Astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2017/2400 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 — cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Leis an rialachán, bunaítear rialacha maidir le heisiúint ceadúnas chun uirlis ionsamhlúcháin* a úsáid d’fhonn astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla mótarfheithiclí nua tromshaothair (leoraithe, busanna agus cóistí) a bheidh le díol, le clárú, nó le cur i seirbhís san Aontas Eorpach (AE) a chinneadh. Bunaítear leis chomh maith rialacha chun an uirlis ionsamhlúcháin sin a oibriú agus na luachanna astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinntear ar an mbonn sin a dhearbhú.
- Déantar amhlaidh leis trí fhreagrachtaí na monaróirí mótarfheithiclí agus na n–údarás náisiúnta a leagan amach. Ní mór dóibh na hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla comhpháirteanna feithiclí amhail an t–inneall, an giarbhosca, na hacastóirí agus na boinn a dheimhniú, a úsáidtear mar shonraí ionchuir in uirlis ionsamhlúcháin chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na feithicle a chinneadh.
- Tá an fhaisnéis ceaptha chun forbairt feithiclí níos tíosaí ar fhuinneamh a spreagadh.
- Cuirtear chun feidhme leis an rialachán Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 maidir le cineálcheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI).
- Le Rialachán leasaitheach (AE) 2022/1379 leathnaítear cinneadh astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla chuig feithiclí eile tromshaothair, eadhon leoraithe meánmhéide agus busanna troma.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá feidhm ag an rialachán:
- maidir le leoraithe meánmhéide, leoraithe troma agus busanna troma;
- maidir le leoraithe bunúsacha i gcás cineálcheaduithe ilchéime nó ceaduithe aonair leoraithe meánmhéide agus troma; agus
- i gcás busanna troma, maidir le feithiclí príomha (busanna troma i riocht cóimeála fíorúil a chinneadh chun críocha ionsamhlúcháin), feithiclí eatramhacha agus feithiclí iomlána agus lánchríochnaithe.
Níl feidhm aige maidir le feithiclí easbhóthair nó feithiclí sainchuspóireacha.
Uirlis ionsamhlúcháin
Soláthraíonn agus nuashonraíonn an Coimisiún Eorpach clár bogearraí in–íoslódáilte saor in aisce le haghaidh na huirlise ionsamhlúcháin chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair a chinneadh.
Ní mór do mhonaróirí feithiclí:
- iarratas a dhéanamh ar cheadúnas chun an uirlis ionsamhlúcháin a úsáid;
- an t–údarás náisiúnta a eisíonn an ceadúnas a chur ar a eolas faoi athruithe ar bith arna ndéanamh acu ar na próisis maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na feithicle a chinneadh;
- úsáid a bhaint as an leagan is déanaí den uirlis ionsamhlúcháin (laistigh de 3 mhí ar a dhéanaí óna bheith ar fáil) chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla gach feithicle nua a dhíoltar, a chláraítear nó a chuirtear i seirbhís in AE a chinneadh;
- a áirithiú go gcloíonn torthaí na huirlise ionsamhlúcháin leis na próisis atá leagtha síos, agus iad sin a áireamh i gcód faisnéise na feithicle don chustaiméir;
- a áirithiú go stóráilfear comhad taifead an mhonaróra, comhad faisnéise na feithicle agus na deimhnithe maidir le hastaíochtaí CO2 agus airíonna na gcomhpháirteanna, na gcóras agus na n–aonad teicniúil ar leithligh a bhaineann le hídiú breosla ar feadh tréimhse 20 bliain ar a laghad i ndiaidh tháirgeacht na feithicle agus go gcuirfear ar fáil iad, arna iarraidh sin, don údarás ceadaithe agus don Choimisiún.
- taifid a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta nó don Choimisiún laistigh de 15 lá ó iarratas a fháil.
Ní mór na hiarscríbhinní a ghabhann leis an rialachán ina leagtar amach na nósanna imeachta teicniúla chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na gcomhpháirteanna atá le hionchur san uirlis ionsamhlúcháin a chinneadh.
Na húdaráis náisiúnta:
- astaíochtaí luachanna CO2 agus ídiú breosla na gcomhpháirteanna arna gcur isteach ag monaróir na gcomhpháirteanna a dheimhniú má tá siad sásta gur comhlíonadh na ceanglais go léir;
- ceadúnas a dheonú don mhonaróir feithiclí chun an uirlis ionsamhlúcháin a fheidhmiú;
- measúnú a dhéanamh ceithre huaire in aghaidh na bliana ar cibé an gcloíonn nó nach gcloíonn próisis an mhonaróra chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinneadh leis an reachtaíocht fós.
- ordú a thabhairt do mhonaróirí lochtanna ar bith ina bpróisis chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinneadh a cheartú laistigh de 30 lá.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Ar an iomlán, tá feidhm aige ón 18 Eanáir 2018.
Ní mór astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair a chinneadh ón 1 Eanáir 2019 i leith.
Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2022/1379 ón 1 Iúil 2022.
Tá feidhm leis an rialachán seo ón 1 Eanáir 2024, áfach, maidir le hastaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí i ngrúpaí 1, 2, 3, 4, 5, 9, 10, 4v, 5v, 9v, 10v, 11, 12 agus 16 a shainmhínítear in Aguisín I, Tábla 1, seachas na ZE-HDVanna, He-HDVanna, feithiclí débhreosla agus feithiclí, ina bhfuil inneall atá deimhnithe le córas aisghabhála fuíollteasa a chinneadh.
CÚLRA
- Is ionann na hastaíochtaí ó leoraithe agus ó bhusanna, na cineálacha is coitianta feithiclí tromshaothair, agus 25 % d’astaíochtaí CO2 an iompair ar bhóithre. Táthar ag dréim leis go méadóidh siad tuilleadh fós.
- Tá gá le bearta éifeachtacha chun sprioc AE de laghdú 60 % in astaíochtaí iompair CO2 a bhaint amach faoi 2050.
- Roimhe seo, ní raibh modh comhchoiteann ar bith ar fud AE ann chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí a shocrú, agus mar gheall ar sin ní rabhthas ábalta comparáidí oibiachtúla a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht agus bhí cosc ar iarrachtaí bearta náisiúnta nó bearta AE a thabhairt isteach chun feithiclí níos tíosaí ar fhuinneamh a spreagadh.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Uirlis ionsamhlúcháin. Uirlis leictreonach chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla mótarfheithiclí nua tromshaothair a ríomh, bunaithe ar shonraí ionchuir deimhnithe maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a gcomhpháirteanna.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (AE) 2017/2400 an 12 Nollaig 2017 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair a chinneadh agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lgh. 1–247).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/2400 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2019/318 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2400 agus Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair (IO L 58, 26.2.2019, lgh. 1–56).
Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n–aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lgh. 1–218).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí saothair throm (Euro VI) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lgh. 1–13).
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe d’fheithiclí den sórt sin (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1–160).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 05.10.2022