This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Cruthaítear leis córas um cheadúnú (aitheantas), atá faoi réir roinnt critéar agus oibleagáidí lena áirithiú go gcuirfidh eagraíocht aitheanta* na caighdeáin chéanna i bhfeidhm maidir leis na longa ar fad ina clár, beag beann ar an mbratach atá ar foluain acu.
Scéim aitheantais AE
Ní mór do thíortha AE iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh chun aitheantas a fháil d’eagraíochta.
Deonaíonn an Coimisiún aitheantas agus déanann sé é a bhainistiú go lárnach. Tá sé riachtanach d’eagraíocht ar bith údarú a fháil ó thír AE chun cigireachtaí agus suirbhéanna reachtúla a dhéanamh ar na longa a bhfuil bratach na tíre sin ar foluain acu (Treoir 2009/15/CE, féach an achoimre).
Chun aitheantas a fháil, ní mór don eagraíocht cloígh leis na híoschritéir seo a leanas:
Féadfaidh an Coimisiún a éileamh ar an eagraíocht beart coisctheach agus feabhais a dhéanamh má theipeann uirthi cloí leis na riachtanais nó más rud é go bhfuil feidhmíocht na heagraíochta imithe go mór in olcas sa réimse um chosc ar thruailliú agus sa réimse sábháilteachta.
Fíneálacha, íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis agus aistarraingt an aitheantais
Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha a ghearradh ar eagraíocht aitheanta má nochtar easnaimh thromchúiseacha i struchtúr na heagraíochta nó ina córais, nósanna imeachta nó rialuithe inmheánacha mar gheall go bhfuil feidhmíocht na heagraíochta ag dul in olcas mar thoradh ar a mainneachtain thromchúiseach nó a mainneachtain arís agus arís eile íoschritéir nó íos-oibleagáidí an rialacháin seo a bhaint amach. Má chuireann an eagraíocht faisnéis mhícheart nó neamhiomlán ar fáil d’aon ghnó i gcomhthéacs measúnaithe, féadfar fíneáil a ghearradh uirthi freisin.
Má theipeann ar an eagraíocht na bearta riachtanacha feabhais agus coisctheacha a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh freisin íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a eisiúint i gcoinne na heagraíochta aitheanta.
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, ar iarratas ó thír AE nó ar a thionscnamh féin, aitheantas a aistarraingt in imthosca sonracha. Féadfaidh na himthosca sin teacht chun cinn go háirithe nuair a theipeann ar eagraíocht cloí le híoschritéir nó le híos–riachtanais an rialacháin nó nuair a dhéanann an eagraíocht é sin arís is arís eile, nó más rud é go gcuirtear sábháilteacht nó an comhshaol i mbaol de bharr droch–fheidhmíochta.
Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 788/2014 rialacha mionsonraithe maidir le fíneálacha agus le híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearradh agus le haitheantas a aistarraingt.
Measúnú ar eagraíochtaí
Ní mór don Choimisiún, agus don tír AE a chuir an t-iarratas ar aitheantas isteach, measúnú a dhéanamh ar na heagraíochtaí aitheanta gach 2 bhliain ar a laghad. Ní mór do mheasúnóirí scrúdú a dhéanamh lena sheiceáil an bhfuil na hoibleagáidí agus na híoschritéir á gcomhlíonadh agus ní mór dóibh aire ar leith a thabhairt ar shábháilteacht, ar chosc ar thruailliú agus ar thaifid timpiste.
Rialacha agus nósanna imeachta
Ní mór d’eagraíochtaí aitheanta dul i gcomhairle lena chéile chun a rialacha agus a nósanna imeachta* a chomhchuibhiú agus chun na coinníollacha a theastaíonn le haghaidh aitheantas frithpháirteach na ndeimhnithe aicme* a eisítear le haghaidh ábhar, trealaimh agus comhpháirteanna a shainiú. Ní mór d’eagraíochtaí aitheanta glacadh le deimhnithe um threalamh muirí a chloíonn le Treoir 2014/90/EU (féach achoimre) chun críocha aicmiúcháin.
Comhlacht neamhspleách um measúnú cáilíochta agus um dheimhniú
Ní mór d’eagraíochtaí aitheanta comhlacht neamhspleách um measúnú cáilíochta agus um dheimhniú a chur ar bun chun a gcórais bainistíochta cáilíochta a mheasúnú agus a dheimhniú. Ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh go tréimhsiúil ar obair an chomhlachta sin.
Tá feidhm leis ón 17 Meitheamh 2009.
Faoi Threoir 2009/15/CE, a glacadh i gcomhthráth le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, cuirtear creat dlíthiúil ar bun lena rialaítear an caidreamh idir tíortha AE agus na heagraíochtaí aitheanta.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna le haghaidh eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lgh 11-23)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 19.02.2021