Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L2121R(02)

Ceartúchán ar Threoir (AE) 2019/2121 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 321 Eagrán Speisialta Gaeilge an 12 Nollaig 2019)

ST/5165/2020/INIT

OJ L 36, 7.2.2020, pp. 13–13 (GA)

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/2121/corrigendum/2020-02-07/oj

7.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 36/13

Ceartúchán ar Threoir (AE) 2019/2121 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 321 Eagrán Speisialta Gaeilge an 12 Nollaig 2019 )

Ar leathanach 33, Airteagal 160e, ó phointe 9 ar aghaidh:

in ionad:

“9.

I gcás ina ndéantar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 4 agus nach bhfuil an roinn d’fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 ag teastáil faoi mhír 8, ní bheidh gá leis an tuarascáil.

10.

11.

Beidh míreanna 1 go 9 den Airteagal seo gan dochar do na cearta faisnéise agus comhairliúcháin is infheidhme agus do na nósanna imeachta dá bhforáiltear ar leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2002/14/EC agus Treoir 2009/38/EC a thrasuí.”,

léitear:

“9.

I gcás ina ndéantar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 4 agus nach bhfuil an roinn d’fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 ag teastáil faoi mhír 8, ní bheidh gá leis an tuarascáil.

10.

Beidh míreanna 1 go 9 den Airteagal seo gan dochar do na cearta faisnéise agus comhairliúcháin agus do na nósanna imeachta faisnéise agus comhairliúcháin is infheidhme dá bhforáiltear ar leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2002/14/EC agus Treoir 2009/38/EC a thrasuí.”.

Top