EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2016) 950 críochnaitheach) — An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint

Airteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM DON TEACHTAIREACHT?

  • Is éard is aidhm don teachtaireacht ná:
    • feabhas a chur ar éifeachtúlacht chaiteachas tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) ar chumais chosanta;
    • acmhainní a chomhthiomsú chun feabhas a chur ar shlándáil saoránaigh an AE;
    • bonn tionsclaíoch atá níos iomaíche agus níos nuálaí a chruthú san earnáil chosanta.
  • Leagtar amach in Airteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach feidhmiú comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh. Clúdaítear ann réimse de ghnéithe a bhaineann le cinnteoireacht agus ról na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint maidir le clásal um chúnamh fríthpháirteach an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá trí shruth sa Phlean Gníomhaireachta:

  • 1.

    Cuirtear ar bun an Ciste Eorpach Cosanta ina bhfuil 2 struchtúr mhaoinithe:

    • Taighde: €90 milliún san iomlán go dtí 2020, agus tar éis 2020 leanfar an méid sin le €500 milliún in aghaidh na bliana chun taighde comhoibríoch i dteicneolaíochtaí cosanta nuálacha a chistiú (e.g. leictreonaic, bogearraí criptithe nó róbataic).
    • Cumais: tuairim is €5 billiún sa bhliain (mionleasú ón gCoimisiúm Eorpach ag teacht) ionas go mbeidh tíortha an AE in ann sócmhainní áirithe (e.g. teicneolaíochtaí ladrainn nó héileacaptair) a cheannach le chéile, chun costais a laghdú. Beidh na cumais seo a chinnfidh tiortha an AE faoina n-úinéireachta.
    • Socróidh Bord Comhordúcháin ar a bhfuil ionadaí ó thíortha an AE, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, an Coimisiún agus príomhghníomhaithe tionscail na tosaíochtaí le haghaidh an Chiste Chosanta.
  • 2.

    Infheistíocht sa slabhra soláthair cosanta á cur chun tosaigh: tacóidh an Coimisiún le hiarrachtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta feabhas a chur ar rochtain ar chistiú le haghaidh slabhra soláthair cosanta, slabhra soláthair atá déanta suas de ghnólachtaí beaga agus meánmhéide. Ar a bharr sin, de réir Treoirphlean um Chomhoibriú Earnála ar Scileanna, tacóidh an Coimisiún le comhar san earnáil chosanta lena áirithiú go mbeidh na scileanna cearta ag daoine chun nuálaíocht a fhorbairt.

  • 3.

    Margadh aonair an Aontais Eorpaigh a neartú le haghaidh na cosanta: chun cuidiú le dul i ngleic le scoilteadh agus chun iomaíochas níos airde a áirithiú sa tionscadal cosanta, tabharfaidh an Coimisiún faoi iomaíochas a fheabhsú ar fud an Aontais Eorpaigh maidir le conarthaí soláthair chosanta. Bheadh sé níos fusa ag cuideachtaí feidhmiú thar theorainneacha agus ag an am céanna gheobhadh tíortha an Aontais Eorpaigh an luach is fearr ar airgead. D’fhonn é seo a bhaint amach, tá an Choimisiúin ag moladh go gcuirfí i bhfeidhm an Treoir um Sholáthar agus an Treoir um Aistrithe.

Príomhphointí eile:

  • Níl an Plean Gníomhaíochta dírithe ar arm de chuid an Aontais Eorpaigh a chruthú, ach ar choinníollacha a chruthú le haghaidh tuilleadh comhar cosanta, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chaiteachais chosanta, agus chun na coinníollacha le haghaidh bonn tionsclaíoch nuálacha cosantach atá láidir agus iomaíoch a chruthú.
  • Tagann an Plean Gníomhaireachta faoi Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh, cuid lárnach den Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála.

CÚLRA

  • Le chéile, baineann an dara scair is mó caiteachais ar chúrsaí míleata ar fud an domhain le tíortha an Aontais Eorpaigh (tá an scair is mó ag SAM). Tá an soláthar cosanta is mó ar leibhéal náisiúnta, áfach, agus is mar gheall ar fhadbanna ar nós na dúblála, easpa idir-inoibritheachta agus bearnaí i gcúrsaí teicneolaíochta a leanfar leis an mbac ar éifeachtúlacht chumas mhíleata an Aontais Eorpaigh.
  • De réir mar a thagann méadú ar chaiteachais chosanta thíortha neamh-AE, go hiondúil tagann laghdú ar chaiteachais chosanta thíortha an Aontais Eorpaigh.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (COM(2016) 950 críochnaitheach, 30.11.2016)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Soláthair ghinearálta ar ghníomhaireacht sheachtrach an Aontais agus ar fhorálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith ar an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 2 — Soláthar faoin gcomhbheartas slándála aguscosaint — Airteagal 42 (Airteagal 17 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 38-39)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 Iúil 2009 maidir le comhordú ar nósanna imeachta chun conarthaí oibre, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse áirithe arna ndámhachtain ag údaráis nó eintitis chonarthachta i réimsí na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, Igh. 76-136)

Tá leasuithe comhleanúnacha a rinneadh ar Threoir 2009/81/CE curtha isteach sa bhuntéacs. Ní fiú an leagan comhdhlúite seo ach le haghaidh doiciméadach amháin.

Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint hEorpa agus ón gComhairle 6 Bealtaine 2009 lena simplítear na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le haistrithe táirgí atá gaolmhar don chosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lgh. 1-36)

Féach leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 17.07.2017

Top