This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Caomhnú agus Bainistiú
Speicis mhuirí a chosaint
Breathnóirí eolaíochta ar shoithigh spiléir
Ní mór do Bhallstáit a áirithiú go bhfuil breathnóir eolaíochta ar bord soitheach spiléir, chun 5% den iarracht iascaireachta a dhéanann soithí níos faide ná 20 méadar a chumhdach, a choinníonn taifead ar ghabhálacha speiceas éasc roghnaithe, ar chomhdhéanamh speiceas agus ar aon fhaisnéis bhitheolaíoch eile atá ar fáil chomh maith le taifead a choinneáil ar aon idirghíomhaíocht le speicis nach spriocspeicis iad, amhail turtair mhara, éin mhara agus siorcanna. Áirítear leis an rialachán seo rialacha mionsonraithe chun sábháilteacht an bhreathnóra a áirithiú.
Ceanglais maidir le soithí
Sonraí ar ghabhálacha
Ní mór do Bhallstáit sonraí ar ghabhálacha a thuairisciú don Choimisiún go bliantúil le haghaidh speicis a chumhdaítear faoin gCoinbhinsiún, agus baineann rialacha speisialta maidir le tuairisciú ar thuinnín mórshúileach a ghabhtar le báid pheas-saighne agus le bháid bhaoite.
Tá feidhm leis ón 15 Feabhra 2021.
Thug AE an Coinbhinsiún i gcrích in 2006 mar pháirtí conartha de chuid Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (féach achoimre).
Féach chomh maith:
Rialachán (AE) 2021/56 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2021 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 24, 26.1.2021, lgh. 1-18)
Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lgh. 1-32)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena leagtar síos bearta teicniúla is infheidhme le haghaidh caomhnú stoc áirithe de speicis mhórimirceacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, 12.5.2007, lgh. 3-13)
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh 2006/539/CE ón gComhairle an 22 Bealtaine 2006 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce a Neartú (IO L 224, 16.8.2006, lgh. 22-23)
An Coinbhinsiún chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce a Neartú (Coinbhinsiún Antigua) (IO L 224, 16.8.2006, lgh. 24-42)
Cinneadh 2005/26/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce a Neartú (“Coinbhinsiún Antigua”) (IO L 15, 19.1.2005, lch. 9)
Rialachán (AE) Uimh. 1185/2003 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord árthaí (IO L 167, 4.7.2003, lgh. 1-3)
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige agus an Chomhaontaithe an 28 Iúil 1994 a bhaineann le Cuid XI de a chur chun feidhme (IO L 179, 23.6.1998, lgh. 1-2)
Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus maidir le Cuid XI de a Chur Chun Feidhme (Coinbhinsiún Bhá Montego) (IO L 179, 23.6.1998, lgh. 3-134)
Nuashonraithe 09.04.2021