EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sainmhíniú ar an margadh ábhartha

 

ACHOIMRE AR:

Fógra ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar an margadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail

CAD IS AIDHM LEIS AN BHFÓGRA?

Féachtar leis le treoir a sholáthar do chuideachtaí agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le cur chuige an Choimisiúin Eorpaigh i ndáil le sainmhíniú ar an margadh — an chéad chéim ríthábhachtach i measúnú an Choimisiúin i go leor cásanna in aghaidh trustaí agus cásanna cumaisc.

PRÍOMHPHOINTÍ

I gcás go meastar go ndearnadh rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh (AE) a shárú, is é an margadh ábhartha an chéad ghné a bhreithneofar. Ciallaíonn sainiú an mhargaidh ábhartha raon feidhme na rialacha iomaíochta a chinneadh i ndáil le cleachtais shriantacha agus mí–úsáidí ceannasachta (Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 — féach an achoimre), chomh maith le raon feidhme na reachtaíochta um chumasc (Rialachán (CE) ) Uimh. 139/2004 — féach an achoimre).

De mheon na trédhearcachta, mínítear leis an bhfógra na modhanna a úsáideann an Coimisiún chun margadh ábhartha a shainiú de réir an cháis. Féadfar an anailís sin, ina gcuimsítear táirge agus gnéithe geografacha an mhargaidh ábhartha, a úsáid lena dhearbhú an bhfuil iomaitheoirí iarbhír ann atá ábalta iompar na ngnóthas lena mbaineann a shrianadh agus méid na fíor–iomaíochta ar an margadh a mheas.

An margadh ábhartha a shainiú

Comhcheanglaítear sa mhargadh ábhartha an margadh táirgí agus an margadh geografach, a shainítear mar seo a leanas.

  • Cuimsítear i margadh táirgí ábhartha na táirgí agus/nó na seirbhísí sin go léir a mheasann an tomhaltóir go bhfuil siad inmhalartaithe nó ionadach mar gheall ar shaintréithe na dtáirgí, a bpraghsanna agus an úsáid atá beartaithe dóibh.
  • Cuimsítear i margadh geografach ábhartha an limistéar ina bhfuil na gnóthais lena mbaineann páirteach i soláthar táirgí nó seirbhísí agus ina bhfuil na coinníollacha iomaíochta cosúil go leor lena chéile.

Anailís chun an margadh ábhartha a shainiú

Shainaithin an Coimisiún roinnt critéar a chuideoidh leis anailís a dhéanamh ar iompar gnóthas sa mhargadh agus ar choinníollacha sonracha an mhargaidh ábhartha. D’fhéadfadh torthaí difriúla a bheith mar thoradh ar an modheolaíocht sin, áfach, ag brath ar chineál na hiomaíochta atá i gceist. Dá réir sin, teastaíonn anailís struchtúrtha atá solúbtha go leor freisin chun cúinsí aonair a chur san áireamh.

I réamhanailís, déanann an Coimisiún iarracht margadh na dtáirgí a shainiú trína imscrúdú an mbaineann dhá tháirge leis an margadh céanna. Déanann sé iarracht chomh maith an margadh geografach a dhearbhú trí fhorléargas a sholáthar ar mhiondealú na scaireanna margaidh atá ag na páirtithe lena mbaineann agus ag a n–iomaitheoirí, na praghsanna a ghearrtar agus aon difríochtaí sna praghsanna.

Nuair a shaineofar an margadh táirgí agus an margadh geografach, déanfaidh an Coimisiún anailís níos mionsonraithe bunaithe ar choincheap na hinionadaitheachta. Ní mór do ghnóthais atá faoi réir córas iomaíoch dhá mhórshrian a urramú: ionadú éilimh agus ionadú soláthair. Beidh margadh iomaíoch más féidir le custaiméirí rogha a dhéanamh idir raon táirgí a bhfuil na tréithe céanna acu agus mura bhfuil bacainní le sárú ag an soláthraí maidir le táirgí nó seirbhísí a sholáthar ar an margadh sin.

Leis an gcritéar inionadaitheachta féadfar taighde a dhíriú ar aon táirgí ionaid, rud a fhágann gur féidir an margadh táirgí agus an margadh geografach ábhartha a shainiú le níos mo cinnteachta. Sa chéim dheiridh amháin a dhéantar anailís ar an margadh ábhartha chun méid an chomhtháthaithe i margaí an Aontais Eorpaigh a dhearbhú.

Déanann an Coimisiún, dá réir sin, measúnú ar inionadaitheacht thaobh an éilimh (i.e. custaiméirí) agus ar inionadaitheacht thaobh an tsoláthair (i.e. soláthraithe). Sa chéad chás, is í an cheist an féidir le custaiméirí don táirge lena mbaineann aistriú go táirge comhchosúil mar fhreagairt ar mhéadú beag ach buan ar an bpraghas (idir 5 % agus 10 %). Sa dara cás, is í an cheist an féidir le soláthraithe eile táirgeadh a aistriú go héasca chuig na táirgí ábhartha agus iad a dhíol ar an margadh ábhartha.

Leis an gcritéar inionadaitheachta sin, áfach, ní chuirtear san áireamh na coinníollacha faoina bhfeidhmíonn na gnóthais lena mbaineann. Dá bhrí sin is gá, mar shampla, na coinníollacha rochtana ar an margadh sainithe a scrúdú. Maidir leis sin, déanann an Coimisiún measúnú ar ghné an táirge agus ar ghné gheografach an mhargaidh ábhartha, agus na gnéithe seo a leanas á gcur san áireamh.

  • Le fíordhéanaí. I gcásanna áirithe, féadfar anailís a dhéanamh ar fhianaise a bhaineann le hathruithe praghsanna le déanaí, mar shampla i gcomhthéacs inionadaitheachta idir dhá tháirge nó i gcomhthéacs fhreagairt an chustaiméara.
  • Torthaí staidéar sonrach. Féadfar measúnú a dhéanamh ar leaisteachas an éilimh* le haghaidh táirge trí thástálacha eacnaiméadracha agus staidrimh. Tá sé úsáideach chomh maith measúnú a dhéanamh ar an margadh geografach ar bhonn tosca a imríonn tionchar acu ar roghanna áitiúla (amhail cultúr, teanga, etc.).
  • Dearcthaí na gcustaiméirí agus na n–iomaitheoirí. Féadfaidh an Coimisiún teagmháil a dhéanamh le príomhchustaiméirí agus iomaitheoirí an ghnóthais lena mbaineann chun fianaise fhíorasach a bhailiú agus measúnú a dhéanamh ar a bhfreagairt i gcás athruithe praghsanna laistigh den limistéar geografach.
  • Roghanna na gcustaiméirí.: Féadfaidh an Coimisiún an staidéar ar an margadh a rinne siad sular sheol siad an táirge ar an margadh nó a phraghas a shocrú a iarraidh ar na gnóthais lena mbaineann. Féadfaidh sé freisin nósanna ceannaigh na gcustaiméirí ar an margadh ábhartha a chur i gcomparáid le nósanna custaiméirí eile ar mhargadh geografach ar leith i gcás ina bhfuil coinníollacha comhchosúla i réim.
  • Bacainní (bacainní rialála nó eile) agus costais a bhaineann le héileamh a aistriú go dtí táirgí nó limistéir eile.
  • Catagóirí éagsúla custaiméara agus idirdhealú praghais. D’fhéadfadh sé go mbeadh grúpa custaiméirí ar leith don táirge ábhartha ann féin ina mhargadh ar leith níos cúinge agus i gcás go bhféadfaí idirdhealú praghais a dhéanamh ar ghrúpa dá leithéid.

Mar chéim dheiridh, cuireann an Coimisiún san áireamh an próiseas maidir le comhtháthú an mhargaidh agus an dóigh a bhféadfadh bearta chun bacainní ar thrádáil a bhaint agus chun margadh comhtháite Eorpach a chruthú tionchar a bheith acu ar iomaíocht i margadh geografach ar leith.

Sula dtiocfaidh sé ar a chonclúidí, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na príomhghnóthais san earnáil maidir le teorainneacha an mhargaidh táirgí agus an mhargaidh gheografaigh. Nuair is iomchuí, féadfaidh sé iniúchadh a dhéanamh ar an láthair.

Sciar den mhargadh a ríomh

Tríd an margadh ábhartha a shainiú, de réir a ghnéithe táirge agus geografacha araon, féadfar na hoibreoirí margaidh (soláthraithe, custaiméirí, tomhaltóirí) a shainaithint. Ar an mbonn sin, is féidir méid iomlán an mhargaidh agus sciar margaidh gach soláthraí ríomh faoi threoir a ndíolachán den táirge ábhartha sa limistéar ábhartha

Cuidíonn meastacháin cuideachtaí, staidéar arna choimisiúnú ag comhairleoirí tionscail nó cumainn trádála agus figiúirí láimhdeachais cuideachtaí le méid iomlán an mhargaidh agus sciar margaidh gach soláthraí a ríomh. Cé go mbaintear úsáid de ghnáth as díolacháin mar an bonn chun scaireanna margaidh a ríomh, tá tásca eile ann trína féidir faisnéis úsáideach a fháil, ag brath ar an táirge nó an tionscal sonrach lena mbaineann, amhail acmhainn agus líon na n–imreoirí i margaí tairisceana, etc.

CÚLRA

I gcomhréir le prionsabail na Rialála níos Fearr, rinne an Coimisiún measúnú ar fheidhmiú a fhógra maidir leis an sainmhíniú ar an margadh in 1997 agus, i mí Iúil 2021, d’eisigh sé tuarascáil ar a thorthaí.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Leaisteachas praghais éilimh. A mhéid a fhreagraíonn an t-éileamh d’athrú do thosca amhail praghas, leibhéal ioncaim, nó infhaighteacht ionad.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Fógra ón gCoimisiún maidir leis an sainiú ar an margadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail (IO C 372, 9.12.1997, lgh. 5-13).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin: meastóireacht ar an bhFógra ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar an margadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail an 9 Nollaig 1997 (SWD(2021) 199 final, 12.7.2021).

Doiciméad inmheánacha oibre an Choimisiúin: Achoimre feidhmiúcháin ar mheastóireacht ar an bhFógra ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar an margadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail an 9 Nollaig 1997 (SWD(2021) 200 final, 12.7.2021).

Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán CE um Chumaisc) (IO L 24, 29.1.2004, lgh. 1–22).

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1–25).

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 26.10.2021

Top