Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1724R(01)

    Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/ 2012 (IO L 295, 21.11.2018)

    ST/15739/2018/INIT

    OJ L 53, 22.2.2019, p. 17–21 (GA)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1724/corrigendum/2019-02-22/oj

    22.2.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    17


    Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/ 2012

    ( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 295 Eagrán Speisialta Gaeilge an 21 Samhain 2018 )

    Ar leathanach 6, aithris 27:

    in ionad:

    “…Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit faisnéis faoi na heisceachtaí sin agus na forais, agus imthosca faoinar féidir le na heisceachtaí sin a chur i bhfeidhm a chomhroinnt leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit eile.…”,

    léitear:

    “…Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit faisnéis faoi na heisceachtaí sin agus na forais, agus imthosca faoinar féidir leis na heisceachtaí sin a chur i bhfeidhm a chomhroinnt leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit eile.…”.

    Ar leathanach 7, aithris 28:

    in ionad:

    “…Leis an Rialachán seo ba cheart an dá nósanna imeachta sin a chumhdach.”,

    léitear:

    “…Leis an Rialachán seo ba cheart an dá nós imeachta sin a chumhdach.”.

    Ar leathanach 7, aithris 31:

    in ionad:

    “…Ba cheart do na seirbhísí a n-oibriú ar bhonn deonach na ceanglais cháilíochta sin a chomhlíonadh más é an aidhm atá acu ná go gcuirfí na seirbhísí sin ar fáil tríd an bpointe rochtana.…”,

    léitear:

    “…Ba cheart do na seirbhísí a oibrítear ar bhonn deonach na ceanglais cháilíochta sin a chomhlíonadh más é atá beartaithe na seirbhísí sin a chur ar fáil tríd an bpointe rochtana.…”.

    Ar leathanach 8, aithris 36:

    in ionad:

    “…Trí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas a dhaigniú agus a thabhairt i gcrích (2), gheall na Ballstáit agus an tAontas bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go mbeadh rochtain ann do dhaoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar theicneolaíochtaí agus ar chórais eile, lena n-áirítear an t-idirlíon trí rochtain ar fhaisnéis a éascú do dhaoine faoi mhíchumas intleachta, ag soláthar roghanna malartacha a mhéid is féidir agus go comhréireach i dteanga atá éasca le léamh.”,

    léitear:

    “…Trí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas a dhaingniú agus a thabhairt i gcrích (2), gheall na Ballstáit agus an tAontas, faoi seach, bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go mbeadh rochtain ann do dhaoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar theicneolaíochtaí agus ar chórais faisnéise agus cumarsáide nua, lena n-áirítear an t-idirlíon trí rochtain ar fhaisnéis a éascú do dhaoine faoi mhíchumas intleachta, ag soláthar roghanna malartacha a mhéid is féidir agus go comhréireach i dteanga atá éasca le léamh.”.

    Ar leathanach 8, aithris 37:

    in ionad:

    “…Maidir leis na téarmaí so-bhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinsithe, moltar don Choimisiún na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a chomhlíonadh.”,

    léitear:

    “…Maidir leis na téarmaí inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinsithe, moltar don Choimisiún na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a chomhlíonadh.”.

    Ar leathanach 9, aithris 42:

    in ionad:

    “…Anuas ar sin ba cheart do chur chun feidhme an Rialacháin sin prionsabail na slándála trí dhearadh agus na príobháideachta trí dhearadh a chomhlíonadh ina n-iomláine, agus ba cheart go ndéanfaí cearta bunúsacha an duine aonair a urramú freisin, lena n-áirítear na cearta a bhaineann le cothroime, agus trédhearcacht.”,

    léitear:

    “…Anuas air sin ba cheart do chur chun feidhme an Rialacháin sin prionsabail na slándála trí dhearadh agus na príobháideachta trí dhearadh a chomhlíonadh ina n-iomláine, agus ba cheart go ndéanfaí cearta bunúsacha an duine aonair a urramú freisin, lena n-áirítear na cearta a bhaineann le cothroime, agus trédhearcacht.”.

    Ar leathanach 12, aithris 64:

    in ionad:

    “Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha a leagan síos maidir leis an modh um staidreamh úsáideoirí a bhailiú agus a mhalartú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”,

    léitear:

    “Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha a leagan síos maidir le modh bailithe agus malartaithe staidreamh faoi úsáideoirí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”.

    Ar leathanach 12, aithris 65:

    in ionad:

    “…Maidir leis na fadhbanna a eascraíonn as an bhfaisnéis, na príomhstaitisticí úsáideora agus an príomh-staidreamh úsáideoirí a bhailítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún, i bhfoirm anaithnid foramhairc, iad a fhoilsiú ar líne.”,

    léitear:

    “…Maidir leis na fadhbanna a eascraíonn as an bhfaisnéis, na príomhstaidrimh faoi úsáideoirí agus an príomh-aiseolas ó úsáideoirí a bhailítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún, i bhfoirm anaithnid foramhairc, iad a fhoilsiú ar líne.”.

    Ar leathanach 12, aithris 66:

    in ionad:

    “…Ba cheart an t-ionchur a gheofar a chomhcheangal le faisnéis chomhiomlán ó sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna maidir leis na cásanna ar dhéileáil siad leo, arb é an toradh a bheadh air sin go gcruthófaí forbhreathnú ar an margadh inmheánach mar a fheiceann a chuid úsáideoirí é agus go sainaithneofaí réimsí deacrachta do ghníomhartha a d'fhéadfaí a dhéanamh sa todhchaí chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Ba cheart an réamhamharc sin a nascadh le huirlisí tuairiscithe atá ann cheana amhail scórchlár an mhargaidh aonair.”,

    léitear:

    “…Ba cheart an t-ionchur a gheofar a chomhcheangal le faisnéis chomhiomlán ó sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna maidir leis na cásanna ar dhéileáil siad leo, arb é an toradh a bheadh air sin go gcruthófaí forbhreathnú ar an margadh inmheánach mar a fheiceann a chuid úsáideoirí é agus go sainaithneofaí réimsí deacrachta do ghníomhartha a d'fhéadfaí a dhéanamh sa todhchaí chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Ba cheart an forbhreathnú sin a nascadh le huirlisí tuairiscithe atá ann cheana, amhail Scórchlár an Mhargaidh Aonair.”.

    Ar leathanach 13, aithris 68:

    in ionad:

    “Ba cheart grúpa comhordaithe an phointe rochtana a bheidh comhdhéanta de na comhordaitheoirí náisiúnta agus a bheidh faoi chathaoirleacht ag an gCoimisiún a bhunú chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, go háirithe trí dhea-chleachtais a mhalartú agus trí obair le chéile chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht atá ann i gcur i láthair faisnéise, rud a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart na cuspóirí a leagtar amach sa chlár oibre bliantúil a chur san áireamh in obair an ghrúpa comhordaithe an phointe rochtana, clár is ceart don Choimisiún a chur faoi bhráid an ghrúpa comhordaithe lena mheas. Ba cheart an clár oibre bliantúil a bheith i bhfoirm treoirlínte nó moltaí nach mbeadh éifeacht cheangailteach acu ar na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe na Parlaiminte freastal ar chruinniú ghrúpa comhordaitheoirí an phointe rochtana.”,

    léitear:

    “Ba cheart grúpa comhordaithe an phointe rochtana a bheidh comhdhéanta de na comhordaitheoirí náisiúnta agus a bheidh faoi chathaoirleacht ag an gCoimisiún a bhunú chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, go háirithe trí dhea-chleachtais a mhalartú agus trí obair le chéile chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht atá ann i gcur i láthair faisnéise, rud a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart na cuspóirí a leagtar amach sa chlár oibre bliantúil a chur san áireamh in obair ghrúpa comhordaithe an phointe rochtana, clár is ceart don Choimisiún a chur faoi bhráid an ghrúpa comhordaithe lena mheas. Ba cheart an clár oibre bliantúil a bheith i bhfoirm treoirlínte nó moltaí nach mbeadh éifeacht cheangailteach acu ar na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe na Parlaiminte freastal ar chruinniú ghrúpa comhordaitheoirí an phointe rochtana.”.

    Ar leathanach 14, aithris 74:

    in ionad:

    “…Ba cheart go dtabharfaí suas le 4 bliana do na húdaráis bhardasacha tar éis an teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo chun an ceanglas maidir le faisnéis a sholáthar i ndáil le rialacha, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna faoi chuimsiú a bhfreagrachta.…”,

    léitear:

    “…Ba cheart go dtabharfaí suas le 4 bliana do na húdaráis bhardasacha tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo chun an ceanglas maidir le faisnéis a sholáthar i ndáil leis na rialacha, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a thagann faoi chuimsiú a bhfreagrachta.…”.

    Ar leathanach 14, Airteagal 1, pointe 3:

    in ionad:

    “…Anuas ar sin ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar na bearta a ghlacfar i gcomhréir le dlí an Aontais chun an chibearshlándáil a chosaint agus an chalaois a chosc.”,

    léitear:

    “…Anuas air sin ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar na bearta a ghlacfar i gcomhréir le dlí an Aontais chun an chibearshlándáil a chosaint agus an chalaois a chosc.”.

    Ar leathanach 16, Airteagal 6, pointe 2 (c):

    in ionad:

    “…nó i gcás inar gá sin chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachadadh trí mhodhanna fisiceacha; agus”,

    léitear:

    “…nó i gcás inar gá sin chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, a sholáthar trí mhodhanna fisiceacha; agus”.

    Ar leathanach 17, Airteagal 7, pointe 3:

    in ionad:

    “I gcás inar gás gá chun freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí, féadfaidh an comhordaitheoir náisiúnta a mholadh don Choimisiún go n-áireofaí naisc sa phointe rochtana chuig seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a soláthraíonn eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha iad, i gcás ina gcomhlíonann a seirbhísí na coinníollacha seo a leanas:”,

    léitear:

    “I gcás inar gá sin chun freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí, féadfaidh an comhordaitheoir náisiúnta a mholadh don Choimisiún go n-áireofaí naisc sa phointe rochtana chuig seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a soláthraíonn eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha iad, i gcás ina gcomhlíonann a seirbhísí na coinníollacha seo a leanas:”.

    Ar leathanach 18, Airteagal 9, pointe 1 (a):

    in ionad:

    “tá sí soláimhsithe, a chuirfidh ar chumas an úsáideora faisnéis a aimsiú go héasca, na codanna den fhaisnéis atá ábhartha dá chás féin a shainaithint go héasca agus an fhaisnéis ábhartha a thuiscint go héasca;”,

    léitear:

    “tá sí soláimhsithe, rud a chuirfidh ar chumas na n-úsáideoirí faisnéis a aimsiú go héasca, na codanna den fhaisnéis atá ábhartha dá chás féin a shainaithint go héasca agus an fhaisnéis ábhartha a thuiscint go héasca;”.

    Ar leathanach 19, Airteagal 10, pointe 1(h):

    in ionad:

    “aon rialacha a bhaineann leis an easpa freagartha ón údarás inniúil agus na hiarmhairtí dlíthiúla d'úsáideoirí de bharr, lena n-áirítear socruithe intuigthe formheasa nó socruithe tosta riaracháin;”,

    léitear:

    “aon rialacha a bhaineann leis an easpa freagartha ón údarás inniúil agus na hiarmhairtí dlíthiúla d'úsáideoirí de bharr na rialacha sin, lena n-áirítear socruithe intuigthe formheasa nó socruithe tosta riaracháin;”.

    Ar leathanach 19, Airteagal 10, pointe 2:

    in ionad:

    “I gcás nach bhfuil aon socruithe intuigthe formheasa, socruithe tosta riaracháin nó socruithe comhchosúla ann, cuirfidh na húdaráis inniúla na húsáideoirí ar an eolas, i gcás inarb infheidhme, faoi aon mhoill agus faoi aon fhadú spriocdhátaí nó faoi aon iarmhairtí na nithe sin.”,

    léitear:

    “I gcás nach bhfuil aon socruithe intuigthe formheasa, socruithe tosta riaracháin nó socruithe comhchosúla ann, cuirfidh na húdaráis inniúla na húsáideoirí ar an eolas, i gcás inarb infheidhme, faoi aon mhoill agus faoi aon spriocdhátaí a fhadaítear nó faoi aon iarmhairtí a bhaineann leis an méid sin.”.

    Ar leathanach 19, Airteagal 12, pointe 1:

    in ionad:

    “I gcás nach gcuireann Ballstát an fhaisnéis, na mínithe agus na treoracha a leagtar amach in Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus i pointe (a) d'Airteagal 13(2) ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, iarrfaidh an Ballstát sin don Choimisiún aistriúcháin sa teanga sin a sholáthar, laistigh de theorainneacha an bhuiséid an Aontais a bheidh le fáil dá dtagraítear i pointe (c) d'Airteagal 32(1).”,

    léitear:

    “I gcás nach gcuireann Ballstát an fhaisnéis, na mínithe agus na treoracha a leagtar amach in Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus i pointe (a) d'Airteagal 13(2) ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, iarrfaidh an Ballstát sin ar an gCoimisiún aistriúcháin sa teanga sin a sholáthar, laistigh de theorainneacha bhuiséad an Aontais a bheidh le fáil dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 32(1).”.

    Ar leathanach 20, Airteagal 12, pointe 4:

    in ionad:

    “…I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3 maidir le rogha teanga eile den chineál sin, féadfaidh sé an iarraidh a dhiúltú agus an Ballstát a chur ar an eolas faoi na cúiseanna de.”,

    léitear:

    “…I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3 maidir le rogha teanga eile den chineál sin, féadfaidh sé an iarraidh a dhiúltú agus an Ballstát a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an méid sin.”.

    Ar leathanach 21, Airteagal 14, pointe 5:

    in ionad:

    “…Tá an fhéidearthacht réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise gan dochar don oibleagáid faisnéis faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679 a sholáthrú.”,

    léitear:

    “…Tá an fhéidearthacht réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise gan dochar don oibleagáid faisnéis faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679 a sholáthar.”.

    Ar leathanach 24, Airteagal 23, pointe 4:

    in ionad:

    “Cuirfidh na comhordaitheoirí náisiúnta an pointe rochtana chun cinn laistigh do na húdaráis náisiúnta.”,

    léitear:

    “Cuirfidh na comhordaitheoirí náisiúnta an pointe rochtana chun cinn do na húdaráis inniúla náisiúnta.”.

    Ar leathanach 25, teideal an Airteagail:

    in ionad:

    “Staidreamh úsáideoirí”,

    léitear:

    “Staidreamh faoi úsáideoirí”.

    Ar leathanach 25, Airteagal 24, pointe 3 (c):

    in ionad:

    “sonraí maidir le hinúsáidteacht, infhaighteacht agus cáilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta, agus na seirbhísí réitigh fadhbanna.”,

    léitear:

    “sonraí maidir le hinúsáidteacht, infhaighteacht agus cáilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta, agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna.”.

    Ar leathanach 25, Airteagal 24, pointe 4:

    in ionad:

    “Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos modh bailithe agus malartaithe an staidreamh úsáideora dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).”,

    léitear:

    “Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos modh bailithe agus malartaithe an staidreamh faoi úsáideoirí dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).”.

    Ar leathanach 26, Airteagal 28, pointe 1:

    in ionad:

    “Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta. De bhreis ar na hoibleagáidí atá orthu i gcomhréir le hAirteagail 7, 19, 20, 23 agus 25, déanfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta na nithe seo a leanas:”,

    léitear:

    “Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta. De bhreis ar na hoibleagáidí atá orthu i gcomhréir le hAirteagail 7, 17, 19, 20, 23 agus 25, déanfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta na nithe seo a leanas:”.

    Ar leathanach 27, Airteagal 31, pointe 1(a):

    in ionad:

    “gníomhartha chun feabhas a chur le cur i láthair faisnéise laistigh de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus chun cur chun feidhme tráthúil na gceanglas i dtaca le faisnéis a sholáthar ag údaráis inniúla ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar leibhéal an bhardais, a áirithiú;”,

    léitear:

    “gníomhaíochtaí chun feabhas a chur le cur i láthair faisnéise laistigh de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus gníomhaíochtaí chun cur chun feidhme tráthúil an cheanglais i dtaca le faisnéis a sholáthar ag údaráis inniúla ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar leibhéal an bhardais, a éascú;”.

    Ar leathanach 27, Airteagal 31, pointe 2:

    in ionad:

    “Le linn dó an dréachtchlár oibre bliantúil a ullmhú, déanfaidh an Coimisiún an staidreamh úsáideoirí agus an t-aiseolas ó úsáideoirí a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25 a chur san áireamh, chomh maith le haon mholtaí a rinne na Ballstáit. Sula nglacfar é, cuirfidh an Coimisiún an dréachtchlár oibre bliantúil faoi bhráid an ghrúpa comhordaithe an phointe rochtana lena phlé.”,

    léitear:

    “Le linn dó an dréachtchlár oibre bliantúil a ullmhú, déanfaidh an Coimisiún an staidreamh faoi úsáideoirí agus an t-aiseolas ó úsáideoirí a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25 a chur san áireamh, chomh maith le haon mholtaí a rinne na Ballstáit. Sula nglacfar é, cuirfidh an Coimisiún an dréachtchlár oibre bliantúil faoi bhráid ghrúpa comhordaithe an phointe rochtana lena phlé.”.

    Sa Rialachán seo tríd síos, cuirtear an leagan cuí gramadaí den fhocal “tairseach” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “pointe rochtana”, agus déantar cibé oiriúnaithe gramadaí is gá de bharr an athruithe sin.


    Top