Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Europol (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí)

Is gníomhaireacht í Europol a iarrann Eoraip níos sábháilte a chruthú agus an comhar idir údaráis phóilíneachta agus seirbhísí forfheidhmithe dlí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a fheabhsú. Is é misean Europol ná cabhrú le Ballstáit AE an choireacht agus an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta a chosc agus a chomhrac. Tá Europol bunaithe san Háig (an Ísiltír).

Tagann forálacha conartha Europol faoin Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 88, Teideal V — Limistéar saoirse, slándála agus ceartais).

Is iad seo a leanas cuspóirí Europol:

  • tacú le húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí trí mhalartú faisnéise a éascú, trí anailísí coiriúla a sholáthar agus trí chuidiú le hoibríochtaí trasteorann agus iad a chomhoibriú;
  • bheith ina mhol faisnéise coiriúla don Aontas Eorpach trí bhearnaí coitianta faisnéise agus trí thosaíochtaí imscrúdaithe a aithint;
  • forbairt bhreise a dhéanamh mar lárionad AE um shaineolas forfheidhmithe dlí trí cheannródaíocht a dhéanamh ar theicnící nua, agus trí roinnt eolais agus oiliúna cáilíochta i réimsí speisialaithe amhail sceimhlitheoireacht, drugaí agus góchumadh, a éascú.

FÉACH FOSTA

Top