir gréasáin’ custaiméir nó custaiméir ionchasach de chuid oibreora córais tarchurtha, agus oibreoirí na gcóras tarchurtha iad féin, a mhéid is gá dóibh a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích maidir leis an tarchur;
(12) ciallaíonn ‘seirbhísí in-idirbhriste’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha i dtaca le hacmhainn in-idirbhriste;
(13) ciallaíonn ‘acmhainn in-idirbhriste’ acmhainn tarchurtha gáis a fhéadfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha a idirbhriseadh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chonradh iompair;
(14) ciallaíonn ‘seirbhísí fadtéarmacha’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha ar bliain amháin nó níos faide a ré;
(15) ciallaíonn ‘seirbhísí gearrthéarmacha’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha ar giorra a ré ná bliain amháin;
(16) ciallaíonn ‘acmhainn dhocht’ acmhainn tarchurtha gáis ar ina leith, de réir conartha, a ráthaíonn an t-oibreoir córais tarchurtha go bhfuil sí do-idirbhriste;
(17) ciallaíonn ‘seirbhísí dochta’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha i dtaca le hacmhainn dhocht;
(18) ciallaíonn ‘acmhainn theicniúil’ an acmhainn dhocht uasta ar féidir leis an oibreoir córais tarchurtha a thairscint do na húsáideoirí gréasáin, agus sláine an chórais agus riachtanais oibríochtúla an ghréasáin tarchurtha á gcur san áireamh;
(19) ciallaíonn ‘acmhainn chonarthach’ an acmhainn a leithdháil an t-oibreoir córais tarchurtha d'úsáideoir gréasáin trí bhíthin conartha iompair;
(20) ciallaíonn ‘acmhainn atá ar fáil’ an chuid den acmhainn theicniúil nach bhfuil leithdháilte agus atá ar fáil i gcónaí ag an gcóras an tráth sin;
(21) ciallaíonn ‘plódú conarthach’ staid inar mó leibhéal na hacmhainne doichte ná an acmhainn theicniúil;
(22) ciallaíonn ‘margadh príomha’ margadh na hacmhainne a dhéanann an t-oibreoir córais tarchurtha a thrádáil go díreach;
(23) ciallaíonn ‘plódú fisiceach’ staid inar mó leibhéal an éilimh ar sheachadtaí iarbhír ná an acmhainn theicniúil aon tráth áirithe;
(24) ciallaíonn ‘acmhainn saoráide GNL’ acmhainn a bheadh ag críochfort GNL do leachtú gáis nádúrtha nó d'allmhairiú, do dhí-ualú, do sheirbhísí coimhdeacha, do stóráil shealadach agus d'athghású GNL;
(25) ciallaíonn ‘spás’ an méid gáis atá úsáideoir saoráide stórála i dteideal a úsáid chun gás a stóráil;
(26) ciallaíonn ‘inseachadtacht’ an ráta ag a bhfuil úsáideoir na saoráide stórála i dteideal gás a aistarraingt as an tsaoráid stórála;
(27) ciallaíonn ‘in-instealltacht’ an ráta ag a bhfuil úsáideoir na saoráide stórála i dteideal gás a instealladh isteach sa tsaoráid stórála;
(28) ciallaíonn ‘acmhainn stórála’ aon teaglaim spáis, in-instealltachta agus inseachadtachta.
2. Gan dochar do na sainmhínithe atá i mír 1 den Airteagal seo, tá feidhm freisin ag na sainmhínithe atá in Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE, agus atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cé is moite den sainmhíniú ar tharchur i bpointe 3 den Airteagal sin.
Ar an gcuma chéanna, tá feidhm ag na sainmhínithe i dtaca le tarchur a thugtar i bpointí 3 go 23 de mhír 1 den Airteagal seo maidir le saoráidí stórála agus GNL.
Airteagal 3
Deimhniú ar oibreoirí na gcóras tarchurtha
1. A luaithe is a fhaightear é, scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra faoi chinneadh ar dheimhniúchán oibreora córas tarchurtha mar a leagtar síos é in Airteagal 10(6) de Threoir 2009/73/CE. Laistigh de dhá mhí ón lá a bhfaighidh sé an fógra sin, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim don údarás rialála náisiúnta ábhartha i dtaca lena chomhoiriúnacht le hAirteagal 10(2) nó le hAirteagal 11, agus le hAirteagal 9 de Threoir 2009/73/CE.
Nuair atá an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht a tuairim a thabhairt ar chinneadh an údaráis rialála náisiúnta. I gcás den sórt sin, déanfar an tréimhse dhá mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhadú dhá mhí eile.
In éagmais tuairime ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil aon agóid ag an gCoimisiún i gcoinne chinneadh an údaráis rialála.
2. Laistigh de dhá mhí ón tráth a fhaightear tuairim ón gCoimisiún, glacfaidh an t-údarás rialála náisiúnta a chinneadh críochnaitheach maidir le deimhniúchán an oibreora córas tarchurtha, agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar an tuairim sin. Foilseofar cinneadh an údaráis rialála agus tuairim an Choimisiúin in éineacht lena chéile.
3. Féadfaidh na húdaráis rialála agus/nó an Coimisiún, tráth ar bith le linn an nós imeachta, a iarraidh ar oibreoir córais tarchurtha agus/nó ar ghnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna giniúna nó soláthair, aon fhaisnéis a sholáthar atá ábhartha maidir le comhlíonadh a gcúraimí faoin Airteagal seo.
4. Déanfaidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála a chaomhnú.
5. Féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a ghlacadh lena leagtar amach mionsonraí an nós imeachta a bheidh le leanúint chun mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
6. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún fógra faoi chinneadh ar dheimhniúchán oibreora córais tarchurtha faoi Airteagal 9(10) de Threoir 2009/73/CE, déanfaidh sé cinneadh a bhaineann le deimhniúchán. Comhlíonfaidh an t-údarás rialála cinneadh an Choimisiúin.
Airteagal 4
Gréasán Eorpach na n-oibreoirí córas tarchurtha don ghás
Comhoibreoidh na hoibreoirí córas tarchurtha uile ar leibhéal an Chomhphobail tríd an ENTSO don Ghás chun comhlánú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha agus trádáil trasteorann a chur chun cinn agus chun bainistiú optamach, oibríocht chomhordaithe agus forás fónta teicniúil an ghréasáin tarchurtha Eorpaigh don ghás nádúrtha a áirithiú.
Airteagal 5
An ENTSO don Ghás a bhunú
1. Faoin 3 Márta 2011 déanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha don ghás dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta an ENTSO don Ghás a bheidh le bunú, lena n-áirítear rialacha nós imeachta a bhaineann leis an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara eile, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta.
2. Laistigh de dhá mhí ón lá a bhfaighfear iad, tar éis di dul i gcomhairle go foirmiúil le heagraíochtaí atá ionadaitheach do na páirtithe leasmhara uile, go háirithe úsáideoirí an chórais, lena n-áirítear custaiméirí, soláthróidh an Ghníomhaireacht tuairim don Choimisiún maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta.
3. Tabharfaidh an Coimisiún tuairim maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta, agus aird á tabhairt aige ar thuairim na Gníomhaireachta dá bhforáiltear i mír 2, agus déanfar amhlaidh laistigh de thrí mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim ón nGníomhaireacht.
4. Laistigh de thrí mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim ón gCoimisiún, bunóidh na hoibreoirí córas tarchurtha an ENTSO don Ghás, agus glacfaidh siad, agus foilseoidh siad, a reachtanna agus a rialacha nós imeachta.
Airteagal 6
Cóid ghréasáin a bhunú
1. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, leis an ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, bunóidh an Coimisiún liosta tosaíochta bliantúil lena sainaithneofar na réimsí a leagtar amach in Airteagal 8(6) mar réimsí a bheidh le cur san áireamh i bhforbairt na gcód gréasáin.
2. Iarrfaidh an Coimisiún ar an nGníomhaireacht creat-treoirlíne neamhcheangailteach (creat-treoirlíne) a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí, ar treoirlíne í lena leagfar amach prionsabail a bheidh oibiachtúil agus soiléir, i gcomhréir le hAirteagal 8(7), maidir le forbairt cód gréasáin a bhaineann leis na réimsí arna sainaithint sa liosta tosaíochta. Rannchuideoidh gach creat-treoirlíne le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh a chur chun cinn. Ar iarraidh réasúnaithe ón nGníomhaireacht, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse sin a fhadú.
3. Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle go foirmiúil leis an ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile maidir leis an gcreat-treoirlíne, le linn tréimhse nach giorra ná dhá mhí, ar bhealach oscailte agus trédhearcach.
4. Má mheasann an Coimisiún nach rannchuidíonn an chreat-treoirlíne le neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat-treoirlíne laistigh de thréimhse réasúnach agus í a chur faoi bhráid an Coimisiún athuair.
5. Má mhainníonn an Ghníomhaireacht creat-treoirlíne a chur faoi bhráid an Choimisiún nó í a chur faoina bhráid athuair laistigh den tréimhse arna socrú ag an gCoimisiún faoi mhír 2 nó faoi mhír 4, tarraingeoidh an Coimisiún suas an chreat-treoirlíne neamhcheangailteach i dtrácht.
6. Iarrfaidh an Coimisiún ar an ENTSO don Ghás cód gréasáin atá i gcomhréir leis an gcreat-treoirlíne ábhartha a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 12 mhí.
7. Laistigh de thréimhse trí mhí ón lá a bhfaighfear cód gréasáin, ar tréimhse í a bhféadfaidh an Ghníomhaireacht dul i gcomhairle go foirmiúil leis na geallsealbhóirí ábhartha lena linn, soláthróidh an Ghníomhaireacht tuairim réasúnaithe don ENTSO don Ghás maidir leis an gcód gréasáin.
8. Féadfaidh an ENTSO don Ghás an cód gréasáin a leasú i bhfianaise thuairim na Gníomhaireachta agus é a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta athuair.
9. Nuair is deimhin leis an nGníomhaireacht go bhfuil an cód gréasáin i gcomhréir leis an gcreat-treoirlíne ábhartha, cuirfidh an Ghníomhaireacht an cód gréasáin faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é laistigh de thréimhse ama réasúnach. Mura nglacfaidh an Coimisiún an cód gréasáin, luafaidh sé na cúiseanna atá leis sin.
10. I gcás an ENTSO don Ghás a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt laistigh den thréimhse ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún faoi mhír 6, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht dréachtchód gréasáin a ullmhú ar bhonn na creat-treoirlíne ábhartha. Féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i mbun tuilleadh comhairliúcháin le linn dréachtchód gréasáin a ullmhú faoin mír seo. Déanfaidh an Ghníomhaireacht dréachtchód gréasáin, arna ullmhú faoin mír seo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.
11. Féadfaidh an Coimisiún cód gréasáin amháin nó níos mó sna réimsí a liostaítear in Airteagal 8(6) a ghlacadh, ar a thionscnamh féin, i gcás an ENTSO don Ghás a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt nó i gcás an Ghníomhaireacht a bheith tar éis mainneachtain dréachtchód gréasáin dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a ullmhú, nó ar mholadh ón nGníomhaireacht faoi mhír 9 den Airteagal seo.
I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún cód gréasáin a ghlacadh ar a thionscnamh féin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, leis an ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis an dréachtchód gréasáin le linn tréimhse nach giorra ná dhá mhí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
12. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart an Choimisiúin na Treoirlínte a ghlacadh agus a leasú mar atá leagtha síos in Airteagal 23.
Airteagal 7
Leasuithe ar chóid ghréasáin
1. Féadfaidh daoine ar dóigh dóibh leas a bheith acu sa chód gréasáin, lena n-áirítear an ENTSO don Ghás, oibreoirí córais tarchurtha, úsáideoirí córas agus tomhaltóirí, dréachtleasuithe ar aon chód gréasáin a ghlactar faoi Airteagal 6 a mholadh don Ghníomhaireacht. Ar a tionscnamh féin, féadfaidh an Ghníomhaireacht leasuithe a mholadh freisin.
2. Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na geallsealbhóirí go léir i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 9991/2009. Tar éis an phróisis sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht tograí réasúnaithe le haghaidh leasuithe a chur chuig an gCoimisiún, á mhíniú conas atá na tograí sin i gcomhréir le cuspóirí na gcód gréasáin a leagtar amach in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.
3. Féadfaidh an Coimisiún leasuithe a ghlacadh ar aon chód gréasáin arna ghlacadh faoi Airteagal 6, agus moltaí na Gníomhaireachta á gcur san áireamh aige. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
4. Le linn na leasuithe atá beartaithe faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 28(2) a bheith á mbreithniú, ní bhreithneofar ach amháin na gnéithe a bhaineann leis an leasú atá beartaithe. Beidh na leasuithe sin atá beartaithe gan dochar do leasuithe eile a fhéadfaidh an Coimisiún a mholadh.
Airteagal 8
Cúraimí an ENTSO don Ghás
1. Tarraingeoidh an ENTSO don Ghás suas cóid ghréasáin sna réimsí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 6(6).
2. Féadfaidh an ENTSO don Ghás cóid ghréasáin a tharraingt suas sna réimsí a leagtar amach i mír 6 d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach, i gcás nach mbainfidh na cóid sin le réimsí a chumhdaítear leis an iarraidh a dhíreoidh an Coimisiún chuige. Cuirfear na cóid ghréasáin sin faoi bhráid na Gníomhaireachta le go dtabharfaidh sí tuairim ina leith. Tabharfaidh an ENTSO don Ghás aird chuí ar an tuairim sin.
3. Glacfaidh an ENTSO don Ghás:
(a) uirlisí coiteanna d'oibriú an ghréasáin, lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar oibriú an ghréasáin i ngnáthdhálaí agus i ndálaí éigeandála, lena n-áirítear scála coiteann chun teagmhais a aicmiú agus pleananna taighde;
(b) plean forbartha líonra neamhcheangailteach deich mbliana uile-Chomhphobail, (plean forbartha líonra uile-Chomhphobail), lena n-áirítear tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair, gach dhá bhliain;
(c) moltaí maidir le comhordú an chomhair theicniúil idir oibreoirí córas tarchurtha sa Chomhphobal agus oibreoirí córas tarchurtha i dtríú tíortha;
(d) clár oibre bliantúil;
(e) tuarascáil bhliantúil;
(f) tuar bliantúil ar leordhóthanacht soláthair an tsamhraidh agus an gheimhridh.
4. Cumhdófar leis an tuar ar leordhóthanacht soláthair Eorpach dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, leordhóthanacht foriomlán an chórais gáis chun freastal ar éilimh reatha agus ar éilimh réamh-mheasta ar ghás don tréimhse cúig bliana atá le teacht chomh maith leis an tréimhse idir cúig bliana agus 10 mbliana ó dháta an tuair sin. Déanfaidh an tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair forbairt na tuar náisiúnta ar leordhóthanacht soláthair a ullmhaíonn gach oibreoir córais tarchurtha ar leith.
5. Is é a bheidh sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3 ná liosta de na cóid ghréasáin atá le hullmhú agus tuairisc orthu, plean maidir le comhordú oibriú an ghréasáin agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, a dhéanfar an bhliain sin, mar aon le féilire táscach.
6. Agus sainiúlachtaí réigiúnacha á gcur san áireamh, más iomchuí, cumhdóidh na cóid ghréasáin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 na réimsí seo a leanas:
(a) rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht an ghréasáin;
(b) rialacha maidir le nascadh leis an ngréasán;
(c) rialacha maidir le rochtain ag tríú páirtithe;
(d) rialacha maidir le malartú sonraí agus maidir le socrú sonraí;
(e) rialacha idir-inoibritheachta;
(f) nósanna imeachta oibríochtúla i gcás éigeandála;
(g) rialacha maidir le leithdháileadh acmhainne agus maidir le bainistiú ar phlódú;
(h) rialacha trádála a bhaineann le soláthar teicniúil agus oibríochtúil seirbhísí rochtana ar an ngréasán agus le comhardú an chórais;
(i) rialacha trédhearcachta;
(j) rialacha comhardúcháin lena n-áirítear rialacha a bhaineann le gréasáin maidir le nós imeachta ainmniúcháin, rialacha maidir le muirir i leith éagothroime agus rialacha maidir le comhardú oibríochtúil idir córais oibreoirí na gcóras tarchurtha;
(k) rialacha maidir le struchtúir chomhchuibhithe do tharaifí tarchurtha; agus
(l) éifeachtúlacht fuinnimh i dtaca le gréasáin gháis.
7. Déanfar na cóid ghréasáin a fhorbairt maidir le saincheisteanna a bhaineann le líonraí trasteorann agus saincheisteanna a bhaineann le comhtháthú an mhargaidh agus beidh siad gan dochar do cheart na mBallstát cóid ghréasáin náisiúnta a bhunú nach ndéanann difear don trádáil trasteorann.
8. Déanfaidh an ENTSO don Ghás faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dTreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(11), agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme agus arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú. Déanfaidh an ENTSO don Ghás a fhionnachtana a thuairisciú don Ghníomhaireacht agus déanfaidh sé torthaí na hanailíse a chur san áireamh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 3 den Airteagal seo.
9. Déanfaidh an ENTSO don Ghás an fhaisnéis uile a chur ar fáil a éilíonn an Ghníomhaireacht chun a cúraimí a chomhlíonadh faoi Airteagal 9(1).
10. Gach dhá bhliain, glacfaidh agus foilseoidh an ENTSO don Ghás plean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3. Cuimseofar samhaltú an ghréasáin chomhtháthaithe, forbairt cásanna, tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair agus measúnú ar stóinseacht an chórais sa phlean forbartha uile-Chomhphobail.
Go háirithe, déanfar na nithe seo a leanas tríd an bplean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail:
(a) cuirfidh sé le pleananna infheistíochta náisiúnta, agus aird á tabhairt ar phleananna infheistíochta réigiúnacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 12(1), agus, más iomchuí, ar ghnéithe Aontais de phleanáil gréasáin mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh ( 1 ); déanfar anailís costas tairbhe air de réir na modheolaíochta bunaithe mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Rialachán sin.
(b) i réimse na n-idirnascairí trasteorann, cuirfidh sé le riachtanais réasúnacha úsáideoirí na gcóras éagsúil agus déanfaidh sé gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 22 de Threoir 2009/73/CE; agus
(c) sainaithneofar sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainn trasteorann.
I dtaca le pointe (c) den dara fomhír, féadfar athbhreithniú a chur mar iarscríbhinn leis an bplean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail, is é sin, athbhreithniú ar na bacainní atá ar mhéadú acmhainn trasteorann an ghréasáin agus a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla.
11. Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar na pleananna forbartha gréasáin deich mbliana náisiúnta d'fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá siad i gcomhréir leis an bplean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Chomhphobail. Má shainaithníonn an Ghníomhaireacht neamhréireachtaí idir plean forbartha gréasáin deich mbliana náisiúnta agus an plean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Chomhphobail, molfaidh sé go ndéanfar an plean forbartha gréasáin náisiúnta nó an plean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Chomhphobail a leasú de réir mar is cuí. Má fhorbraítear plean forbartha gréasáin náisiúnta deich mbliana den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2009/73/CE, molfaidh an Ghníomhaireacht don údarás rialála náisiúnta inniúil an plean forbartha gréasáin deich mbliana náisiúnta a leasú i gcomhréir le hAirteagal 22(7) den Treoir sin agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún.
12. Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh an ENTSO don Ghás a thuairimí don Choimisiún maidir le glacadh na dTreoirlínte de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 23.
Airteagal 9
An faireachán a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht
1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar fhorghníomhú chúraimí an ENTSO don Ghás dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3) agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar an mbealach a ndéanann an ENTSO don Ghás na cóid ghréasáin arna dtarraingt suas faoi Airteagal 8(2) agus na cóid ghréasáin arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 6(1) go dtí (10), ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 6(11), a chur chun feidhme. I gcás ina mbeidh an ENTSO don Ghás tar éis mainneachtain cóid ghréasáin den sórt sin a chur chun feidhme, iarrfaidh an Ghníomhaireacht ar an ENTSO don Ghás míniú cuí-réasúnaithe a thabhairt faoin gcúis gur mhainnigh sé déanamh amhlaidh. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an míniú sin in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh sí a tuairim ina leith.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dTreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún de réir mar a leagtar síos in Airteagal 6(11), agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme, arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú, agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.
2. Déanfaidh an ENTSO don Ghás an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail, an dréachtchlár oibre bliantúil, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus na doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta chun a tuairim a fháil.
Laistigh de thréimhse dhá mhí ón lá a bhfaighfear é, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chuí-réasúnaithe, chomh maith le moltaí, don ENTSO don Ghás agus don Choimisiún, i gcás ina measfaidh sé nach rannchuideoidh an dréachtchlár oibre bliantúil nó an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail arna thíolacadh ag an ENTSO don Ghás le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach nó le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh nó le leibhéal sásúil idirnaisc trasteorann a bheidh oscailte do rochtain ag tríú páirtithe.
Airteagal 10
Comhairliúcháin
1. Agus é ag ullmhú na gcód gréasáin, an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail agus an chláir oibre bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3), seolfaidh an ENTSO don Ghás próiseas comhairliúcháin forleathan, ag céim luath agus ar bhealach trédhearcach agus oscailte, ina n-áireofar na rannpháirtithe ábhartha go léir sa mhargadh, agus, go háirithe, na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do na geallsealbhóirí uile, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Áireofar sa chomhairliúchán sin na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile, gnóthais soláthair agus táirgthe, úsáideoirí gréasáin, lena n-áirítear custaiméirí, oibreoirí córas dáileacháin, lena n-áirítear comhlachais tionsclaíocha ábhartha agus comhlachtaí teicniúla agus grúpaí de gheallsealbhóirí. Is é a bheidh mar aidhm aige ná tuairimí agus tograí na bpáirtithe ábhartha uile a shainaithint i rith an phróisis cinnteoireachta.
2. Poibleofar na doiciméid agus na miontuairiscí uile a bhaineann leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1.
3. Sula nglacfaidh sé an clár oibre bliantúil agus na cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3), tabharfaidh an ENTSO don Ghás le fios conas a rinneadh na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin a chur san áireamh. I gcás nach mbeidh barúlacha curtha san áireamh, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.
Airteagal 11
Costais
Seasfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ENTSO le haghaidh Gáis dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 12 den Rialachán seo agus in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus cuirfear na costais sin i gcuntas le linn na taraifí a bheith á ríomh. Ní fhormheasfaidh na húdaráis rialála na costais sin ach amháin má bhíonn siad réasúnta agus iomchuí.
Airteagal 12
Comhar réigiúnach idir na hoibreoirí córas tarchurtha
1. Bunóidh na hoibreoirí córas tarchurtha comhar réigiúnach laistigh den ENTSO don Ghás d'fhonn rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3). Déanfaidh siad, go háirithe, plean infheistíochta réigiúnach a fhoilsiú gach dara bliain agus féadfaidh siad cinntí infheistíochta a ghlacadh a bheidh bunaithe ar an bplean infheistíochta réigiúnach sin.
2. Cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha socruithe oibríochtúla chun cinn d'fhonn an bainistiú is fearr ar an ngréasán a áirithiú agus déanfaidh siad forbairt malartuithe fuinnimh, leithdháileadh comhordaithe acmhainne trasteorann trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadh-bhunaithe, agus aird chuí á tabhairt ar thuillteanais shonracha na gceantanna intuigthe do leithdháileadh gearrthéarmach, agus comhtháthú na sásraí um chomhardú a chur chun cinn.
3. Chun na spriocanna atá leagtha síos i mír 1 agus i mír 2 a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún an limistéar geografach a chumhdaíonn gach struchtúr comhair réigiúnaigh a shainiú, ag féachaint do na struchtúir comhair réigiúnaigh atá ann cheana féin. Ceadófar do gach Ballstát comhar a chur chun cinn i níos mó ná limistéar geografach amháin. Maidir leis an mbeart dá dtagraítear sa chéad abairt, ar beart é atá cheaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
Chuige sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus leis an ENTSO don Ghás.
Airteagal 13
Taraifí chun rochtain a fháil ar ghréasáin
1. Maidir leis na taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, arna gcur i bhfeidhm ag oibreoirí na gcóras tarchurtha agus arna bhformheas ag na húdaráis rialála de bhun Airteagal 41(6) de Threoir 2009/73/CE, chomh maith leis na taraifí arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 32(1) den Treoir sin, beidh siad trédhearcach, cuirfear san áireamh iontu an gá atá le sláine an chórais agus le feabhas a chur ar shláine an chórais agus déanfaidh siad léiriú a thabhairt ar na costais iarbhír a thabhaítear, a mhéid a fhreagraíonn na costais sin do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus atá inchomparáide ó thaobh struchtúir de, agus a mhéid atá na costais sin trédhearcach, agus cuirfidh siad san áireamh toradh iomchuí ar infheistíochtaí, agus i gcás inarb iomchuí, cuirfidh siad san áireamh an tagarmharcáil a dhéanann na húdaráis rialála ar tharaifí. Maidir leis na taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, cuirfear i bhfeidhm ar shlí neamh-idirdhealaitheach iad.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfar taraifí a chinneadh freisin trí shocruithe margadh-bhunaithe amhail ceantanna, ar choinníoll go mbeidh na socruithe sin agus an t-ioncam a eascróidh astu formheasta ag an údarás rialúcháin.
Maidir leis na taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, éascóidh siad an trádáil éifeachtúil sa ghás agus éascóidh siad an iomaíocht, agus ag am céanna seachnóidh siad crosfhóirdheontais idir úsáideoirí gréasán agus soláthróidh siad dreasachtaí don infheistíocht agus chun an idir-inoibritheacht a chothabháil nó a chruthú do ghréasáin tarchurtha.
Beidh na taraifí le haghaidh úsáideoirí gréasán neamh-idirdhealaitheach agus socrófar iad go leithleach le haghaidh gach pointe iontrála ar an gcóras tarchurtha agus gach pointe scoir as. Formheasfaidh na húdaráis naisiúnta rialála na sásraí chun costais a leithdháileadh agus an mhodheolaíocht chun rátaí a shocrú. Faoin 3 Meán Fómhair 2011, áiritheoidh na Ballstáit, tar éis idirthréimhse, nach ndéanfar muirir ghréasáin a ríomh ar bhonn conairí conartha.
2. Maidir leis na taraifí ar rochtain ar ghréasáin, ní shrianfaidh siad leachtacht an mhargaidh ná ní dhéanfaidh siad saobhadh ar an trádáil thar theorainneacha córas éagsúil tarchurtha. I gcás ina gcuirfeadh difríochtaí idir struchtúir taraifí nó idir sásraí comhardúcháin isteach ar an trádáil thar chórais tarchurtha, agus ainneoin Airteagal 41(6) de Threoir 2009/73/CE, déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha rompu, i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, an cóineasú ar struchtúir taraifí agus ar phrionsabail mhuirearúcháin, lena n-áirítear iad a bhaint amach i ndáil leis an gcomhardú, a shaothrú go gníomhach.
Airteagal 14
Seirbhísí rochtana tríú páirtithe a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchurtha
1. Déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha an méid seo a leanas:
(a) áiritheoidh siad go dtairgfidh siad seirbhísí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do na húsáideoirí gréasáin uile;
(b) déanfaidh siad seirbhísí rochtana atá docht agus in-idirbhriste araon a sholáthar do thríú páirtithe. Léireofar i bpraghas na hacmhainne in-idirbhiste an dóchúlacht go dtarlóidh idirbhriseadh;
(c) tairgfidh siad seirbhísí fadtéarmacha agus seirbhísí gearrthéarmacha d'úsáideoirí na ngréasán.
Maidir le pointe (a) den chéad fhomhír, i gcás ina mbeidh an tseirbhís chéanna á tairiscint ag oibreoir córais tarchurtha do chustaiméirí éagsúla, déanfaidh sé amhlaidh faoi théarmaí conarthacha coibhéiseacha agus faoi choinníollacha conarthacha coibhéiseacha, agus conarthaí comhchuibhithe iompair nó cód coiteann gréasáin arna fhormheas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE á n-úsáid aige.
2. Ní bheidh de thoradh ar chonarthaí iompair a síníodh agus dátaí tosaithe neamhchaighdeánacha acu nó ar giorra a ré ná ré conartha chaighdeánaigh bhliantúil iompair, go mbeidh taraifí ann atá níos airde nó níos ísle go treallach ar taraifí iad nach léiríonn luach margaidh na seirbhíse, i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 13(1).
3. I gcás inarb iomchuí, féadfar seirbhísí rochtana tríú páirtithe a dheonú, faoi réir ráthaíochtaí iomchuí ó úsáideoirí an ghréasáin maidir le creidmheasacht na n-úsáideoirí sin. Ní bheidh na ráthaíochtaí sin ina mbacainní míchuí ar iontráil sa mhargadh agus caithfidh siad a bheith neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus comhréireach.
Airteagal 15
Seirbhísí rochtana tríú páirtithe a bhaineann le saoráidí GNL
1. Déanfaidh oibreoirí córais GNL agus oibreoirí córais stórála an méid seo a leanas:
(a) tairgfidh siad seirbhísí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do gach aon úsáideoir gréasáin a dhéanfaidh freastal ar éileamh an mhargaidh; go háirithe, i gcás ina dtairgfidh oibreoir córais GNL nó oibreoir córais stórála an tseirbhís chéanna do chustaiméirí éagsúla, déanfaidh sé amhlaidh de réir téarmaí agus coinníollacha conarthacha coibhéiseacha;
(b) tairgfidh siad seirbhísí atá comhoiriúnach le húsáid córas iompair gáis idirnasctha agus éascóidh siad rochtain trí chomhar leis an oibreoir córais tarchurtha; agus
(c) poibleoidh siad aon fhaisnéis ábhartha, go háirithe sonraí maidir le húsáid agus maidir le hinfhaighteacht seirbhísí, i dtréimhse ama atá comhoiriúnach leis na riachtanais réasúnta tráchtála atá ag úsáideoirí saoráidí GNL nó stórála, agus an foilsiú sin a bheith faoi réir faireacháin ag an údarás náisiúnta rialála.
2. Déanfaidh gach oibreoir córais stórála an méid seo a leanas:
(a) déanfaidh sé seirbhísí rochtana atá daingean agus in-idirbhriste araon a sholáthar do thríú páirtithe; léireofar i bpraghas na hacmhainne in-idirbhriste an dóchúlacht le hidirbhriseadh;
(b) déanfaidh sé seirbhísí fadtéarmacha agus seirbhísí gearrthéarmacha a thairiscint d'úsáideoirí na saoráidí stórála; agus
(c) déanfaidh sé seirbhísí cuachta agus seirbhísí díchuachta spáis stórála, in-instealltachta agus inseachadtachta a thairiscint d'úsáideoirí na saoráidí stórála.
3. Ní bheidh de thoradh ar na conarthaí GNL ná ar na conarthaí saoráidí stórála go mbeidh taraifí níos airde ann go treallach i gcás ina síneofar iad:
(a) lasmuigh de bhliain gháis nádúrtha a bhfuil dátaí tosaigh neamhchaighdeánacha aici;
(b) ar feadh ré is giorra ná an ré a bheadh i gceist le conradh caighdeánach GNL agus stórála ar bhonn bliantúil.
4. I gcás inarb iomchuí, féadfar seirbhísí rochtana tríú páirtithe a dheonú, faoi réir ráthaíochtaí iomchuí ó úsáideoirí an ghréasáin maidir le creidmheasacht na n-úsáideoirí sin. Ní bheidh ráthaíochtaí den sórt sin ina mbacainní míchuí ar iontráil sa mhargadh agus beidh siad neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus comhréireach.
5. Beidh údar maith, agus é bunaithe ar shrianta teicniúla, leis na teorainneacha conarthacha ar an íosmhéid is gá d'acmhainn saoráide GNL agus d'acmhainn stórála, agus ceadóidh siad d'úsáideoirí stórála atá níos lú rochtain a fháil ar sheirbhísí stórála.
Airteagal 16
Prionsabail maidir le sásraí do leithdháileadh acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchurtha
1. Déanfar an acmhainn uasta ag na pointí ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 18(3) a chur ar fáil do na rannpháirtithe sa mhargadh, agus sláine an chórais agus oibriú éifeachtúil an ghréasáin á gcur san áireamh.
2. Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha sásraí neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha leithdháilte acmhainne a chur chun feidhme agus foilseoidh sé iad agus déanfar mar a leanas leis na sásraí sin:
(a) cuirfidh siad comharthaí iomchuí eacnamaíocha ar fáil maidir le húsáid éifeachtúil uasta na hacmhainne teicniúla agus éascóidh siad an infheistíocht i mbonneagar nua agus eascóidh siad malartuithe trasteorann sa ghás nadúrtha;
(b) beidh siad comhoiriúnach leis na sásraí margaidh, lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála, agus beidh siad solúbtha agus beidh ar a gcumas, an tráth céanna, iad féin a chur in oiriúint d'imthosca margaidh atá i mbun forbartha; agus
(c) beidh siad comhoiriúnach le córais na mBallstát um rochtain ar ghréasáin.
3. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha chun feidhme agus foilseoidh sé nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha um bainistiú ar phlódú ar nósanna imeachta iad a éascóidh malartuithe trasteorann sa ghás nádúrtha ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus a bheidh bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:
(a) i gcás plódaithe chonarthaigh, go dtairgfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an acmhainn atá gan úsáid ar an margadh príomha ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad; agus
(b) go mbeidh úsáideoirí gréasán ar mian leo an acmhainn chonarthach gan úsáid atá acu i dteideal í a athdhíol nó a fholigean ar an margadh tánaisteach.
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh Ballstát a cheangal go dtabharfaidh usáideoirí gréasáin fógra nó faisnéis d'oibreoir an chórais tarchurtha.
4. I gcás ina mbeidh plódú fisiceach ann, cuirfidh oibreoir an chórais tarchurtha nó, de réir mar is iomchuí, na húdaráis rialála sásraí neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha leithdháilte acmhainne i bhfeidhm.
5. Déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha measúnú go rialta ar éileamh an mhargaidh ar infheistíocht nua. Agus infheistíochtaí nua á bpleanáil, déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha measúnú ar éileamh an mhargaidh agus cuirfidh siad cinnteacht an tsoláthair san áireamh.
Airteagal 17
Prionsabail maidir le sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le saoráidí stórála agus le saoráidí GNL
1. Cuirfear an t-uasmhéid acmhainne stórála agus an t-uasmhéid acmhainne saoráide GNL ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, agus sláine agus oibriú an chórais á gcur san áireamh.
2. Déanfaidh oibreoirí córais GNL agus oibreoirí córais stórála sásraí neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha leithdháilte acmhainne a chur chun feidhme agus foilseoidh sé iad, agus déanfar mar a leanas leis na sásraí sin:
(a) cuirfidh siad comharthaí iomchuí eacnamaíocha ar fáil maidir le húsáid éifeachtúil uasta na hacmhainne agus éascóidh siad an infheistíocht i mbonneagar nua;
(b) beidh siad comhoiriúnach le sásra an mhargaidh lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála, agus beidh siad solúbtha an tráth céanna, agus beidh ar a gcumas iad féin a chur in oiriúint do na himthosca margaidh atá i mbun forbartha; agus
(c) beidh siad comhoiriúnach leis na córais idirnasctha um rochtain ar ghréasáin.
3. Áireofar bearta i gconarthaí na saoráidí GNL agus na saoráidí stórála chun bac a chur le cnapaireacht acmhainne, trí na prionsabail seo a leanas a chur san áireamh, a mbeidh feidhm acu i gcásanna plódaithe chonarthaigh:
(a) ní mór d'oibreoir córais an acmhainn saoráide GNL agus an acmhainn stórála nach bhfuil in úsáid sa mhargadh príomha a thairiscint gan mhoill; i gcás na saoráidí stórála, tarlóidh sé seo ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad;
(b) ní mór go mbeidh úsáideoirí saoráidí GNL agus saoráidí stórála ar mian leo a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach i dteideal déanamh amhlaidh.
Airteagal 18
Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchurtha
1. Poibleoidh oibreoir an chórais tarchurtha faisnéis mhionsonraithe maidir leis na seirbhísí a bheidh á dtairiscint aige agus maidir leis na coinníollacha ábhartha a chuirfear i bhfeidhm, i dteannta na faisnéise teicniúla is gá le go mbeidh rochtain éifeachtach ar ghréasáin ag úsáideoirí na ngréasán.
2. Chun go n-áiritheofar go mbeidh taraifí trédhearcacha, oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha ann agus chun go n-éascófar úsáid éifeachtúil ghréasán an gháis, foilseoidh oibreoirí na gcóras tarchurtha nó na húdaráis náisiúnta ábhartha faisnéis atá réasúnta mionsonraithe agus atá mionsonraithe go leordhóthanach maidir le díorthú taraife, modheolaíocht taraife agus struchtúr taraife.
3. Maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad, poibleoidh oibreoirí na gcóras tarchurtha uile faisnéis faoi na hacmhainní teicniúla, faoi na hacmhainní conarthacha agus faoi na hacmhainní atá ar fáil, ar bhonn uimhriúil do na pointí ábhartha uile, lena n-áirítear na pointí iontrála agus na pointí scoir, ar bhonn rialta atrátha agus ar bhealach caighdeánaithe agus furasta a úsáid.
4. Maidir le pointí ábhartha an chórais tarchurtha a bhfuil an fhaisnéis ina leith le poibliú, formheasfaidh na húdaráis inniúla iad tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí an ghréasáin.
5. Maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thabhairt, nochtfaidh oibreoir an chórais tarchurtha i gcónaí í ar bhealach atá bríoch, atá soiléir ar dhóigh inchainníochtaithe agus atá inrochtana go héasca agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.
6. Poibleoidh oibreoir an chórais tarchurtha faisnéis ex-ante agus ex-post a bhaineann le soláthar agus le héileamh, is faisneis a bheidh bunaithe ar ainmniúcháin, ar réamhaisnéisí agus ar shreabha réadaithe isteach sa chóras agus amach as an gcóras. Áiritheoidh an t-údarás náisiúnta rialála go gcuirfear an fhaisnéis sin go léir ar fáil don phobal. Léireoidh leibhéal mionsonraithe na faisnéise a phoibleofar an fhaisnéis atá ar fáil d'oibreoir an chórais tarchurtha.
Poibleoidh oibreoir an chórais tarchurtha na bearta a glacadh agus na costais a tabhaíodh agus an t-ioncam a gineadh chun an córas a chomhardú.
Déanfaidh na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar d'oibreoir an chórais tarchurtha.
Airteagal 19
Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le saoráidí stórála agus le saoráidí GNL
1. Poibleoidh gach oibreoir córais GNL agus gach oibreoir córais stórála faisnéis mhionsonraithe a bhaineann leis na seirbhísí a thairgeann sé agus leis na coinníollacha ábhartha a chuirtear i bhfeidhm, mar aon leis an bhfaisnéis theicniúil is gá d'úsáideoirí na saoráidí GNL agus na saoráidí stórála chun rochtain éifeachtach a fháil ar na saoráidí GNL agus ar na saoráidí stórála.
2. Poibleoidh gach oibreoir córais GNL agus gach oibreoir córais stórála, i leith na seirbhísí arna soláthar acu, faisnéis maidir leis an acmhainn chonarthach stórála agus GNL atá ar fáil ar bhonn uimhriúil, ar bhonn rialta agus atrátha agus i slí chaighdeánaithe atá furasta le húsáid.
3. Maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thabhairt, nochtfaidh gach oibreoir córais GNL agus gach oibreoir córais stórála i gcónaí í ar bhealach atá bríoch, atá soiléir ar dhóigh inchainníochtaithe agus atá inrochtana go héasca agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.
4. Poibleoidh gach oibreoir córais GNL agus córais stórála an méid gáis atá i ngach saoráid stórála nó GNL, nó i ngach ngrúpa saoráidí stórála má fhreagraíonn sé sin don chaoi a dtairgtear an rochtain d'úsáideoirí na gcóras, an t-insreabhadh agus an t-eis-sreabhadh, agus an acmhainn stórála agus GNL atá ar fáil, lena n-áirítear na saoráidí sin atá díolmhaithe ó rochtain do thríú páirtithe. Cuirfear an fhaisnéis sin in iúl freisin d'oibreoir an chórais tarchurtha agus poibleoidh an t-oibreoir sin ar leibhéal comhiomlánaithe í i gcomhair gach córais nó gach fochórais ar leith mar a shainmhínítear leis na pointí ábhartha. Déanfar an fhaisnéis a uasdátú go laethúil ar a laghad.
I gcásanna inar úsáideoir córais stórála an t-aon úsáideoir amháin maidir le saoráid stórála, féadfaidh úsáideoir an chórais stórála iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta go ndéileálfar faoi rún leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás riálála náisiúnta go bhfuil údar maith leis an iarraidh sin, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an gá atá le leas dlisteanach chosaint na rún gnó, a mbeadh tionchar diúltach ag gabháil lena nochtadh ar straitéis tráchtála fhoriomlán úsáideoir na stórála, a chomhardú leis an gcuspóir atá ann margadh inmheánach iomaíoch a chruthú don ghás, féadfaidh sé a cheadú nach bpoibleoidh oibreoir an chórais stórála na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go ceann ré nach faide ná bliain.
Beidh feidhm ag an dara fomhír gan dochar d'oibleagáidí oibreoir an chórais tarchurtha maidir le cumarsáid agus maidir le poibliú, mura rud é go bhfuil na sonraí comhiomlánaithe comhionann le sonraí leithleacha an chórais stórála a bhfuil formheas tugtha i leith a neamhphoibliú ag an údarás rialála náisiúnta.
5. D'fhonn taraifí trédhearcacha, oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha a áirithiú agus d'fhonn úsáid éifeachtúil an bhonneagair a éascú, déanfaidh oibreoirí na saoráidí LNG agus na saoráidí stórála nó na húdaráis rialála ábhartha faisnéis a phoibliú atá mionsonraithe go leor maidir le díorthú taraife, na modheolaíochtaí taraife agus na struchtúir taraife le haghaidh bonneagair a thagann faoi réim rochtana rialaithe ag tríú páirtí.
Airteagal 20
Oibreoirí córais do choimeád taifead
Déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha, oibreoirí na gcóras stórála agus oibreoirí na gcóras GNL an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 18 agus in Airteagal 19 agus i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I a choimeád ar fáil, go ceann tréimhse cúig bliana, do na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear an t-údarás rialála náisiúnta, an t-údarás iomaíochta naisiúnta agus an Coimisiún.
Airteagal 21
Rialacha comhardúcháin agus muirir i leith éagothroime
1. Déanfar na rialacha comhardúcháin a cheapadh ar bhealach cóir, neamh-idirdhealaitheach agus beidh siad bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Léireoidh na rialacha comhardúcháin fíor-riachtanais an chórais, agus na hacmhainní atá ar fáil ag oibreoir an chórais tarchurtha á gcur san áireamh. Beidh na rialacha comhardúcháin bunaithe ar an margadh.
2. Chun go n-éascófar glacadh tráthúil beart ceartaitheach ag úsáideoirí gréasán, soláthróidh oibreoir córais tarchurtha faisnéis leordhóthanach, thráthúil, iontaofa ar-líne maidir le stádas comhardúcháin na n-úsáideoirí gréasán.
Léireoidh an fhaisnéis a sholáthrófar an leibhéal faisnéise atá ar fáil d'oibreoir an chórais tarchurtha agus an tréimhse shocraíochta dá ríomhtar muirir i leith éagothroime.
Ní ghearrfar aon táille ar sholáthar faisnéise faoin mhír seo.
3. Beidh na muirir i leith éagothroime costas-léiritheach, a oiread is féidir, agus an tráth céanna beidh dreasachtaí ann d'úsáideoirí gréasán a n-ionchur gáis agus a n-aistarraingt gáis a chomhardú. Seachnóidh siad an trasfhóirdheontasú idir úsáideoirí gréasán agus ní chuirfidh siad bac ar iontrálaithe nua sa mhargadh.
Maidir le haon mhodheolaíocht chun muirir i leith éagothroime, chomh maith leis na taraifí deiridh, a ríomh, poibleoidh na húdaráis inniúla nó oibreoir an chórais tarchurtha iad, de réir mar is iomchuí.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha a ndícheall chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na réimis chomhardúcháin agus chun sruthlíniú a dhéanamh ar struchtúir agus ar leibhéal na muirear comhardúcháin chun an trádáil sa ghás a éascú.
Airteagal 22
Trádáil i gcearta acmhainne
Glacfaidh gach oibreoir córais tarchurtha, córais stórála agus córais GNL bearta réasúnta chun a cheadú go bhféadfar na cearta acmhainne a thrádáil faoi shaoirse agus chun an trádáil sin a éascú ar shlí thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Déanfaidh gach oibreoir den sórt sin conarthaí, agus nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le hiompar, saoráidí GNL agus stóráil, a fhorbairt ar an margadh príomha chun trádáil thánaisteach acmhainne a éascú agus aithneoidh siad aistriú na gceart acmhainne príomha i gcás ina dtabharfaidh úsáideoirí an chórais fógra dóibh faoi.
Tabharfar fógra do na húdaráis rialála faoi na conarthaí agus na nósanna imeachta comhchuibhithe a bhaineann le hiompar, le saoráidí GNL agus le stóráil.
Airteagal 23
Treoirlínte
1. I gcás inarb iomchuí, sonrófar an méid seo a leanas i dTreoirlínte lena dtabharfar an méid íosta comhchuibhiúcháin is gá chun aidhmeanna an Rialacháin seo a bhaint amach:
(a) sonraí maidir leis na seirbhísí rochtana tríú páirtithe, lena n-áirítear cineál, ré agus ceanglais eile na seirbhísí sin, i gcomhréir le hAirteagal 14 agus Airteagal 15;
(b) sonraí maidir leis na prionsabail is bun leis na sásraí maidir le leithdháileadh acmhainne agus sonraí maidir le cur i bhfeidhm nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú i gcás plódaithe chonarthaigh, i gcomhréir le hAirteagal 16 agus Airteagal 17;
(c) sonraí maidir le soláthar faisnéise agus sainmhíniú ar an bhfaisnéis theicniúil a bhfuil gá ag úsáideoirí gréasán léi chun rochtain éifeachtach a fháil ar an gcóras agus sainmhíniú ar na pointí ábhartha go léir a bhaineann le ceanglais trédhearcachta, lena n-áirítear an fhaisnéis is gá a fhoilsiú ag na pointí ábhartha go léir agus an sceideal ama a leanfar agus an fhaisnéis seo á foilsiú, i gcomhréir le hAirteagal 18 agus Airteagal 19;
(d) sonraí maidir leis an modheolaíocht i leith taraifí i ndáil le trádáil trasteorann sa ghás nádúrtha, i gcomhréir le hAirteagal 13;
(e) sonraí maidir leis na réimsí a liostaítear in Airteagal 8(6).
Chun na críche sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus leis an ENTSO don Ghás.
2. Tá treoirlínte maidir leis na saincheisteanna a liostaítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 leagtha síos in Iarscríbhinn I maidir le hoibreoirí na gcóras tarchurtha.
Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir leis na saincheisteanna a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo agus leasú a dhéanamh ar na Treoirlínte dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
3. Maidir le cur i bhfeidhm agus leasú na dTreoirlínte arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, léireoidh siad na difríochtaí atá idir na córais náisiúnta gáis, agus dá bhrí sin, ní bheidh gá le téarmaí ná le coinníollacha mionsonraithe aonfhoirmeacha maidir le rochtain ag tríú páirtithe ar leibhéal an Chomhphobail. Féadfar ceanglais íosta a leagan síos leo, áfach, chun coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha rochtana a bheidh le comhlíonadh chun margadh inmheánach sa ghás nádúrtha a bhaint amach, ar ceanglais iad a fhéadfar a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin i bhfianaise na ndifríochtaí atá idir na córais náisiúnta gáis.
Airteagal 24
Údaráis rialála
Agus a bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, áiritheoidh na húdaráis rialála go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus na Treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 23.
I gcás inarb iomchuí, rachaidh siad i gcomhar lena chéile, leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht i gcomhlíonadh Chaibidil VIII de Threoir 2009/73/CE.
Airteagal 25
Faisnéis a sholáthar
Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála an fhaisnéis go léir is gá chun críocha Airteagal 23 a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin.
Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnach chun an fhaisnéis a sholáthar, agus castacht na faisnéise is gá agus an phráinn a ghabhann leis an ngá sin á gcur san áireamh.
Airteagal 26
Ceart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le bearta níos mionsonraithe
Beidh an Rialachán seo gan dochar do chearta na mBallstát bearta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ar bearta iad ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe ná na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo nó sna Treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 23.
Airteagal 27
Pionóis
1. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear na forálacha sin chun feidhme. Ní mór do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit, faoin 1 Iúil 2006, fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na rialacha sin, ar rialacha iad a chomhfhreagraíonn do na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. ►C2 Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin nach gcomhfhreagraíonn d’fhorálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 faoin 3 Márta 2011 agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. ◄
2. Ní pionóis de chineál dlí choiriúil a bheidh sna pionóis dá bhforáiltear de bhun mhír 1.
Airteagal 28
An nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh an coiste arna chur ar bun le hAirteagal 51 de Threoir 2009/73/CE cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 29
Tuarascáil an Choimisiúin
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ina thuarascáil faoi Airteagal 52(6) de Threoir 2009/73/CE, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc freisin ar an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Go háirithe, déanfar scrúdú leis an tuarascáil ar a mhéid a d'éirigh leis an Rialachán seo coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha agus costas-léiritheacha a áirithiú do rochtain ar an ngréasán i gcomhair gréasán tarchurtha gáis, d'fhonn rannchuidiú leis an rogha atá ag an gcustaiméir i margadh inmheánach atá ag feidhmiú go maith agus d'fhonn cur le cinnteacht fhadtéarmach an tsoláthair. Más gá, beidh tograí agus/nó moltaí iomchuí ann in éineacht leis an tuarascáil.
Airteagal 30
Maoluithe agus díolúintí
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a) córais tarchurtha gáis nádúrtha atá suite i mBallstáit, ar feadh ré na maoluithe arna ndeonú faoi Airteagal 49 de Threoir 2009/73/CE;
(b) mórbhonneagar nua, i.e. idirnascairí, saoráidí GNL agus saoráidí stórála, agus méaduithe suntasacha ar acmhainn sa bhonneagar reatha agus modhnuithe ar bhonneagar den sórt sin lena gcumasaítear foinsí nua a fhorbairt don soláthar gáis dá dtagraítear in Airteagal 36(1) agus (2) de Threoir 2009/73/CE, atá díolmhaithe ó fhorálacha Airteagail 9, 14, 32, 33, 34 nó Airteagal 41(6), (8) agus (10) den Treoir sin, fad atá siad díolmhaithe ó na forálacha dá dtagraítear san fhomhír seo, cé is moite d'Airteagal 19(4) den Rialachán seo; nó
(c) córais tarchurtha gáis nádúrtha ar deonaíodh maoluithe dóibh faoi Airteagal 48 de Threoir 2009/73/CE.
Maidir le pointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit ar deonaíodh maolú dóibh faoi Airteagal 49 de Threoir 2009/73/CE, iarratas a chur chuig an gCoimisiún ar mhaolú sealadach ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar feadh tréimhse suas go dhá bhliain ón dáta a rachaidh an maolú dá dtagraítear sa phointe seo in éag.
Airteagal 31
Aisghairm
Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 ón 3 Márta 2011. Deánfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.
Airteagal 32
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 3 Márta 2011.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
TREOIRLÍNTE MAIDIR LEIS NA NITHE SEO A LEANAS
1. Seirbhísí rochtana tríú páirtithe a bhaineann le hoibreoirí córas tarchurtha
1. |
Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha seirbhísí daingne agus in-idirbhriste a thairiscint síos go híostréimhse aon lae amháin. |
2. |
Déanfar conarthaí comhchuibhithe iompair agus cóid ghréasáin chomhchoiteanna a cheapadh ar bhealach a éascóidh trádáil agus athúsáid acmhainne conarthaí ag úsáideoirí gréasáin gan bac a chur ar scaoileadh acmhainne. |
3. |
Forbróidh oibreoirí córas tarchurtha cóid ghréasáin agus conarthaí comhchuibhithe tar éis comhairliúchán cuí a dhéanamh leis na húsáideoirí lionra. |
4. |
Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha nósanna imeachta caighdeánaithe a chur chun feidhme maidir le hainmniúchán agus athainmniúchán. Forbróidh siad córais faisnéise agus modhanna leictreonacha cumarsáide chun sonraí leordhóthanacha a sholáthar d'úsáideoirí gréasáin agus chun na hidirbhearta a shimpliú, amhail ainmniúcháin, conarthaí maidir le hacmhainn agus aistriú ceart acmhainne idir úsáideoirí gréasáin. |
5. |
Comhchuibheoidh oibreoirí córas tarchurtha nósanna imeachta foirmiúla um iarraidh agus agaí freagartha de réir an dea-chleachtais thionsclaíoch d'fhonn na hagaí freagartha a íoslaghdú. Tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2006, agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húsáideoirí ábhartha gréasáin, déanfaidh siad foráil maidir le córais ar-líne, scáileán-bhunaithe i gcomhair áirithiú agus daingniú a dhéanamh agus maidir le nósanna imeachta ainmniúcháin agus athainmniúcháin. |
6. |
Ní ghearrfaidh oibreoirí córas tarchurtha táillí ar leith ar úsáideoirí gréasáin as iarrataí ar fhaisnéis agus as idirbhearta a bhaineann lena gconarthaí iompair agus a chuirtear i gcrích de réir rialacha agus nósanna imeachta caighdeánacha. |
7. |
Maidir le hiarrataí ar fhaisnéis a dteastaíonn costais urghnácha nó costais iomarcacha ina leith, amhail staidéir féidearthachta, féadfar muirir ar leith a ghearradh ina leith, ar choinníoll gur féidir na táillí sin a mhíniú mar is cuí. |
8. |
Comhoibreoidh oibreoirí córas tarchurtha le hoibreoirí córas tarchurtha eile chun cothabháil a ngréasán faoi seach a chomhordú d'fhonn aon chur isteach ar sheirbhísí tarchurtha a íoslaghdú d'úsáideoirí gréasáin agus d'oibreoirí córas tarchurtha i gceantair eile agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh sochair chothroma ann ó thaobh chinnteacht an tsoláthair, lena n-áirítear i dtaca le hidirthuras. |
9. |
Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha, go bliantúil ar a laghad, roimh spriocdháta réamhshocraithe, na tréimhsí cothabhála go léir atá beartaithe agus a bhféadfadh difear a dhéanamh do chearta úsáideoirí gréasáin a thagann ó chonarthaí iompair an fhaisnéis oibríochtúil chomhfhreagrach mar aon le réamhfhógra leordhóthanach a fhoilsiú. Áireofar leis sin go bhfoilseofar, ar bhonn pras neamh-idirdhealaitheach, aon athruithe ar na tréimhsí cothabhála atá beartaithe agus go dtabharfar fógra faoi chothabháil neamhphleanáilte, a luaithe atá an fhaisnéis sin ar fáil don oibreoir córais tarchurtha. Le linn na dtréimhsí cothabhála, foilseoidh na hoibreoirí córais tarchurtha faisnéis a dhéantar a uasdátú go tráthrialta maidir le mionsonraí na cothabhála agus maidir leis an ré a cheaptar a bheidh sí ar siúl agus an éifeacht a bheidh aici. |
10. |
Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha cuntas laethúil a choimeád maidir leis an gcothabháil iarbhír agus maidir leis an gcur isteach iarbhír ar shreabhadh a tharla, agus cuirfidh siad ar fáil don údarás inniúil é, arna iarraidh sin dó. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil freisin dóibh siúd a ndearna an cur isteach difear dóibh, arna iarraidh sin dóibh. |
2. Prionsabail maidir le sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta bainistithe ar phlódú a bhaineann le hoibreoirí córais tarchurtha agus cur i bhfeidhm na nithe sin i gcás plódaithe chonarthaigh
2.1. Prionsabail maidir le sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta bainistithe ar phlódú maidir le hoibreoirí córais tarchurtha
1. |
Maidir le meicníochtaí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú, éascóidh siad forbairt na hiomaíochta agus forbairt thrádáil leachtach na hacmhainne agus beidh siad comhoiriúnach le sásraí margaidh lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála. Beidh siad solúbtha agus beidh siad in ann iad féin a chur in oiriúint do chúinsí athraitheacha an mhargaidh. |
2. |
Cuirfear san áireamh sna meicníochtaí agus sna nósanna imeachta sin sláine an chórais lena mbaineann mar aon le cinnteacht an tsoláthair. |
3. |
Ní bheidh na sásraí agus na nósanna imeachta sin ina mbac ar iontráil rannpháirtithe nua sa mhargadh ná ní chruthóidh siad bacainní míchuí ó thaobh iontráil isteach sa margadh. Ní chuirfidh siad cosc ar rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear iontrálaithe nua sa mhargadh agus cuideachtaí a bhfuil sciar bheag den mhargadh acu, ó dhul in iomaíocht go héifeachtach. |
4. |
Leis na sásraí agus na nósanna imeachta sin, soláthrófar comharthaí iomchuí eacnamaíocha maidir le húsáid éifeachtach uasta na hacmhainne teicniúla agus éascóidh siad an infheistíocht i mbonneagar nua. |
5. |
Cuirfear úsáideoirí gréasáin ar an eolas faoin gcineál cúinsí a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'infhaigteacht na hacmhainne conarthaí. Ba cheart go léireodh an fhaisnéis maidir le hidirbhriseadh an leibhéal faisnéise atá ar fáil don oibreoir córais tarchurtha. |
6. |
I gcás ina mbeadh deacrachtaí ann chun na hoibleagáidí conarthacha maidir le seachadadh a chomhlíonadh de bharr cúiseanna a bhaineann le sláine an chórais, ba cheart go gcuirfeadh na hoibreoirí córais tarchurtha úsáideoirí gréasáin ar an eolas faoin méid sin agus ba cheart dóibh díriú ar réiteach neamh-idirdhealaitheach a fháil gan mhoill. Rachaidh na hoibreoirí córais tarchurtha i gcomhairle leis na húsáideoirí greasáin maidir le nósanna imeachta sula gcuirfear chun feidhme iad agus comhaontóidh siad iad leis an údarás rialála. |
2.2. Congestion management procedures in the event of contractual congestion
2.2.1.
1. The provisions of point 2.2 shall apply to interconnection points between adjacent entry-exit systems, irrespective of whether they are physical or virtual, between two or more Member States or within the same Member State in so far as the points are subject to booking procedures by users. They may also apply to entry points from and exit points to third countries, subject to the decision of the relevant national regulatory authority. Exit points to end-consumers and distribution networks, entry points from LNG terminals and production facilities, and entry-exit points from and to storage facilities are not subject to the provisions of point 2.2.
2. On the basis of the information published by the transmission system operators pursuant to Section 3 of this Annex and, where appropriate, validated by national regulatory authorities, the Agency shall publish by 1 June of every year, commencing with the year 2015, a monitoring report on congestion at interconnection points with respect to firm capacity products sold in the preceding year, taking into consideration to the extent possible capacity trading on the secondary market and the use of interruptible capacity.
3. Any additional capacity made available through the application of one of the congestion-management procedures as provided for in points 2.2.2, 2.2.3, 2.2.4 and 2.2.5 shall be offered by the respective transmission system operator(s) in the regular allocation process.
4. The measures provided for in points 2.2.2, 2.2.4 and 2.2.5 shall be implemented as of 1 October 2013. Points 2.2.3(1) to 2.2.3(5) shall apply as of 1 July 2016.
2.2.2.
1. Transmission system operators shall propose and, after approval by the national regulatory authority, implement an incentive-based oversubscription and buy-back scheme in order to offer additional capacity on a firm basis. Before implementation, the national regulatory authority shall consult with the national regulatory authorities of adjacent Member States and take account of the adjacent national regulatory authorities’ opinions. Additional capacity is defined as the firm capacity offered in addition to the technical capacity of an interconnection point calculated on the basis of Article 16(1) of this Regulation.
2. The oversubscription and buy-back scheme shall provide transmission system operators with an incentive to make available additional capacity, taking account of the technical conditions, such as the calorific value, temperature and expected consumption, of the relevant entry-exit system and the capacities in adjacent networks. Transmission system operators shall apply a dynamic approach with regard to the recalculation of the technical or additional capacity of the entry-exit system.
3. The oversubscription and buy-back scheme shall be based on an incentive regime reflecting the risks of transmission system operators in offering additional capacity. The scheme shall be structured in such a way that revenues from selling additional capacity and costs arising from the buy-back scheme or measures pursuant to paragraph 6 are shared between the transmission system operators and the network users. National regulatory authorities shall decide on the distribution of revenues and costs between the transmission system operator and the network user.
4. For the purpose of determining transmission system operators’ revenues, technical capacity, in particular surrendered capacity as well as, where relevant, capacity arising from the application of firm day-ahead use-it-or-lose-it and long term use-it-or-lose-it mechanisms, shall be considered to be allocated prior to any additional capacity.
5. In determining the additional capacity, the transmission system operator shall take into account statistical scenarios for the likely amount of physically unused capacity at any given time at interconnection points. It shall also take into account a risk profile for offering additional capacity which does not lead to excessive buy-back obligation. The oversubscription and buy-back scheme shall also estimate the likelihood and the costs of buying back capacity on the market and reflect this in the amount of additional capacity to be made available.
6. Where necessary to maintain system integrity, transmission system operators shall apply a market-based buy-back procedure in which network users can offer capacity. Network users shall be informed about the applicable buy-back procedure. The application of a buy-back procedure is without prejudice to the applicable emergency measures.
7. Transmission system operators shall, before applying a buy-back procedure, verify whether alternative technical and commercial measures can maintain system integrity in a more cost-efficient manner.
8. When proposing the oversubscription and buy-back scheme the transmission system operator shall provide all relevant data, estimates, and models to the national regulatory authority in order for the latter to assess the scheme. The transmission system operator shall regularly report to the national regulatory authority on the functioning of the scheme and, upon request of the national regulatory authority, provide all relevant data. The national regulatory authority may request the transmission system operator to revise the scheme.
2.2.3.
1. National regulatory authorities shall require transmission system operators to apply at least the rules laid down in paragraph 3 per network user at interconnection points with respect to altering the initial nomination if, on the basis of the yearly monitoring report of the Agency in accordance with point 2.2.1(2), it is shown that at interconnection points demand exceeded offer, at the reserve price when auctions are used, in the course of capacity allocation procedures in the year covered by the monitoring report for products for use in either that year or in one of the subsequent two years,
(a) for at least three firm capacity products with a duration of one month or
(b) for at least two firm capacity products with a duration of one quarter or
(c) for at least one firm capacity product with a duration of one year or more or
(d) where no firm capacity product with a duration of one month or more has been offered.
2. If, on the basis of the yearly monitoring report, it is shown that a situation as defined in paragraph 1 is unlikely to reoccur in the following three years, for example as a result of capacity becoming available from physical expansion of the network or termination of long-term contracts, the relevant national regulatory authorities may decide to terminate the firm day-ahead use-it-or-lose-it mechanism.
3. Firm renomination is permitted up to 90 % and down to 10 % of the contracted capacity by the network user at the interconnection point. However, if the nomination exceeds 80 % of the contracted capacity, half of the non-nominated volume may be renominated upwards. If the nomination does not exceed 20 % of the contracted capacity, half of the nominated volume may be renominated downwards. The application of this paragraph is without prejudice to the applicable emergency measures.
4. The original holder of the contracted capacity may renominate the restricted part of its contracted firm capacity on an interruptible basis.
5. Paragraph 3 shall not apply to network users — persons or undertakings and the undertakings they control pursuant to Article 3 of Regulation (EC) No 139/2004 — holding less than 10 % of the average technical capacity in the preceding year at the interconnection point.
6. On interconnection points where a firm day-ahead use-it-or-lose-it mechanism in accordance with paragraph 3 is applied, an evaluation of the relationship with the oversubscription and buy-back scheme pursuant to point 2.2.2 shall be carried out by the national regulatory authority, which may result in a decision by the national regulatory authority not to apply the provisions of point 2.2.2 at those interconnection points. Such a decision shall be notified, without delay, to the Agency and the Commission.
7. A national regulatory authority may decide to implement a firm day-ahead use-it-or-lose-it mechanism pursuant to paragraph 3 on an interconnection point. Before adopting its decision, the national regulatory authority shall consult with the national regulatory authorities of adjacent Member States. In adopting its decision the national regulatory authority shall take account of the adjacent national regulatory authorities’ opinions.
2.2.4.
Transmission system operators shall accept any surrender of firm capacity which is contracted by the network user at an interconnection point, with the exception of capacity products with a duration of a day and shorter. The network user shall retain its rights and obligations under the capacity contract until the capacity is reallocated by the transmission system operator and to the extent the capacity is not reallocated by the transmission system operator. Surrendered capacity shall be considered to be reallocated only after all the available capacity has been allocated. The transmission system operator shall notify the network user without delay of any reallocation of its surrendered capacity. Specific terms and conditions for surrendering capacity, in particular for cases where several network users surrender their capacity, shall be approved by the national regulatory authority.
2.2.5.
1. National regulatory authorities shall require transmission system operators to partially or fully withdraw systematically underutilised contracted capacity on an interconnection point by a network user where that user has not sold or offered under reasonable conditions its unused capacity and where other network users request firm capacity. Contracted capacity is considered to be systematically underutilised in particular if:
(a) the network user uses less than on average 80 % of its contracted capacity both from 1 April until 30 September and from 1 October until 31 March with an effective contract duration of more than one year for which no proper justification could be provided; or
(b) the network user systematically nominates close to 100 % of its contracted capacity and renominates downwards with a view to circumventing the rules laid down in point 2.2.3(3).
2. The application of a firm day-ahead use-it-or-lose-it mechanism shall not be regarded as justification to prevent the application of paragraph 1.
3. Withdrawal shall result in the network user losing its contracted capacity partially or completely for a given period or for the remaining effective contractual term. The network user shall retain its rights and obligations under the capacity contract until the capacity is reallocated by the transmission system operator and to the extent the capacity is not reallocated by the transmission system operator.
4. Transmission system operators shall regularly provide national regulatory authorities with all the data necessary to monitor the extent to which contracted capacities with effective contract duration of more than one year or recurring quarters covering at least two years are used.
3. Definition of the technical information necessary for network users to gain effective access to the system, the definition of all relevant points for transparency requirements and the information to be published at all relevant points and the time schedule according to which this information shall be published
3.1. Definition of the technical information necessary for network users to gain effective access to the system
3.1.1.
(1) Transmission system operators (TSOs) shall provide all information referred to under paragraph 3.1.2 and paragraph 3.3(1) to 3.3(5) in the following manner:
(a) on a website accessible to the public, free of charge and without any need to register or otherwise sign on with the transmission system operator;
(b) on a regular/rolling basis; the frequency shall be according to the changes that take place and the duration of the service;
(c) in a user-friendly manner;
(d) in a clear, quantifiable, easily accessible way and on a non-discriminatory basis;
(e) in a downloadable format that has been agreed between transmission system operators and the national regulatory authorities — on the basis of an opinion on a harmonised format that shall be provided by the Agency — and that allows for quantitative analyses;
(f) in consistent units, in particular kWh (with a combustion reference temperature of 298,15 K) shall be the unit for energy content and m3 (at 273,15 K and 1,01325 bar) shall be the unit for volume. The constant conversion factor to energy content shall be provided. In addition to the format above, publication in other units is also possible;
(g) in the official language(s) of the Member State and in English;
(h) all data shall be made available as of 1 October 2013 on one Union-wide central platform, established by ENTSOG on a cost-efficient basis.
(2) Transmission system operators shall provide details on actual changes to all information referred to under paragraph 3.1.2 and paragraph 3.3(1) to 3.3(5) in a timely manner as soon as available to them.
3.1.2.
Transmission system operators shall publish at least the following information about their systems and services:
(a) a detailed and comprehensive description of the different services offered and their charges;
(b) the different types of transportation contracts available for these services;
(c) the network code and/or the standard conditions outlining the rights and responsibilities of all network users including:
1. harmonised transportation contracts and other relevant documents;
2. if relevant for access to the system, for all relevant points as defined in paragraph 3.2 of this Annex, a specification of relevant gas quality parameters, including at least the gross calorific value and the Wobbe index, and the liability or costs of conversion for network users in case gas is outside these specifications;
3. if relevant for access to the system, for all relevant points information on pressure requirements;
4. the procedure in the event of an interruption of interruptible capacity, including, where applicable, the timing, extent, and ranking of individual interruptions (for example pro-rata or first-come-last-interrupted);
(d) the harmonised procedures applied when using the transmission system, including the definition of key terms;
(e) provisions on capacity allocation, congestion management and anti-hoarding and reutilisation procedures;
(f) the rules applicable for capacity trade on the secondary market vis-à-vis the transmission system operator;
(g) rules on balancing and methodology for the calculation of imbalance charges;
(h) if applicable, the flexibility and tolerance levels included in transportation and other services without separate charge, as well as any flexibility offered in addition to this and the corresponding charges;
(i) a detailed description of the gas system of the transmission system operator and its relevant points of interconnection as defined in paragraph 3.2 of this Annex as well as the names of the operators of the interconnected systems or facilities;
(j) the rules applicable for connection to the system operated by the transmission system operator;
(k) information on emergency mechanisms, as far as it is the responsibility of the transmission system operator, such as measures that can lead to the disconnection of customers groups and other general liability rules that apply to the transmission system operator;
(l) procedures agreed upon by transmission system operators at interconnection points, of relevance for access of network users to the transmission systems concerned, relating to interoperability of the network, agreed procedures on nomination and matching procedures and other agreed procedures that set out provisions in relation to gas flow allocations and balancing, including the methods used;
(m) transmission system operators shall publish a detailed and comprehensive description of the methodology and process, including information on the parameters employed and the key assumptions, used to calculate the technical capacity.
3.2. Definition of all relevant points for transparency requirements
(1) Relevant points shall include at least:
(a) all entry and exit points to and from a transmission network operated by a transmission system operator, with the exception of exit points connected to a single final customer, and with the exception of entry points linked directly to a production facility of a single producer that is located within the EU;
(b) all entry and exit points connecting balancing zones of transmission system operators;
(c) all points connecting the network of a transmission system operator with an LNG terminal, physical gas hubs, storage and production facilities, unless these production facilities are exempted under (a);
(d) all points connecting the network of a given transmission system operator to infrastructure necessary for providing ancillary services as defined by Article 2(14) of Directive 2009/73/EC.
(2) Information for single final customers and for production facilities, that is excluded from the definition of relevant points as described under 3.2(1)(a), shall be published in aggregate format, at least per balancing zone. The aggregation of single final customers and of production facilities, excluded from the definition of relevant points as described under 3.2(1)(a), shall for the application of this Annex be considered as one relevant point.
(3) Where points between two or more transmission operators are managed solely by the transmission operators concerned, with no contractual or operational involvement of system users whatsoever, or where points connect a transmission system to a distribution system and there is no contractual congestion at these points, transmission system operators shall be exempted for these points from the obligation to publish the requirements under paragraph 3.3 of this Annex. The national regulatory authority may require the transmission system operators to publish the requirements under paragraph 3.3 of this Annex for groups or all of the exempted points. In such case, the information, if available to the TSO, shall be published in an aggregated form at a meaningful level, at least per balancing zone. This aggregation of these points shall for the application of this annex be considered as one relevant point.
3.3. Information to be published at all relevant points and the time schedule according to which this information should be published
(1) At all relevant points, transmission system operators shall publish the information as listed in paragraphs (a) to (g), for all services and ancillary services provided (in particular information on blending, ballasting and conversion). This information shall be published on a numerical basis, in hourly or daily periods, equal to the smallest reference period for capacity booking and (re-)nomination and the smallest settlement period for which imbalance charges are calculated. If the smallest reference period is different from a daily period, information as listed in paragraphs (a) to (g) shall be made available also for the daily period. This information and updates shall be published as soon as available to the system operator (‘near real time’).
(a) the technical capacity for flows in both directions;
(b) the total contracted firm and interruptible capacity in both directions;
(c) the nominations and re-nominations in both directions;
(d) the available firm and interruptible capacity in both directions;
(e) actual physical flows;
(f) planned and actual interruption of interruptible capacity;
(g) planned and unplanned interruptions to firm services as well as the information on restoration of the firm services (in particular, maintenance of the system and the likely duration of any interruption due to maintenance). Planned interruptions shall be published at least 42 days in advance;
(h) occurrence of unsuccessful, legally valid requests for firm capacity products with a duration of one month or longer including the number and volume of the unsuccessful requests; and
(i) in the case of auctions, where and when firm capacity products with a duration of one month or longer have cleared at prices higher than the reserve price;
(j) where and when no firm capacity product with a duration of one month or longer has been offered in the regular allocation process;
(k) total capacity made available through the application of the congestion-management procedures laid down in points 2.2.2, 2.2.3, 2.2.4 and 2.2.5 per applied congestion-management procedure;
(l) points (h) to (k) shall apply from 1 October 2013.
(2) At all relevant points, the information under paragraph 3.3(1)(a), (b) and (d) shall be published for a period at least 24 months ahead.
(3) At all relevant points, transmission system operators shall publish historical information on the requirements of paragraph 3.3(1)(a) to (g) for the past 5 years on a rolling basis.
(4) Transmission system operators shall publish measured values of the gross calorific value or the Wobbe index at all relevant points, on a daily basis. Preliminary figures shall be published at the latest 3 days following the respective gas day. Final figures shall be published within 3 months after the end of the respective month.
(5) For all relevant points, transmission system operators shall publish available capacities, booked and technical capacities, on an annual basis over all years where capacity is contracted plus 1 year, and at least for the next 10 years. This information shall be updated at least every month or more frequently, if new information becomes available. The publication shall reflect the period for which capacity is offered to the market.
3.4. Information to be published regarding the transmission system and the time schedule according to which this information should be published
(1) Transmission system operators shall ensure the publication on a daily basis and updated every day the aggregated amounts of capacities offered, and contracted on the secondary market (i.e. sold from one network user to another network user), where the information is available to the TSO. This information shall include the following specifications:
(a) interconnection point where the capacity is sold;
(b) type of capacity, i.e. entry, exit, firm, interruptible;
(c) quantity and duration of the capacity usage rights;
(d) type of sale, e.g. transfer or assignment;
(e) the total number of trades/transfers;
(f) any other conditions known to the transmission system operator as mentioned in 3.3.
In so far such information is provided by a third party, transmission system operators shall be exempted from this provision.
(2) Transmission system operators shall publish harmonised conditions under which capacity transactions (e.g. transfers and assignments) will be accepted by them. These conditions must at least include:
(a) a description of standardised products which can be sold on the secondary market;
(b) lead time for the implementation/acceptation/registration of secondary trades. In case of delays the reasons have to be published;
(c) the notification to the transmission system operator by the seller or the third party as referred to under 3.4(1) about name of seller and buyer and capacity specifications as outlined in 3.4(1).
In so far such information is provided by a third party, transmission system operators shall be exempted from this provision.
(3) Regarding the balancing service of its system, each transmission system operator shall provide to each network user, for each balancing period, its specific preliminary imbalance volumes and cost data per individual network user, at the latest 1 month after the end of the balancing period. Final data of customers supplied according to standardised load profiles may be provided up to 14 months later. In so far such information is provided by a third party, transmission system operators shall be exempted from this provision. The provision of this information shall respect confidentiality of commercially sensitive information.
(4) Where flexibility services, other than tolerances, are offered for third party access, transmission system operators shall publish daily forecasts on a day-ahead basis of the maximum amount of flexibility, the booked level of flexibility and the availability of flexibility for the market for the next gas day. The transmission system operator shall also publish ex-post information on the aggregate utilisation of every flexibility service at the end of each gas day. If the national regulatory authority is satisfied that such information could give room to potential abuse by network users, it may decide to exempt the transmission system operator from this obligation.
(5) Transmission system operators shall publish, per balancing zone, the amount of gas in the transmission system at the start of each gas day and the forecast of the amount of gas in the transmission system at the end of each gas day. The forecast amount of gas for the end of the gas day shall be updated on an hourly basis throughout the gas day. If imbalance charges are calculated on an hourly basis, the transmission system operator shall publish the amount of gas in the transmission system on an hourly basis. Alternatively, transmission system operators shall publish, per balancing zone, the aggregate imbalance position of all users at the start of each balancing period and the forecast of the aggregated imbalance position of all users at the end of each gas day. If the national regulatory authority is satisfied that such information could give room to potential abuse by network users, it may decide to exempt the transmission system operator from this obligation.
(6) Transmission system operators shall provide user-friendly instruments for calculating tariffs.
(7) Transmission system operators shall keep at the disposal of the relevant national authorities, for at least 5 years, effective records of all capacity contracts and all other relevant information in relation to calculating and providing access to available capacities, in particular individual nominations and interruptions. Transmission system operators must keep documentation of all relevant information under point 3.3(4) and (5) for at least 5 years and make them available to the regulatory authority upon request. Both parties shall respect commercial confidentiality.
IARSCRÍBHINN II
TÁBLA COMHGHAOIL
Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
— |
Airteagal 3 |
— |
Airteagal 4 |
— |
Airteagal 5 |
— |
Airteagal 6 |
— |
Airteagal 7 |
— |
Airteagal 8 |
— |
Airteagal 9 |
— |
Airteagal 10 |
— |
Airteagal 11 |
— |
Airteagal 12 |
Airteagal 3 |
Airteagal 13 |
Airteagal 4 |
Airteagal 14 |
— |
Airteagal 15 |
Airteagal 5 |
Airteagal 16 |
— |
Airteagal 17 |
Airteagal 6 |
Airteagal 18 |
— |
Airteagal 19 |
— |
Airteagal 20 |
Airteagal 7 |
Airteagal 21 |
Airteagal 8 |
Airteagal 22 |
Airteagal 9 |
Airteagal 23 |
Airteagal 10 |
Airteagal 24 |
Airteagal 11 |
Airteagal 25 |
Airteagal 12 |
Airteagal 26 |
Airteagal 13 |
Airteagal 27 |
Airteagal 14 |
Airteagal 28 |
Airteagal 15 |
Airteagal 29 |
Airteagal 16 |
Airteagal 30 |
— |
Airteagal 31 |
Airteagal 17 |
Airteagal 32 |
Iarscríbhinn |
Iarscríbhinn I |
( 1 ) IO L 115, 25.4.2013, lch. 39.