EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ciste Sóisialta na hEorpa Plus — CSE+ (2021–2027)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/1057 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an Rialachán Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus leagtar síos leis cuspóirí an chiste, a bhuiséad le haghaidh 2021–2027, na modhanna cur chun feidhme, na cineálacha maoinithe ón Aontas Eorpach (AE) agus na rialacha chun an maoiniú sin a sholáthar.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhtháthaítear lei CSE+ Ciste Sóisialta na hEorpa roimhe seo, an tionscnamh um fhostaíocht don aos óg, an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí agus clár AE um fhostaíocht agus um nuálaíocht shóisialta.

Snáitheanna

Cuimsítear dhá shnáithe sa CFS+:

  • an snáithe um bainistíocht chomhroinnte* ; agus
  • an snáithe fostaíochta agus nuálaíochta sóisialta (EaSI) faoi bhainistíocht dhíreach* nó faoi bhainistíocht indíreach*.

Cuspóirí

Tá dhá chuspóir ghinearálta le CSE+.

  • Cuidiú le Ballstáit agus réigiúin AE leibhéil arda fostaíochta, cosaint shóisialta chóir agus lucht saothair oilte athléimneach a bheidh réidh don todhchaí a bhaint amach, chomh maith le sochaithe cuimsitheacha agus cothroma a bhfuil sé mar aidhm acu deireach a chur leis an mbochtaineacht agus na prionsabail atá leagtha amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach.
  • Tacú le beartais na mBallstát, iad a chomhlánú agus breisluach a chur leo, chun comhdheiseanna, rochtain chomhionann ar mhargadh an tsaothair, dálaí oibre cothroma ar ardchaighdeán, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta a áirithiú.

Réimsí tosaíochta

Díreofar CSE+ ar roinnt réimsí tosaíochta, lena n–áirítear:

  • tacú le daoine óga a ndeachaigh an ghéarchéim shocheacnamaíoch arna spreagadh ag paindéim COVID-19 i bhfeidhm go mór orthu trí acmhainní a sholáthar chun cabhrú leo cáilíocht, post ardchaighdeáin a fháil agus feabhas a chur ar a gcuid oideachais agus a gcuid scileanna;
  • cuidiú le leanaí i ngátar trí acmhainní a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe a dhírítear ar bhochtaineacht leanaí a chomhrac agus tacú leis na daoine is leochailí sa tsochaí a chaill a bpost agus a bhfuil a n–ioncam laghdaithe, lena n–áirítear le soláthar bia agus cúnamh bunúsach ábhartha do na daoine is díothaí;
  • athoiliúint agus uasoiliúint a chur ar dhaoine maidir leis an aistriú go geilleagar glas agus geilleagar digiteach agus caighdeán na gcóras oideachais agus oiliúna a fheabhsú;
  • comhionannas inscne, comhdheiseanna agus neamh–idirdhealú a chur chun cinn;
  • acmhainní a fhorbairt do chomhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta;
  • nuálaíocht shóisialta a chur chun cinn ar fud an Aontais Eorpaigh trí chomhar trasnáisiúnta;
  • tacaíocht dhíreach a sholáthar don nuálaíocht shóisialta trí shnáithe EaSI.

Leithdháileadh acmhainní

Cuimsítear an rialachán íoscheanglais áirithe maidir le leithdháileadh acmhainní bainistíochta comhroinnte CSE+ ag na Ballstáit:

  • 25 % ar a laghad chun cuimsiú sóisialta a chothú;
  • 3 % ar a laghad chun tacú leis na daoine is díothaí;
  • Ní mór do Bhallstáit a raibh a meánráta de leanaí a bhí i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta le haghaidh 2017–2019 os cionn mheán an Aontais Eorpaigh 5 % ar a laghad dá n–acmhainní a leithdháileadh chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí;
  • Ní mór do Bhallstáit a raibh a meánráta de dhaoine óga idir 15 agus 29 bliain d’aois nach raibh i bhfostaíocht, oideachas nó oiliúint in 2017–2019 os cionn mheán an Aontais Eorpaigh 12.5 % ar a laghad dá gcuid acmhainní a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus athchóirithe struchtúracha chun tacú le fostaíocht don aos óg, leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint, go háirithe printíseachtaí, agus an t–aistriú ón scoil go dtí an obair, bealaí chun athimeascadh san oideachas nó san oiliúint agus oideachas an dara deis, go háirithe i gcomhthéacs scéimeanna a chur chun feidhme faoin ráthaíocht don aos óg.

Buiséad agus bainistíocht

  • Tá buiséad díreach faoi EUR 88 billiún (praghsanna 2018) leis an CSE+ le haghaidh 2021–2027.
  • Leithdháiltear formhór an mhaoinithe (EUR 87.3 billiún i bpraghsanna 2018) faoi CSE+ faoin snáithe bainistíochta comhroinnte leis na Ballstáit. Déanfaidh údaráis bhainistíochta CSE+ i ngach Ballstát an t–airgead a dháileadh ar thionscadail ábhartha arna reáchtáil ag réimse eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha.
  • Bainistíonn an Coimisiún Eorpach sciar níos lú go díreach (thart ar EUR 676 milliún i bpraghsanna 2018) faoin snáithe EaSI.
  • Chun dlús a chur faoin aistriú agus méadú réiteach nuálach a éascú, leithdháiltear EUR 175 milliún le haghaidh comhar trasnáisiúnta.
  • Tá rialacha comhchoiteanna AE maidir le bainistíocht cistí, is infheidhme maidir le gach ciste beartais comhtháthaithe, leagtha amach i Rialachán (AE) 2021/1060 (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis go páirteach, maidir le snáithe EaSI, ón 1 Eanáir 2021, agus tá feidhm leis go hiomlán ón 1 Iúil 2021.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bainistíocht chomhroinnte: cuireann an tAontas Eorpach de chúram ar na Ballstáit cláir a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Roghnaíonn lucht riaracháin na mBallstát (ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil) na tionscadail a mhaoineofar agus tá siad freagrach as a ngnáthbhainistíocht laethúil. Tá an Ballstát freagrach go príomha as córas bainistíochta agus rialaithe a chur ar bun agus as neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú. Ag obair i gcomhar leis na Ballstáit, áirithíonn an Coimisiún go gcuirfear na tionscadail i gcrích go rathúil, agus go bhfaighfear luach ar airgead.
Bainistíocht dhíreach: seolann an Coimisiún Eorpach na gairmeacha ar thograí chun deontais a dhámhachtain i leith tionscadal agus na gairmeacha ar thairiscintí chun conarthaí seirbhíse agus/nó soláthair a dhámhachtain.
Bainistíocht indíreach: roghnaíonn an Coimisiún Eorpach údarás bainistíochta chun an tionscadal lena mbaineann a bhainistiú thar a cheann.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE+) agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 21-59)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/1060 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim Airgeadais um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 159-706)

Nuashonraithe 04.08.2021

Top