Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An fearann barrleibhéil .eu

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/517 maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil .eu

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Nuashonraítear leis an rialachán na rialacha maidir leis an bhfearann barrleibhéil .eu (TLD), mar chuid de straitéis úr an Aontais Eorpaigh (AE) um margadh aonair digiteach. Is é an aidhm leis aitheantas ar líne AE a neartú agus gníomhaíochtaí trasteorann ar líne a spreagadh.
  • De bharr theacht chun cinn tapa sa mhargadh TLD (mar shampla, tabhairt isteach iarmhíreanna ainm fearainn nua cosúil le .com agus .org) agus na luaineachta sa tírdhreach digiteach tugadh isteach leis an rialachán timpeallacht rialála níos nuachóirithe, níos solúbtha agus níos inbhuanaithe don TLD .eu, agus ionstraim dlí níos éadroime, níos éifeachtúla a bheidh bunaithe ar phrionsabal agus a sheasfaidh an aimsir ag teacht in ionad an tseanchreata rialála.
  • Cruthaítear struchtúr rialachais nua leis an rialachán, lena mbaineann comhlacht ilpháirtithe leasmhara ar leithligh, d’fhonn ionchur maidir le feidhmiú an TLD .eu a neartú agus a leathnú.
  • Tugtar isteach critéir incháilitheachta nua leis chun a chur ar chumas shaoránaigh AE/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) fearann .eu a chlárú, beag beann ar a n–áit chónaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Luachanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn agus a chosaint

Is é is cuspóir leis an bhfearann .eu, mar lipéad soiléir so–aitheanta, cur le próifíl AE a neartú agus a luachanna a chur chun cinn ar líne, amhail an t–ilteangachas, urraim do phríobháideachas agus do shlándáil an úsáideora, agus urraim a thabhairt do chearta an duine.

Incháilitheacht maidir le clárú ainm fearainn

Is féidir leo seo a leanas fearann .eu a iarraidh:

  • Saoránaigh AE agus LEE, cibé áit a bhfuil cónaí orthu;
  • Saoránaigh neamh–AE a chónaíonn i mBallstát AE;
  • gnólachtaí atá bunaithe in AE; agus
  • eagraíochtaí eile atá bunaithe in AE, má cheadaítear é sin faoin dlí náisiúnta is infheidhme.

Rialacha maidir le hainm fearainn chur ar ceal (a chúlghairm)

Féadfaidh an Chlárlann* ainm fearainn a chúlghairm ar a thionscnamh féin, ar na forais a leanas:

  • tá fiacha amuigh neamhíoctha leis an gClárlann;
  • tá sealbhóir an ainm fearainn neamh-incháilithe;
  • sáraíonn sealbhóir an ainm fearainn na ceanglais le haghaidh iarratais ar chlárú ar na forais seo a leanas:
    • ainm fearainn a mheastar a bheith clúmhillteach, ciníoch nó contrártha don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí; ba cheart go gcuirfí bac air faoi réir cinneadh cúirte,
    • ainm fearainn ar comhionann nó ar comhchosúil ar bhealach mearbhlach é le hainm a bhfuil ceart bunaithe ina leith le dlí AE nó leis an dlí náisiúnta, agus a cláraíodh gan chearta nó de cheal leas dlisteanach san ainm, ba cheart é a chúlghairm i bprionsabal, agus a aistriú de réir mar is cuí chuig an sealbhóir dlisteanach.
    • i gcás gur úsáideadh ainm fearainn dá leithéid de mheon mímhacánta, ba cheart é a chúlghairm i gcónaí.

Clárlann

Eagraíocht neambhrabúis is ea an Chlárlann ainmnithe atá ábalta táillí a ghearradh as costais a tabhaíodh, agus déanfaidh sí an méid seo a leanas:

  • an fearann barrleibhéil .eu a chur chun cinn laistigh den Aontas Eorpach agus ar fud an domhain;
  • cloífidh sí leis na rialacha, beartais agus nósanna imeachta sa rialachán seo agus ina conradh leis an gCoimisiún Eorpach, agus go háirithe le dlí AE um chosaint sonraí;
  • an fearann barrleibhéil .eu a eagrú, a riar agus a bhainistiú ar mhaithe leis an leas i gcoitinne agus ardleibhéal ardcháilíochta, trédhearcachta, slándála, cobhsaíochta, intuarthachta, iontaofachta, inrochtaineachta, éifeachtúlachta, neamh-idirdhealaithe, cothrom na Féinne agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú;
  • a áirithiú go sainaithneofar clárúcháin mhí-úsáideacha ainmneacha fearainn go tapa;
  • comhoibriú leis na húdaráis ábhartha agus le comhlachtaí poiblí eile atá freagrach as cibearshládáil agus as slándáil faisnéise, amhail foirne náisiúnta práinnfhreagartha ríomhaireachta.

Bunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/857 ón gCoimisiún na pointí le háireamh sa chonradh idir an Coimisiún agus an Chlárlann le haghaidh eagrú, riar agus bhainistiú an TLD .eu. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:

  • prionsabail an dea–rialachais agus na dea–bhainistíochta;
  • gnéithe slándála agus cosanta tomhaltóirí;
  • cur chun cinn chuspóirí AE maidir le rialachas idirlín;
  • beartais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm chun dul i ngleic go gníomhach le clárúcháin ainmneacha fearainn amhantracha agus mí-úsáideacha sa TLD .eu.

Bunachar sonraí WHOIS*

Tá an Chlárlann freagrach as saoráid bunachair sonraí WHOIS a chur ar bun agus a bhainistiú ina soláthraítear faisnéis chlárúcháin bheacht agus cothrom le dáta maidir leis na hainmneacha fearainn lena n–áirítear faisnéis maidir le pointe teagmhála riaracháin agus sealbhóirí ainm fearainn.

Grúpa Comhairle il-gheallsealbhóirí .eu

  • Tá an grúpa sin freagrach as comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid a leanas:
    • cur chun feidhme an rialacháin seo;
    • ceisteanna straitéiseacha a bhaineann le bainistiú, eagrú agus riarachán an fhearainn barrleibhéil .eu, lena n–áirítear cibearshlándáil agus cosaint sonraí;
    • an dea-chleachtas maidir le clárú mí-úsáideach ainmneacha fearainn a chomhrac.
  • Tá an Grúpa Comhairleach comhdhéanta d’ionadaithe ó gheallsealbhóirí atá bunaithe in AE agus ionadaí geallsealbhóirí ó lasmuigh de AE, faoi chathaoirleacht ionadaithe de chuid an Choimisiúin nó duine arna ainmniú ag an gCoimisiún.

Meastóireacht agus athbhreithniú

  • Faoin 13 Deireadh Fómhair 2027, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtúlacht agus ar fheidhmiú an fhearainn barrleibhéil .eu.
  • I mí na Nollag 2020, foilsíodh an tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh. Déantar measúnú sa tuarascáil sin ar chomhar na clárlainne .eu leis an Oifig Eorpach um Maoin Intleachtúil agus le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) chun clárú amhantrach agus mí-úsáideach ainmneacha fearainn a chomhrac.
  • Ó shin i leith, tá bearta breise déanta ag an gCoimisiún chun cur chun feidhme an chreata dhlíthiúil a chur i gcrích, lena n–áirítear seoladh an nós imeachta roghnúcháin don chéad Chlárlann .eu eile a cuireadh i gcrích le roghnú EURid, agus glacadh na ngníomhartha dlíthiúla seo a leanas:
    • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/857 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2020 lena leagtar síos na prionsabail a chuirfear san áireamh sa chonradh idir an Coimisiún agus an Clárlann an fhearainn ardleibhéil .eu;
    • Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/517 trí na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin agus an nós imeachta a bhunú maidir le Clárlann i dtaca leis an ainm fearainn barrleibhéil .eu a ainmniú;
    • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1862 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2022 lena mbunaítear na liostaí d’ainmneacha fearainn atá forchoimeádta agus atá blocáilte faoin bhfearann barrleibhéil .eu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/517.

Aisghairm

Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 a aisghairm leis an rialachán ón 12 Deireadh Fómhair 2022 ar aghaidh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 13 Deireadh Fómhair 2022. Tá feidhm leis an gcritéar athbhreithnithe maidir le hincháilitheacht ainm fearainn ón 19 Deireadh Fómhair 2019.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Clárlann. An comhlacht a eagraíonn, a riarann agus a bhainistíonn an TLD .eu, lena n–áirítear bunachair shonraí agus na seirbhísí fiosrúcháin poiblí lena mbaineann, clárú ainmneacha fearainn, oibriú chlárlann na n–ainmneacha fearainn, agus oibriú fhreastalaithe ainmneacha TLD na Clárlainne.
Bunachar sonraí WHOIS. Bailiú sonraí ina bhfuil faisnéis faoi ghnéithe teicniúla agus riaracháin na gclárúchán fearainn barrleibhéil eu.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn .eu agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (IO L 91, 29.3.2019, lgh. 25-35).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/857 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2020 lena leagtar síos na prionsabail sa chonradh idir an Coimisiún Eorpach agus an Chlárlann fearainn barrleibhéil .eu i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 195, 19.6.2020, lgh. 52-56).

Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2004 lena leagtar síos na rialacha maidir le beartas poiblí a bhaineann le Fearann Barrleibhéil .eu a chur chun feidhme agus a fheidhmiú mar aon leis na prionsabail bheartais phoiblí maidir le clárú (IO L 162, 30.4.2004, lgh. 40-50).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir leis an bhFearann Ardleibhéil .eu a chur chun feidhme (IO L 113, 30.4.2002, lgh. 1-5).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 14.10.2022

Top