EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02008R0767-20230803

Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/767/2023-08-03

D’fhéadfadh sé nach bhfuil na leasuithe seo a leanas sa téacs comhdhlúite seo:

Gníomh leasaitheach Cineál an leasaithe An fhoroinn lena mbaineann Teacht i bhfeidhm
32024R1356 Arna leasú le airteagal 6 mír 2a 12/06/2026
32024R1356 Arna leasú le airteagal 6 mír 2 12/06/2026
32023R2667 Arna leasú le airteagal 48a mír 2 Téacs 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (m) 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (l) 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (k) 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (j) 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 48a mír 3 Téacs 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (q) 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (i) 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 48a mír 6 Téacs 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (g) 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (o) 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (r) 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (n) 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (h) 27/12/2023
32023R2667 Arna leasú le airteagal 45 mír 2 pointe (p) 27/12/2023

02008R0767 — GA — 03.08.2023 — 007.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 767/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Iúil 2008

maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS)

(IO L 218 13.8.2008, lch. 60)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (CE) UIMH. 810/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Iúil 2009

  L 243

1

15.9.2009

►M2

RIALACHÁN (AE) Uimh. 610/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Meitheamh 2013

  L 182

1

29.6.2013

►M3

RIALACHÁN (AE) 2017/2226 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Samhain 2017

  L 327

20

9.12.2017

►M4

RIALACHÁN (AE) 2019/817 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Bealtaine 2019

  L 135

27

22.5.2019

►M5

RIALACHÁN (AE) 2021/1134Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 7 Iúil 2021

  L 248

11

13.7.2021

►M6

RIALACHÁN (AE) 2021/1152 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 7 Iúil 2021

  L 249

15

14.7.2021


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 258, 15.10.2018, lch.  5 (2017/2226)

►C2

Ceartúchán, IO L 284, 12.11.2018, lch.  39 (767/2008)

 C3

Ceartúchán, IO L 284, 12.11.2018, lch.  38 (810/2009)

►C4

Ceartúchán, IO L 117, 3.5.2019, lch.  13 (2017/2226)




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 767/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Iúil 2008

maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Sainmhínítear leis an Rialachán seo feidhm, feidhmiúlachtaí agus freagrachtaí an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) a bunaíodh le hAirteagal 1 de Chinneadh 2004/512/CE. Leagann sé amach na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le sonraí a mhalartú idir Bhallstáit i ndáil le hiarratais ar víosaí gearrfhanachta agus ar na cinntí a rinneadh leis sin, lena n-áirítear an cinneadh an víosa a neamhniú, a chúlghairm nó a fhadú, d'fhonn imscrúdú ar iarratais den sórt sin agus na cinntí a bhaineann leo a éascú.

▼M4

Trí shonraí céannachta, sonraí an doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha a stóráil sa stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) arna bhunú le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), rannchuidíonn EES agus cuidíonn sé le ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in VIS a éascú faoi na coinníollacha agus chun críocha Airteagal 20 den Rialachán sin.

▼B

Airteagal 2

Cuspóir

Is é an cuspóir a bheidh ag an VIS feabhas a chur ar fheidhmiú an chomhbheartais víosaí, ar an gcomhar consalachta agus ar chomhairliúchán idir údaráis víosaí láir trí mhalartú sonraí idir Bhallstáit maidir leis na hiarratais agus na cinntí lena mbaineann a éascú, d'fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

an nós imeachta um iarratais a dhéanamh ar víosaí a éascú;

(b) 

seachaint na gcritéar lena gcinntear an Ballstát freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar an iarratas a chosc;

(c) 

an comhrac i gcoinne na calaoise a éascú;

(d) 

seiceálacha ag láithreacha trasnaithe na dteorainneacha seachtracha agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú;

(e) 

cuidiú le haon duine a aithint a bhféadfadh sé nach mbeadh na coinníollacha iontrála, na coinníollacha fanachta ná na coinníollacha cónaithe i gcríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó a bhféadfadh sé nach mbeadh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige;

(f) 

cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 a éascú;

(g) 

cuidiú le bagairtí ar shlándáil inmheánach aon Bhallstáit a chosc.

Airteagal 3

Fáil ar shonraí chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha eile coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú

1.  
Féadfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát rochtain a bheith acu ar shonraí a choimeádtar sa VIS dá dtagraítear in Airteagail 9 go 14 i gcás faoi leith agus tar éis iarraidh réasúnaithe a bheith déanta i scríbhinn nó go leictreonach más rud é go mbíonn cúis réasúnta ann a cheapadh go gcuirfeadh ceadú sonraí VIS go mór le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha eile coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Féadfaidh rochtain a bheith ag Europol ar an VIS laistigh de theorainneacha a shainordaithe agus nuair a bheidh gá leis chun a thascanna a fheidhmiú.
2.  
Déanfar an ceadú dá dtagraítear i mír 1 trí láthair rochtana lárnach nó láithreacha rochtana lárnacha a bheidh freagrach as dianchomhlíonadh na gcoinníollacha rochtana agus na nósanna imeachta arna mbunú le Cinneadh 2008/.../CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chun a cheadaithe ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú ( 2 ). Féadfaidh na Ballstáit níos mó ná aon láthair rochtana lárnach amháin a ainmniú ag brath ar a struchtúr eagraíochtúil agus riaracháin chun a gceanglais bhunreachtúla nó dhlíthiúla a chomhall. I gcás eisceachtúil práinne, féadfaidh an láthair rochtana lárnach nó na láithreacha rochtana lárnacha iarrataí a fháil i scríbhinn, go leictreonach nó ó bhéal agus gan a fhíorú ach ex-post gur comhlíonadh na coinníollacha rochtana uile, lena n-áirítear go raibh cás eisceachtúil práinne ann. Tarlóidh an fíorú ex-post gan mhoill mhíchuí tar éis an iarraidh a phróiseáil.
3.  
Ní aistreofar sonraí a gheofar ón VIS de bhun an Chinnidh dá dtagraítear i mír 2 ná ní chuirfear ar fáil iad do thríú tír ná d'eagraíocht idirnáisiúnta. Féadfar, áfach, i gcás eisceachtúil práinne na sonraí sin a aistriú nó a chur ar fáil do thríú tír nó d'eagraíocht idirnáisiúnta chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus chun na críche sin amháin, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh sin. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcoimeádfar taifid d'aistrithe den chineál sin agus go gcuirfear ar fáil do na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí iad arna iarraidh sin dóibh. Beidh aistriú na sonraí ag an mBallstát a d’iontráil na sonraí sa VIS faoi réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin.
4.  
Ní dochar an Rialachán seo d’aon oibleagáidí faoin dlí náisiúnta is infheidhme chun faisnéis maidir le gníomhaíocht choiriúil ar bith a bhraithfidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 6, agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, a chur in iúl do na húdaráis fhreagracha chun críocha na cionta coiriúla lena mbaineann a chosc, a bhrath agus a ionchúiseamh.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1) 

ciallaíonn “víosa”:

▼M1

(a) 

“víosa aonfhoirmeach” faoi mar a shainítear é in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear cód Comhphobail maidir le Víosaí (“Cód Víosaí”) ( 3 );

▼M1 —————

▼M1

(c) 

“víosa idirthurais aerfoirt” faoi mar a shainítear é in Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

(d) 

“víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige” faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

▼M1 —————

▼B

2) 

ciallaíonn “greamán víosa” an fhormáid aonghnéitheach do víosaí mar a shainmhínítear le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 í;

3) 

ciallaíonn “údaráis víosaí” na húdaráis sin i ngach Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar víosaí agus as cinntí a dhéanamh ina dtaobh nó atá freagrach as cinntí víosaí a neamhniú, a chúlghairm nó a fhadú, lena n-áirítear na húdaráis víosaí láir agus na húdaráis atá freagrach as víosaí a eisiúint ag an teorainn i gcomhréir le Rialachán (CE) 415/2003 ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le víosaí a éisiúint ag an teorainn, lena n-áirítear víosaí den sórt sin a éisiúint chuig mairnéalaigh atá faoi bhealach ( 4 );

4) 

ciallaíonn “foirm iarratais” an fhoirm aonghnéitheach iarratais i gcomhair víosaí atá in Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha;

5) 

ciallaíonn “iarratasóir” aon duine atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (CE) 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin ( 5 ), agus a mbeidh iarratas ar víosa taiscthe aige nó aici;

6) 

ciallaíonn “comhaltaí de ghrúpa” iarratasóirí a mbíonn iallach orthu ar chúiseanna dlíthiúla dul isteach le chéile i gcríoch na mBallstát agus críoch na mBallstát a fhágáil le chéile;

7) 

ciallaíonn “doiciméad taistil” pas nó a chomhionann de dhoiciméad, a thugann teideal don sealbhóir dul trasna teorainneacha seachtracha agus ar féidir víosa a ghreamú dó;

8) 

ciallaíonn “an Ballstát atá freagrach” an Ballstát a d'iontráil na sonraí sa VIS;

9) 

ciallaíonn “fíorú” an próiseas ina ndéanfar comparáid idir thacair sonraí chun bailíocht céannachta a maíodh a shuíomh (seiceáil sonra ar shonra);

10) 

ciallaíonn “aithint” an próiseas ina gcinnfear céannacht duine trí chuardach ar bhunachar sonraí i gcomparáid le hiliomad tacar sonraí (seiceáil sonra ar shonraí);

11) 

ciallaíonn “sonraí alfa-uimhriúla” sonraí a léirítear le litreacha, le digití, le saincharachtair, le comharthaí spáis agus le comharthaí poncaíochta;

▼M4

12) 

ciallaíonn “sonraí VIS” na sonraí uile a stóráiltear i VIS Láir agus in CIR i gcomhréir le hAirteagal 9 go hAirteagal 14;

13) 

ciallaíonn “sonraí céannachta” na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus (aa);

14) 

ciallaíonn “sonraí méarlorg” na sonraí a bhaineann leis na cúig mhéarlorg ón deasóg agus ón gciotóg — méarlorg na corrmhéire, na méire láir, mhéar an fháinne, an lúidín agus na hordóige — nuair is ann dóibh.

▼B

Airteagal 5

Catagóirí sonraí

▼C2

1.  

Ní dhéanfar ach na catagóirí sonraí seo a leanas a thaifeadadh in VIS:

(a) 

sonraí alfa-uimhriúla maidir leis an iarratasóir agus maidir leis na víosaí a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó a fadaíodh dá dtagraítear i bpointí (1) go (4) d’Airteagal 9 agus in Airteagail 10 go 14;

(b) 

grianghraif dá dtagraítear i bpointe (5) d’Airteagal 9;

(c) 

sonraí méarloirg dá dtagraítear i bpointe (6) d’Airteagal 9;

(d) 

naisc le hiarratais eile dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4).

▼M4

1a.  
Beidh in CIR na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) go (c ) (5) (6). Stórálfar sonraí eile VIS i VIS Láir.

▼B

2.  
Gan dochar do thaifead na n-oibríochtaí próiseála sonraí de bhun Airteagal 34, ní thaifeadfar sa VIS na teachtaireachtaí a tharchuirfear le bonneagar an VIS, dá dtagraítear in Airteagal 16, Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2).

▼M5

Airteagal 5a

Liosta de dhoiciméid taistil aitheanta

3.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhainistiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

▼B

Airteagal 6

Rochtain chun sonraí a iontráil, a leasú, a scriosadh, nó a cheadú

1.  
Is ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás víosaí amháin a bheidh rochtain ar an VIS chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a iontráil, a leasú nó a scriosadh de réir an Rialacháin seo.

▼M6

2.  

Forchoimeádfar rochtain ar VIS chun na sonraí a cheadú go heisiach d’fhoireann chuí-údaraithe na n-eintiteas seo a leanas:

(a) 

údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus comhlachtaí de chuid an Aontais atá inniúil chun críocha Airteagail 15 go 22, Airteagail 22g go 22m, agus Airteagal 45e den Rialachán seo;

(b) 

Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS, arna n-ainmniú de bhun Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2018/1240, chun críoch Airteagail 18c agus 18d den Rialachán seo agus chun críocha Rialachán (AE) 2018/1240; agus

(c) 

údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus comhlachtaí de chuid an Aontais atá inniúil chun críocha Airteagail 20 agus 21 de Rialachán (AE) 2019/817.

Beidh rochtain den sórt sin teoranta do rochtain ar na sonraí is gá le haghaidh feidhmiú chúraimí na n-údarás sin agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir leis na críocha sin agus i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú.

▼B

3.  

Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla a mbeidh rochtain ag a bhfoireann chuí-údaraithe ar shonraí sa VIS d'fhonn iad a iontráil, a leasú, a scriosadh nó a cheadú. Cuirfidh gach Ballstát liosta de na húdaráis sin in iúl don Choimisiún gan mhoill, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 41(4) agus aon leasuithe ar an liosta. Sonrófar sa liosta sin an chríoch a bhféadfaidh gach údarás sonraí sa VIS a phróiseáil chuici.

Laistigh de 3 mhí tar éis don VIS a bheith i mbun oibríochta i gcomhréir le hAirteagal 48(1), foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéanfar leasuithe air, foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite nuashonraithe uair sa bhliain.

▼M5

5.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an bhfeidhmiúlacht chun bainistiú lárnach a dhéanamh ar an liosta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a bhainistiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

▼B

Airteagal 7

Prionsabail Ghinearálta

1.  
Áiritheoidh gach údarás inniúil a bheidh údaraithe chun rochtain a bheith aige ar an VIS de réir an Rialacháin seo go mbeidh úsáid an VIS riachtanach, cuí agus i gcomhréir le feidhmiú thascanna na n-údarás inniúil.
2.  
Áiritheoidh gach údarás inniúil nach ndéanfar idirdhealú, agus an VIS a úsáid aige, i gcoinne iarratasóirí agus sealbhóirí víosa bunaithe ar ghnéas, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh agus go lánurramófar dínit an duine agus ionracas an iarratasóra nó an tsealbhóra víosa.



CAIBIDIL II

IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AG NA hÚDARÁIS VÍOSAÍ

Airteagal 8

Nósanna imeachta chun sonraí a iontráil ar an iarratas

1.  
►M1  Nuair a bheidh an t-iarratas inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ◄ , déanfaidh an t-údarás víosaí an comhad iarratais a chruthú gan mhoill, trí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9 a iontráil sa VIS, a mhéid a cheanglaítear ar an iarratasóir na sonraí sin a sholáthar.
2.  
Agus an comhad iarratais á chruthú, seiceálfaidh an t-údarás víosaí sa VIS, i gcomhréir le hAirteagal 15, ar chláraigh aon cheann de na Ballstáit iarratas roimhe sin ón iarratasóir céanna sa VIS.
3.  
Más rud é gur cláraíodh iarratas roimhe sin, déanfaidh an t-údarás víosaí gach comhad iarratais nua i leith an iarratasóra sin a nascadh leis an gcéad cheann.
4.  
Más ag taisteal i ngrúpa nó lena chéile/céile agus/nó lena leanaí a bheidh an t-iarratasóir, cruthóidh an t-údarás comhad iarratais do gach iarratasóir agus nascfar comhaid iarratais na ndaoine atá ag taisteal le chéile.
5.  
I gcás nach gcaithfear sonraí ar leithligh a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla nó nach féidir iad a sholáthar go fíorasach, cuirfear “níl bainteach” sa réimse sainiúil sonraí nó sna réimsí sainiúla sonraí. I gcás méarlorg, ceadóidh an córas idirdhealú a dhéanamh, chun críocha Airteagal 17, idir na cásanna nach gá méarloirg a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla agus na cásanna nach féidir iad a sholáthar go fíorasach; rachaidh an fheidhmiúlacht seo in éag tar éis ceithre bliana mura ndaingneofar é le cinneadh ón gCoimisiún ar bhonn na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 50(4).

Airteagal 9

▼M1

Sonraí le cur isteach ar iarratas

▼B

Déanfaidh an t-údarás víosaí na sonraí seo a leanas a iontráil sa chomhad iarratais:

1) 

uimhir an iarratais;

2) 

faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur iarradh víosa;

3) 

an t-údarás a ndearnadh an t-iarratas a thaisceadh leis, lena n-áirítear a shuíomh, agus cé acu ar taisceadh an t-iarratas leis an údarás sin agus ionadú á dhéanamh aige ar Bhallstát eile.

4) 

na sonraí seo a leanas a thógfar ón bhfoirm iarratais:

▼M4

(a) 

sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; inscne;

(aa) 

sloinne breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); áit agus tír bhreithe; Náisiúntacht faoi láthair agus náisiúntacht bhreithe;

(b) 

cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil agus cód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil;

(c) 

an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil in éag;

(ca) 

an t-údarás a d'eisigh an doiciméad taistil agus dáta a eisiúna;

▼B

(d) 

láthair agus dáta an iarratais;

▼M1 —————

▼B

(f) 

sonraí an duine a d’eisigh cuireadh agus/nó a bheidh dlite costais chothaithe an iarratasóra a íoc le linn na tréimhse cónaithe, arb iad:

(i) 

i gcás duine nádúrtha, sloinne agus céadainm agus seoladh an duine;

(ii) 

i gcás cuideachta nó eagraíochta eile, ainm agus seoladh na cuideachta nó na heagraíochta eile, sloinne agus céadainm an duine teagmhála sa chuideachta nó san eagraíocht sin;

▼M1

(g) 

Ballstát nó Ballstáit chinn scríbe agus ré an fhanachta bheartaithe nó an idirthurais;

(h) 

príomhchuspóir nó príomhchuspóirí an turais;

(i) 

an dáta atá beartaithe teacht isteach i limistéar Schengen agus an dáta atá beartaithe imeacht as limistéar Schengen;

(j) 

Ballstát na chéad iontrála;

(k) 

seoladh baile an iarratasóra;

▼B

(l) 

slí bheatha agus fostóir faoi láthair; i gcomhair mac léinn: ainm ►M1  an bhunachais oideachais ◄ ;

(m) 

i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm nó céadainmneacha ►M1  athair agus máthair ◄ an iarratasóra.

5) 

grianghraf den iarratasóir, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95;

6) 

méarloirg an iarratasóra, i gcomhréir le forálacha iomchuí na dTeagasc Coiteann Consalach.

▼M5

Léireoidh an t-iarratasóir a shlí bheatha reatha nó a slí bheatha reatha (grúpa poist) ar liosta réamhshocraithe.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun an liosta réamhshocraithe de shlite beatha reatha (grúpaí poist) a leagan síos.

Airteagal 9h

Cur chun feidhme agus lámhleabhar

2.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun na nósanna imeachta agus na rialacha is gá do chuardaigh, fíoruithe agus measúnuithe a leagan síos i lámhleabhar.

Airteagal 9j

Táscairí riosca sonracha

2.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun rioscaí sonracha a bhaineann leis an tslándáil nó le hinimirce neamhdhlíthiúil nó ardriosca eipidéime a shainiú tuilleadh ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a) 

staidreamh arna ghiniúint ag EES lena léirítear rátaí neamhghnácha rófhanachta agus diúltuithe teacht isteach i ndáil le grúpa sonrach sealbhóirí víosa;

(b) 

staidreamh arna ghiniúint ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a lena léirítear rátaí neamhghnácha diúltuithe d'iarratais ar víosaí mar gheall ar riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime a bhaineann le grúpa sonrach sealbhóirí víosa;

(c) 

staidreamh arna ghiniúint ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a agus ag EES lena léirítear comhghaolú idir faisnéis a bhailítear tríd an bhfoirm iarratais agus rófhanacht sealbhóirí víosa nó diúltuithe teacht isteach;

(d) 

faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit i dtaobh táscairí riosca sonracha maidir le slándáil nó bagairtí sonracha slándála a shainaithin Ballstát;

(e) 

faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit maidir le rátaí neamhghnácha rófhanachta nó diúltuithe teacht isteach i ndáil le grúpa sonrach sealbhóirí víosa i leith Ballstáit;

(f) 

faisnéis arna soláthar ag Ballstáit maidir le hardrioscaí sonracha eipidéime chomh maith le faisnéis um fhaireachas eipidéimeolaíochta agus measúnuithe riosca arna soláthar ag an Lárionad Eorpach chun Galair a Chosc agus a Rialú agus ráigeanna galair arna dtuairisciú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

3.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun na rioscaí a shonrú, faoi mar a shainítear sa Rialachán seo agus sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, rioscaí ar a mbunófar na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Déanfar athbhreithniú ar na rioscaí sonracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo gach 6 mhí ar a laghad agus, i gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme nua a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

▼B

Airteagal 10

Sonraí breise i gcás víosa a eisíodh

1.  

I gcás inar cinneadh víosa a eisiúint, cuirfidh an t-údarás víosaí a d'eisigh an víosa na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais:

(a) 

faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur eisíodh víosa;

(b) 

an t-údarás a d'eisigh an víosa, lena n-áirítear a shuíomh agus cibé ar eisighan t-údarás sin an víosa thar ceann Ballstáit eile;

(c) 

láthair agus dáta an chinnidh chun an víosa a eisiúint;

(d) 

an cineál víosa;

▼M3

(da) 

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis lena dtugtar le fios gur le bailíocht chríochach theoranta a eisíodh an víosa de bhun Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

▼B

(e) 

uimhir an ghreamáin víosa;

(f) 

an chríoch ina bhfuil cead ag sealbhóir an víosa taisteal a dhéanamh, i gcomhréir le forálacha iomchuí na dTeagasc Coiteann Consalach;

(g) 

dáta theacht i bhfeidhm agus dáta éaga thréimhse bailíochta an víosa;

(h) 

an líon iontrálacha a údaraíonn an víosa sa chríoch sin a bhfuil sé bailí ina leith;

(i) 

fad na tréimhse fanachta a údaraíonn an víosa;

(j) 

más infheidhme, an fhaisnéis ag cur in iúl gur eisíodh an víosa ar bhileog ar leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le formáid aonghnéitheach d’fhoirmeacha chun víosa a ghreamú arna eisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhíonn i seilbh doiciméad taistil nach n-aithníonn an Ballstát atá ag tarraingt suas na foirme ( 6 );

▼M1

(k) 

más infheidhme, an fhaisnéis lena léirítear gur comhlánaíodh an greamán víosa de láimh;

▼C1

(l) 

i gcás inarb infheidhme, stádas an duine lena dtugtar le fios gur ball teaghlaigh le saoránach den Aontas an náisiúnach tríú tír, ball a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) maidir leis nó léi nó gur ball teaghlaigh é nó í le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile.

▼B

2.  
Má dhéanann iarratasóir iarratas a chúlghairm, nó mura leanfaidh sé d'iarratas a dhéanamh sula ndéanfar cinneadh víosa a eisiúint, cuirfidh an t-údarás lenar taisceadh an t-iarratas in iúl go bhfuil deireadh tagtha leis an iarratas ar na cúiseanna sin agus an dáta ar tháinig deireadh leis an iarratas.

Airteagal 11

Sonraí breise i gcás ina scoirfear d'iarratas a scrúdú

▼M1

I gcúinsí ina scoirfidh an t-údarás víosaí a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige ar Bhallstát den iarratas a scrúdú, cuirfidh sé na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais:

▼B

1) 

faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur scoireadh den iarratas a scrúdú;

2) 

an t-údarás a scoir den iarratas a scrúdú, lena n-áirítear a shuíomh;

3) 

láthair agus dáta an chinnidh chun scor den iarratas a scrúdú;

4) 

an Ballstát a bheidh inniúil leis an iarratas a scrúdú.

Airteagal 12

Sonraí breise i gcás víosa a diúltaíodh

1.  

I gcás ina gcinntear víosa a dhiúltú, cuirfidh an t-údarás víosaí a dhiúltaigh an víosa na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais:

▼M1

(a) 

faisnéis stádais lena léirítear gur diúltaíodh an víosa agus cibé acu ar dhiúltaigh an t-údarás sin é thar ceann Ballstáit eile;

▼B

(b) 

an t-údarás a dhiúltaigh an víosa, lena n-áirítear a shuíomh;

(c) 

láthair agus dáta an chinnidh an víosa a dhiúltú.

▼M1

2.  

Cuirfear in iúl sa chomhad iarratais an foras nó na forais ar diúltaíodh an víosa, ar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheidh ann:

(a) 

Maidir leis an iarratasóir:

(i) 

go dtíolacann sé nó sí doiciméad atá bréagach, góchumtha nó brionnaithe;

(ii) 

nach dtugann sé bonn cirt maidir le cuspóir agus maidir le coinníollacha an fhanachta atá beartaithe;

(iii) 

nach gcuireann sé ar fáil fianaise ar chóir leordhóthanach mhaireachtála a bheith aige don ré fanachta atá beartaithe aige agus don turas abhaile chuig a thír thionscnaimh nó chuig a tír thionscnaimh nó chuig an tír a bhfuil cónaí air nó uirthi ann, nó don idirthuras chuig triú tír a bhfuil sé nó sí deimhin go ligfear isteach ann é, nó nach bhfuil sé i riocht an chóir mhaireachtála sin a fháil go dlíthiúil;

▼M2

(iv) 

d'fhan sé nó sí cheana féin ar feadh 90 lá i rith na tréimhse reatha 180 lá ar chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmigh nó ar bhonn víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige;

▼M1

(v) 

gur duine é ar eisíodh foláireamh ina leith sa SIS chun críche cead dul isteach a dhiúltú;

(vi) 

go meastar gur bagairt é do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach nó do shláinte phoiblí a shainítear in Airteagal 2(19) de Chód Theorainneacha Schengen nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, go háirithe i gcás inar eisíodh foláireamh i mbunachair sonraí náisiúnta na mBallstát chun críche cead dul isteach a dhiúltú ar na forais chéanna.

(vii) 

nach gcuireann sé nó sí cruthúnas ar fáil go bhfuil árachais liachta taistil leordhóthanach agus bailí aige, i gcás inarb infheidhme;

(b) 

ní raibh an fhaisnéis a tíolacadh, maidir le bonn cirt an chuspóra agus maidir le coinníollacha an fhanachta a bhí beartaithe iontaofa

(c) 

nach bhféadfaí a fhionnadh go raibh rún ag an iarratasóir críoch na mBallstát a fhágáil sula rachadh an víosa in éag;

(d) 

nár cuireadh ar fáil an fhianaise leordhóthanach nach raibh an t-iarratasóir i riocht cur isteach ar víosa roimh ré, rud a thabharfadh bonn cirt maidir le hiarratas a dhéanamh ag an teorainn;

Airteagal 13

Sonraí atá le cur leis an gcomhad do víosa a neamhníodh nó a cúlghaireadh

1.  

I gcás ina ndearnadh cinneadh víosa a neamhniú nó a chúlghairm, cuirfidh an t-údarás a rinne an cinneadh na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais:

(a) 

faisnéis stádais lena léirítear go ndearnadh an víosa a neamhniú nó a chúlghairm;

(b) 

an t-údarás a rinne an víosa a neamhniú nó a chúlghairm, agus an áit a bhfuil sé lonnaithe;

(c) 

an dáta a ndearnadh an cinneadh, agus an áit ina ndearnadh é.

2.  

Cuirfear in iúl freisin sa chomhad iarratais an foras nó na forais a bheidh le neamhniú nó le cúlghairm, arb éard a bheidh iontu:

(a) 

ceann amháin nó níos mó de na forais a liostaítear in Airteagal 12(2);

(b) 

an iarraidh ón sealbhóir víosa an víosa a chúlghairm.

▼M3

3.  
I gcás ina ndéantar cinneadh víosa a neamhniú nó a chúlghairm, déanfaidh an t-údarás víosaí a rinne an cinneadh na sonraí a liostaítear faoi Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) a aisghabháil agus a easpórtáil láithreach ó VIS isteach sa Chóras Dul Isteach/Imeachta a bunaíodh leis an Rialachán sin (EES).

▼B

Airteagal 14

Sonraí breise i gcás ina ndéanfar víosa ar cuireadh síneadh leis

▼M1

1.  

I gcás ina ndearnadh cinneadh síneadh a chur leis an tréimhse bailíochta agus/nó tréimhse fanachta víosa atá eisithe, cuirfidh an t-údarás víosa a chuir síneadh leis an víosa an fhaisnéis seo a leanas leis an gcomhad iarratais:

▼B

(a) 

faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur cuireadh síneadh leis an víosa;

(b) 

an t-údarás a chuir síneadh leis an víosa, lena n-áirítear a shuíomh;

(c) 

láthair agus dáta an chinnidh;

▼M1

(d) 

uimhir ghreamán víosa an víosa a bheidh á fhadú;

▼B

(e) 

dáta tosaigh agus dáta éaga na tréimhse fadaithe;

(f) 

tréimhse fhadú na fanachta a bheidh údaraithe;

▼M1

(g) 

an chríoch a bhfuil an sealbhóir víosa i dteideal taisteal ann, má tá bailíocht chríochach an víosa a bheidh á fhadú éagsúil le bailíocht an víosa bhunaidh;

▼B

(h) 

an cineál víosa ar cuireadh síneadh leis.

2.  

Léireoidh an comhad iarratais na forais atá ann chun síneadh a chur le víosa, ar ceann nó níos mó díobh seo a leanas a bheidh ann:

(a) 

force majeure;

(b) 

cúiseanna daonchairdiúla;

▼M1 —————

▼B

(d) 

tromchúiseanna pearsanta.

▼M3

3.  
I gcás ina gcinntear síneadh a chur le tréimhse bhailíochta, le fad fanachta na víosa arna heisiúint, nó iad araon, déanfaidh an t-údarás víosaí a ghlac an cinneadh na sonraí a liostaítear faoi Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 a aisghabháil agus a easpórtáil láithreach ó VIS isteach in EES.

▼B

Airteagal 15

An VIS a úsáid chun iarratais a scrúdú

1.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil víosaí an VIS a cheadú chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarratais agus ar na cinntí a bhaineann leis na hiarratais sin, lena n-áirítear an cinneadh chun an víosa a chur ar neamhní nó a chúlghairm, ►M1  nó an víosa a fhadú ◄ i gcomhréir leis na forálacha iomchuí.
2.  

Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, tabharfar rochtain don údarás inniúil víosaí chun cuardach a dhéanamh le sonra amháin nó níos mó de na sonraí seo a leanas:

(a) 

uimhir an iarratais;

▼M3

(b) 

sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne;

(c) 

cineál agus uimhir an doiciméid taistil; cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil; agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;

▼C2

(d) 

sloinne, céadainm agus seoladh an duine nádúrtha nó ainm agus seoladh na cuideachta nó na heagraíochta eile, dá dtagraítear i bpointe (f) de phointe (4) d’Airteagal 9;

▼B

(e) 

méarloirg;

(f) 

uimhir an ghreamáin víosa agus dáta eisithe aon víosa a eisíodh roimhe sin.

3.  
Má léirítear leis an gcuardach le sonra amháin nó níos mó de na sonraí atá liostaithe i mír 2 go bhfuil sonraí ar an iarratasóir taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás víosaí inniúil chun na sonraí seo a leanas den chomhad nó de na comhaid iarratais a cheadú mar aon leis an gcomhad nó na comhaid iarratais nasctha, de bhun Airteagal 8(3) agus (4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 amháin.

▼M3

4.  
Chun críocha EES a cheadú d’fhonn iarratais ar víosa a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina dtaobh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/2226, tabharfar don údarás inniúil víosaí rochtain ar EES díreach as VIS d’fhonn EES a chuardach le rogha amháin nó níos mó de na sonraí sin dá dtagraítear san Airteagal sin.
5.  
I gcás ina léiríonn an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nach bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in VIS nó i gcás ina bhfuiltear in amhras faoi chéannacht an náisiúnaigh tríú tír, beidh rochtain ag an údarás inniúil víosaí ar shonraí chun sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20.

▼B

Airteagal 16

Úsáid an VIS le haghaidh comhairliúcháin agus chun doiciméid a iarraidh

1.  
Chun críocha comhairliúcháin idir údaráis víosaí láir maidir le hiarratais de réir Airteagal 17(2) de Choinbhinsiún Schengen, déanfar an t-iarratas agus na freagairtí ar chomhairliúchán a tharchur i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
2.  

Tarchuirfidh an Ballstát atá freagrach as an iarratas a scrúdú an iarraidh ar chomhairliúchán, mar aon le huimhir an iarratais, chuig an VIS agus sonrófar an Ballstát nó na Ballstáit a mbeifear le dul i gcomhairle leo.

Tarchuirfidh an VIS an iarraidh chuig an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann.

Tarchuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit a rachfar i gcomhairle leis nó leo freagra chuig an VIS, agus déanfaidh an VIS an freagra a tharchur chuig an mBallstát a rinne an iarraidh.

3.  
Féadfaidh feidhm a bheith freisin ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 maidir le tarchur faisnéise faoi eisiúint víosaí a mbeidh bailíocht chríche theoranta acu agus maidir le teachtaireachtaí eile a bhaineann leis an gcomhar consalach agus maidir le tarchur iarrataí chuig an údarás inniúil víosaí ar chóipeanna de dhoiciméid taistil agus doiciméid eile a thacaíonn leis an iarratas a chur ar aghaidh agus maidir le tarchur cóipeanna leictreonacha de na doiciméid seo. Tabharfaidh na húdaráis inniúla víosaí freagairt ar an iarraidh gan mhoill.
4.  
Úsáidfear na sonraí pearsanta a tharchuirfear de bhun an Airteagail seo don chomhairliúchán leis na húdaráis víosaí láir agus don chomhar consalach, agus chun na gcríoch sin amháin.

Airteagal 17

Úsáid sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh

Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na gcríoch sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla víosaí ar na sonraí seo a leanas, d'fhonn iad a cheadú, ach gan ligean do chéannacht iarratasóirí aonair a bheith nochtaithe:

1) 

faisnéis maidir le stádas;

2) 

an t-údarás inniúil víosaí, lena n-áirítear a shuíomh;

3) 

náisiúntacht an iarratasóra faoi láthair;

▼M1

4) 

Ballstát na chéad iontrála;

▼B

5) 

dáta agus áit an iarratais nó an chinnidh maidir leis an víosa;

▼M1

6) 

an cineál víosa a eisíodh;

▼B

7) 

an cineál doiciméid taistil;

8) 

na forais a tugadh maidir le haon chinneadh i leith an víosa nó an iarratais ar víosa;

9) 

an t-údarás inniúil víosaí, lena n-áirítear a shuíomh, a dhiúltaigh an t-iarratas ar víosa agus dáta an diúltaithe;

10) 

na cásanna ina ndearna an t-iarratasóir céanna iarratas ar víosa ó bhreis agus údarás amháin, ina luaitear na húdaráis víosaí sin, a suíomh agus dátaí na ndiúltuithe;

▼M1

11) 

príomhchuspóir(í) an turais;

▼C2

12) 

na cásanna nárbh fhéidir na sonraí dá dtagraítear i bpointe (6) d’Airteagal 9 a sholáthar go fíorasach, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5);

13) 

na cásanna nár ghá na sonraí dá dtagraítear i bpointe (6) d’Airteagal 9 a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5);

14) 

na cásanna inar diúltaíodh víosa do dhuine, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5), nach raibh in ann na sonraí dá dtagraítear i bpointe (6) d’Airteagal 9 a sholáthar go fíorasach.

▼B



CAIBIDIL III

ROCHTAIN AR SHONRAÍ AG ÚDARÁIS EILE

▼M3

Airteagal 17a

Idir-inoibritheacht le EES

1.  
Ó thús oibríochtaí EES, dá bhforáiltear in Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226, beidh idir-inoibritheacht ann idir EES agus VIS d’fhonn éifeachtúlacht seiceálacha teorann a áirithiú agus luas a chur leo. Chuige sin, bunóidh eu-LISA Bealach Cumarsáide Slán idir lárchóras EES agus lárchóras VIS. Ní féidir ceadú díreach a dhéanamh idir na EES agus VIS ach amháin má dhéantar foráil sa Rialachán seo agus i Rialachán 2017/2226 maidir leis. Is próiseas uathoibrithe a bheidh i gceist le sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil ó VIS, iad a easpórtáil isteach in EES, agus na sonraí ó VIS a nuashonrú in EES a luaithe a chuirfidh an t-údarás lena mbaineann tús leis an oibríocht atá i gceist.
2.  

Cuirfidh idir-inoibritheacht ar chumas na n-údarás víosa EES a cheadú as VIS tráth a mbeidh VIS á úsáid acu chun na nithe seo a dhéanamh:

(a) 

agus iarratais ar víosa á scrúdú agus cinneadh á dhéanamh maidir leo mar a thagraítear dó in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus in Airteagal 15(4) den Rialachán seo;

(b) 

d’fhonn na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil agus a easpórtáil go díreach ó VIS isteach in EES i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus le hAirteagal 13 agus Airteagal 14 den Rialachán seo.

3.  

Trí idir-inoibritheacht, cuirfear ar chumas na n-údarás teorann sin a úsáideann EES VIS a cheadú as EES chun:

(a) 

na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil go díreach ó VIS agus iad a iompórtáil isteach in EES ionas gur féidir taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach de chuid sealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14, le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226 agus le hAirteagal 18a den Rialachán seo;

(b) 

na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil go díreach ó VIS agus iad a iompórtáil isteach in EES i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 den Rialachán seo;

(c) 

barántúlacht agus bailíocht na víosa a fhíorú agus a fhíorú cé acu a bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), nó iad araon, á gcomhlíonadh, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 18(2) den Rialachán seo;

(d) 

seiceáil a dhéanamh ar cláraíodh cheana náisiúnaigh tríú tír, ar náisiúnaigh iad atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus nach bhfuil sainchomhad ar taifead in EES ina leith in VIS i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/2226 agus le hAirteagal 19a den Rialachán seo;

(e) 

a fhíorú, i gcás gur le méarloirg atá céannacht an tsealbhóra víosa le fíorú, céannacht an tsealbhóra víosa le méarloirg in VIS i gcomhréir le hAirteagal 23(2) agus Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus le hAirteagal 18(6) den Rialachán seo.

4.  
Maidir le feidhmiú sheirbhís gréasáin EES dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226, déanfaidh VIS nuashonrú laethúil ar an mbunachar sonraí ar leith sin – ar bunachar sonraí inléite amháin é — dá dtagraítear in Airteagal 13(5) den Rialachán sin trí aisbhaint-aon-slí a dhéanamh ar an íos-fhothacar sonraí is gá de chuid VIS.
5.  
I gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2017/2226, glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun an idir-inoibritheacht ar ardchaighdeán a bhunú agus a mhúnlú. D’fhonn an idir-inoibritheacht le EES a bhunú, déanfaidh an tÚdarás Bainistíochta pé forbairtí agus oiriúnaithe is gá ar VIS lárnach, ar an gcomhéadan náisiúnta i ngach Ballstát, agus ar an mBonneagar Cumarsáide idir VIS lárnach agus na comhéadain náisiúnta. Déanfaidh na Ballstáit na bonneagair náisiúnta a oiriúnú agus a fhorbairt.

▼M3

Airteagal 18

Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES

1.  

Chun céannacht sealbhóirí víosa a fhíorú, chun barántúlacht, bailíocht ama, bailíocht chríochach, agus stádas na víosa a fhíorú, agus chuige sin amháin, nó chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399, agus chuige sin amháin, nó iad araon, beidh rochtain ag na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES ar VIS chun cuardach a dhéanamh leis na sonraí seo a leanas:

(a) 

sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne; cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil; cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil nó na doiciméid taistil; agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil in éag; nó

(b) 

an uimhir atá ar an ngreamán víosa.

2.  
Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus chucu siúd amháin, i gcás ina seoltar cuardach in EES de bhun Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, féadfaidh an t-údarás inniúil teorann cuardach a sheoladh in VIS go díreach as EES leis na sonraí sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo.
3.  
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina seoltar cuardach in EES de bhun Airteagal 23(2) nó (4) de Rialachán (AE) 2017/2226, féadfaidh an t-údarás inniúil teorann cuardach a dhéanamh in VIS ach gan idir-oibritheacht le EES a úsáid, i gcás ina bhfágann cúinsí ar leith gur mar sin is gá, go háirithe, nuair a fhágann cúinsí sonracha náisiúnaigh tríú tír gur iomchuí cuardach a dhéanamh agus leas á bhaint as na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, nó i gcás nach indéanta go teicniúil sonraí EES a cheadú, ar bhonn seladach, nó i gcás ina dteipeann ar EES.

▼C2

4.  

Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí maidir le sealbhóir an víosa taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil um rialú teorainneacha chun na sonraí seo a leanas den chomhad agus de chomhad nó de chomhaid iarratais a bheidh nasctha leis de bhun Airteagal 8(4) a cheadú, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus chun na gcríoch sin amháin:

▼M3

(a) 

faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, ►C4  dá dtagraítear i bpointí (2) agus (4) d'Airteagal 9; ◄

(b) 

grianghraif;

(c) 

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14 agus a iontráladh i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní nó a cúlghaireadh nó i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí ar cuireadh síneadh lena tréimhse nó lena dtréimhse bailíochta.

Ina theannta sin, i gcás sealbhóirí víosa nach gá sonraí áirithe a thabhairt ina leith ar chúiseanna dlí nó nach féidir a thabhairt, ar chúiseanna fíorasacha, tabharfar fógra don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES i dtaobh an réimse shonraigh sonraí nó na réimsí sonracha sonraí lena mbaineann agus cuirfear “neamhbhainteach” sa réimse nó sna réimsí sin.

5.  

Má léiríonn an cuardach sin leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil sonraí maidir leis an duine ar taifead in VIS ach nach bhfuil aon víosa bailí ar taifead, tabharfar rochtain don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES d’fhonn na sonraí seo a leanas a cheadú, ar sonraí iad atá sa chomhad iarratais nó sna comhaid iarratais, agus atá i gcomhad iarratais nó i gcomhaid iarratais arna nascadh de bhun Airteagal 8(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na gcríoch sin amháin:

(a) 

faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, ►C4  dá dtagraítear i bpointí (2) agus (4) d'Airteagal 9; ◄

(b) 

grianghraif;

(c) 

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 agus a iontráladh i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní nó a cúlghaireadh nó i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí ar cuireadh síneadh lena thréimhse nó lena dtréimhse bailíochta.

6.  

De bhreis ar an gceadú a dhéanfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES céannacht an duine a fhíorú in VIS i gcás ina léiríonn an cuardach a rinneadh leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil sonraí faoin duine sin ar taifead in VIS agus go gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ní féidir céannacht an duine a dheimhniú in EES i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, toisc:

(i) 

nach bhfuil an sealbhóir víosa cláraithe fós in EES;

(ii) 

go ndéantar an chéannacht a fhíorú, ag an bpointe trasnaithe teorann lena mbaineann, le méarloirg i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226;

(iii) 

go bhfuil amhras ann i dtaobh chéannacht an tsealbhóra víosa;

(iv) 

cúis éigin eile;

(b) 

is féidir céannacht an duine a fhíorú in EES ach tá feidhm ag Airteagal 23(5) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES, fíoróidh siad méarloirg an tsealbhóra víosa leis na méarloirg atá ar taifead in VIS. I gcás sealbhóirí víosa nach féidir leas a bhaint as a gcuid méarlorg, is leis na sonraí alfa-uimhriúla amháin, dá bhforáiltear i mír 1, a dhéanfar an cuardach dá dtagraítear i mír 1.

7.  
Chun na méarloirg a fhíorú in VIS, dá bhforáiltear i mír 6, féadfaidh an t-údarás inniúil cuardach in EES a sheoladh as EES go VIS.
8.  
I gcás nach féidir sealbhóir na víosa nó an víosa féin a fhíorú nó i gcás ina mbeidh amhras maidir le céannacht an tsealbhóra víosa nó maidir le barántúlacht na víosa nó an doiciméid taistil, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES ar shonraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (2).

▼M3

Airteagal 18a

Sonraí VIS a aisghabháil chun taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach an tsealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES

Chun taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach do shealbhóir víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus Airteagal 16 agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus chun na críche sin amháin, tabharfar rochtain don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES na sonraí atá stóráilte in VIS agus a liostaítear i bpointe (c) go pointe (f) d’Airteagal 16(2) den Rialachán sin a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES.

▼M6

Airteagal 18b

Idir-inoibritheacht le ETIAS

1.  
Ó dháta thús oibríochtaí ETIAS, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 88(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, beidh VIS nasctha le ESP chun na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), den Rialachán sin a chumasú.
2.  
Leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240, cumasófar na fíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Rialachán sin agus na fíoruithe a dhéanfar dá éis sin dá bhforáiltear in Airteagail 22 agus 26 den Rialachán sin.

Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (i), de Rialachán (AE) 2018/1240, le Lárchóras ETIAS úsáidfear ESP chun na sonraí a stóráiltear in ETIAS a chur i gcomparáid leis na sonraí a stóráiltear in VIS, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin, ag baint úsáid as na sonraí a liostaítear sa tábla comhfhreagrais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 18c

Rochtain ar shonraí VIS ag Láraonad ETIAS

1.  
Chun críoch na gcúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) 2018/1240 a fheidhmiú, beidh an ceart ag Láraonad ETIAS rochtain a fháil ar shonraí ábhartha VIS agus sonraí VIS a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin.
2.  
I gcás ina ndeimhneofar le fíorú arna dhéanamh ag Láraonad ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1240 go bhfuil comhfhreagras ann idir sonraí arna dtaifeadadh i gcomhad iarratais ETIAS agus sonraí VIS nó i gcás ina mbeidh amhras ann fós tar éis fíorú den sórt sin a dhéanamh, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26 den Rialachán sin.

Airteagal 18d

Úsáid VIS ag Aonaid Náisiúnta ETIAS chun próiseáil láimhe a dhéanamh ar iarratais

1.  
Déanfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS, dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, VIS a cheadú agus na sonraí alfa-uimhriúla céanna á n-úsáid acu a úsáidtear le haghaidh na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), den Rialachán sin.
2.  
Beidh rochtain shealadach ag Aonaid Náisiúnta ETIAS ar VIS chun é a cheadú, i bhformáid inléite amháin, chun críche iarratais ar údarú taistil de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 a scrúdú. Féadfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 9 go 14 den Rialachán seo a cheadú.
3.  
Tar éis d’Aonaid Náisiúnta ETIAS VIS a cheadú, dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, déanfaidh foireann chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS taifeadadh ar thoradh an cheadaithe i gcomhaid iarratais ETIAS, agus sna comhaid iarratais sin amháin.

▼B

Airteagal 19

Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe laistigh de chríoch na mBallstát

1.  

Chun céannacht shealbhóir an víosa agus/nó barántúlacht an víosa a fhíorú agus/nó chun a fhíorú go gcomhlíontar, nó nach gcomhlíontar coinníollacha iontrála, fanachta nó cónaithe i gcríoch na mBallstát agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla chun seiceálacha a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát cibé an gcomhlíontar na coinníollacha iontrála, fanachta nó cónaithe, d’fhonn cuardach a dhéanamh trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa, agus fíorú a dhéanamh ar mhéarloirg shealbhóir an víosa, nó trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa.

Maidir le sealbhóirí víosa nach bhféadfar a gcuid méarlorg a úsáid, déanfar an cuardach trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa amháin.

▼C2

2.  

Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí maidir le sealbhóir an víosa taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil chun na sonraí seo a leanas den chomhad iarratais agus de chomhad nó de chomhaid iarratais nasctha de bhun Airteagal 8(4) a cheadú, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 amháin:

(a) 

an fhaisnéis maidir le stádas agus na sonraí ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointí (2) agus (4) d’Airteagal 9;

▼B

(b) 

grianghraif;

(c) 

na sonraí atá iontráilte maidir leis an víosa nó na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a ndearnadh a bhailíocht nó a mbailíocht a fhadú ►M1  ————— ◄ , dá dtagraítear in Airteagail 10, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14.

3.  
In imthosca ina dteipfidh ar fhíorú shealbhóir an víosa nó ar fhíorú an víosa nó go mbeidh amhras maidir le céannacht shealbhóir an víosa, maidir le barántúlacht an víosa agus/nó maidir leis an doiciméad taistil, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil ar shonraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (2).

▼M3

Airteagal 19a

VIS a úsáid sula gcruthaítear in EES sainchomhaid do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa

1.  
Chun críche fáil amach ar cláraíodh duine in VIS cheana, na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, ceadóidh siad VIS sula gcruthóidh siad in EES an sainchomhad aonair don náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa mar atá leagtha síos in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/2226.
2.  
Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 23(4) de Rialachán 2017/2226 agus ina léiríonn an cuardach dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán sin nach bhfuil ar taifead in EES sonraí faoi náisiúnach tríú tír, beidh rochtain ag an údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES chun cuardach a dhéanamh in VIS leis na sonraí seo a leanas: sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne; cineál agus uimhir an doiciméid taistil; cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil; agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag.
3.  
Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus chun na gcríoch sin amháin, tar éis cuardach a dhéanamh in EES de bhun Airteagal 23(4) de Rialachán 2017/2226, féadfaidh an t-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES cuardach a sheoladh in VIS go díreach as EES leis na sonraí alfa-uimhriúla dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.
4.  
Ina theannta sin, má léiríonn an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i mír 2 go bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in VIS, fíoróidh an t-údarás atá inniúil as seiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES méarloirg an náisiúnaigh tríú tír leis na méarloirg atá ar taifead in VIS. Féadfaidh an t-údarás sin an fíorú a sheoladh as EES. I gcás náisiúnaigh tríú tír nach féidir leas a bhaint as a gcuid méarlorg, is leis na sonraí alfa-uimhriúla dá bhforáiltear i mír 2 amháin a dhéanfar an cuardach.
5.  

Má léiríonn an cuardach leis na sonraí atá liostaithe i mír 2 den Airteagal seo agus an fíorú a rinneadh faoi mhír 4 den Airteagal seo go bhfuil ar taifead in VIS sonraí faoin duine, beidh rochtain ag an údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES d’fhonn na sonraí seo a leanas a cheadú atá sa chomhad nó sna comhaid iarratais lena mbaineann agus i gcomhad iarratais nó i gcomhaid iarratais arna nascadh de bhun Airteagal 8(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na gcríoch sin amháin:

(a) 

faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, ►C4  dá dtagraítear i bpointí (2) agus (4) d'Airteagal 9; ◄

(b) 

grianghraif;

(c) 

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 a iontráladh i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí ar cuireadh síneadh lena thréimhse nó lena dtréimhse bailíochta.

6.  
I gcás ina dteipfidh ar an bhfíorú dá bhforáiltear faoi mhír 4 nó faoi mhír 5 den Airteagal seo nó i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le céannacht an duine nó maidir le barántúlacht an doiciméid taistil, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES ar shonraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (2). Féadfaidh an t-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES an próiseas sainaithniúcháin sin dá dtagraítear in Airteagal 20 a sheoladh as EES.

▼B

Airteagal 20

Rochtain ar shonraí chun críocha céannachta

▼M3

1.  

Chun críocha aon duine a shainaithint a d’fhéadfadh gur cláraíodh é nó í cheana in VIS nó nach gcomhlíonann sé nó sí, nó nach gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh, na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, le fanacht nó le cónaí a dhéanamh ar chríoch na mBallstát, agus chucu siúd amháin, beidh ag na húdaráis inniúla d’fhonn seiceálacha a dhéanamh ag ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES nó laistigh de chríoch na mBallstát an bhfuil na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, nó fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh nó nach bhfuil, beidh ag na húdaráis sin rochtain d’fhonn cuardach a dhéanamh in VIS le méarloirg an duine sin.

▼C2

I gcás nach féidir méarloirg an duine sin a úsáid nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus/nó (c) de phointe (4) d’Airteagal 9; féadfar an cuardach seo a dhéanamh i dteannta na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de phointe (4) d’Airteagal 9.

2.  

Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí maidir leis an iarratasóir taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil chun na sonraí seo a leanas den chomhad iarratais agus de chomhad nó de chomhaid iarratais nasctha de bhun Airteagal 8(3) agus (4) a cheadú, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 amháin:

▼B

(a) 

uimhir an iarratais, an fhaisnéis maidir le stádas agus an t-údarás lenar taisceadh an t-iarratas;

▼C2

(b) 

na sonraí a tógadh ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointe (4) d’Airteagal 9;

▼B

(c) 

grianghraif;

(d) 

na sonraí atá iontráilte maidir le haon víosa a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a ndearnadh a bhailíocht a fhadú ►M1  ————— ◄ , nó maidir le hiarratais i gcás inar éiríodh as an scrúdú, dá dtagraítear in Airteagail 10 go 14.

3.  
I gcás go mbeidh víosa ag an duine, is i gcomhréir le hAirteagal 18 nó le hAirteagal 19 a dhéanfaidh na húdaráis inniúla an VIS a rochtain ar dtús.

▼C2

Airteagal 21

Rochtain ar shonraí chun freagracht as iarratais ar thearmann a chinneadh

1.  
Chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú de réir Airteagal 9 agus Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn chun cuardach a dhéanamh trí bhíthin mhéarloirg an iarrthóra tearmainn.

I gcás nach féidir méarloirg an duine sin a úsáid nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus/nó (c) de phointe (4) d’Airteagal 9; féadfar an cuardach seo a dhéanamh i dteannta na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de phointe (4) d’Airteagal 9.

2.  

Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil víosa a eisíodh le dáta éaga nach mó ná sé mhí roimh dháta an iarratais ar thearmann, agus/nó go bhfuil víosa fadaithe go dtí dáta éaga nach mó ná sé mhí roimh dháta an iarratais ar thearmann, taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil tearmainn chun na sonraí seo a leanas den chomhad iarratais agus na sonraí atá liostaithe i bpointe (g) i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí a cheadú de bhun Airteagal 8(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 amháin:

(a) 

uimhir an iarratais agus an t-údarás a d’eisigh nó a d’fhadaigh an víosa, agus cibé ar eisigh an t-údarás é thar ceann Ballstáit eile;

(b) 

na sonraí a tógadh ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de phointe (4) d’Airteagal 9;

(c) 

an cineál víosa;

(d) 

tréimhse bailíochta an víosa;

(e) 

fad na fanachta atá beartaithe;

(f) 

grianghraif;

(g) 

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de phointe (4) d’Airteagal 9 den chomhad nó de na comhaid iarratais nasctha i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí.

3.  
Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 21(6) de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus iadsan amháin a dhéanfaidh an VIS a cheadú de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo.

▼B

Airteagal 22

Rochtain ar shonraí chun iarratas ar thearmann a scrúdú

1.  

Chun iarratas ar thearmann a scrúdú, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 d'fhonn cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarrthóra tearmainn.

▼C2

I gcás nach féidir méarloirg an duine sin a úsáid nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus/nó (c) de phointe (4) d’Airteagal 9; féadfar an cuardach seo a dhéanamh i dteannta na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de phointe (4) d’Airteagal 9.

▼B

2.  

Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil víosa eisithe taifeadta sa VIS, beidh rochtain ag an údarás inniúil tearmainn ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú, sa chomhad iarratais agus i gcomhad nó i gcomhaid iarratais nasctha an iarratasóra de bhun Airteagal 8(3), agus, maidir leis na sonraí atá liostaithe i bpointe (e), i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí de bhun Airteagal 8(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 amháin:

(a) 

uimhir an iarratais;

▼C2

(b) 

na sonraí a tógadh ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de phointe (4) d’Airteagal 9;

▼B

(c) 

grianghraif;

(d) 

na sonraí atá iontráilte maidir le haon víosa a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a ndearnadh a bhailíocht a fhadú ►M1  ————— ◄ , dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14;

▼C2

(e) 

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de phointe (4) d’Airteagal 9 den chomhad nó de na comhaid iarratais nasctha i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí.

▼B

3.  
Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 21(6) de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus iadsan amháin a dhéanfaidh an VIS a cheadú de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo.

▼M5



CAIBIDIL IIIa

IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AR VÍOSAÍ FADFHANACHTA AGUS CEADANNA CÓNAITHE

Airteagal 22b

Cuardaigh i gcórais faisnéise agus bunachair sonraí

18.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun na nósanna imeachta agus na rialacha is gá do chuardaigh, fíoruithe agus measúnuithe a leagan síos i lámhleabhar.

▼B



CAIBIDIL IV

SONRAÍ A CHOINNEÁIL AGUS A LEASÚ

Airteagal 23

Tréimhse coinneála i gcomhair sonraí a stóráil

1.  

Stórálfar gach comhad iarratais sa VIS ar feadh cúig bliana ar a mhéad, gan dochar don scriosadh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25 agus gan dochar do choimeád na dtaifead dá dtagraítear in Airteagal 34.

Tosóidh an tréimhse sin:

(a) 

ar dháta éaga an víosa, má eisíodh víosa;

(b) 

ar dháta nua éaga an víosa, má tá fadú déanta ar víosa;

(c) 

ar dháta chruthú an comhaid iarratais sa VIS, má astarraingítear an t-iarratas, má tá deireadh tagtha leis nó gur scoireadh dó;

(d) 

ar dháta chinneadh an údaráis víosaí má dhiúltaítear víosa nó má tá víosa curtha ar neamhní ►M1  ————— ◄ nó cúlghairthe.

2.  
Ar dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i mír 1, scriosfaidh an VIS go huathoibríoch an comhad iarratais agus an nasc nó na naisc leis an gcomhad sin mar a dtagraítear dó in Airteagal 8(3) agus (4).

Airteagal 24

Sonraí a leasú

1.  
Is ag an mBallstát atá freagrach amháin a bheidh sé de cheart sonraí a bheidh tarchurtha chuig an VIS aige a leasú, trí na sonraí sin a cheartú nó a scriosadh.
2.  
Má tá fianaise ag Ballstát a léiríonn go bhfuil sonraí a próiseáladh sa VIS míchruinn nó gur próiseáladh na sonraí sin sa VIS ar shlí atá contrártha don Rialachán seo, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Bhallstát freagrach. Féadfar teachtaireacht den sórt sin a tharchur trí bhonneagar an VIS.
3.  
Seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach as na sonraí lena mbaineann agus, más gá, ceartóidh sé nó scriosfaidh sé na sonraí sin láithreach.

Airteagal 25

Luathscriosadh sonraí

1.  
Más rud é, sula rachaidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 23(1) in éag, go mbeidh náisiúntacht Ballstáit faighte ag iarratasóir, scriosfaidh an Ballstát a chruthaigh na comhaid iarratais a bhaineann leis nó léi agus na naisc dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) na comhaid iarratais agus na naisc sin gan mhoill as an VIS.
2.  
Cuirfidh gach Ballstát an Ballstát nó na Ballstáit atá freagrach ar an eolas gan mhoill má fhaigheann iarratasóir náisiúntacht an Bhallstáit sin. Féadfar teachtaireacht den sórt sin a tharchur trí bhonneagar an VIS.
3.  
Má neamhnaíonn cúirt nó bord achomhairc diúltú víosa, scriosfaidh an Ballstát a dhiúltaigh an víosa na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 gan mhoill a thúisce ar cinneadh críochnaitheach é an cinneadh chun diúltú an víosa a chur ar neamhní.



CAIBIDIL V

OIBRÍOCHT AGUS FREAGRACHTAÍ

Airteagal 26

Bainistiú oibríochtiúl

1.  
Tar éis idirthréimhse, beidh freagracht ar údarás bainistíochta (an “tÚdarás Bainistíochta”), arna mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, as bainistiú oibríochtúil an VIS Láir agus na gComhéadan Náisiúnta. Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta, i gcomhar leis na Ballstáit, go n-úsáidfear an teicneolaíocht is fearr a bheidh ar fáil, faoi réir anailíse costais is tairbhe, i gcónaí don VIS Láir agus do na Comhéadain Náisiúnta.
2.  

Beidh an tÚdarás Bainistíochta freagrach freisin as na tascanna seo a leanas maidir leis an mBonneagar Cumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta:

(a) 

maoirseacht;

(b) 

slándáil;

(c) 

comhordú ar an gcaidreamh idir na Ballstáit agus an soláthraí.

3.  

Beidh an Coimisiún freagrach as na tascanna eile go léir a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta, go háirithe:

(a) 

tascanna a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(b) 

éadáil agus athnuachan;

(c) 

nithe conarthacha.

▼M3

3a.  
Ó 30 Meitheamh 2018, is é an tÚdarás Bainistíochta a bheidh freagrach as na cúraimí dá dtagraítear i mír 3.

▼B

4.  
Le linn idirthréimhse sula rachaidh an tÚdarás Bainistíochta i mbun a chuid freagrachtaí, beidh an Coimisiún freagrach as bainistiú oibríochtúil an VIS. Féadfaidh an Coimisiún an cúram sin agus tascanna a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach ( 10 ), chuig comhlachtaí earnála poiblí náisiúnta in dhá Bhallstát dhifriúla.
5.  

Sásóidh gach comhlacht earnála poiblí náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 na critéir roghnúcháin seo a leanas:

(a) 

caithfidh sé a léiriú go bhfuil taithí fhorleathan aige i bhfeidhmiú ollchórais faisnéise;

(b) 

caithfidh sé cuid mhór saineolais a bheith aige maidir leis na riachtanais seirbhíse agus slándála a bhaineann le hollchóras faisnéise;

(c) 

caithfidh sé foireann leordhóthanach a bhfuil taithí aici a bheith aige, agus ar foireann í a mbeidh an saineolas gairmiúil agus na scileanna teanga cuí aici chun oibriú i dtimpeallacht chomhoibrithe idirnáisiúnta faoi mar a éilíonn an VIS;

(d) 

caithfidh sé bonneagar saoráidí slán, saincheaptha a bheith aige a bheidh in ann, go háirithe, cúltaca de na hollchórais TE a dhéanamh agus feidhmiú leanúnach na gcóras sin a áirithiú; agus

(e) 

caithfidh go gcuirfidh a thimpeallacht riaracháin ar a chumas a chuid tascanna a chur i ngníomh i gceart agus aon choimhlint leasa a sheachaint.

6.  
Sula ndéanfar aon tarmligean dá dtagraítear i mír 4, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún téarmaí an tarmligin, a raon feidhme go díreach, agus na comhlachtaí a mbeidh tascanna tarmligthe chucu in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
7.  
I gcás ina dtarmligfidh an Coimisiún a chuid freagrachta le linn na hidirthréimhse de bhun mhír 4, áiritheoidh sé go mbeidh lánurraim ag an tarmligean sin do na teorainneacha a bheidh leagtha síos ag an gcóras institiúideach a leagtar amach sa Chonradh. Áiritheoidh sé, go háirithe, nach mbeidh tionchar díobhálach ag an tarmligean ar aon mheicníocht rialaithe éifeachtúil faoi dhlí an Chomhphobail, cibé ag an gCúirt Bhreithiúnais, ag an gCúirt Iniúchóirí nó ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí.
8.  
Is éard a bheidh i mbainistiú oibríochta an VIS ná na tascanna go léir a bheidh riachtanach chun an VIS a choinneáil ag feidhmiú 24 huaire an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla a bheidh riachtanach lena chinntiú go mbeidh an córas ag feidhmiú ar leibhéal sásúil de cháilíocht oibríochtúil, go háirithe maidir leis an méid ama a bheidh de dhíth ar phoist chonsalachta chun an bunachar sonraí láir a iniúchadh, ar tréimhse ama é ba cheart a bheith chomh gearr agus is féidir.
9.  
Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, a leagadh síos i Rialachán (CEE, Euratom, ECSC) Uimh. 259/68 ( 11 ), cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta rialacha cuí rúndachta gairmiúla nó dualgais chomhionanna rúndachta eile i bhfeidhm maidir lena fhoireann go léir a mbeidh orthu a bheith ag obair le sonraí VIS. Beidh feidhm ag an oibleagáid seo chomh maith tar éis do na comhaltaí foirne sin an oifig nó an fhostaíocht a fhágáil nó tar éis dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a fhoirceannadh.

Airteagal 27

Suíomh an Chórais Faisnéise Víosaí Láir

Beidh an príomhVIS Láir, a dhéanfaidh an mhaoirseacht theicniúil agus an riarachán, suite in Strasbourg (An Fhrainc) agus beidh cúltaca don VIS Láir, a mbeidh ar a chumas feidhmiúlachtaí uile an phríomhVIS Láir a áirithiú i gcás go gclisfeadh an córas, suite in Sankt Johann im Pongau (An Ostair).

Airteagal 28

Gaol leis na Córais Náisiúnta

1.  
Beidh an VIS ceangailte le Córas Náisiúnta gach Ballstáit trí Chomhéadan Náisiúnta sa Bhallstát lena mbaineann.
2.  
Ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta, a sholáthróidh rochtain ar an VIS do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2), agus ceanglóidh siad an t-údarás náisiúnta sin leis an gComhéadan Náisiúnta.
3.  
Leanfaidh gach Ballstát nósanna imeachta uathoibrithe maidir le sonraí a phróiseáil.
4.  

Beidh gach Ballstát freagrach as an méid seo a leanas:

(a) 

an Córas Náisiúnta a fhorbairt agus/nó a oiriúnú don VIS de réir Airteagal 2(2) de Chinneadh 2004/512/CE;

(b) 

a Chóras Náisiúnta féin a eagrú, a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil;

(c) 

bainistiú agus socruithe a dhéanamh chun go mbeidh rochtain ag comhaltaí foirne cuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta ar an VIS i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

(d) 

na costais a thabhaíonn na Córais Náisiúnta a sheasamh mar aon le costais a cheangal leis an gComhéadan Náisiúnta, lena n-áirítear costais infheistíochta agus costais oibríochtúla an bhonneagair chumarsáide idir an Comhéadan Náisiúnta agus an Córas Náisiúnta.

5.  
Sula dtabharfar údarás dóibh na sonraí atá stóráilte sa VIS a phróiseáil, gheobhaidh foireann na n-údarás a mbeidh de cheart acu rochtain a fháil ar an VIS an oiliúint chuí faoi shlándáil sonraí agus faoi rialacha cosanta sonraí agus cuirfear aon chionta coiriúla iomchuí agus aon phionóis iomchuí in iúl dóibh.

Airteagal 29

Freagracht maidir le sonraí a úsáid

1.  

Áiritheoidh gach Ballstát go bpróiseálfar na sonraí go dleathach, agus go háirithe gurb í an fhoireann chuí-údaraithe amháin a mbeidh rochtain aici ar shonraí a phróiseáiltear sa VIS chun a dtascanna a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach, go háirithe:

(a) 

go mbaileofar na sonraí go dleathach;

(b) 

go dtarchuirfear na sonraí go dleathach chuig an VIS;

(c) 

go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta nuair a tharchuirfear chuig an VIS iad.

2.  

Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go ndéanfar an VIS a oibriú, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir lena rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 45(2). Déanfaidh an tÚdarás Bainistíochta, go háirithe:

(a) 

na bearta is gá a ghlacadh chun slándáil an VIS Láir a áirithiú mar aon leis an mbonneagar cumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta, gan dochar do fhreagrachtaí gach Ballstáit;

(b) 

a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag an bhfoireann chuí-údaraithe ar na sonraí a phróiseáiltear sa VIS chun tascanna an Údaráis Bhainistíochta a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

▼M5

2a.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sásra agus na nósanna imeachta chun seiceálacha cáilíochta a dhéanamh agus na ceanglais iomchuí maidir le comhlíonadh ó thaobh cáilíocht sonraí de a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

▼B

3.  
Cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a ghlacfaidh sé de bhun mhír 2.

▼M5

Airteagal 29a

Rialacha sonracha maidir le sonraí a iontráil

3.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sonraíocht na gcaighdeán cáilíochta sin a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

▼B

Airteagal 30

Sonraí VIS a choimeád i gcomhaid náisiúnta

1.  
Ní fhéadfar sonraí a fhaightear ón VIS a choimeád i gcomhaid náisiúnta ach amháin nuair is gá sin i gcás aonair, i gcomhréir le cuspóir an VIS agus i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla iomchuí, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le cosaint sonraí, agus ní fhéadfar iad a choimeád níos faide ná mar is gá sa chás aonair sin.
2.  
Ní dochar mír 1 do cheart Ballstáit sonraí a d’iontráil an Ballstát sin sa VIS a choimeád ina chomhaid náisiúnta.
3.  
Measfar gur mí-úsáid faoi dhlí náisiúnta gach Ballstáit a bheidh in úsáid a bhaint as sonraí nach ndéanann mír 1 agus mír 2 a chomhall.

Airteagal 31

Sonraí a pháirtiú le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.  
Ní dhéanfar sonraí a phróiseálfar sa VIS de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, ná ní chuirfear na sonraí sin ar fáil dóibh.

▼C2

2.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (k) agus (m) de phointe (4) d’Airteagal 9 a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta atá liostaithe san Iarscríbhinn, nó a chur ar fáil dóibh, más gá é sin a dhéanamh i gcásanna aonair chun céannacht náisiúnach tríú tíortha a chruthú, lena n-áirítear chun náisiúnaigh a chur ar ais, ar an gcuntar amháin go sásaítear na coinníollacha seo a leanas amháin:

▼B

(a) 

go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta sa tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE, nó go mbeidh comhaontú maidir le daoine a athghlacadh i bhfeidhm idir an Comhphobal agus an tríú tír sin, nó go mbeidh feidhm ag forálacha Airteagal 26(1)(d) de Threoir 95/46/CE;

(b) 

go gcomhaontóidh an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta gan na sonraí a úsáid ach amháin chun na críche ar chuici a tugadh iad;

(c) 

go n-aistrítear na sonraí, nó go gcuirtear ar fáil iad, i gcomhréir leis na forálacha iomchuí de dhlí an Chomhphobail, go háirithe comhaontuithe maidir le daoine a athghlacadh, agus de dhlí náisiúnta an Bhallstáit a d'aistrigh na sonraí, nó a chuir na sonraí ar fáil, lena n-áirítear na forálacha dlí is ábhartha do shlándáil sonraí agus do chosaint sonraí; agus

(d) 

go mbeidh a thoiliú nó a dtoiliú tugtha ag an mBallstát nó ag na Ballstáit a chuir na sonraí sa VIS.

3.  
Ní dhéanfaidh aistrithe sonraí pearsanta den sórt sin chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta dochar do chearta dídeanaithe agus daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta, go háirithe maidir le neamh-refoulement.

Airteagal 32

Slándáil sonraí

1.  
Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach slándáil na sonraí sula dtarchuirfear chuig an gComhéadan Náisiúnta iad agus le linn a dtarchuir chuig an gComhéadan Náisiúnta. Áiritheoidh gach Ballstát slándáil na sonraí a gheobhaidh sé ón VIS.
2.  

Glacfaidh gach Ballstát, i ndáil lena Chóras Náisiúnta, na bearta is gá, lena n-áirítear plean slándála, chun:

(a) 

sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha a dhéanamh d'fhonn bonneagair chriticiúil a chosaint;

(b) 

rochtain a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe ar shuiteálacha náisiúnta ina ndéanann an Ballstát oibríochtaí i gcomhréir le cuspóirí an VIS (seiceálacha ag an mbealach isteach chuig an tsuiteáil);

(c) 

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar bhaint amach neamhúdaraithe meán sonraí (rialú meán sonraí);

(d) 

cosc a chur ar ionchur neamhúdaraithe sonraí agus ar iniúchadh, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte (rialú stórála);

(e) 

cosc a chur ar phróiseáil neamhúdaraithe sonraí sa VIS agus ar aon mhodhnú nó scriosadh neamhúdaraithe ar shonraí sa VIS (rialú iontráil sonraí);

(f) 

a chinntiú nach mbeidh de rochtain ag daoine a bheidh údaraithe chun rochtain a bheith acu ar an VIS ach ar na sonraí a bheidh folaithe ag a n-údarú rochtana, trí aitheantais úsáideora aonair agus uathúla agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);

(g) 

a áirithiú go gcruthóidh gach údarás a mbeidh ceart rochtana ar an VIS acu próifílí a thugann tuairisc ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na ndaoine a bheidh údaraithe chun rochtain a bheith acu ar na sonraí, agus a mbeidh údarú acu sonraí a iontráil, a thabhairt cothrom le dáta, a scriosadh agus a chuardach, agus a chinntiú go gcuirfear na próifílí seo ar fáil do na húdaráis maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41 gan mhoill arna iarraidh sin dóibh (próifílí pearsanra);

(h) 

a áirithiú go bhféadfar a fhíorú agus a shuíomh cad iad na comhlachtaí a bhféadfar sonraí pearsanta a tharchur chucu trí threalamh cumarsáide sonraí a úsáid (rialú cumarsáide);

(i) 

a áirithiú go bhféadfar a fhíorú agus a shuíomh cad iad na sonraí a bheidh próiseáilte sa VIS, cathain a rinneadh agus cé a rinne an phróiseáil agus cén cuspóir atá leis (rialú taifeadta sonraí);

(j) 

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn tarchur sonraí pearsanta chuig an VIS nó ón VIS nó le linn iompar meán sonraí, go háirithe trí theicnící criptithe cuí (rialú iompair);

(k) 

monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagraíochtúla is gá a ghlacadh maidir le monatóireacht inmheánach lena chinntiú go gcomhlíontar an Rialachán seo (féin-iniúchóireacht).

3.  
Glacfaidh an tÚdarás Bainistíochta na bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach maidir le hoibriú an VIS, lena n-áirítear plean slándála a ghlacadh.

Airteagal 33

Dliteanas

1.  
Beidh aon duine, nó aon Bhallstát, ar bhain damáiste dó mar thoradh ar oibríocht phróiseála neamhdhleathach nó mar thoradh ar aon ghníomh nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát atá freagrach as an damáiste a bhain dó. Beidh an Ballstát sin díolmhaithe ó aon dhliteanas, go hiomlán nó i bpáirt, má chruthaíonn sé nach é atá freagrach as an eachtra as ar eascair an damáiste.
2.  
Má bhíonn aon mhainneachtain de chuid Ballstáit a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh ina chúis damáiste don VIS, beidh an Ballstát sin faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, mura i ndán agus a mhéid gur mhainnigh an tÚdarás Bainistíochta nó Ballstát eile bearta réasúnta a ghlacadh chun cosc a chur ar an damáiste tarlú nó chun a thionchar a íoslaghdú.
3.  
Beidh éilimh ar chúiteamh in éadan Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 faoi rialú ag forálacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit atá mar chosantóir.

Airteagal 34

Taifid a choimeád

▼M3

1.  

Coinneoidh gach Ballstát agus an tÚdarás Bainistíochta taifid ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in VIS. Léireofar sna taifid sin:

(a) 

cuspóir na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus in Airteagal 15 go hAirteagal 22;

(b) 

an dáta agus an t-am;

(c) 

cineál na sonraí a tharchuirtear dá dtagraítear in Airteagal 9 go hAirteagal 14;

(d) 

cineál na sonraí a úsáidtear i gcomhair iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2), Airteagal 17 agus Airteagail 18(1) agus (6), 19(1), 19a(2) agus (4), 20(1), 21(1) agus 22(1); agus

(e) 

ainm an údaráis a iontrálann nó a aisghabhann na sonraí.

Chomh maith leis sin, coinneoidh gach Ballstát taifid den fhoireann atá cuí-údaraithe chun na sonraí a iontráil nó a aisghabháil.

▼M3

1a.  
I dtaca leis na hoibríochtaí a liostaítear in Airteagal 17a, coinneofar taifead ar gach oibríocht próiseála sonraí a rinneadh in VIS agus in EES i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226.

▼B

2.  
Ní fhéadfar taifid den sórt sin a úsáid ach amháin le haghaidh monatóireacht cosanta sonraí a dhéanamh ar inghlacthacht próiseála sonraí agus freisin chun slándáil sonraí a áirithiú. Cosnófar na taifid trí bhearta cuí in éadan rochtana neamhúdaraithe agus scriosfar iad tar éis tréimhse bliana tar éis don tréimhse coinneála dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a dhul in éag, mura mbeidh siad de dhíth i gcomhair nósanna imeachta monatóireachta a bheidh tosaithe cheana.

▼M6

Airteagal 34a

Logaí a choinneáil chun críoch idir-inoibritheachta le ETIAS

Coinneofar logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in VIS agus in ETIAS de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Rialachán seo agus le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240.

▼B

Airteagal 35

Féinmhonatóireacht

Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh gach údarás a bheidh i dteideal rochtain a bheith aige ar shonraí VIS na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh siad, i gcás inar gá, leis an Údarás Maoirseachta Náisiúnta.

Airteagal 36

Pionóis

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go bhféadfar pionóis, a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, a fhorchur as aon mhí-úsáid a bhaint as sonraí a iontráladh sa VIS, lena n-áirítear pionóis riaracháin agus/nó pionóis choiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.



CAIBIDIL VI

CEARTA AGUS MAOIRSEACHT AR CHOSAINT SONRAÍ

▼M5

Airteagal 36a

Cosaint sonraí

1.  
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir leis an bpróiseáil a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus eu-LISA ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo.
2.  
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis an bpróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis víosaí, teorann, tearmainn agus inimirce ar shonraí pearsanta nuair a bheidh cúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu.
3.  
Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir leis an bpróiseáil a dhéanfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát, faoi Chaibidil IIIb den Rialachán seo, ar shonraí pearsanta a stóráiltear in VIS, lena n-áirítear rochtain ar na sonraí sin, chun na gcríoch dá dtagraítear sa Chaibidil sin.
4.  
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 maidir leis an bpróiseáil a dhéanfaidh Europol ar shonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo.

▼C2

Airteagal 37

Ceart chun faisnéise

▼M5

1.  

Gan dochar don cheart chun faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725, in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680, déanfaidh an Ballstát freagrach iarratasóirí agus na daoine dá dtagraítear i bpointe (4)(f) d’Airteagal 9 den Rialachán seo a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a) 

céannacht an rialaitheora dá dtagraítear in Airteagal 29(4), lena n-áirítear sonraí teagmhála an rialaitheora;

▼C2

(b) 

cuspóirí phróiseáil na sonraí laistigh den VIS;

▼M5

(c) 

na catagóirí d’fhaighteoirí na sonraí, lena n-áirítear na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 22l agus Europol;

(ca) 

go bhféadfaidh rochtain a bheith ag na Ballstáit agus ag Europol ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí;

▼C2

(d) 

tréimhse choinneála na sonraí;

(e) 

go bhfuil bailiú na sonraí éigeantach chun an t-iarratas a scrúdú;

▼M5

(ea) 

go bhféadfar sonraí pearsanta a stóráiltear in VIS a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán seo agus chuig Ballstáit i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle ( 12 );

▼M5

(f) 

gurb ann don cheart rochtain a iarraidh ar shonraí a bhaineann leo, don cheart chun a iarraidh go ndéanfaí sonraí míchruinne a bhaineann leo a cheartú, go ndéanfaí sonraí neamhiomlána a bhaineann leo a chomhlánú, go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leo agus a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh nó go gcuirfí srian le próiseáil na sonraí sin, agus don cheart faisnéis a fháil maidir leis na nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás maoirseachta, nó an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, más infheidhme, a éistfidh gearáin maidir le cosaint sonraí pearsanta.

▼M5

2.  
Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i bhfoirm ghonta thrédhearcach intuigthe agus inrochtana don iarratasóir i scríbhinn, le friotail teanga ghlan shoiléir, tráth a bhaileofar na sonraí, an íomhá den aghaidh agus na sonraí méarlorg dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 22a. Déanfar leanaí a chur ar an eolas ar bhealach atá oiriúnach dá n-aois, lena n-áirítear trí uirlisí amhairc a úsáid chun míniú a thabhairt ar an nós imeachta maidir le méarloirg a ghlacadh.

▼C2

3.  
Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 do na daoine dá dtagraítear i bpointe (f) de phointe (4) d’Airteagal 9, ar na foirmeacha a bheidh le síniú ag na daoine sin a sholáthróidh cruthúnas ar chuireadh, ar urraíocht agus ar chóiríocht.

▼M5

In éagmais foirm den sórt sin a bheidh sínithe ag na daoine sin, soláthrófar an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679.

▼M5

Airteagal 38

Ceart rochtana ar shonraí pearsanta, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh agus go gcuirfí srian le próiseáil sonraí pearsanta

1.  
Chun a gcearta a fheidhmiú faoi Airteagail 15 go 18 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh sé de cheart ag duine ar bith go gcuirfí in iúl dó nó di na sonraí a bhaineann leis nó léi atá ar taifead in VIS agus an Ballstát a d'iontráil na sonraí sin in VIS. Déanfaidh an Ballstát a gheobhaidh an iarraidh í a scrúdú agus freagra a thabhairt uirthi a luaithe is féidir, laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil, ar a dhéanaí.
2.  
Féadfaidh aon duine a iarraidh go gceartófaí aon sonraí míchruinne a bhaineann leis nó léi agus go léirscriosfaí sonraí a taifeadadh go neamhdhleathach.

I gcás ina ndírítear an iarraidh chuig an mBallstát freagrach agus ina bhfaightear amach go bhfuil sonraí VIS míchruinn ó thaobh fíoras de nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, déanfaidh an Ballstát freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 24(3), na sonraí sin in VIS a cheartú nó a léirscriosadh gan mhoill agus laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil, ar a dhéanaí. Dearbhóidh an Ballstát freagrach gan mhoill i scríbhinn don duine lena mbaineann go bhfuil beart déanta aige chun na sonraí a bhaineann leis nó léi a cheartú nó a léirscriosadh.

I gcás ina ndírítear an iarraidh chuig Ballstát seachas an Ballstát freagrach, rachaidh údaráis an Bhallstáit ar chuige a díríodh an iarraidh i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit fhreagraigh laistigh de thréimhse 7 lá. Leanfaidh an Ballstát freagrach ar aghaidh i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Cuirfidh an Ballstát a chuaigh i dteagmháil le húdarás an Bhallstáit fhreagraigh don duine lena mbaineann ar an eolas gur cuireadh a iarraidh nó a hiarraidh ar aghaidh, faoin mBallstát ar cuireadh chuige í agus faoin gcuid eile den nós imeachta.

3.  
I gcás nach n-aontaíonn an Ballstát freagrach leis an éileamh go bhfuil sonraí atá ar taifead in VIS míchruinn ó thaobh fíoras de, nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, glacfaidh sé cinneadh riaracháin gan mhoill lena míneofar i scríbhinn don duine lena mbaineann an fáth nach bhfuil sé ar intinn aige na sonraí a bhaineann leis an té sin a cheartú nó a léirscriosadh.
4.  
Sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 3, tabharfar faisnéis don duine lena mbaineann freisin ina míneofar go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le conas caingean a thionscnamh nó gearán a dhéanamh os comhair na n-údarás inniúil nó na gcúirteanna agus faisnéis maidir le haon chúnamh atá ar fáil don duine sin, lena n-áirítear ó na húdaráis mhaoirseachta inniúla.
5.  
Cuimseofar in aon iarraidh a dhéanfar de bhun mhír 1 nó 2 an fhaisnéis is gá chun an duine lena mbaineann a aithint. Úsáidfear an fhaisnéis sin go heisiach chun gur féidir na cearta dá dtagraítear i mír 1 nó 2 a fheidhmiú.
6.  
Coimeádfaidh an Ballstát freagrach taifead i bhfoirm doiciméad i scríbhinn go ndearnadh iarraidh dá dtagraítear i mír 1 nó 2 agus mar a chuathas ina bun. Cuirfidh sé an doiciméad sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta inniúla sonraí gan mhoill, agus tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an chinnidh na sonraí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 a cheartú nó a léirscriosadh nó tar éis an chinnidh riaracháin dá dtagraítear i mír 3.
7.  

De mhaolú ar mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo, agus a mhéid a bhaineann le sonraí atá sna tuairimí réasúnaithe atá ar taifead in VIS i gcomhréir le hAirteagail 9e(6), Airteagal 9g(6) agus Airteagal 22b(14) agus (16) mar thoradh ar na cuardaigh de bhun Airteagail 9a agus 22b, agus sa mhéid sin amháin, déanfaidh Ballstát cinneadh gan faisnéis a sholáthar don duine lena mbaineann, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, a mhéid is gá, agus fad a bheidh páirtshrian nó srian iomlán den sórt sin ina bheart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach agus aird cuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

bac ar fhiosrúcháin oifigiúla nó dhlíthiúla, imscrúduithe oifigiúla nó dlíthiúla nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;

(b) 

dochar do chosc, do bhrath, d'imscrúdú nó d'ionchúiseamh cionta coiriúla, nó d'fhorghníomhú pionós coiriúil, a sheachaint;

(c) 

an tslándáil phoiblí a chosaint;

(d) 

an tslándáil náisiúnta a chosaint; nó

(e) 

cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Ballstát an duine lena mbaineann ar an eolas i scríbhinn, gan moill mhíchuí, faoi aon diúltú nó srianadh rochtana agus faoi na cúiseanna a bhí leis an diúltú nó leis an srianadh sin. Féadfar faisnéis den sórt sin a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh soláthar na faisnéise sin an bonn d'aon cheann de na cúiseanna a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír. Cuirfidh an Ballstát an duine lena mbaineann ar an eolas go bhféadfaí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta nó leigheas breithiúnach a lorg.

Déanfaidh an Ballstát doiciméadú ar na cúiseanna fíorasacha nó dlíthiúla ar a mbunaítear an cinneadh gan faisnéis a sholáthar don duine lena mbaineann. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta.

I gcásanna den sórt sin, beidh an duine lena mbaineann in ann a chearta nó a cearta a fheidhmiú trí na húdaráis mhaoirseachta inniúla freisin.

Airteagal 39

Comhar chun cearta cosanta sonraí a áirithiú

1.  
Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach chun na cearta a leagtar síos in Airteagal 38 a fhorghníomhú.
2.  
I ngach Ballstát, déanfaidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679, arna iarraidh sin dó, cabhair a thabhairt don ábhar sonraí agus comhairle a chur air nó uirthi maidir lena cheart nó lena ceart a fheidhmiú go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh nó próiseáil na sonraí sin a shrianadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Chun na haidhmeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhaint amach, comhoibreoidh údarás maoirseachta an Bhallstáit fhreagraigh agus údarás maoirseachta an Bhallstáit ar chuige a seoladh an iarraidh le chéile.

Airteagal 40

Leigheasanna

1.  
Gan dochar d'Airteagail 77 agus 79 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh sé de cheart ag aon duine caingean a thabhairt nó gearán a dhéanamh os comhair údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit a dhiúltaigh an ceart rochtana ar na sonraí a bhaineann leis nó léi, nó a dhiúltaigh an ceart na sonraí sin a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, dá bhforáiltear in Airteagal 38 agus Airteagal 39(2) den Rialachán seo. Beidh feidhm ag an gceart caingean a thabhairt nó gearán den sórt sin a dhéanamh freisin i gcás nach bhfuarthas aon fhreagra, laistigh de na sprioc-amanna dá bhforáiltear in Airteagal 38, ar iarrataí ar rochtain a fháil ar na sonraí, nó go ndéanfaí iad a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, nó i gcás nár dhéileáil an rialaitheoir sonraí leis na hiarrataí ar chor ar bith.
2.  
Beidh cúnamh le fáil ón údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 i gcaitheamh na n-imeachtaí.

Airteagal 41

Maoirsiú arna dhéanamh ag na húdaráis mhaoirseachta

1.  
Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 faireachán neamhspleách ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo arna déanamh ag an mBallstát lena mbaineann.
2.  
Déanfaidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680 faireachán ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta arna déanamh ag na Ballstáit i gcomhréir le Caibidil IIIb, lena n-áirítear rochtain na mBallstát ar shonraí pearsanta agus tarchur na sonraí sin chuig VIS agus as VIS.
3.  
Áiritheoidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta fhreagracha iniúchadh ar na hoibríochtaí próiseála sonraí, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha, gach 4 bliana ar a laghad. Féadfar torthaí an iniúchta a chur san áireamh sna meastóireachtaí a dhéanfar faoin sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle ( 13 ). Gach bliain, foilseoidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 líon na n-iarrataí a fuarthas go ndéanfaí sonraí a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, nó go ndéanfaí próiseáil sonraí a shrianadh, an ghníomhaíocht a rinneadh ina dhiaidh sin, agus líon na gceartúchán, na gcomhlánuithe, na léirscriostaí agus na sriantaí próiseála a rinneadh mar fhreagairt ar iarrataí ó na daoine lena mbaineann.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a ndóthain acmhainní ag a n-údaráis mhaoirseachta chun na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus chun go mbeidh comhairle ar fáil dóibh ó dhaoine a bhfuil a ndóthain eolais acu ar shonraí bithmhéadracha.
5.  
Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis a iarrfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus, go háirithe, tabharfaidh siad faisnéis dóibh maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo. Tabharfaidh na Ballstáit rochtain do na húdaráis mhaoirseachta ar a gcuid logaí agus ceadóidh siad rochtain dóibh tráth ar bith ar gach áitreabh dá gcuid a bhaineann le VIS.

Airteagal 42

Maoirseacht arna déanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.  
Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta eu-LISA, Europol agus na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta faoin Rialachán seo agus as a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2018/1725 nó, a mhéid a bhaineann le Europol, le Rialachán (AE) 2016/794.
2.  
Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go ndéanfar iniúchadh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta eu-LISA i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha gach 4 bliana ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar an iniúchadh sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig eu-LISA, chuig an gCoimisiún agus chuig na húdaráis mhaoirseachta. Tabharfar deis do eu-LISA barúlacha a thabhairt sula nglacfar na tuarascálacha.
3.  
Soláthróidh eu-LISA faisnéis don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin dó, tabharfaidh sé rochtain don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na doiciméid uile agus ar a chuid logaí dá dtagraítear in Airteagail 22s, 34 agus 45c, agus ceadóidh sé rochtain don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar a áitribh ar fad tráth ar bith.

Airteagal 43

Comhar idir na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.  
Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag gníomhú dóibh araon laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, comhar gníomhach le chéile faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí faoi seach chun maoirseacht chomhordaithe ar VIS agus ar na córais náisiúnta a áirithiú.
2.  
Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta faisnéis ábhartha a mhalartú, cabhróidh siad le chéile chun iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdóidh siad aon deacrachtaí maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh siad measúnú ar aon fhadhbanna i bhfeidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó i bhfeidhmiú chearta an ábhair sonraí, ullmhóidh siad tograí comhchuibhithe i gcomhair réitigh chomhpháirteacha ar aon fhadhbanna, agus cuirfidh siad feasacht ar chearta cosanta sonraí chun cinn, de réir mar is gá.
3.  
Chun críocha mhír 2, tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. Eagróidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí na cruinnithe sin agus iompróidh sé costais na gcruinnithe sin. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirt a chéile, de réir mar is gá.
4.  
Seolfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí tuarascáil chomhpháirteach ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun an Airteagail seo chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Europol, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus chuig eu-LISA gach dara bliain. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil ar gach Ballstát arna hullmhú ag údarás maoirseachta an Bhallstáit sin.

▼M5 —————

▼B



CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

▼M5

Airteagal 45

Cur chun feidhme ag an gCoimisiún

1.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na bearta a leagan síos a bheidh riachtanach d'fhorbairt Lárchóras VIS, na NUInna i ngach Ballstát agus an bhonneagair cumarsáide idir Lárchóras VIS agus na NUInna maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

dearadh ailtireacht fhisiciúil Lárchóras VIS lena n-áirítear a líonra cumarsáide;

(b) 

gnéithe teicniúla a mbeidh tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta;

(c) 

gnéithe teicniúla a mbeidh impleachtaí airgeadais tromchúiseacha acu do bhuiséid na mBallstát nó a mbeidh impleachtaí teicniúla tromchúiseacha acu do na córais náisiúnta;

(d) 

forbairt ceanglas slándála, lena n-áirítear gnéithe bithmhéadracha.

2.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun bearta a leagan síos a bheidh riachtanach le haghaidh chur chun feidhme teicniúil fheidhmiúlachtaí Lárchóras VIS, go háirithe:

(a) 

chun na sonraí a iontráil agus chun iarratais a nascadh i gcomhréir le hAirteagal 8, Airteagail 10 go 14, Airteagal 22a agus Airteagail 22c go 22f;

(b) 

chun rochtain a fháil ar na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 15, Airteagail 18 go 22, Airteagail 22g go 22k, Airteagail 22n go 22r agus Airteagail 45e agus 45f;

(c) 

chun sonraí a cheartú, a léirscriosadh agus a luath-léirscriosadh i gcomhréir le hAirteagail 23, 24 agus 25;

(d) 

chun na logaí a choimeád agus a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 34;

(e) 

don sásra ceadaithe agus do na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16;

(f) 

chun rochtain a fháil ar na sonraí chun críoch tuairiscithe agus staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 45a.

3.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na sonraíochtaí teicniúla a leagan síos i dtaca le cáilíocht, taifeach agus úsáid méarlorg agus na híomhá den aghaidh le haghaidh fíorú bithmhéadrach agus aithint in VIS.
4.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

▼M5

Airteagal 45c

Rochtain ag iompróirí ar shonraí ar mhaithe le fíorú

3.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na coinníollacha a bhaineann le hoibriú an gheata iompróra agus leis na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).
5.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an scéim fíordheimhniúcháin d'iompróirí a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Airteagal 45d

Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta ag iompróirí na sonraí a rochtain ar chúiseanna teicniúla

3.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun mionsonraí a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta ag iompróirí sonraí a rochtain ar chúiseanna teicniúla. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

▼M5

Airteagal 45e

Rochtain ar shonraí VIS ag foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach

1.  
Chun na cúraimí agus na cumhachtaí de bhun Airteagal 82(1) agus (10) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ) a fheidhmiú, beidh an ceart ag na baill de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, agus ag buíonta de bhaill foirne a mbeidh baint acu le hoibríochtaí a bhaineann le filleadh, faoi chuimsiú a sainordaithe, rochtain a fháil ar shonraí VIS agus sonraí VIS a chuardach.
2.  
Chun an rochtain dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a áirithiú, ainmneoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta aonad speisialaithe ina mbeidh oifigigh chuí-chumhachtaithe de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh mar an lárphointe rochtana. Fíorófar tríd an lárphointe rochtana go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45f maidir le rochtain ar VIS a iarraidh á gcomhlíonadh.

Airteagal 45f

Coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí VIS ag foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach

1.  
I bhfianaise na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 45e(1), féadfaidh foireann den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach iarraidh a chur faoi bhráid lárphointe rochtana an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 45e(2) chun sonraí uile VIS nó tacar sonrach sonraí VIS a cheadú. Déanfar tagairt san iarraidh sin don phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann nó filleadh atá ag an mBallstát sin ar a bhfuil an iarraidh bunaithe. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, fíoróidh lárphointe rochtana an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh ar comhlíonadh na coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Má tá na coinníollacha rochtana uile comhlíonta, déanfaidh foireann chuí-údaraithe an lárphointe rochtana an iarraidh a phróiseáil. Tarchuirfear sonraí VIS a bhfuarthas rochtain orthu chuig an bhfoireann ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí.
2.  

Chun an rochtain a thabhairt, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tabharfaidh an Ballstát óstach údarás do na baill den fhoireann den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach VIS a cheadú chun na haidhmeanna oibríochtúla a shonraítear sa phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus filleadh a chomhlíonadh; agus

(b) 

tá sé riachtanach VIS a cheadú chun na cúraimí sonracha a chuireann an Ballstát óstach ar an bhfoireann a dhéanamh.

3.  
I gcomhréir le hAirteagal 82(4) de Rialachán (AE) 2019/1896, ní ghníomhóidh baill de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, ná buíonta de bhaill foirne a mbeidh baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, chun freagairt ar fhaisnéis a fuarthas ó VIS ach faoi threoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a mbeidh baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh de chuid an Bhallstáit óstaigh ina bhfuil siad ag oibriú agus, mar riail ghinearálta, i láthair na ngardaí teorann nó na mball foirne sin. Féadfaidh an Ballstát óstach baill de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach a údarú chun gníomhú thar a cheann.
4.  
I gcás amhrais nó má theipeann ar fhíorú chéannacht shealbhóir na víosa, shealbhóir na víosa fadfhanachta nó shealbhóir an cheada cónaithe, treoróidh an ball den fhoireann den Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh an duine chuig garda teorann de chuid an Bhallstáit óstaigh.
5.  

Déanfaidh baill de na foirne sonraí VIS a cheadú mar a leanas:

(a) 

agus na cúraimí a bhaineann le seiceálacha teorann de bhun Rialachán (AE) 2016/399 á bhfeidhmiú, beidh rochtain ag na baill de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach ar shonraí VIS chun fíorú a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí i gcomhréir le hAirteagal 18 nó 22g den Rialachán seo, faoi seach;

(b) 

agus fíorú á dhéanamh an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, beidh rochtain ag baill de na foirne ar shonraí VIS chun fíorú a dhéanamh, laistigh den chríoch, ar náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 19 nó 22h den Rialachán seo, faoi seach;

(c) 

agus aithint á déanamh ar aon duine nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó aici nó nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige nó aici, beidh rochtain ag na baill de na foirne ar shonraí VIS chun críoch aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 20 agus 22i den Rialachán seo.

6.  
I gcás ina nochtfar de bharr rochtain agus cuardaigh de bhun mhír 5 gurb ann do shonraí ar taifead in VIS, cuirfear an Ballstát óstach ar an eolas ina leith.
7.  
Coimeádfaidh eu-LISA gach loga ar oibríochtaí próiseála sonraí in VIS a dhéanfaidh ball de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach nó a dhéanfaidh buíonta de bhaill foirne a mbeidh baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh i gcomhréir le hAirteagal 34.
8.  
Logálfar gach rochtain agus gach cuardach a dhéanfaidh foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 34 agus clárófar gach úsáid a bhainfear as sonraí a mbeidh rochtain faighte ag foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach orthu.
9.  
Chun críocha Airteagal 45e agus an Airteagail seo, ní dhéanfar aon chodanna de VIS a nascadh le haon chóras ríomhaireachta chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil a bheidh á oibriú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó sa Ghníomhaireacht sin, ná ní dhéanfar na sonraí atá in VIS a mbeidh rochtain ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta orthu a aistriú chuig córas den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de VIS a íoslódáil. Ní fhorléireofar logáil rochtana agus cuardach mar íoslódáil nó cóipeáil shonraí VIS.
10.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta bearta chun slándáil sonraí a áirithiú, dá bhforáiltear in Airteagal 32, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm.

▼B

Airteagal 46

Lánpháirtiú fheidhmiúlachtaí teicniúla Líonra Comhairliúcháin Schengen

Tiocfaidh an mheicníocht chomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 in áit Líonra Comhairliúcháin Schengen ón dáta a chinnfear i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(3) tráth a mbeidh na socruithe dlíthiúla agus na socruithe teicniúla i gcomhair úsáid an VIS chun críche comhairliúcháin idir údaráis víosaí láir maidir le hiarratais ar víosaí i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Choinbhinsiún Schengen, curtha in iúl ag na Ballstáit uile a bheidh ag úsáid Líonra Comhairliúcháin Schengen ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 47

Tarchur a thosú

Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil na socruithe teicniúla agus na socruithe dlíthiúla is gá déanta aige chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a tharchur chuig an VIS Láir tríd an gComhéadan Náisiúnta.

Airteagal 48

Oibríochtaí a thosú

1.  

Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna dtosóidh an VIS, tráth a mbeidh:

(a) 

na bearta dá dtagraítear in Airteagal 45(2) glactha;

(b) 

críoch rathúil ar thástáil chuimsitheach ar an VIS fógartha ag an gCoimisiún, an tástáil sin déanta ag an gCoimisiún i gcomhar leis na Ballstáit;

(c) 

an Coimisiún curtha ar an eolas ag na Ballstáit, tar éis bailíocht na socruithe teicniúla a chinntiú, go mbeidh na socruithe teicniúla agus na socruithe dlíthiúla is gá déanta acu chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bhailiú agus a tharchur chuig an VIS maidir le gach iarratas a dhéantar sa chéad réigiún a chinnfear de réir mhír 4, lena n-áirítear socruithe i gcomhair bailiú agus/nó tarchur sonraí thar ceann Ballstáit eile.

2.  
Cuirfidh an Coimisiún torthaí na tástála a rinneadh i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 in iúl do Pharlaimint na hEorpa.
3.  
I ngach réigiún eile, cinnfidh an Coimisiún an dáta óna mbeidh tarchur na sonraí in Airteagal 5(1) éigeantach tráth a mbeidh sé curtha in iúl ag na Ballstáit don Choimisiún go mbeidh na socruithe teicniúla agus na socruithe dlíthiúla is gá chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bhailiú agus a tharchur chuig an VIS maidir le gach iarratas sa réigiún lena mbaineann déanta acu, lena n-áirítear socruithe chun sonraí a bhailiú agus/nó a tharchur thar ceann Ballstáit eile. Roimh an dáta sin, féadfaidh gach Ballstát tús a chur le hoibríochtaí in aon cheann de na réigiúin sin, a luaithe agus a chuirfidh sé in iúl don Choimisiún go bhfuil na socruithe teicniúla agus na socruithe dlíthiúla is gá déanta aige chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a) agus (b) ar a laghad a bhailiú agus a tharchur chuig an VIS.
4.  
Cinnfear na réigiúin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(3); is iad na critéir a bheidh ann chun na réigiúin sin a chinneadh baol inimirce neamhdhleathaí ann, bagairtí ar shlándáil inmheánach na mBallstát, agus indéantacht bhailiú na sonraí bithmhéadracha as gach suíomh sa réigiún sin.
5.  
Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na dátaí a gcuirfear tús le hoibríochtaí i ngach réigiún.
6.  
Ní cheadóidh aon Bhallstát na sonraí a bheidh tarchurtha ag na Ballstáit eile chuig an VIS sula dtosóidh an Ballstát sin nó Ballstát eile a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar an mBallstát sin sonraí a iontráil i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3.

▼M5

Airteagal 48a

Tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 9h(2), Airteagal 9j(2) agus Airteagal 22b(18) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 2 Lúnasa 2021. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 9h(2), Airteagal 9j(2) agus Airteagal 22b(18) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9, Airteagal 9h(2), Airteagal 9j(2) nó Airteagal 22b(18) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼M5

Airteagal 49

Nós imeachta coiste

1.  
Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ).
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼B

Airteagal 50

Monatóireacht agus meastóireacht

1.  
Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go mbeidh nósanna imeachta ann chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an VIS de réir a chuspóirí, maidir le haschur, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.
2.  
Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag an Údarás Bainistíochta ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála a dhéanfar sa VIS.
3.  
Dhá bhliain tar éis don VIS dul i mbun oibríochta agus gach re bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil an VIS, lena n-áirítear a shlándáil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid an Choimisiúin.
4.  
Trí bliana tar éis don VIS dul i mbun oibríochta, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar an VIS ar fáil. Clúdóidh an mheastóireacht fhoriomlán seo scrúdú ar na torthaí a fuarthas de réir na gcuspóirí a bhí ann, agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnachta, ar fheidhmíocht an Rialacháin seo maidir leis an VIS, ar shlándáil an VIS, ar an úsáid a baineadh as na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 31 agus ar aon impleachtaí d’oibríochtaí amach anseo. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

▼M5

Cuirfear réiteach teicniúil ar fáil do na Ballstáit chun bailiú na sonraí sin de bhun Chaibidil IIIb a éascú chun críche staidreamh a ghiniúint dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí an réitigh theicniúil a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

▼B

5.  
Roimh dheireadh na dtréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 18(2) tuairisceoidh an Coimisiún ar an dul chun cinn teicniúil a bheidh déanta maidir le húsáid méarlorg ag teorainneacha seachtracha agus na himpleachtaí a bheidh ann d'fhad ama na gcuardach ag úsáid uimhir an ghreamáin víosa i gcomhar le fíorú mhéarloirg shealbhóir an víosa, lena n-áirítear an mbeidh tréimhse feithimh rófhada ag láthair trasnaithe teorann san fhad ama a meastar do chuardach den sórt sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ar bhonn na meastóireachta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó féadfaidh an Chomhairle cuireadh a thabhairt don Choimisiún leasuithe cuí ar an Rialachán seo a mholadh, más gá.
6.  
Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Údarás Bainistíochta agus don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, i mír 4, agus i mír 5 a dhréachtú.
7.  
Cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar.
8.  
Le linn na hidirthréimhse sula nglacfaidh an tÚdarás Bainistíochta cúram freagrachta, beidh an Coimisiún freagrach as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar agus a chur isteach.

Airteagal 51

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

1.  
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.  
Beidh feidhm aige ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 48(1).
3.  
Beidh feidhm ag Airteagail 26, 27, 32, 45, 48(1), (2) agus (4) agus ag 2 Meán Fómhair 2008.
4.  
Le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 26(4), forléireofar tagairtí sa Rialachán seo don Údarás Bainistíochta mar thagairtí don Choimisiún.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.




IARSCRÍBHINN

Liosta de na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 31(2)

1. Eagraíochtaí NA (amhail UNHCR);

2. An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (EII);

3. Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge.

▼M6




IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhfhreagrais



Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 arna seoladh ag Lárchóras ETIAS

Sonraí comhfhreagracha VIS dá dtagraítear in Airteagal 9(4) den Rialachán seo, ar cheart sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid leo.

sloinne (ainm teaghlaigh)

sloinnte

sloinne breithe

sloinne breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin);

céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste)

céadainm/céadainmneacha

dáta breithe

dáta breithe

áit bhreithe;

áit bhreithe;

tír bhreithe

tír bhreithe

gnéas

gnéas

náisiúntacht reatha

náisiúntacht nó náisiúntachtaí reatha agus náisiúntacht bhreithe

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh)

náisiúntacht nó náisiúntachtaí reatha agus náisiúntacht bhreithe

cineál an doiciméid taistil

cineál an doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

tír eisiúna an doiciméid taistil

an tír a d’eisigh an doiciméad taistil



( 1 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE (teorainneacha agus víosaí) agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726, agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle. (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

( 2 ) Féach leathanach … den Iris Oifigúil seo.

( 3 ) IO L 243, 15.9.2009, lch. 1

( 4 ) IO L 64, 7.3.2003, lch. 1.

( 5 ) IO L 81, 21.3.2001, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 (IO L 405, 30.12.2006, lch. 23).

( 6 ) IO L 53, 23.2.2002, lch. 4.

( 7 ) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

( 8 ) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnaigh tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, Ich. 20).

( 9 ) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

( 10 ) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1525/2007 (IO L 343,27.12.2007, lch. 9).

( 11 ) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 337/2007 (IO L 90, 30.3.2007, lch. 1).

( 12 ) Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe d'acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 269, 19.10.2017, lch. 39).

( 13 ) Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear Cinneadh an 16 Meán Fómhair 1998 ón gCoiste Feidhmiúcháin lena mbunaítear Buanchoiste um mheastóireacht a dhéanamh ar Schengen agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

( 14 ) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

( 15 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

Top