Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Idir-inoibritheacht feidhmchlár teileamaitice le haghaidh lasta an chórais iarnróid in AE

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 — sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann leis na feidhmchláir theilceamaitice le haghaidh fhochóras lasta an chórais iarnróid san Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann leis na “feidhmchláir theilceamaitice le haghaidh fhochóras lasta” an chórais iarnróid in AE.
  • Aisghairtear leis Rialachán (CE) Uimh. 62/2006.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht (STIanna)

  • Ciallaíonn idir-inoibritheacht acmhainn córais iarnróid gluaiseacht shábháilte gan cur isteach traenacha a éascú agus na leibhéil feidhmíochta is gá á gcomhlíonadh acu.
  • Sainítear le STIanna na caighdeáin theicniúla agus oibriúcháin nach mór do gach fochóras nó gach cuid den fhochóras a chomhlíonadh chun na ceanglais riachtanacha a chomhlíonadh agus idir-inoibritheacht le córas iarnróid AE a áirithiú.
  • Le haghaidh gach fochórais, ní mór na ceanglais riachtanacha a shainiú agus na sonraíochtaí teicniúla a chinneadh, go háirithe maidir le codanna agus comhéadain, chun na ceanglais riachtanacha sin a chomhlíonadh.
  • Áirítear le ceanglais riachtanacha:
    • sábháilteacht;
    • iontaofacht agus infhaighteacht;
    • an tsláinte;
    • cosaint an chomhshaoil;
    • comhoiriúnacht theicniúil;
    • inrochtaineacht.

Feidhmchláir theilceamaitice le haghaidh seirbhísí lasta

  • Tá fochóras na bhfeidhmchlár teilceamaitice le haghaidh seirbhísí paisinéirí agus seirbhísí lasta araon sainithe i dTreoir 2008/57/CE (féach an achoimre maidir le Comhoiriúnacht chórais iarnróid AE a áirithiú).
  • Le Treoir (AE) 2016/798 aisghairtear Treoir 2008/57/CE agus gabhann sí ina ionad na treorach sin ón (féach an achoimre maidir le sábháilteacht iarnróid ar fud AE).
  • Áirítear le feidhmchláir theilceamaitice le haghaidh seirbhísí lasta:
    • córais faisnéise (monatóireacht fíor-ama ar lasta agus ar thraenacha);
    • córais cur in eagar agus leithdháilte;
    • córais áirithinte, íocaíochta agus sonrascaithe;
    • bainistíocht ar cheangail le modhanna eile iompair;
    • soláthar doiciméad leictreonacha tionlacain.

Raon feidhme

Clúdaítear sa rialachán:

  • sainmhíniú ar fhochóras agus ar raon feidhme;
  • ceanglais riachtanacha;
  • saintréithe an fhochórais;
  • comhpháirteanna idir-inoibritheachta;
  • measúnú ar an gcomhréireacht/oiriúnacht maidir le húsáid na gcomhpháirteanna agus seiceálacha ar an bhfochóras;
  • cur chun feidhme — arna dhéanamh ag Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/278 leasaítear iarscríbhinní teicniúla (Iarscríbhinn D2 go hIarscríbhinn E) an rialacháin maidir le

  • struchtúr na dteachtaireachtaí a mhalartaítear idir Gnóthais Iarnróid agus Bainisteoirí Bonneagair;
  • samhail na sonraí agus na dteachtaireachtaí;
  • na meiteashonraí maidir le Bunachar Sonraí Oibriúcháin na Vaigíní agus an Aonaid Ilmhodúil; agus
  • sainítear an caighdeán TF le haghaidh shraith chumarsáide an Chomhéadain Choitinn1 a úsáidtear chun teachtaireachtaí a mhalartú idir na hoibreoirí thuasluaite (Gnóthais Iarnróid agus Bainisteoirí Bonneagair).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Comhéadan Coiteann: uirlis theicniúil a thacaíonn le malartú comh-inoibritheach na dteachtaireachtaí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 ón gCoimisiún an maidir leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann leis na feidhmchláir theilceamaitice le haghaidh fhochóras lasta an chórais iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) 62/2006 (IO L 356, , lgh. 438-488)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top