EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontuithe idirnáisiúnta: nósanna imeachta glactha an Aontais Eorpaigh

ACHOIMRE AR:

Airteagal 218 CFAE — nósanna imeachta glactha AE le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SAN AIRTEAGAL?

  • In Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) leagtar síos nósanna imeachta agus cumhachtaí institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le caibidlíocht agus glacadh comhaontuithe idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach san airteagal cumhachtaí faoi seach na Comhairle, an Choimisiúin EorpaighArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Pharlaimint na hEorpa agus Chúirt Bhreithiúnais an AontaisEorpaigh sa phróiseas.

Go ginearálta, tá an chumhacht ag an gComhairle caibidlíochtaí a oscailt, treoracha caibidlíochta a ghlacadh agus comhaontuithe a shíniú agus a chur i gcrích.

Cuireann an Coimisiún (nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála le haghaidh cúrsaí comhbheartais eachtraigh agus slándála) moltaí isteach chuig an gComhairle chun caibidlíochtaí um chomhaontú a oscailt.

Teastaíonn toiliú ó Pharlaimint na hEorpa sular féidir leis an gComhairle cineálacha éagsúla comhaontuithe a chur i gcrích, lena n-áirítear:

  • comhaontuithe comhlachais;
  • comhaontuithe maidir le haontachas AE leis an gCoimisiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR);
  • comhaontuithe lena mbaineann impleachtaí buiséadacha thábhachtacha don Aontas Eorpach;
  • comhaontuithe lena mbunaítear creat institiúideacha sonrach (e.g. sa chás go gcruthaítear comhchoiste ag a bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta leis na comhaontuithe);
  • comhaontuithe faoina gcumhdaítear réimsí lena mbaineann an gnáthnós imeachta nó an nós imeachta reachtach speisialta, sa chás go dteastaíonn toiliú ó Pharlaimint na hEorpa.

I ngach cineál eile comhaontaithe, ní mór dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Ar iarratas ó thír AE, ón gComhairle, ón gCoimisiún nó ón bParlaimint, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais tuairim a thabhairt ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil comhaontú atá beartaithe comhoiriúnach le conarthaí AE.

Féadfaidh an Chomhairle feidhmiú ar bhonn thromlach cáilithe a comhaltaí ach amháin i réimsí ina dteastaíonn aontoilíocht de ghnáth, lena n-áirítear, mar shampla, le haghaidh comhaontuithe i ndáil le haontachas AE le ECHR.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN AIRTEAGAIL?

Cuireadh an t-airteagal i bhfeidhm an 1 Eanáir 1958.

GNÍOMH

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Cuid a cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal V — Comhaontuithe idirnáisiúnta, Airteagal 218 (sean-Airteagal 300 CCE)

Nuashonraithe 21.03.2016

Top