Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2021)1151

    COMMUNICATION TO THE COMMISSION on the adoption of the Irish language version of the Commission Implementing Regulation of 17 December 2020 (C(2020) 8942) laying down implementing technical standards for the application of Regulation (EU) No 575/2013 of the European Parliament and of the Council with regard to supervisory reporting of institutions and repealing Implementing Regulation (EU) No 680/2014

    C/2021/1151 final

    Article 2 of Council Regulation (EC) No 920/2005 of 13 June 2005 1 amending Regulation No 1 of 15 April 1958 determining the language to be used by the European Economic Community and Regulation No 1 of 15 April 1958 determining the language to be used by the European Atomic Energy Community and introducing temporary derogation measures from those Regulations made provision for a temporary derogation in respect of the translation of certain acts into the Irish language.

    Council Regulation (EU, Euratom) 2015/2264 of 3 December 2015 2 extended this temporary derogation for the translation of certain acts into the Irish language and established a timetable for the gradual reduction of the derogation.

    As of 1 January 2021, in accordance with the aforementioned timetable, Regulations adopted by the Commission, Directives adopted by the Commission which are addressed to all Member States, and Decisions adopted by the Commission which do not specify to whom they are addressed should be translated into the Irish language.

    This Commission Implementing Regulation laying down implementing technical standards for the application of Regulation (EU) No 575/2013 of the European Parliament and of the Council with regard to supervisory reporting of institutions and repealing Implementing Regulation (EU) No 680/2014 was adopted on 17 December 2020 (C(2020) 8942) in all language versions except the Irish language, as the derogation remained in force in its respect.

    Nevertheless, as its publication in the Official Journal of the European Union will take place in 2021, when the derogation ceases to apply to this type of act, it is necessary to adopt the Irish language version before its publication in all official languages.

    The Commission hereby adopts the annexed Irish language version of the Commission Implementing Regulation laying down implementing technical standards for the application of Regulation (EU) No 575/2013 of the European Parliament and of the Council with regard to supervisory reporting of institutions and repealing Implementing Regulation (EU) No 680/2014 2020 (C(2020) 8942).

    (1)

    OJ L 156, 18.6.2005, p. 3

    (2)

    OJ L 322, 8.12.2015, p. 1–3

    Top

    ANNEX

    Translation into the Irish language of the Commission Implementing Regulation of 17 December 2020 (C(2020) 8942) laying down implementing technical standards for the application of Regulation (EU) No 575/2013 of the European Parliament and of the Council with regard to supervisory reporting of institutions and repealing Implementing Regulation (EU) No 680/2014

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 1 , agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 415(3), an chéad fhomhír d’Airteagal 415(3a), an chéad fhomhír d’Airteagal 430(7) agus an dara fomhír d’Airteagal 430(9) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Gan dochar do chumhachtaí na n‑údarás inniúil faoi Airteagal 104(1), pointe (j), de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún 3 leagtar síos, ar bhonn Airteagal 430 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, creat tuairiscithe comhleanúnach. Rinneadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 a leasú roinnt uaireanta i gcomhréir leis na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a glacadh chun eilimintí stuamachta a thabhairt isteach, a fhorbairt tuilleadh nó a oiriúnú.

    (2)Tá dlúthnasc idir forálacha an Rialacháin seo, ós rud é go ndéileálann siad le ceanglais tuairiscithe na n‑institiúidí. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, ar cheart go dtiocfaidís i bhfeidhm an tráth céanna, agus chun léargas cuimsitheach agus dlúthrochtain orthu a éascú le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na n‑oibleagáidí sin, is inmhianaithe na caighdeáin theicniúla ghaolmhara cur chun feidhme uile a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chuimsiú in aon Rialachán amháin.

    (3)Agus caighdeáin idirnáisiúnta Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht á gcur san áireamh, le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i roinnt gnéithe, cosúil leis an gcóimheas luamhánaithe, an ceanglas maidir le glanchistiúchán cobhsaí, na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, an priacal creidmheasa contrapháirtí, an priacal margaidh, na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, na risíochtaí móra, agus na ceanglais tuairiscithe agus nochta. Dá bhrí sin, ba cheart an creat tuairiscithe a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 a athbhreithniú agus ba cheart an tacar teimpléad maidir le faisnéis a bhailiú chun críoch tuairiscithe maoirseachta a thabhairt cothrom le dáta.

    (4)Le Rialachán (AE) 2019/876 tugtar isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ceanglas cóimheasa luamhánaithe chaipiteal Leibhéal 1 arna chalabrú ag 3 %, raon coigeartuithe maidir le ríomh na risíochta ar chóimheas luamhánaithe, agus ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe le haghaidh institiúidí a shainaithnítear mar institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIIanna) i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE. Dá bhrí sin, ba cheart tuairisciú an chóimheasa luamhánaithe a thabhairt cothrom le dáta chun na ceanglais sin i ríomh na risíochta agus na coigeartuithe air a léiriú.

    (5)Le Rialachán (AE) 2019/876 tugtar isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ceanglais tuairiscithe maidir leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí (NSFR), lena n‑áirítear ceanglais shimplithe. Is gá, dá bhrí sin, tacar nua teimpléad agus treoracha maidir le tuairisciú a leagan síos.

    (6)Le Rialachán (AE) 2019/876 tugtar isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 fachtóir tacaíochta nua atá le cur i bhfeidhm ar risíochtaí tionscadal bonneagair agus cur chuige nuashonraithe chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh le haghaidh gnóthais chomhinfheistíochta. Is gá, dá bhrí sin, agus i gcomhréir leis na creataí nochta, teimpléid agus treoracha nua a leagan síos maidir le tuairisciú ar phriacal creidmheasa agus na treoracha reatha a thabhairt cothrom le dáta.

    (7)Le Rialachán (AE) 2019/876, maidir le cur chuige caighdeánaithe le haghaidh phriacal creidmheasa an chontrapháirtí (SA-CCR), atá níos íogaire maidir le priacal, agus leagan simplithe (an SA-CCR simplithe) le haghaidh institiúidí a chomhlíonann critéir cháilitheachta réamhshainithe, cuirtear sin in ionad an chur chuige caighdeánaithe i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Cé go ndearnadh athbhreithniú air, leanann modh na risíochta tosaigh de bheith ar fáil d’institiúidí a chomhlíonann critéir réamhshainithe. Is gá, dá bhrí sin, teimpléid agus treoracha nua a leagan síos maidir le tuairisciú ar phriacal creidmheasa contrapháirtí agus na treoracha reatha a thabhairt cothrom le dáta.

    (8)Le Rialachán (AE) 2019/876 cuirtear tagairtí do ‘chaipiteal Leibhéal 1’ in ionad na dtagairtí do ‘chaipiteal incháilithe’ i ríomh na risíochtaí móra i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus tugtar isteach tairseach eile chun risíochtaí móra a thuairisciú ar bhonn comhdhlúite. Dá bhrí sin, ba cheart an tuairisciú ar risíochtaí móra a thabhairt cothrom le dáta.

    (9)Le Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 tugtar isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 cúlstop stuamachta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (NPEanna) lena bhforchuirtear asbhaint ó chistí dílse institiúidí i gcás nach gcumhdaítear NPEanna go leordhóthanach le forálacha ná le coigeartuithe eile, de réir féilire réamhshainithe chun cumhdach iomlán a thiomargadh le himeacht ama. Tá an cúlstop stuamachta sin bunaithe ar na sainmhínithe ar ‘risíocht neamhthuillmheach’ agus ‘bearta staonta’ a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014. Is gá, dá bhrí sin, teimpléid agus treoracha a leasú chun a áirithiú go mbeidh sainmhíniú aonair ann ar ‘risíocht neamhthuillmheach’ agus ‘bearta staonta’ chun críoch tuairiscithe agus chun críoch cúlstop stuamachta araon. Tá teimpléid nua riachtanach freisin chun faisnéis a bhailiú chun an cúlstop a ríomh.

    (10)Le Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , déantar Caibidil 1 de Theideal I de Chuid a Trí, Roinn 2 (Airteagail 95 go 98), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a aisghairm le héifeacht ón 26 Meitheamh 2026. Ar an gcúis sin, forálacha maidir le tuairisciú le haghaidh grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir Airteagail 95 agus 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, ba cheart go scoirfidh siad d’fheidhm a bheith acu an 26 Meitheamh 2026.

    (11)I bhfianaise raon feidhme na leasuithe sin agus ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

    (12)Is cuid de shraith beart é Rialachán (AE) 2020/873 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 lena mhaolaítear tionchar phaindéim COVID-19 ar institiúidí ar fud an Aontais. Leis an Rialachán sin, tugadh isteach leasuithe áirithe ar Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876 a bhfuil tionchar acu ar thuairisciú maoirseachta. Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe sin a léiriú sa chreat tuairiscithe.

    (13)Ba cheart d’institiúidí tús a chur le tuairisciú maoirseachta faoi dheireadh an dara ráithe de 2021. An tuairisciú maidir leis an maolán cóimheasa luamhánaithe, áfach, ba cheart tús a chur leis ó mhí Eanáir 2023 toisc gur cuireadh cur i bhfeidhm na gceanglas maoláin luamhánaithe siar go mí Eanáir 2023 le Rialachán (AE) 2020/873.

    (14)Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuirfidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) faoi bhráid an Choimisiúin.

    (15)Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 , cé is moite de na forálacha lena léirítear na leasuithe ar Rialachán (AE) 575/2013 le Rialachán (AE) 2020/873. Chinn ÚBE go mbeadh sé thar a bheith díréireach comhairliúcháin phoiblí nó measúnú costais is tairbhe a dhéanamh ar na forálacha sin toisc nach mbaineann siad ach le fíorbheagán rónna i dteimpléid maidir le tuairisciú ar shócmhainneacht agus luamhánú agus nach dócha go mbeadh tionchar ábhartha acu ar na costais tuairiscithe. Ina theannta sin, choimeádfadh an comhairliúchán poiblí nó an measúnú costais is tairbhe sin maoirseoirí ó na sonraí ábhartha a bhailiú go tráthúil ar bhealach comhleanúnach rialta.

    (16)Chun a ndóthain ama a thabhairt d’institiúidí ullmhú don tuairisciú i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Leagtar síos leis an Rialachán seo formáidí agus teimpléid aonfhoirmeacha maidir le tuairisciú, mar aon le treoracha agus modheolaíocht maidir leis an gcaoi leis na teimpléid sin a úsáid, minicíocht agus dátaí an tuairiscithe, na sainmhínithe agus na réitigh TF maidir le tuairisciú na n‑institiúidí dá n‑údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 415, mír 3 agus mír 3a, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus le hAirteagal 430, míreanna 1 go 4 agus míreanna 7 go 9 den Rialachán sin.

    Airteagal 2

    Dáta tagartha maidir le tuairisciú

    1.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach chuig na húdaráis inniúla, faoi mar atá an fhaisnéis sin, ar na dátaí íocaíochta maidir le tuairisciú seo a leanas:

    (a)tuairisciú míosúil: an lá deireanach de gach mí;

    (b)tuairisciú ráithiúil: an 31 Márta, an 30 Meitheamh, an 30 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig;

    (c)tuairisciú leathbhliantúil: an 30 Meitheamh agus an 31 Nollaig;

    (d)tuairisciú bliantúil: an 31 Nollaig.

    2.Faisnéis a chuirtear isteach de bhun na dteimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinní III agus IV, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn V agus a thagraíonn do thréimhse ar leith, tuairisceofar í go carnach ón gcéad lá den bhliain chuntasaíochta go dtí an dáta tagartha.

    3.I gcás ina gceadaítear d’institiúidí le dlíthe náisiúnta a bhfaisnéis airgeadais a thuairisciú bunaithe ar dheireadh a mbliana cuntasaíochta, nach mar a chéile é agus deireadh na bliana féilire, féadfar coigeartú a dhéanamh dá réir ar dhátaí tagartha maidir le tuairisciú ionas go ndéanfar tuairisciú na faisnéise airgeadais agus na faisnéise chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIIanna) a shainaithint agus go ndéanfar rátaí maolánacha G-SII a shannadh gach 3 mhí, gach 6 mhí nó gach 12 mhí ó dheireadh na bliana cuntasaíochta, faoi seach.

    Airteagal 3

    Dátaí íocaíochta a thuairisciú

    1.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach chuig na húdaráis inniúla faoi am dúnta gnó ar na dátaí íocaíochta seo a leanas:

    (a)tuairisciú míosúil: an 15ú lá féilire tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisciú;

    (b)tuairisciú ráithiúil: an 12 Bealtaine, an 11 Lúnasa, an 11 Samhain agus an 11 Feabhra;

    (c)tuairisciú leathbhliantúil: an 11 Lúnasa agus an 11 Feabhra;

    (d)tuairisciú bliantúil: an 11 Feabhra.

    2.Más saoire phoiblí é lá na híocaíochta i mBallstát an údaráis inniúil dá bhfuil an tuarascáil le soláthar, nó más lá Satharn nó Domhnach é, cuirfear sonraí isteach an lá oibre dár gcionn.

    3.I gcás ina dtuairiscíonn institiúidí a bhfaisnéis airgeadais nó an fhaisnéis chun G-SIIanna a shainaithint agus chun rátaí maolánacha G-SII a shannadh agus úsáid á baint as dátaí tagartha coigeartaithe maidir le tuairisciú bunaithe ar dheireadh a mbliana cuntasaíochta mar a leagtar amach i mír 3 d’Airteagal 2, féadfar na dátaí íocaíochta a choigeartú dá réir freisin ionas go gcoinneofar ar bun an tréimhse íocaíochta chéanna ón dáta tagartha coigeartaithe maidir le tuairisciú.

    4.Féadfaidh institiúidí figiúirí neamhiniúchta a chur isteach. I gcás nach mar a chéile na figiúirí iniúchta agus na figiúirí neamhiniúchta a cuireadh isteach, cuirfear isteach na figiúirí iniúchta athbhreithnithe gan moill mhíchuí. Is éard atá i bhfigiúirí neamhiniúchta figiúirí nach bhfuil tuairim ó iniúchóir seachtrach faighte ina leith, agus is éard atá i bhfigiúirí iniúchta figiúirí a d’iniúch iniúchóir seachtrach agus tuairim iniúchóireachta á cur in iúl aige.

    5.Na ceartúcháin eile ar na tuarascálacha a cuireadh isteach, cuirfear isteach iad freisin chuig na húdaráis inniúla gan moill mhíchuí.

    Airteagal 4

    Tairseacha tuairiscithe — critéir iontrála agus imeachta

    1.Na hinstitiúidí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (145) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tosóidh siad ar fhaisnéis a thuairisciú mar institiúidí beaga neamhchasta ar an gcéad dáta tagartha maidir le tuairisciú tar éis na coinníollacha sin a chomhlíonadh. I gcás nach mbeidh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh ag institiúidí, stopfaidh siad an fhaisnéis a thuairisciú faoin gcéad dáta tagartha maidir le tuairisciú ina dhiaidh sin.

    2.Na hinstitiúidí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (146) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tosóidh siad ar fhaisnéis a thuairisciú mar institiúidí móra ar an gcéad dáta tagartha maidir le tuairisciú tar éis na coinníollacha sin a chomhlíonadh. I gcás nach mbeidh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh ag institiúidí, stopfaidh siad an fhaisnéis a thuairisciú faoin gcéad dáta tagartha maidir le tuairisciú ina dhiaidh sin.

    3.Tosóidh institiúidí ar fhaisnéis a thuairisciú faoi réir na dtairseach a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis an gcéad dáta tagartha eile maidir le tuairisciú tar éis dul thar na tairseacha sin ar dhá dháta tagartha maidir le tuairisciú i ndiaidh a chéile. Féadfaidh institiúidí éirí as faisnéis a thuairisciú faoi réir na dtairseach a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis an gcéad dáta tagartha eile maidir le tuairisciú i gcás ina dtiteann siad faoi bhun na dtairseach ábhartha ar thrí dháta tagartha maidir le tuairisciú i ndiaidh a chéile.

    Airteagal 5

    Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse ar bhonn aonair – tuairisciú ráithiúil

    1.Chun faisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo isteach le minicíocht ráithiúil.

    2.Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 1 go 5, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 1.

    3.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le priacal creidmheasa agus risíochtaí ar priacal creidmheasa an chontrapháirtí lena bpléitear faoin gcur chuige caighdeánaithe mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 7, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.2.

    4.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le priacal creidmheasa agus risíochtaí ar priacal creidmheasa an chontrapháirtí a láimhseáiltear faoin gcur chuige inmheánach bunaithe ar rátálacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 8.1 agus 8.2, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.3.

    5.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le dáileadh geografach risíochtaí de réir tíre, chomh maith le risíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal iomlán, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 9, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.4.

    Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach a shonraítear i dteimpléid 9.1 agus 9.2, agus go háirithe faisnéis maidir le dáileadh geografach risíochtaí de réir tíre, i gcás ina bhfuil risíochtaí tosaigh nach risíochtaí tosaigh intíre iad i ngach tír nach tír intíre í i ngach aicme risíochta, mar a tuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn I, teimpléad 4, ró 0850, mar a chéile le 10 % de risíochtaí tosaigh intíre iomlána agus risíochtaí tosaigh iomlána nach risíochtaí tosaigh intíre iad, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn I, teimpléad 4, ró 0860. Measfar risíochtaí a bheith ina risíochtaí intíre i gcás inarb risíochtaí iad ar chontrapháirtithe atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid bunaithe.

    Beidh feidhm ag na critéir iontrála agus imeachta a leagtar amach in Airteagal 4.

    6.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le priacal creidmheasa an chontrapháirtí mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 34.01 go 34.05 agus 34.08 go 34.10, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.9.

    7.Institiúidí a chuireann an cur chuige caighdeánaithe nó an cur chuige bunaithe ar shamhlacha inmheánacha i bhfeidhm chun risíochtaí ar phriacal creidmheasa contrapháirtí a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Ranna 3 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh siad isteach faisnéis maidir le priacal creidmheasa an chontrapháirtí mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 34.06, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.9.7.

    8.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le risíochtaí ar cothromas a láimhseáiltear faoin gcur chuige inmheánach bunaithe ar rátálacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 10, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.5.

    9.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le priacal socraíochta mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 11, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.6.

    10.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le risíochtaí ar urrúsú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 13.01, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.7.

    11.Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le ceanglais cistí dílse agus caillteanais a bhaineann le priacal oibriúcháin isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 16, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.1.

    12.Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le ceanglais cistí dílse a bhaineann leis an bpriacal margaidh isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 18 go 24, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointí 5.1 go 5.7.

    13.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal um choigeartú luachála creidmheasa mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 25, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 5.8.

    14.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le luacháil stuama mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 32, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6 mar a leanas:

    (a)cuirfidh gach institiúid an fhaisnéis isteach a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 32.1, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6;

    (b)chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, tuairisceoidh institiúidí a chuireann an cur chuige lárnach i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún 9 an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 32.2, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6;

    (c)chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, tuairiscíonn institiúidí a chuireann an cur chuige lárnach i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún agus a théann thar an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán sin an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 32.3 agus 32.4, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6.

    Chun críocha na míre seo, ní bheidh feidhm ag na critéir iontrála agus imeachta a leagtar amach in Airteagal 4.

    15.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir leis an gcúlstop stuamachta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (NPEanna) mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 35.01, 35.02 agus 35.03, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 8.

    Airteagal 6

    Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse ar bhonn aonair – tuairisciú leathbhliantúil

    1.Chun faisnéis faoi chistí dílse agus ceanglais cistí dílse a thuairisciú ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo isteach le minicíocht leathbhliantúil.

    2.Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le gach risíocht ar urrúsú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 14 agus 14.01, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.8; ach amháin nuair is cuid de ghrúpa iad sa tír chéanna ina bhfuil siad faoi réir ceanglais cistí dílse.

    3.Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le risíochtaí ceannasacha isteach mar a leanas:

    (a)i gcás ina bhfuil suim ghlanluacha chomhiomlán na sócmhainní airgeadais ó earnáil an chontrapháirtí ‘Rialtais ghinearálta’ mar a chéile le 1 % de shuim na suime glanluacha iomláine le haghaidh ‘Urrús fiachais’ agus ‘Iasachtaí agus airleacain’, nó níos airde ná sin, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, agus leanfaidh siad na treoracha in Iarscríbhinn V maidir le teimpléad 4 in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV, mar is infheidhme, chun na luachanna ábhartha a ríomh;

    (b)i gcás ina bhfuil an luach a thuairiscítear le haghaidh risíochtaí intíre ar shócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha mar a shainítear i ró 0010, colún 0010 in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, níos lú ná 90 % den luach a thuairiscítear le haghaidh risíochtaí intíre agus risíochtaí nach risíochtaí intíre iad le haghaidh an phointe sonraí chéanna, cuirfidh institiúidí a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, le miondealú iomlán de réir tíre;

    (c)institiúidí a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (b), cuirfidh siad an fhaisnéis isteach a shonraítear i dteimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, le risíochtaí comhiomlánaithe ar:

    (i) an leibhéal iomlán; agus

    (ii) an leibhéal intíre.

    Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).

    4.Tuairisceofar faisnéis faoi chaillteanais ábhartha maidir le priacal oibriúcháin mar a leanas:

    (a)déanfaidh institiúidí a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis sin a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;

    (b)institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;

    (c)institiúidí seachas institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceoidh siad an fhaisnéis seo a leanas i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2:

    (i)an fhaisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 17.01, colún 0080 le haghaidh na rónna seo a leanas:

    -líon na n‑imeachtaí (imeachtaí nua) (ró 0910);

    -méid an chaillteanais chomhláin (imeachtaí nua) (ró 0920);

    -líon na n‑imeachtaí faoi réir coigeartuithe caillteanais (ró 0930);

    -coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe a bhí ann roimhe seo (ró 0940);

    -uaschaillteanas aonair (ró 0950);

    -suim na gcúig chaillteanas is mó (ró 0960);

    -an aisghabháil chaillteanais dhíreach ina hiomláine (ró 0970);

    -na haisghabhálacha de bhíthin árachais agus sásraí aistrithe priacail eile ina n‑iomláine (ró 0980);

    (ii)an fhaisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 17.02.

    (d)féadfaidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i bpointe (c) an tacar iomlán d’fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, a thuairisciú i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;

    (e)déanfaidh institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;

    (f)féadfaidh institiúidí seachas institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2.

    Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).

    5.Institiúidí a chuireann an cur chuige caighdeánaithe simplithe nó modh na risíochta tosaigh i bhfeidhm chun risíochtaí ar phriacal creidmheasa contrapháirtí a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Ranna 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh siad isteach an fhaisnéis maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 34.06, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.9.7.

    Airteagal 7

    Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse ar bhonn comhdhlúite

    Chun faisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas isteach:

    (a)Airteagail 5 agus 6 den Rialachán Cur Chun Feidhme seo ar bhonn comhdhlúite leis an minicíocht a shonraítear iontu; agus

    (b)teimpléad 6 d’Iarscríbhinn I, i gcomhréir leis na treoracha a sholáthraítear in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 2 maidir le heintitis a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe, le minicíocht leathbhliantúil.

    Airteagal 8

    Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse – ceanglais tuairiscithe bhreise ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite

    1.Institiúidí atá faoi réir ceanglais maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 438, pointí (e) nó (h), nó Airteagal 452, pointí (b), (g) nó (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a nochtadh leis an minicíocht a leagtar amach in Airteagal 433a nó Airteagal 433c, de réir mar is infheidhme, ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 6 nó ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme, tuairisceoidh na hinstitiúidí sin an fhaisnéis maidir le priacal creidmheasa agus le priacal creidmheasa contrapháirtí, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 8.3, 8.4, 8.5, 8.5.1, 8.6, 8.7 agus 34.11, a ghabhann leis an Rialachán seo, leis an minicíocht chéanna agus ar an mbonn céanna, de réir na dtreoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointí 3.3 agus 3.9.12, a ghabhann leis an Rialachán seo.

    2.Institiúidí atá faoi réir ceanglais maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 439 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a nochtadh leis an minicíocht a leagtar amach in Airteagal 433a nó Airteagal 433c, de réir mar is infheidhme, ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 6 nó ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme, tuairisceoidh na hinstitiúidí sin an fhaisnéis maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 34.07, a ghabhann leis an Rialachán seo, leis an minicíocht chéanna agus ar an mbonn céanna, de réir na dtreoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.9.8, a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 9

    Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse le haghaidh gnólachtaí infheistíochta faoi réir Airteagail 95 agus 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair

    1.Na gnólachtaí infheistíochta a chuireann forálacha idirthréimhseacha Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 i bhfeidhm, cuirfidh siad faisnéis isteach mar a leagtar amach san Airteagal seo.

    2.Chun faisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse, seachas an fhaisnéis maidir leis an gcóimheas luamhánaithe, a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta a úsáideann Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 1 go 5, a chur isteach i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 1, le minicíocht ráithiúil.

    3.Chun faisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta a úsáideann Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcomhréir le hAirteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5, míreanna (1) go (5) agus míreanna (8) go (13), agus Airteagal 6(2) den Rialachán seo a chur isteach leis an minicíocht a leagtar síos sna hAirteagail sin.

    Airteagal 10

    Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse le haghaidh grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta faoi réir Airteagail 95 agus 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite

    1.Na gnólachtaí infheistíochta a chuireann forálacha idirthréimhseacha Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 i bhfeidhm, cuirfidh siad faisnéis isteach mar a leagtar amach san Airteagal seo.

    2.Chun faisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse, seachas an fhaisnéis maidir leis an gcóimheas luamhánaithe, a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta de chuid grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta a úsáideann Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach ar bhonn comhdhlúite:

    (a)an fhaisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 1 go 5, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 1, le minicíocht ráithiúil;

    (b)an fhaisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse maidir le heintitis a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 6, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 2, le minicíocht leathbhliantúil.

    3.Chun faisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta de chuid grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta faoi réir Airteagal 95 agus gnólachtaí infheistíochta faoi réir Airteagal 96 nó de chuid grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta a úsáideann Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcomhréir le hAirteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach ar bhonn comhdhlúite:

    (a)an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 5, míreanna (1) go (5) agus míreanna (8) go (13) d’Airteagal 6(2) den Rialachán seo leis an minicíocht a leagtar síos sna hAirteagail sin;

    (b)an fhaisnéis maidir le heintitis a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 6, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 2, le minicíocht leathbhliantúil.

    Airteagal 11

    Tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite le haghaidh institiúidí faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10  

    1.Chun faisnéis airgeadais a thuairisciú ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 430(3) nó (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach ar bhonn comhdhlúite mar a shonraítear in Iarscríbhinn III, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn V.

    2.Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:

    (a)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 1, le minicíocht bhliantúil;

    (b)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 3, le minicíocht leathbhliantúil;

    (c)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 4, seachas an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad 47, le minicíocht bhliantúil;

    (d)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 2, teimpléad 20, le minicíocht ráithiúil i gcás ina dtéann an institiúid thar an tairseach a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 5(5);

    (e)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 2, teimpléad 21, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil na sócmhainní inláimhsithe atá faoi réir léasanna oibriúcháin mar a chéile le 10 % de na sócmhainní inláimhsithe iomlána, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn III, Cuid 1, teimpléad 1.1;

    (f)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 2, teimpléad 22, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil an ghlantáille agus an t‑ioncam coimisiúin mar a chéile le 10 % de shuim na glantáille agus an ioncaim coimisiúin agus an ghlanioncaim úis, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn III, Cuid 1, teimpléad 2;

    (g)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 2, teimpléid 23 go 26, le minicíocht ráithiúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

    (i)nach institiúid bheag agus neamhchasta í an institiúid;

    (ii)gur 5 %, nó níos mó ná sin, atá sa chóimheas idir suim ghlanluacha chomhlán na n‑iasachtaí agus na n‑airleacan a thagann faoi Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus suim ghlanluacha chomhlán iomlán na n‑iasachtaí agus na n‑airleacan a thagann faoi Airteagal 47a(1) den Rialachán sin;

    (h)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 4, teimpléad 47, le minicíocht bhliantúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointe (g) den mhír seo.

    Chun críoch phointe (g)(ii), ní áireofar sa chóimheas iasachtaí agus airleacain a aicmítear mar iasachtaí agus airleacain atá á sealbhú lena ndíol, airgead ar láimh ag bainc cheannais ná taiscí éilimh eile san ainmneoir ná san uimhreoir.

    Chun críocha phointí (d) agus (h) den mhír seo, beidh feidhm ag na critéir iontrála agus imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

    Airteagal 12

    Tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite le haghaidh institiúidí a chuireann creata cuntasaíochta náisiúnta i bhfeidhm

    1.I gcás inar leathnaigh údarás inniúil na ceanglais tuairiscithe maidir le faisnéis airgeadais chun institiúidí a chumhdach a bunaíodh i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 430(9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach ar bhonn comhdhlúite mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

    2.Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:

    (a)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 1, le minicíocht ráithiúil;

    (b)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 3, le minicíocht leathbhliantúil;

    (c)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 4, seachas an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad 47, le minicíocht bhliantúil;

    (d)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 20, le minicíocht ráithiúil i gcás ina dtéann an institiúid thar an tairseach a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 5(5);

    (e)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 21, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil na sócmhainní inláimhsithe atá faoi réir léasanna oibriúcháin mar a chéile le 10 % de na sócmhainní inláimhsithe iomlána, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, Cuid 1, teimpléad 1.1;

    (f)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 22, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil an ghlantáille agus an t‑ioncam coimisiúin mar a chéile le 10 % de shuim na glantáille agus an ioncaim coimisiúin agus an ghlanioncaim úis, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, Cuid 1, teimpléad 2;

    (g)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléid 23 go 26, le minicíocht ráithiúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

    (i)nach bhfuil an institiúid beag agus neamhchasta;

    (ii)go bhfuil cóimheas na hinstitiúide mar a shonraítear in Airteagal 11(2), pointe (g)(ii), mar a chéile le 5 % nó níos airde ná sin;

    (h)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 4, teimpléad 47, le minicíocht bhliantúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointe (g) den mhír seo.

    Chun críocha phointí (d) agus (h) den mhír seo, beidh feidhm ag na critéir iontrála agus imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

    Airteagal 13

    Tuairisciú ar chaillteanais a eascraíonn as iasachtú a chomhthaobhaítear le maoin dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 430a(1) de rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite

    1.Cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn VI, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn VII, ar bhonn comhdhlúite le minicíocht bhliantúil.

    2.Cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn VI, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn VII, ar bhonn aonair le minicíocht bhliantúil.

    3.I gcás ina mbíonn brainse ag institiúid i mBallstát eile, cuirfidh an brainse sin faoi bhráid údaráis inniúil an Bhallstáit is óstach an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn VI a bhaineann leis an mbrainse sin, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn VII, le minicíocht bhliantúil.

    Airteagal 14

    Tuairisciú ar risíochtaí ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

    1.Chun faisnéis ar risíochtaí móra a thuairisciú chuig cliaint agus grúpaí cliant nasctha i gcomhréir le hAirteagal 394 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn VIII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn IX, le minicíocht ráithiúil.

    2.Chun faisnéis ar na 20 risíocht is mó a thuairisciú chuig cliaint agus grúpaí cliant nasctha i gcomhréir le hAirteagal 394(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí, faoi réir Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn VIII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn IX, le minicíocht ráithiúil.

    3.Chun faisnéis ar risíochtaí, ar mó a luach ná EUR 300 milliún nó arb ionann a luach agus an méid sin ach ar lú é ná 10 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 394(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn VIII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn IX, le minicíocht ráithiúil.

    4.Chun faisnéis ar na 10 risíochtaí is mó a thuairisciú chuig institiúidí ar bhonn comhdhlúite agus ar na 10 risíochtaí is mó le heinitis scáithbhaincéireachta a dhéanann gníomhaíochtaí baincéireachta lasmuigh den chreat rialáilte ar bhonn comhdhlúite, i gcomhréir le hAirteagal 394(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn VIII, i gcomhréir leis na Treoracha in Iarscríbhinn IX, le minicíocht ráithiúil.

    Airteagal 15

    Tuairisciú ar chóimheas luamhánaithe ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

    1.Chun faisnéis ar an gcóimheas luamhánaithe a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn X, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XI, le minicíocht ráithiúil. Cuirfidh institiúidí móra, agus iad sin amháin, teimpléad 48.00 d’Iarscríbhinn X isteach.

    2.Is iad seo a leanas, agus iad sin amháin, a chuirfidh isteach an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn X, teimpléad 40.00, cill {r0410;c0010}:

    (a)institiúidí móra ar G-SSIanna iad nó a bhfuil urrúis eisithe acu a ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte le minicíocht leathbhliantúil;

    (b)institiúidí móra seachas G-SSIanna nach institiúidí liostaithe iad le minicíocht leathbhliantúil;

    (c)institiúidí seachas institiúidí móra agus institiúidí beaga neamhchasta a bhfuil urrúis eisithe acu a ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte le minicíocht bhliantúil.

    3.Déanfaidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe a ríomh ar dháta tagartha maidir le tuairisc i gcomhréir le hAirteagal 429 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    4.Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 13 a thuairisciú, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)is mó ná 1,5 % an scair díorthach dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 5;

    (b)is mó ná 2 % an scair díorthach dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 5.

    Mura ndéanann institiúid ach coinníoll phointe (a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).

    Má dhéanann institiúid coinníollacha phointe (a) agus (b) araon a chomhlíonadh, cuirfidh sé tús leis an bhfaisnéis sin a thuairisciú le haghaidh an dáta tagartha a thagann tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisciú a chuaigh sé thar an tairseach sin.

    5.Maidir le hinstitiúidí a dtéann luach barúlach iomlán a ndíorthach mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 8 thar EUR 10 000 milliún, tuairisceoidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, Pointe 13, fiú mura gcomhlíonann a scair díorthach na coinníollach a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo.

    Chun críocha na míre seo, ní bheidh feidhm ag critéir iontrála Airteagal 4(3). Cuirfidh institiúidí tús le faisnéis a thuairisciú ón gcéad dáta tagartha maidir le tuairisc i gcás ina ndeachaigh siad thar an tairseach ar aon dáta tagartha maidir le tuairisc amháin.

    6.Ceanglaítear ar institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 14 a thuairisciú, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ceann de na coinníollacha seo a leanas: ar a laghad:

    (a)is mó ná EUR 300 milliún méid na ndíorthach creidmheasa dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 9;

    (b)is mó ná EUR 500 milliún méid na ndíorthach creidmheasa dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 9.

    Mura ndéanann institiúid ach coinníoll phointe (a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3). Má dhéanann institiúid coinníollacha phointe (a) agus (b) araon a chomhlíonadh, cuirfidh sí tús leis an bhfaisnéis sin a thuairisciú le haghaidh an dáta tagartha a thagann tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisc a chuaigh sé thar an tairseach sin.

    Airteagal 16

    Tuairisciú ar an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

    1.Chun faisnéis ar an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn XXIV a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XXV, ar bhonn minicíochta ráithiúla;

    2.San fhaisnéis a leagfar amach in Iarscríbhinn XXIV, cuirfear san áireamh an fhaisnéis a chuirfear isteach le haghaidh an dáta tagartha agus an fhaisnéis ar shreabha airgid na hinstitiúide le haghaidh na 30 lá féilire ina dhiaidh sin.

    Airteagal 17

    Tuairisciú ar chistiúchán cobhsaí ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

    Chun faisnéis ar chistiúcháin cobhsaí a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn XII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XIII, le minicíocht ráithiúil mar seo a leanas:

    (a)maidir le hinstitiúidí beaga neamhchasta a roghnaigh a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí (NSFR) a ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid a Sé, Teideal IV, Caibidlí 6 agus 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2013/575, le cead roimh ré óna n‑údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 428ai den Rialachán sin, cuirfidh siad isteach teimpléid 82 agus 83 d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán sin, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (b)institiúidí seachas na hinstitiúidí dá dtagraítear i bpointe (a), cuirfidh siad isteach teimpléid 80 agus 81 d’Iarscríbhinn XII, i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII;

    (c)cuirfidh gach institiúid isteach teimpléad 84 d’Iarscríbhinn XII, i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII.

    Airteagal 18

    Tuairisciú ar mheadarachtaí faireacháin leachtachta breise ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

    1.Chun faisnéis ar mheadarachtaí faireacháin leachtachta breise a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis go léir seo a leanas a chur isteach ar bhonn minicíochta ráithiúla:

    (a)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVIII i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XIX;

    (b)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XX i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XXI;

    (c)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XXII i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XXIII.

    2.De mhaolú ar mhír 1, maidir le hinstitiúid a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (145) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh sí an fhaisnéis ar mheadarachtaí faireacháin leachtachta breise a thuairisciú le minicíocht ráithiúil.

    Airteagal 19

    Tuairisciú ar ualú sócmhainní ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

    1.Chun faisnéis ar ualú sócmhainní a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (g) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán seo.

    2.Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:

    (a)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVI, Codanna A, B agus D, le minicíocht ráithiúil;

    (b)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVI, Cuid C, le minicíocht bhliantúil;

    (c)an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVI, Cuid C, le minicíocht leathbhliantúil.

    3.Ní bheidh ceanglas ar institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn XVI, Codanna B, C agus E, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)nach meastar gur institiúid mhór í;

    (b)gur lú na 15 % leibhéal ualaithe sócmhainní na hinstitiúide i gcomhréir le hIarscríbhinn XVII, pointe 1.6, fophointe 9.

    Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).

    4.Maidir leis an bhfaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVI, Cuid D, ní eiseoidh institiúidí an fhaisnéis sin ach amháin i gcás ina n‑eisíonn siad bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4), an chéad fhomhír, de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 agus sa chás in amháin.

    Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).

    Airteagal 20

    Tuairisciú breise ar bhonn comhdhlúite chun críocha G-SIInna a shainaithint agus rátaí maolaithe G-SII a shannadh

    1.Chun faisnéis bhreise a thuairisciú chun críocha G-SIIanna a aithint agus rátaí maolaithe G-SII a shannadh faoi Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE, déanfaidh máthairinstitiúidí AE, máthairchuideachtaí shealbhaíochta airgeadais AE agus máthairchuideachtaí shealbhaíochta airgeadais measctha AE an fhaisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn XXVI a chur isteach, i gcomhréir leis na Treoracha in Iarscríbhinn XXVII, ar bhonn comhdhlúite minicíochta ráithiúla.

    2.Máthairinstitiúidí AE, máthairchuideachtaí shealbhaíochta airgeadais AE agus máthairchuideachtaí shealbhaíochta airgeadais measctha AE, ní dhéanfaidh siad a chur isteach ach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)tá tomhas risíochta iomláin an ghrúpa, lena n‑áirítear fochuideachtaí árachais cothrom le EUR 125 000 milliún nó is mó ná sin é;

    (b)tá an mháthairchuideachta AE nó aon cheann dá fochuideachtaí nó aon bhrainse atá á oibriú ag máthairchuideachta fochuideachta lonnaithe i mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 .

    3.De mhaolú ar Airteagal 3(1), pointe (b), déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur isteach faoi am scoir gnó ar na dátaí íocaíochta seo a leanas: An 1 Iúil, an 1 Deireadh Fómhair, an 2 Eanáir agus an 1 Aibreán.

    4.De mhaolú ar Airteagal 4, beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir leis an tairseach dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo:

    (a)cuirfidh máthairinstitiúid AE, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE tús láithreach leis an bhfaisnéis a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar mó a tomhas risíochta cóimheasa luamhánaithe ná an tairseach sonraithe amhail ó dheireadh na bliana cuntasaíochta agus tuairisceoidh sí an fhaisnéis sin le haghaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta agus na dtrí dháta tagartha ráithiúla ina dhiaidh sin ar a laghad;

    (b)scoirfidh máthairinstitiúid AE, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE láithreach den fhaisnéis sin a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar lú an tomhas risíochta cóimheasa luamhánaithe ná an tairseach sonraithe amhail ó dheireadh na bliana cuntasaíochta.

    Airteagal 21

    Formáidí malartaithe sonraí agus faisnéis a ghabhann le tíolacthaí

    1.Cuirfidh institiúidí na sonraí isteach sna formáidí malartaithe sonraí agus na huiríll a shonraíonn na húdaráis inniúla agus tabharfaidh siad urraim do shainmhíniú pointe sonraí na samhla pointe sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIV agus do na foirmlí bailíochtaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn XV chomh maith leis na sonraíochtaí seo a leanas:

    (a)faisnéis nach bhfuil de cheangal a sholáthar nó nach infheidhme, ní chuirfear i dtíolacadh í;

    (b)cuirfear luachanna uimhriúla isteach mar a leanas:

    (i)déanfar pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí ‘Airgeadaíoch’ ag gabháil leo a thuairisciú trí úsáid a bhaint as beachtas íosta is ionann agus mílte aonad;

    (ii)déanfar pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí ‘Céatadán’ ag gabháil leo a shloinneadh in aghaidh an aonaid agus beachtas íosta acu is ionann agus ceithre dheachúil;

    (iii)déanfar pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí ‘Slánuimhir’ ag gabháil leo a thuairisciú trí úsáid a bhaint as beachtas íosta is ionann aonaid agus gan deachúla a úsáid;

    (c)is trína n‑Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI), agus ar an gcaoi sin amháin, a aithneofar institiúidí agus gnóthais árachais;

    (d) déanfar eintitis dhlítheanacha agus contrapháirtithe seachas institiúidí agus gnóthais árachais a shainaithint de réir a LEI, ach iad a bheith ar fáil.

    2.Cuirfidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas leis na sonraí a chuirfear isteach:

    (a)dáta tagartha maidir le tuairisc agus tréimhse thagartha;

    (b)airgeadra tuairiscithe;

    (c)caighdeán cuntasaíochta;

    (d)Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) na hinstitiúide tuairiscithe;

    (e)raon feidhme an chomhdhlúthaithe.

    Airteagal 22

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 680/2014 a aisghairm

    Aisghairtear Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014.

    Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 23

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 28 Meitheamh 2021.

    D’ainneoin an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag an gceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe le haghaidh institiúidí a shainaithnítear mar G-SIIanna dá bhforáiltear i dteimpléad 47 d’Iarscríbhinn X ón 1 Eanáir 2023.

    Scoirfidh Airteagail 9 agus 10 d’fheidhm a bheith acu an 26 Meitheamh 2026.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann an Choimisiúin

       An tUachtarán

       Ursula von der Leyen
       
       

    (1)    IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
    (2)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
    (3)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (IO L 191, 28.6.2014, lch. 1).
    (4)    Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).
    (5)    Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (IO L 111, 25.4.2019, lch. 4).
    (6)    Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).
    (7)    Rialachán (AE) 2020/873 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876 a mhéid a bhaineann le coigeartuithe áirithe mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 204, 26.6.2020, lch. 4).
    (8)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2020, lch. 12).
    (9)    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2016/101 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i leith luacháil stuama faoi Airteagal 105(14) (IO L 21, 28.1.2016, lch. 54).
    (10)    Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le feidhmiú caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).
    (11)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
    (12)    Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
    Top