EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02010R1095-20220812

Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/2022-08-12

D’fhéadfadh sé nach bhfuil na leasuithe seo a leanas sa téacs comhdhlúite seo:

Gníomh leasaitheach Cineál an leasaithe An fhoroinn lena mbaineann Teacht i bhfeidhm
32023R1114 Arna leasú le airteagal 1 mír 2 mír neamhuimhrithe 1 30/12/2024

02010R1095 — GA — 12.08.2022 — 004.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1095/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún

(IO L 331 15.12.2010, lch. 84)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

DIRECTIVE 2011/61/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 8 June 2011 (*)

  L 174

1

1.7.2011

►M2

DIRECTIVE 2014/51/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 16 April 2014 (*)

  L 153

1

22.5.2014

►M3

RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019

  L 334

1

27.12.2019

►M4

RIALACHÁN (AE) 2021/23 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 16 Nollaig 2020

  L 22

1

22.1.2021



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1095/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún



CAIBIDIL I

BUNÚ AN ÚDARÁIS AGUS STÁDAS DLÍTHIÚIL

Airteagal 1

Bunú agus raon feidhme

1.  
Bunaítear leis an Rialachán seo Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (‘an tÚdarás’ anseo feasta).

▼M3

2.  
Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoracha 97/9/CE, 98/26/CE, 2001/34/CE, 2002/47/CE, 2004/109/CE, 2009/65/CE, agus Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), agus a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó maidir le gnóthais chomh-infheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, agus gníomhóidh sé faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoracha 2002/87/CE, agus 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.

Rannchuideoidh an tÚdarás leis an obair a dhéanann an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh an tÚdarás cinneadh maidir lena chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 9a(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

3.  
Gníomhóidh an tÚdarás i réimse gníomhaíochtaí airgeadais rannpháirtithe margaidh i dtaca le saincheisteanna nach gcumhdaítear go díreach leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear ábhair a bhaineann le rialachas corparáideach, iniúchóireacht, tuairisciú airgeadais, agus samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais á gcur san áireamh aige, ar choinníoll go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear na gníomhartha sin i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach. Déanfaidh an tÚdarás an gníomh cuí freisin i gcomhthéacs tairiscintí táthcheangail, imréitigh agus socraíochta agus saincheisteanna a bhaineann le díorthaigh.

▼M3

3a.  
Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do ghníomhartha eile de chuid an Aontais lena dtugtar feidhmeanna an údaraithe agus na maoirseachta agus cumhachtaí comhfhreagracha don Údarás.

▼B

4.  
Beidh forálacha an Rialacháin seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, go háirithe faoi Airteagal 258 CFAE, chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.

▼M3

5.  

Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí. Laistigh de na hinniúlachtaí atá aige féin, rannchuideoidh an tÚdarás i ndéanamh na nithe seo a leanas:

▼B

(a) 

feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, lena n-áirítear go háirithe leibhéal fónta, éifeachtach agus comhsheasmhach rialála agus maoirseachta,

(b) 

sláine, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a áirithiú,

(c) 

comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú,

(d) 

arbatráiste rialála a sheachaint agus coinníollacha comhionanna iomaíochta a chur chun cinn,

▼M3

(e) 

an rialáil agus an mhaoirseacht iomchuí a áirithiú ar na rioscaí infheistíochta agus ar na rioscaí eile a ghlactar,

(f) 

cosaint custaiméirí agus infheisteoirí a fheabhsú,

▼M3

(g) 

cóineasú na maoirseachta sa mhargadh inmheánach ina iomláine a fheabhsú.

▼M3

Chun na gcríoch sin, rannchuideoidh an tÚdarás lena áirithiú go gcuirfear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, le cóineasú maoirseachta agus le tuairimí a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16a, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.

▼B

I bhfeidhmiú na gcúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo, beidh aird ar leith ag an Údarás ar aon riosca sistéamach ionchasach atá ann mar gheall ar rannpháirtithe margaidh airgeadais a bhféadfadh cliseadh ina leith dochar a dhéanamh d’oibriú an chórais airgeadais nó an fhíorgheilleagair.

▼M3

I gcomhlíonadh a chuid cúraimí dó, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách, go hoibiachtúil agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trédhearcach chun leasa an Aontais ina iomláine, agus urramóidh sé, aon uair is ábhartha, prionsabal na comhréireachta. Beidh an tÚdarás cuntasach agus gníomhóidh sé go hionraic agus áiritheoidh sé go gcaithfear go cothrom le gach páirtí leasmhar.

▼M3

Maidir le hábhar agus foirm na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a dhéanfaidh an tÚdarás, go háirithe treoirlínte, moltaí, tuairimí, ceisteanna agus freagraí agus dréachtchaighdeáin rialála, beidh siad i gcomhréir go hiomlán le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2. A mhéid is ceadmhach agus is ábhartha faoi na forálacha sin, maidir le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó rannpháirtí margadh airgeadais, gnóthais, ábhair eile nó gníomhaíocht airgeadais, a dtéann gníomhaíochtaí agus bearta an Údaráis i bhfeidhm air nó uirthi, beidh sin curtha san áireamh go cuí sa ghníomhaíocht agus sna bearta sin de chuid an Údaráis.

6.  
Bunóidh an tÚdarás, mar chuid dhílis den Údarás, coiste a dhéanfaidh comhairle a thabhairt don Údarás faoi conas ba cheart a ghníomhaíochtaí agus a bhearta, i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha is infheidhme, difríochtaí sonracha san earnáil a bhaineann le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar shamhlacha gnó agus cleachtas gnó agus ar mhéid institiúidí airgeadais agus margaí a mhéid a bheidh na gnéithe sin ábhartha faoi na rialacha a bheidh á mbreithniú.

▼B

Airteagal 2

An Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais

▼M3

1.  
Beidh an tÚdarás ina chuid den chóras Eorpach um maoirseacht airgeadais (CEMA). Is é an príomhchuspóir a bheidh ag CEMA ná a áirithiú go ndéantar na rialacha is infheidhme maidir leis an earnáil airgeadais a chur chun feidhme go leordhóthanach chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun muinín a áirithiú sa chóras airgeadais ina iomláine agus cosaint éifeachtach leordhóthanach a áirithiú do chustaiméirí na seirbhísí airgeadais.

▼B

2.  

Beidh an CEMA comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a) 

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), chun críocha na gcúraimí a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ( 6 ) agus sa Rialachán seo;

(b) 

an tÚdarás;

(c) 

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 );

(d) 

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );

(e) 

Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (‘Comhchoiste’), chun na cúraimí a shonraítear in Airteagal 54 go hAirteagal 57 den Rialachán seo, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 a chomhlíonadh;

(f) 

na húdaráis inniúla nó na húdaráis mhaoirseachta sna Ballstáit de réir mar a shonraítear sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

3.  
Comhoibreoidh an tÚdarás go rialta agus go dlúth leis an BERS agus, chomh maith leis sin, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) tríd an gComhchoiste, chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht trasearnála oibre ann agus chun teacht ar chomhsheasaimh i réimse na maoirseachta ar ilchuideachtaí airgeadais agus maidir le saincheisteanna trasearnála eile.

▼M3

4.  
I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis faoi Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), rachaidh páirtithe an CEMA i gcomhar lena chéile go hiontaobhach agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt dá chéile, go háirithe le linn a áirithiú go bhfuil sreabh faisnéise iomchuí agus iontaofa eatarthu agus ón Údarás chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

▼B

5.  
Beidh oibleagáid ar na húdaráis mhaoirseachta sin ar páirtí sa CEMA iad maoirseacht a dhéanamh ar na rannpháirtithe margaidh airgeadais a oibríonn san Aontas i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

▼M3

Gan dochar d’inniúlachtaí náisiúnta, áireofar i dtagairtí don mhaoirseacht atá sa Rialachán seo gníomhaíochtaí uile na n-údarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

▼M3

Airteagal 3

Cuntasacht na nÚdarás

1.  
Beidh na hÚdaráis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 2(2) cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2.  
I gcomhréir le Airteagal 226 CFAE, comhoibreoidh an tÚdarás go hiomlán le Parlaimint na hEorpa le linn aon imscrúdú a dhéanfar faoi scáth an Airteagail sin.
3.  
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le déanamh dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin, faoin 15 Meitheamh gach bliain, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.
4.  
Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh an Cathaoirleach páirt in éisteacht os comhair Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmíocht an Údaráis. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair sa bhliain. Déanfaidh an Cathaoirleach ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrfar sin air nó uirthi, agus freagróidh sé aon cheist a chuirfidh a feisirí air.
5.  
Déanfaidh an Cathaoirleach tuarascáil scríofa ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrtar sin air, agus déanfaidh sé an méid sin 15 lá ar a laghad sula ndéanfaidh sé an ráiteas dá dtagraítear i mír 4.
6.  
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11 go hAirteagal 18, agus in Airteagal 20 agus in Airteagal 33, beidh aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc san áireamh sa tuarascáil freisin.
7.  
Tabharfaidh an tÚdarás freagra ó bhéal nó freagra i scríbhinn ar aon cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air, laistigh de chúig seachtaine tar éis í a fháil.
8.  
Arna iarraidh sin, déanfaidh an Cathaoirleach pléití rúnda ó bhéal i seomra iata leis an gCathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh agus Comhordaitheoirí choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Urramóidh gach rannpháirtí na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil.
9.  
Gan dochar dá oibleagáidí rúndachta a eascraíonn ó bheith páirteach i bhfóraim idirnáisiúnta, cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa ar an eolas, arna iarraidh sin di, faoin méid a bhfuil sé ag cur le hionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta sin.

▼B

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘rannpháirtí margaidh airgeadais’ aon duine a bhfuil ceanglas atá sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó i ndlí náisiúnta lena gcuirtear gníomhartha den sórt sin chun feidhme infheidhme maidir leis;

(2) 

ciallaíonn ‘príomhrannpháirtí margaidh airgeadais’ rannpháirtí margaidh airgeadais a bhfuil tionchar suntasach ag a ghníomhaíocht rialta nó a inmharthanacht airgeadais ar chobhsaíocht, ar shláine nó ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais san Aontas Eorpach, nó ar dóigh dá ghníomhaíocht rialta nó dá inmharthanacht airgeadais tionchar den sórt sin a bheith aici;

(3) 

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’:

(i) 

údaráis inniúla agus/nó údaráis mhaoirseachta arna sainmhíniú sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

▼M3

(ii) 

maidir le Treoir 2002/65/CE, na húdaráis agus na comhlachtaí atá inniúil chun a áirithiú go ndéanann gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta agus gnóthais chomhinfheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna, go ndéanann siad ceanglais na Treorach sin a chomhlíonadh;

▼B

(iii) 

maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí, ciallaíonn sé comhlachtaí a riarann scéimeanna náisiúnta cúitimh de bhun Threoir 97/9/CE, nó i gcás ina bhfuil oibriú na scéime cúitimh d’infheisteoirí á riar ag cuideachta phríobháideach, ciallaíonn sé an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin, de bhun na Treorach sin;

▼M4

(iv) 

maidir le Rialachán (AE) Uimh. 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), údarás réitigh mar a shainmhínítear i bpointe 3 d’Airteagal 2 den Rialachán sin.

▼B

Airteagal 5

Stádas dlíthiúil

1.  
Beidh an tÚdarás ina chomhlacht Aontais ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach.
2.  
I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an Údarás an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.
3.  
Feidhmeoidh Cathaoirleach an Údaráis thar ceann an Údaráis.

Airteagal 6

Comhdhéanamh

Beidh an tÚdarás comhdhéanta díobh seo a leanas:

(1) 

Bord Maoirseoirí a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 43;

(2) 

Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 47;

(3) 

Cathaoirleach a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 48;

(4) 

Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 53;

(5) 

Bord Achomhairc a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 60.

Airteagal 7

Suíomh

Is i bPáras a bheidh suíomh an Údaráis.

▼M3

Ní dhéanfaidh an áit a mbeidh suíomh an Údaráis difear d’fhorghníomhú chúraimí agus chumhachtaí an Údaráis, d’eagar a struchtúir rialaithe, d’oibriú a phríomheagraíochta, ná do phríomh-mhaoiniú a chuid gníomhaíochtaí, agus ag an am céanna, i gcás inarb infheidhme, tabharfar deis do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais seirbhísí tacaíochta riaracháin agus seirbhísí bainistithe saoráidí nach bhfuil baint acu le croíghníomhaíochtaí an Údaráis a chomhroinnt.

▼B



CAIBIDIL II

CÚRAIMÍ AGUS CUMHACHTAÍ AN ÚDARÁIS

Airteagal 8

Cúraimí agus Cumhachtaí an Údaráis

1.  

Beidh na cúraimí seo a leanas ag an Údarás:

▼M3

(a) 

bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), rannchuidiú le caighdeáin agus cleachtais choiteanna ardcháilíochta rialála agus mhaoirseachta a bhunú, go háirithe trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí, a fhorbairt;

▼M3

(aa) 

lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar rannpháirtithe margaidh airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil atá leis na cleachtais is fearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta a leagan amach agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus méid na margaí;

▼M3

(b) 

Rannchuidiú a thabhairt maidir le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach le dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta, lena n-áirithítear go gcuirtear na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, arbatráiste rialála a chosc, neamhspleáchas maoirseachta a chothú agus faireachán a dhéanamh air, eadráin a dhéanamh ar easaontuithe idir údaráis inniúla agus iad a réiteach, maoirseacht éifeachtach agus chomhsheasmhach rannpháirtithe margaidh airgeadais a áirithiú, feidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a áirithiú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, inter alia, i staideanna éigeandála;

▼B

(c) 

tarmligean cúraimí agus freagrachtaí i measc údaráis inniúla a spreagadh agus a éascú;

(d) 

comhoibriú go dlúth le BERS, go háirithe tríd an bhfaisnéis a sholáthar do BERS atá riachtanach chun a chúraimí a bhaint amach agus trína áirithiú go ndéantar de réir rabhadh agus moltaí ó BERS;

▼M3

(e) 

athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a eagrú agus a chur i gcrích agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte nó moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, agus é mar aidhm comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;

(f) 

faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i ndáil le seirbhísí nuálacha airgeadais agus forbairtí i ndáil le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais á mbreithniú mar is cuí;

(g) 

anailísí eacnamaíocha a dhéanamh ar na margaí mar mhodh chun faisnéis a fháil le linn don Údarás a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh;

(h) 

cosaint a chothú, i gcás inarb iomchuí, le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí, go háirithe maidir le heasnaimh i gcomhthéacs trasteorann agus maidir le rioscaí gaolmhara a chur san áireamh;

▼B

(i) 

rannchuidiú a thabhairt maidir le feidhmiú comhsheasmhach comhleanúnach na gcoláistí maoirseoirí, le faireachán, measúnú agus tomhas a dhéanamh ar an riosca sistéamach, le pleananna téarnaimh agus réitigh a fhorbairt agus a chomhordú, le hardleibhéal cosanta a sholáthar d’infheisteoirí ar fud an Aontais, agus modhanna a fhorbairt chun rannpháirtithe margaidh airgeadais atá ag cliseadh a réiteach agus measúnú a dhéanamh ar an ngá le hionstraimí maoiniúcháin iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 21 go hAirteagal 26;

▼M3

(ia) 

rannchuidiú le bunú straitéis choiteann sonraí airgeadais an Aontais;

▼B

(j) 

aon chúraimí sonracha eile a leagtar amach sa Rialachán seo nó i ngníomhartha reachtacha eile a chomhall;

(k) 

faisnéis a bhaineann lena réimse gníomhaíochta, go háirithe faisnéis, laistigh dá réimse inniúlachta, faoi rannpháirtithe margaidh airgeadais cláraithe, a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus an fhaisnéis sin a uasdátú go rialta, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis sin;

▼M3

(ka) 

gach caighdeán rialála teicniúil, gach caighdeán, treoirlíne, moladh agus ceisteanna agus freagraí maidir le gach gníomh reachtach dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus a nuashonrú go tráthrialta, lena n-áirítear forbhreathnuithe a bhaineann le staid na himeartha i leith obair leanúnach agus an t-uainiú atá beartaithe do ghlacadh na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus na gcaighdeán teicniúil cur chun feidhme;

▼M3 —————

▼M3

1a.  

Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:

(a) 

úsáidfidh sé gach cumhacht dá gcuirfear ar fáil dó;

(b) 

agus an aird chuí á tabhairt don chuspóir chun sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú, tabharfaidh sé lánaird ar chineálacha, shamhlacha gnó agus mhéideanna éagsúla institiúidí airgeadais; agus

(c) 

nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh.

▼B

2.  

Chun na cúraimí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, beidh na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo ag an Údarás, go háirithe cumhachtaí:

(a) 

chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 10;

(b) 

chun dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 15;

(c) 

chun treoirlínte agus moltaí a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16;

▼M3

(ca) 

moltaí a eisiúint mar a leagtar síos in Airteagal 29a;

▼B

(d) 

chun moltaí a eisiúint i gcásanna sonracha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 17(3);

▼M3

(da) 

rabhaidh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 9(3);

▼B

(e) 

chun cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig údaráis inniúla a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 19(3);

(f) 

i gcásanna a bhaineann le dlí an Aontais atá infheidhme go díreach, cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig rannpháirtithe margaidh airgeadais a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 17(6), in Airteagal 18(4) agus in Airteagal 19(4);

▼M3

(g) 

tuairimí a eisiúint chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, nó chuig an gCoimisiún de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 16a;

▼M3

(ga) 

chun freagraí ar cheisteanna a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16b;

(gb) 

gníomh i gcomhréir le hAirteagal 9a;

▼B

(h) 

an fhaisnéis is gá maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais a bhailiú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 35;

(i) 

modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht atá ag saintréithe táirge agus ag próisis dáiliúcháin ar staid airgeadais rannpháirtithe margaidh airgeadais agus ar chosaint do thomhaltóirí;

(j) 

bunachar sonraí a sholáthar, agus rochtain lárnach air, ar bunachar sonraí é de na rannpháirtithe margaidh airgeadais cláraithe ina réimse inniúlachta i gcás ina sonraítear amhlaidh sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

▼M3

3.  
Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú aige, gníomhóidh an tÚdarás bunaithe ar theorainneacha an chreata reachtaigh, agus laistigh den chreat sin agus beidh aird iomchuí aige ar phrionsabail na comhréireachta, nuair is iomchuí, agus na rialála níos fearr, lena n-áirítear torthaí anailísí costais is tairbhe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Déanfar na comhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagail 10, 15, 16 agus 16a chomh leathan is féidir chun a áirithiú go n-úsáidfear cur chuige cuimsitheach i leith na bpáirtithe leasmhara uile agus gur féidir go mbeidh achar ama réasúnta ag na páirtithe leasmhara chun freagra a thabhairt. Foilseoidh an tÚdarás achoimre ar an ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara agus forbhreathnú ar conas a úsáideadh faisnéis agus tuairimí a bailíodh ón gcomhairliúchán i ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme.

▼B

Airteagal 9

Cúraimí a bhaineann le cosaint do thomhaltóirí agus gníomhaíochtaí airgeadais

1.  

Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir le cur chun cinn na trédhearcachta, na simplíochta agus na cothroime sa mhargadh do tháirgí airgeadais tomhaltóra nó do sheirbhísí airgeadais tomhaltóra ar fud an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

▼M3

(a) 

bailiú, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí tomhaltóirí, forbairt na gcostas cuir i gcás, agus forbairt sheirbhísí airgeadais miondíola agus táirgí airgeadais sna Ballstáit;

▼M3

(aa) 

athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;

(ab) 

táscairí riosca mhiondíola a cheapadh le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir agus don infheisteoir a shainaithint go tráthúil;

▼B

(b) 

athbhreithniú agus comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh um litearthacht agus oideachas i gcúrsaí airgeadais ag na húdaráis inniúla;

(c) 

caighdeáin oiliúna a fhorbairt don tionscal; agus

(d) 

rannchuidiú le forbairt rialacha coiteanna um nochtadh faisnéise;

▼M3

(e) 

cur le cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach sa chaoi go mbeidh rochtain chothrom ag tomhaltóirí agus ag úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais ar sheirbhísí airgeadais agus ar tháirgí airgeadais; agus

(f) 

gníomhaíochtaí rúnsiopadóireachta na n-údarás inniúil, más infheidhme.

▼M3

2.  
déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d’fhonn na cleachtais rialála agus maoirseachta a chóineasú agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí.

▼B

3.  
Féadfaidh an tÚdarás rabhaidh a eisiúint freisin i gcás ina bhfuil gníomhaíocht airgeadais ina bagairt thromchúiseach ar na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 1(5).

▼M3

4.  
Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú, mar chuid lárnach den Údarás, lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú; cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Oibreoidh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) chun dúbláil, neamhréireachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i réimse na cosanta sonraí. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis náisiúnta cosanta sonraí a bheith ina mbreathnóirí sa Choiste freisin.
5.  
Sna cásanna a shonraítear, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos, sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó má éilítear amhlaidh i gcás éigeandáil a bheith ann i gcomhréir leis na coinníollacha, agus faoi na coinníollacha, a leagtar síos in Airteagal 18, féadfaidh an tÚdarás toirmeasc sealadach nó srian sealadach a chur ar mhargaíocht, dáileadh nó díol a dhéanamh ar tháirgí, uirlisí nó gníomhaíochtaí airgeadais áirithe a d’fhéadfadh dochar suntasach airgeadais a dhéanamh do chustaiméirí nó do thomhaltóirí, nó a bheith ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó ar chobhsaíocht cuid den chóras sin.

Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag eatraimh iomchuí agus uair amháin gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméir nó an tomhaltóir, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc.

Féadfaidh Ballstát iarraidh ar an Údarás athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), déanfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh an seasfaidh sé leis an gcinneadh sin.

Féadfaidh an tÚdarás measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá le cineálacha áirithe gníomhaíochta nó cleachtas airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh agus, i gcás ina bhfuil gá den sórt sin ann, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ar an eolas chun glacadh aon toirmisc nó sriain den sórt sin a éascú.

▼M3

Airteagal 9a

Litreacha i dtaca le gan gníomhú

1.  

Ní dhéanfaidh an tÚdarás na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach amháin faoi chúinsí eisceachtúla nuair a mheasann sé gur dócha i gcás ceann amháin de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó i gcás aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme bunaithe ar na gníomhartha reachtacha sin, go dtarraingeofaí saincheisteanna móra anuas ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a) 

measann an tÚdarás go bhféadfadh na forálacha atá sa ghníomh sin a bheith ar neamhréir lom díreach le gníomh ábhartha eile;

(b) 

i gcás inar gníomh de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) atá sa ghníomh, dá mbeadh gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme in easnamh, gníomhartha lena ndéanfaí an gníomh lena mbaineann a chomhlánú nó a shonrú, bheadh amhras dlisteanach ann maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla a d’eascródh ón ngníomh reachtach nó ó chur i bhfeidhm an ghnímh mar is ceart,

(c) 

bheadh deacrachtaí praiticiúla ann de dheasca treoirlínte agus moltaí a bheith in easnamh faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16 maidir le cur i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh ábhartha.

2.  
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an tÚdarás cuntas mionsonraithe do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún ar na saincheisteanna a mheasann sé a bheith ann, agus is i scríbhinn a dhéanfaidh sé sin.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, tabharfaidh an tÚdarás tuairim don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtach nua nó togra le haghaidh gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag roinnt leis an gceist dar leis an Údarás. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an tÚdarás meastóireacht a luaithe is féidir ar an ngá atá le treoirlínte nó moltaí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.

Déanfaidh an tÚdarás gníomh go pras, go háirithe d’fhonn rannchuidiú leis na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1 a chosc, aon uair is féidir sin.

3.  
Nuair is gá i gcásanna dá dtagraítear i mír 1, agus go dtí go nglacfar agus go gcuirfear i bhfeidhm bearta nua de réir na mbeart dá dtagraítear i mír 2, eiseoidh an tÚdarás tuairimí maidir le forálacha sonracha de na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 d’fhonn cleachtais mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a chur chun cinn, agus fós d’fhonn dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach.
4.  
Más rud é, ar bhonn na faisnéise a gheofar, go háirithe ó údaráis inniúla, go measann an tÚdarás, maidir le haon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó aon ghníomh tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe ar na gníomhartha reachtacha sin, go bhfuil saincheisteanna eisceachtúla suntasacha ann a bhaineann le hiontaoibh sa mhargadh, cosaint don don chustaiméir nó don infheisteoir, feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó na margaí tráchtearraí, nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chóras airgeadais san Aontas, cuirfidh sé gan mhoill mhíchuí cuntas mionsonraithe i scríbhinn chuig na húdaráis inniúla agus chuig an gCoimisiún faoi na saincheisteanna is dóigh leis a bheith ann. Féadfaidh an tÚdarás tuairim a chur in iúl don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtaigh nua nó togra le haghaidh gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag baint leis an gceist. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.

▼B

Airteagal 10

Caighdeáin theicniúla rialála

▼M3

1.  

I gcás ina dtarmligeann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhacht chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 290 CFAE chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a thabhairt chun cinn. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfaidh an Choimisiúin iad a ghlacadh. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

▼B

Beidh na caighdeáin theicniúla rialála teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu agus beidh a n-inneachar faoi theorainn ag na gníomhartha reachtacha ar a mbeidh siad bunaithe.

▼M3

Sula dtíolacann an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála don Choimisiún, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leo, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.

▼M3 —————

▼M3

Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil rialála, déanfaidh sé cinneadh an ndéanfaidh sé é a ghlacadh nó nach ndéanfaidh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, in am trátha, nach féidir an cinneadh maidir le glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse trí mhí sin. Féadfaidh an Coimisiún gan ach cuid de dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh, nó dréachtchaighdeáin theicniúla rialála le leasuithe a ghlacadh, más mithid sin ar mhaithe le leasanna an Aontais.

I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh, nó é a ghlacadh i bpáirt nó maille le leasuithe, cuirfidh sé an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar ais chuig an Údarás, maille le míniú ar cén fáth nach ndéanna sé é a ghlacadh nó maille le míniú ar na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh, Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an gCoimisiún agus é a atíolacadh don Choimisiún ina thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

▼B

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin sé seachtaine in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil rialála tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar, nó féadfaidh sé diúltú don chaighdeán.

Ní fhéadfaidh an Coimisiún athrú a dhéanamh ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil rialála arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

▼M3

2.  
I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún dréacht den sórt sin a iarraidh faoina bhráid laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas amhlaidh, in am trátha, más amhlaidh nach féidir leis teacht leis an teorainn ama nua.

▼B

3.  

I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh trí bhíthin gnímh tharmligthe gan dréacht a bheith faighte ón Údarás.

▼M3

Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an Coimisiún freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.

▼B

Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Seolfaidh an Coimisiún a dhréachtchaighdeán teicniúil rialála chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú agus é a thíolacadh don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh.

Má tá dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den tréimhse sé seachtaine, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha. Ní fhéadfaidh an Coimisiún athrú a dhéanamh ar inneachar an dréachtchaighdeáin teicniúil rialála arna n-ullmhú ag an Údarás comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar síos san Airteagal seo.

▼M3

4.  
Is trí bhíthin rialachán nó cinntí a dhéanfar na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil rialála’ le feiceáil sa teideal atá ar na rialacháin nó na cinntí sin. Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilseofar na caighdeáin sin, agus is ar an dáta a bheidh sonraithe iontu a thiocfaidh siad i bhfeidhm.

▼B

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Maidir leis an gcumhacht chun caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 10 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse ceithre bliana ón 16 Nollaig 2010. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an gcumhacht tharmligthe a ullmhú tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 14.
2.  
A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála, tabharfaidh sé fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.
3.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 go hAirteagal 14 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh.

Airteagal 12

An tarmligean a chúlghairm

1.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth.
2.  
Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d’fhonn a chinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéanfar an cinneadh deireanach, agus luafaidh sí an chumhacht tharmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme.
3.  
Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige láithreach nó ar an dáta a shonraítear ann ar a dhéanaí. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na gcaighdeán teicniúil rialála atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 13

Agóidí in aghaidh na gcaighdeán teicniúil rialála

▼M2

1.  
The European Parliament or the Council may object to a regulatory technical standard within a period of three months from the date of notification of the regulatory technical standard adopted by the Commission. At the initiative of the European Parliament or the Council that period shall be extended by three months.

▼M3 —————

▼B

2.  

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an chaighdeáin theicniúil rialála, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag más rud é go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3.  
Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh caighdeáin theicniúil rialála laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh an caighdeán sin i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 296 CFAE, luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an chaighdeáin theicniúil rialála.

Airteagal 14

Gan tacú leis an dréachtchaighdeán teicniúil rialála nó iad a leasú

1.  
I gcás ina dtacaíonn an Coimisiún le dréachtchaighdeán teicniúil rialála nó go leasaíonn sé é mar a fhoráiltear in Airteagal 10, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin don Údarás, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige.
2.  
Más iomchuí, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, laistigh de mhí amháin ó dáta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, a iarraidh ar an gCoimisinéir freagrach, mar aon le Cathaoirleach an Údaráis, teacht chuig cruinniú ad hoc le coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa nó leis an gComhairle chun a gcuid easaontas a chur i láthair agus a mhíniú.

Airteagal 15

Caighdeáin theicniúla cur chun feidhme

▼M3

1.  
I gcás ina dtugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt. Beidh caighdeáin theicniúla cur chun feidhme teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu, agus is é a bheidh san inneachar, ábhar lena gcinnfear na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sin. Cuirfidh an tÚdarás a chuid dréachtchaighdeán teicniúil rialála faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfaidh an Coimisiún iad a ghlacadh. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na caighdeáin theicniúla sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.

Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme, déanfaidh sé cinneadh i dtaobh é a ghlacadh nó gan é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh tarlú laistigh den tréimhse 3 mhí sin. Féadfaidh an Coimisiúnt cuid de dhréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh le leasuithe, más mithid sin ar mhaithe le leas an Aontais.

I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó i gcás ina mbeartaíonn sé gan ach cuid de a ghlacadh nó é a ghlacadh le leasuithe, cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é, agus míneoidh sé cén fáth nach bhfuil sé beartaithe aige tacú leis nó míneoidh sé na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán cur chun feidhme teicniúil a leasú ar bhonn na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún agus é a thíolacadh an athuair mar thuairim fhoirmiúil chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, más nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar nó féadfaidh sé diúltú dó mar chaighdeán.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme a ullmhaíonn an tÚdarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

2.  
I gcása nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún dréacht den sórt sin a iarraidh faoina bhráid laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas amhlaidh, in am trátha, más amhlaidh nach féidir leis teacht leis an teorainn ama nua.

▼B

3.  

I gcás nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gnímh cur chun feidhme gan dréacht a bheith faighte ón Údarás.

▼M3

Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an Coimisiún freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.

▼B

Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Seolfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú agus é a thíolacadh don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh.

Má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den thréimhse sé seachtaine sin, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme arna n-ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

▼M3

4.  
Is trí bhíthin rialachán nó cinntí a dhéanfar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil cur chun feidhme’ sa teideal atá ar na rialacháin nó na cinntí sin. Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilseofar na caighdeáin sin, agus is ar an dáta a bheidh sonraithe iontu a thiocfaidh siad i bhfeidhm.

▼B

Airteagal 16

Treoirlínte agus moltaí

▼M3

1.  
D’fhonn cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú laistigh de CEMA, agus d’fhonn a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach, eiseoidh an tÚdarás treoirlínte a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla uile nó ar na rannpháirtithe margaí airgeadais uile agus moltaí chuig údarás inniúil amháin nó níos mó nó chuig na rannpháirtíthe margaí airgeadais amháin nó níos mó.

Beidh na treoirlínte agus na moltaí i gcomhréir leis na cumhachtuithe atá tugtha sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó san Airteagal seo.

2.  
I gcás inarb iomchuí seolfaidh an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. Iarrfaidh an tÚdarás freisin, sa chás inarb iomchuí, comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37. I gcás nach dtionólann an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí nó nach n-iarrann sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Margaí, cuirfidh an tÚdarás na cúiseanna atá ann chuige ar fáil.

▼M3

2a.  
Na treoirlínte agus na moltaí atá ann, beidh rud iontu seachas tagairt d’eilimintí gníomhartha reachtacha, nó atáirgeadh ar na heilimintí sin. Sula n-eisítear treoirlíne nó moladh, déanfaidh an tÚdarás na treoirlínte agus na moltaí atá ann cheana a athbhreithniú ar dtús chun dúbailt a sheachaint.

▼B

3.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na rannpháirtithe margaidh airgeadais gach iarracht na treoirlínte agus na moltaí sin a chomhlíonadh.

Laistigh de dhá mhí ón tráth a eiseofar treoirlíne nó moladh, tabharfaidh gach údarás inniúil daingniú i dtaobh an bhfuil an treoirlíne nó an moladh sin á comhlíonadh nó á chomhlíonadh aige nó an bhfuil sé beartaithe aige an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh. I gcás nach bhfuil treoirlíne nó moladh á comhlíonadh nó á chomhlíonadh ag údarás inniúil, nó i gcás nach mbeartaíonn sé treoirlíne nó moladh a chomhlíonadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Údarás agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin.

I gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an treoirlíne nó an moladh sin, nó nach mbeartaíonn údarás inniúil an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh, foilseoidh an tÚdarás an méid sin. Féadfaidh an tÚdarás a chinneadh freisin, de réir gach cáis ar leith, na cúiseanna a sholáthraíonn an t-údarás inniúil i leith neamhchomhlíonadh na treoirlíne nó an mholta sin a fhoilsiú. Cuirfear fógra chuig an údarás inniúil roimh ré maidir le foilsiú den sórt sin.

Má cheanglaítear amhlaidh leis an treoirlíne nó leis an moladh sin, déanfaidh na rannpháirtithe margaidh airgeadais tuairisciú, ar shlí shoiléir mhionsonraithe, i dtaobh an gcomhlíonann siad an treoirlíne nó an moladh sin.

▼M3

4.  
Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5), cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas maidir leis na treoirlínte arna n-eisiúint.

▼M3

Airteagal 16a

Tuairimí

1.  
Féadfaidh an tÚdarás, ach a n-iarrfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún orthu é, nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún ar na saincheisteanna go léir a bhaineann lena réimse inniúlachta.
2.  
Féadfar anailís theicniúil nó comhairliúchán poiblí a áireamh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Maidir leis na measúnuithe stuamachta ar chumaisc agus ar éadálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/65/AE, agus lena gceanglaítear, i gcomhréir leis an Treoir sin, comhairliúchán idir na húdaráis inniúla ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an tÚdarás, ar iarraidh a fháil ó cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, tuairim ar mheasúnú stuamachta a eisiúint agus a fhoilsiú, seachas i ndáil leis na critéir a leagtar amach i bpointe (e) d’Airteagal 13(1) de Threoir 2014/65/AE. Eiseofar an tuairim go pras agus, in aon chás, roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE.
4.  
Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún, féadfaidh an tÚdarás comhairle theicniúil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún sna réimsí a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 16b

Ceisteanna agus freagraí

1.  
Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm praiticiúil nó cur chun feidhme fhorálacha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), gníomhartha gaolmhara tarmligthe agus cur chun feidhme, agus treoirlínte agus na moltaí a glacadh de bhun na ngníomhartha reachtacha sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear na húdaráis inniúla agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, iad a chur faoi bhráid an Údaráis in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Sula gcuirfidh siad ceist faoi bhráid an Údaráis, breithneoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an gcuirfidh siad an cheist i dtosach ar a n-údarás inniúil.

Sula bhfoilsítear freagraí ar cheisteanna inghlactha, féadfaidh an tÚdarás tuilleadh soiléirithe a lorg ar cheisteanna a chuireann an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach dá dtagraítear sa mhír seo.

2.  
Na freagraí ón Údarás ar na ceisteanna amhail dá dtagraítear i mír 1, beidh siad neamhcheangailteach.Is sa teanga inar cuireadh an cheist, ar a laghad, a thabharfar an freagra,.
3.  
Bunóidh agus coimeádfaidh an tÚdarás uirlis ghréasánbhunaithe a bheidh ar fáil ar a shuíomh gréasáin chun ceisteanna a fuarthas a chlárú agus a fhoilsiú in am is i dtráth, mar aon le freagraí ar gach ceist inghlactha de bhun mhír 1, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na ndaoine sin nó go mbeadh rioscaí ag baint leis sin do chobhsaíocht an chórais airgeadais. Ceisteanna nach rún don Údarás a bhfreagairt, féadfaidh sé diúltú dóibh. Foilseoidh an tÚdarás ceisteanna diúltaithe ar a shuíomh gréasáin go ceann dhá mhí.
4.  
Féadfaidh triúr comhaltaí vótála den Bhord Maoirseoirí iarraidh ar an mBord Maoirseoirí a chinneadh de bhun Airteagal 44 an dtabharfar aghaidh ar shaincheist na ceiste inghlactha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sna treoirlínte de bhun Airteagal 16, comhairle a iarraidh ón nGrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37, athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna agus freagraí ag na heatraimh iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí a sheoladh nó anailís a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach le raon feidhme, cineál agus tionchar na ndréachtcheisteanna agus na ndréachtfhreagraí lena mbaineann, nó i ndáil leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. I gcás ina mbeidh an Grúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37 rannpháirteach iontu sin, beidh feidhm ag dualgas maidir le rúndacht.
5.  
Cuirfidh an tÚdarás ceisteanna ar aghaidh chuig an gCoimisiún, ceisteanna lena dteastaíonn léirmhíniú maidir le dlí an Aontais. Foilseoidh an tÚdarás aon fhreagraí a chuirfidh an Coimisiún ar fáil.

▼B

Airteagal 17

Sárú ar dhlí an Aontais

1.  
I gcás nach bhfuil na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) curtha i bhfeidhm ag údarás inniúil, nó i gcás ina bhfuil siad curtha i bhfeidhm aige ar bhealach ar dealraitheach ina leith gur sárú ar dhlí an Aontais é, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála agus na caighdeáin theicniula cur chun feidhme arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, go háirithe trí mhainneachtain a áirithiú go sásaíonn institiúid airgeadais na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha sin, gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir leis na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 6 den Airteagal seo.

▼M3

2.  

Ar iarraidh ó údarás inniúil amháin nó níos mó, nó ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, nó ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, nó dá thionscnamh féin, lena n-áirítear nuair a bheidh an fhaisnéis sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi ó dhaoine nádúrtha nó ó dhaoine dlítheanacha, tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, míneoidh an tÚdarás an chaoi a bhfuil a bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh leis an gcás, agus, i gcás inarb iomchuí, imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

▼M2

Without prejudice to the powers laid down in Article 35, the competent authority shall, without delay, provide the Authority with all information which the Authority considers necessary for its investigation, including with regard to how the acts referred to in Article 1(2) are applied in accordance with Union law.

▼M3

Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás, tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile aon uair a cruthaíodh nár leordhóthanach faisnéis a iarraidh ón údarás inniúil, nó aon uair a mheastar nach leordhóthanach an fhaisnéis sin a iarraidh uaidh chun an fhaisnéis a fháil a mheastar is gá chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.

2a.  
Gan dochar do na cumhachtaí faoin Rialachán seo agus sula n-eiseoidh an tÚdarás moladh mar a leagtar amach i mír 3, rachaidh an tÚdarás i gcomhar leis an údarás inniúil lena mbaineann, i gcás ina measfaidh sé gur iomchuí an comhar sin chun sárú ar dhlí an Aontais a réiteach, féachaint le socrú a fháil maidir leis na bearta is gá chun go gcomhlíonfaidh an t-údarás inniúil dlí an Aontais.

▼B

3.  

Féadfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná dhá mhí ón imscrúdú a thionscnamh, moladh a dhíriú chuig an údarás inniúil lena mbaineann, ar moladh é ina leagfar amach an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh.

Déanfaidh an t-údarás inniúil, laistigh de dheich lá oibre ón moladh a fháil, na bearta atá déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais a chur in iúl don Údarás.

4.  

I gcás nach mbeidh dlí an Aontais á chomhlíonadh ag an údarás inniúil laistigh de mhí amháin ó mholadh an Údaráis a fháil, féadfaidh an Coimisiún, tar éis don Údarás é a chur ar an eolas, nó ar a thionscnamh féin, tuairim fhoirmiúil a eisiúint á cheangal ar an údarás inniúil an ghníomhaíocht a dhéanamh is gá chun dlí an Aontais a chomhlíonadh. Cuirfear moladh an Údaráis san áireamh i dtuairim fhoirmiúil an Choimisiúin.

Déanfaidh an Coimisiún tuairim fhoirmiúil den sórt sin a eisiúint tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an trátha a nglactar an moladh. Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse sin a fhadú mí amháin.

Déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla gach faisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún.

5.  
Laistigh de dheich lá oibre ón tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 a fháil, cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún agus an tÚdarás ar an eolas faoi na bearta atá déanta aige nó atá a bheartaíonn sé a dhéanamh chun an tuairim fhoirmiúil sin a chomhlíonadh.

▼M3

6.  
Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE, sa chás nach gcomhlíonann údarás inniúil an tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo laistigh den tréimhse ama a shonraítear ann, agus i gcás gur gá an neamhchomhlíonadh sin a leigheas go tráthúil chun coinníollacha neodracha iomaíochta sa mhargadh a chothabháil nó a athshlánú, nó chun feidhmiú ordúil agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo infheidhme go díreach ar institiúidí airgeadais, cinneadh ar leith a ghlacadh a bheidh dírithe ar oibrí san earnáil airgeadais, cinneadh á cheangal chun gach gníomhaíocht riachtanach a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas faoi leith.

Beidh cinneadh an Údaráis i gcomhréir leis an tuairim fhoirmiúil arna heisiúint ag an gCoimisiún de bhun mhír 4.

7.  
Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar i gcomhréir le mír 6 ar aon chinneadh a ghlac na húdaráis inniúla roimhe seo maidir leis an ábhar céanna.

Agus gníomh á dhéanamh maidir le saincheisteanna atá faoi réir tuairime foirmiúla de bhun mhír 4 nó atá faoi réir chinneadh de bhun mhír 6, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla an tuairim fhoirmiúil nó an cinneadh, de réir mar a bheidh an cás.

▼B

8.  
Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5), leagfaidh an tÚdarás amach cé na húdaráis inniúla agus na rannpháirtithe margaidh airgeadais nár chomhlíon na tuairimí foirmiúla nó na cinntí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 6 den Airteagal seo.

▼M3

Airteagal 17 a

Cosaint na ndaoine a dhéanann an tuairisciú

1.  
Faisnéis a sholáthraíonn duine nádúrtha nó duine dlítheanach maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha, le mí-úsáid dlí, nó le cás nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, ba cheart bealaí tuairiscithe tiomnaithe chun an fhaisnéis sin a fháil agus a láimhseáil a chur i bhfeidhm.
2.  
Na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanann tuairisciú trí na bealaí sin, déanfar iad a chosaint ar fhrithbheart i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), i gcás inarb infheidhme.
3.  
Áiritheoidh an tÚdarás go bhféadfar faisnéis a thabhairt gan ainm, nó go rúnda agus go sábháilte. I gcás ina measfaidh an tÚdarás go bhfuil fianaise nó tásca suntasacha san fhaisnéis ar sháruithe ábhartha, tabharfaidh sé aiseolas don duine a rinne an tuairisciú.

▼B

Airteagal 18

Gníomhaíocht i staideanna éigeandála

1.  

I gcás ina dtarlaíonn forbairtí dochracha a d’fhéadfadh feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cobhsaíocht cuid den chóras sin, a chur i mbaol, déanfaidh an tÚdarás aon ghníomhaíochtaí a dtugann na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha fúthu a éascú go gníomhach agus, má mheastar gur gá sin, a chomhordú.

Chun bheith in ann an ról sin maidir le héascú agus comhordú a chomhlíonadh, cuirfear an tÚdarás ar an eolas go hiomlán maidir le haon fhorbairtí ábhartha, agus iarrfar air páirt a ghlacadh mar bhreathnadóir in aon chruinniú ábhartha de chuid na n-údarás inniúil náisiúnta ábhartha.

2.  

Tar éis iarraidh a fháil ón Údarás, ón gCoimisiún nó ón BERS, féadfaidh an Chomhairle, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an BERS agus, i gcás inarb iomchuí, leis na ÚMEanna, cinneadh a ghlacadh a bheidh dírithe ar an Údarás agus lena gcinnfear go bhfuil staid éigeandála ann chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gcinneadh sin ag eatraimh iomchuí agus uair amháin sa mhí ar a laghad. Más rud é nach ndéantar athnuachan ar an gcinneadh ag deireadh tréimhse míosa, rachaidh an cinneadh in éag go huathoibríoch. Féadfaidh an Chomhairle, aon tráth, a dhearbhú nach ann don staid éigeandála a thuilleadh.

Más rud é go measann an BERS nó an tÚdarás go bhféadfadh staid éigeandála teacht chun cinn, eiseoidh sé moladh rúnda a bheidh dírithe ar an gComhairle agus déanfaidh sé measúnú ar an staid a sholáthar don Chomhairle. Déanfaidh an Chomhairle a mheas ansin an gá cruinniú a thionól. Sa phróiseas sin, ráthófar cúram cuí maidir le rúndacht.

Má chinneann an Chomhairle go bhfuil staid éigeandála ann, cuirfidh sé an méid sin in iúl go cuí agus gan mhoill do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.

▼M3

3.  
I gcás ina mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus in imthosca eisceachtúla, ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar thaobh na n-údarás inniúil chun freagairt d’fhorbairtí dochracha a d’fhéadfadh feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cosaint custaiméirí agus infheisteoirí a chur i mbaol go tromchúiseach, féadfaidh an tÚdarás cinntí ar leithligh a ghlacadh lena gceanglaítear ar údaráis inniúla an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairt den sórt sin trína áirithiú go gcomhlíonfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha sin.

▼B

4.  
Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, más i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis dá dtagraítear i mír 3 laistigh den tréimhse a leagtar síos sa chinneadh sin, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil na ceanglais ábhartha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear i gcaighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis na gníomhartha sin, infheidhme go díreach maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais, cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoin reachtaíocht sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas áirithe. Ní bheidh feidhm aige seo ach amháin i staideanna ar ina leith nach ndeanann údarás inniúil na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis na gníomhartha sin, a chur i bhfeidhm, nó ina gcuireann sé i bhfeidhm iad ar bhealach ar dealraitheach ina leith gur sárú follasach ar na gníomhartha sin é, agus i gcás ina bhfuil gá le leigheas práinneach chun feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais a aisiriú nó chun cobhsaíocht an chórais airgeadais in iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a aisiriú.
5.  

Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar faoi mhír 4 ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar céanna.

Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le saincheisteanna atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 3 nó mhír 4 comhoiriúnach leis na cinntí sin.

Airteagal 19

Easaontais idir údaráis inniúla i staideanna trasteorann a réiteach

▼M3

1.  

I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo i gceachtar den dá chás seo a leanas:

(a) 

ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n-aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an ábhar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;

(b) 

i gcásanna ina bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhféadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.

I gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag údaráis inniúla agus i gcás, i gcomhréir leis na gníomhartha sin, go bhféadfaidh an tÚdarás, dá thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo do na húdaráis inniúla lena mbaineann, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin.

▼M3

1a.  

Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill mhíchuí nár baineadh comhaontú amach.

(a) 

i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh ceann de na nithe seo a leanas:

(i) 

tá an sprioc-am dulta in éag; nó

(ii) 

cinneadh a bheith déanta ag péire, ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla;

(b) 

i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh ceann de na nithe seo a leanas:

(i) 

cinneadh a bheith déanta ag péire ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla; nó

(ii) 

dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha sin a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.

1b.  
Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil.

Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 44(4), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le déanamh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí féin a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo tcurtha i gcrích.

▼B

2.  
Déanfaidh an tÚdarás teorainn ama a leagan amach don idir-réiteach idir na húdaráis inniúla, agus aon teorainneacha ama ábhartha a shonraítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus castacht agus práinn an ábhair á gcur san áireamh. Ag an tráth sin, gníomhóidh an tÚdarás mar idirghabhálaí.

▼M3

3.  
Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t-ábhar a réiteach agus a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.

▼M3

3a.  
Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 agus, nuair is infheidhme, in éineacht leis an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.

▼M3

4.  
Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, go mainníonn sé a áirithiú go gcomhlíonann institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe an rannpháirtí margaidh airgeadais sin á cheangal go ndéanfar gach gníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas áirithe.

▼B

5.  
Beidh forlámhas ag cinntí nglacadh faoi mhír 4 ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar céanna. Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le fíorais atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 3 nó mhír 4 comhoiriúnach leis na cinntí sin.
6.  
Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 50(2), leagfaidh Cathaoirleach an Údaráis amach nádúr agus cineál na n-eastaontas atá ann idir na húdaráis inniúla, na comhaontuithe ar thángthas orthu agus na cinntí a rinneadh chun na heasaontais sin a réiteach.

Airteagal 20

Easaontais idir údaráis inniúla trasna earnálacha a réiteach

Réiteoidh an Comhchoiste, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 19 agus in Airteagal 56, aon easaontais trasearnála a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir údaráis inniúla de réir mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 4 den Rialachán seo agus de Rialachán (AE) 1093/2010 agus de Rialachán (AE) 1094/2010, faoi seach.

Airteagal 21

Coláistí maoirseoirí

▼M3

1.  
Cuirfidh an tÚdarás feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí chun cinn agus déanfaidh sé faireachán ar fheidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí sin faoi raon feidhme a chuid cumhachtaí i gcás ina dtagraítear dó, arna mbunú le gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus déanfaidh sé comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a chothú maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais i measc na gcoláistí maoirseoirí. Agus é mar chuspóir aige dea-chleachtais mhaoirseachta a chóineasú, cuirfidh an tÚdarás comhphleananna maoirseachta agus comhscrúduithe chun cinn agus beidh sé de cheart iomlán ag baill foirne an Údaráis a bheith go hiomlán rannpháirteach sa choláiste maoirseoirí agus, dá dhroim sin, beidh siad in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an choláiste maoirseoirí, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair, gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích go comhpháirteach ag dhá údarás inniúla nó níos mó.
2.  

Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir lena áirithiú go bhfeidhmíonn na coláistí maoirseoirí go comhsheasmhach agus comhleanúnach ar mhaithe le hinstitiúidí airgeadais trasteorann ar fud an Aontais, agus aird á tabhairt ar an riosca sistéamach atá ann i leith rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, agus tionólfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, cruinniú coláiste.

▼B

Chun críche na míre seo agus chun críche mhír 1 den Airteagal seo, measfar gur ‘údarás inniúil’ é an tÚdarás de réir bhrí na reachtaíochta ábhartha.

Féadfaidh an tÚdarás:

(a) 

an fhaisnéis ábhartha go léir a bhailiú agus a pháirtiú i gcomhar leis na húdaráis inniúla chun obair an choláiste a éascú agus chun córas lárnach a bhunú agus a bhainistiú chun go mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla sa choláiste ar an bhfaisnéis sin;

▼M3

(b) 

tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 32 chun cumas na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a mheas, go háirithe an riosca sistéamach atá ann i leith na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, i ndáil le déileáil le forbairtí dochracha margaidh, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú ar an riosca sistéamach i staideanna struis a bhaineann le príomh-rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, á áirithiú go gcuirfear modheolaíocht chomhsheasmhach i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin agus, i gcás inarb iomchuí, chun moladh a dhíriú ar an údarás inniúil chun saincheisteanna a shainaithnítear sa tástáil struis a cheartú, lena n-áirítear moladh measúnuithe sonracha a dhéanamh; féadfaidh sé a iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair chun inchomparáideacht agus iontaofacht na modhanna, na gcleachtas agus na dtorthaí measúnuithe uile-Aontais a áirithiú;

▼B

(c) 

gníomhaíochtaí maoirseachta éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun cinn, lena n-áirítear na rioscaí a dtagann rannpháirtithe margaidh airgeadais faoina lé, nó a bhféadfadh rannpháirtithe margaidh airgeadais teacht faoina lé a mheas, i staideanna struis;

(d) 

i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a shonraítear sa Rialachán seo, formhaoirseacht a dhéanamh ar na cúraimí a chuireann na húdaráis inniúla i gcrích; agus

(e) 

a iarraidh go ndéanfadh coláiste tuilleadh plé in aon chásanna ina measann sé gurb é a leanfadh as an gcinneadh ná cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais nó nach rannchuideodh an cinneadh sin leis an gcuspóir a bhaineann le cóineasú na gcleachtas maoirseachta. Féadfaidh sé freisin a cheangal ar mhaoirseoir an ghrúpa cruinniú a shocrú don choláiste nó mír a chur le clár oibre cruinnithe.

▼M3

3.  
Féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt i gcomhréir leis na cumhachtuithe a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 15, chun a áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha cur i bhfeidhm ann i dtaca leis na forálacha a bhaineann le feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí maoirseoirí. Féadfaidh an tÚdarás i gcomhréir le hAirteagal 16 a eisiúint chun cóineasú a chur chun cinn i ndáil leis an bhfeidhmiú maoirseachta agus na dea-chleachtais atá glactha ag na coláistí maoirseoirí.

▼B

4.  
Beidh ról idirghabhála atá ceangailteach le dlí ag an Údarás, ar ról é lena ndéanfar díospóidí idir údaráis inniúla a réiteach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 19. Féadfaidh an tÚdarás cinntí maoirseachta a dhéanamh a bheidh infheidhme go díreach ar an institiúid lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 19.

Airteagal 22

▼M3

Forálacha ginearálta maidir le rioscaí sistéamacha

▼B

1.  

Déanfaidh an tÚdarás breithniú cuí ar an riosca sistéamach amhail a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Tabharfaidh sé aghaidh ar aon riosca go dtarlóidh suaitheadh sna seirbhísí airgeadais, ar suaitheadh é de chineál:

(a) 

arb é is cúis leis ná lagú an chórais airgeadais ina iomláine nó lagú codanna den chóras sin agus

(b) 

a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige don mhargadh inmheánach agus don fhíorgheilleagar.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tÚdarás breithniú ar an bhfaireachán agus ar an measúnú ar an riosca sistéamach de réir mar a bheith na nithe sin forbartha ag an BERS agus ag an Údarás agus gníomhóidh sé mar fhreagairt ar rabhaidh agus ar mholtaí ón BERS i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

2.  

Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le BERS, agus i gcomhréir le hAirteagal 23(1), cur chuige comhchoiteann a fhorbairt i dtaca leis an riosca sistéamach a d’fhéadfadh a bheith ann i leith príomhrannpháirtithe margaidh airgeadais a shainaithint agus a thomhas, lena n-áirítear táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla de réir mar is iomchuí.

Beidh na táscairí sin ina ngné chriticiúil i dtaca le gníomhaíochtaí maoirseachta iomchuí a chinneadh. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar an méid cóineasaithe a bheidh ann sna cinntí a dhéantar d’fhonn cur chuige comhchoiteann a chur chun cinn.

3.  

Gan dochar do na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), déanfaidh an tÚdarás, de réir mar is gá, treoirlínte agus moltaí breise a tharraingt suas do na príomhrannpháirtithe margaidh airgeadais chun an riosca sistéamach atá ann ina leith a chur san áireamh.

Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar an riosca sistéamach atá ann i leith príomhrannpháirtithe margaidh airgeadais a chur san áireamh nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á bhforbairt sna réimsí a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

▼M3

4.  
Arna iarraidh sin ag údarás inniúil amháin nó níos mó, féadfaidh Parlaimint an hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún, nó ar thionscnamh an Údaráis féin, féadfaidh an tÚdarás fiosrúchán a sheoladh i leith cineáil áirithe gníomhaíochta airgeadais nó i leith cineáil táirge nó i leith cineáil iompraíochta chun na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó do chosaint custaiméirí nó infheisteoirí a mheasúnú.

Tar éis fiosrúchán de bhun na chéad fhomhíre, féadfaidh an Bord Maoirseoirí moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le gníomhaíocht do na húdaráis inniúla lena mbaineann.

Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n-áirítear Airteagal 35.

▼B

5.  
Áiritheoidh an Comhchoiste comhordú foriomlán agus trasearnála na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 23

Riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas

▼M3

1.  
Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le BERS, critéir a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas, mar aon le réim tástála struis a fhorbairt ina n-áirítear meastóireacht ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú, i staideanna struis, ar an riosca sistéamach atá ann i leith rannpháirtithe margaidh airgeadais, nó mar gheall orthu, lena n-áirítear an riosca sistéamach comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ann ina leith faoi réir maoirseachta neartaithe agus, más gá, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagal 25.

▼B

2.  
Déanfaidh an tÚdarás na cineálacha cur chuige idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh nuair a bheidh forbairt á déanamh ar na critéar chun riosca sistéamach i leith rannpháirtithe margaidh airgeadais, lena n-áirítear na cinn sin arna mbunú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ag an mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, a shainaithint agus a thomhas.

Airteagal 24

Buanchumas freagairt do rioscaí sistéamacha

1.  
Áiritheoidh an tÚdarás go mbeidh cumas speisialaithe agus leanúnach aige chun freagairt go héifeachtach ar theacht chun cinn na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear in Airteagal 22 agus in Airteagal 23, go háirithe i ndáil le hinstitiúidí a bhfuil riosca sistéamach ann ina leith.
2.  
Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí a thugtar dó sa Rialachán seo agus sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chomhall, agus rannchuideoidh sé lena áirithiú go bhfuil réim chomhleanúnach chomhordaithe bainistithe agus réitithe géarchéime ann san Aontas.

Airteagal 25

Nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh

1.  
Rannchuideoidh an tÚdarás le forbairt agus comhordú pleananna éifeachtacha comhsheasmhacha téarnaimh agus réitigh, nósanna imeachta i staideanna éigeandála agus bearta coisctheacha chun an tionchar sistéamach a ghabhann le haon chliseadh a íoslaghdú, agus glacfaidh sé páirt ghníomhach san fhorbairt agus sa chomhordú sin.
2.  
I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go hAirteagal 15, féadfaidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt de réir mar atá sonraithe sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 26

Córas Eorpach um Scéimeanna Náisiúnta Cúitimh d’Infheisteoirí

1.  
Rannchuideoidh an tÚdarás le córas Eorpach na Scéimeanna Cúitimh náisiúnta d’Infheisteoirí (SCI) a neartú trí ghníomhú faoi na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo lena áirithiú go ndéantar Treoir 97/9/CE a chur i bhfeidhm i gceart agus é mar aidhm aige a áirithiú go bhfaighidh Scéimeanna Cúitimh náisiúnta d’Infheisteoirí cistiúchán leordhóthanach ó ranníocaíochtaí ó na rannpháirtithe margaidh airgeadais lena mbaineann, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, rannpháirtithe margaidh airgeadais a bhfuil a gceanncheathrú suite i dtríú tíortha agus soláthróidh sé ardleibhéal cosanta do gach infheisteoir i gcreat comhchuibhithe ar fud an Aontais.
2.  
Beidh feidhm ag Airteagal 16 a bhaineann le cumhachtaí an Údaráis chun treoirlínte agus moltaí a ghlacadh maidir le Scéimeanna Cúitimh d’Infheisteoirí.
3.  
I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go hAirteagal 15, féadfaidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt de réir mar atá sonraithe sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
4.  
Maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán seo, dá bhforáiltear in Airteagal 81, déanfar scrúdú lena linn go háirithe ar chóineasú chóras Eorpach na Scéimeanna Cúitimh náisiúnta d’Infheisteoirí.

Airteagal 27

An córas Eorpach um réiteach agus um shocruithe cistiúcháin

1.  
I réimsí a inniúlachta, rannchuideoidh an tÚdarás le modhanna a fhorbairt chun príomhrannpháirtithe margaidh airgeadais atá ag cliseadh a réiteach ar bhealaí ina seachnaítear tógálacht, ina bhféadfar iad a fhoirceannadh ar mhodh ordúil agus tráthúil agus, i gcás inarb iomchuí, ina n-áirítear sásraí cistiúcháin comhleanúnacha agus inchreidte de réir mar is iomchuí.
2.  

Rannchuideoidh an tÚdarás leis an obair ar an saincheisteanna cothromaíochta agus ar na tionchair charnacha a bheidh ag aon chóras tobhach agus ranníocaíochtaí a d’fhorchuirfí ar institiúidí airgeadais agus a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun comhroinnt chothrom an ualaigh a áirithiú agus ag aon chóras dreasachtaí chun srian a chur leis an riosca sistéamach mar chuid de chreat comhleanúnach agus inchreidte i gcomhair réitithe.

▼M3 —————

▼B

Airteagal 28

Cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean

1.  
Féadfaidh údaráis inniúla, le toiliú an tarmligí, cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean chuig an Údarás nó chuig údaráis inniúla eile, ach sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit socruithe sonracha a leagan amach maidir le tarmligean freagrachtaí nach mór a chomhlíonadh sula ndéanfaidh a gcuid údarás inniúil comhaontuithe den sórt sin maidir le tarmligean agus féadfaidh siad raon feidhme an tarmligin a theorannú do na nithe is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais trasteorann nó ar ghrúpaí airgeadais trasteorann.
2.  
Déanfaidh an tÚdarás tarmligean cúraimí agus freagrachtaí idir údaráis inniúla a spreagadh agus a éascú trí na cúraimí agus na freagrachtaí sin is féidir a tharmligean nó a fheidhmiú go comhpháirteach a shainaithint agus trí dhea-chleachtais a chur chun cinn.
3.  
Is é a leanfaidh as tarmligean freagrachtaí ná ath-leithdháileadh na n-inniúlachtaí a leagtar síos sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Is le dlí údarás an tarmligí a rialófar an nós imeachta, an forfheidhmiú agus an t-athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach a bhaineann leis na freagrachtaí tarmligthe.
4.  

Cuirfidh na húdaráis inniúla an tÚdarás ar an eolas faoi a bheartaíonn siad a dhéanamh chomhaontuithe maidir le tarmligean. Tabharfaidh siad éifeacht do na comhaontuithe aon mhí amháin, ar a luaithe, tar éis an tÚdarás a chur ar an eolas.

Féadfaidh an tÚdarás tuairim faoin gcomhaontú beartaithe a thabhairt laistigh de mhí amháin ón tráth a gcuirtear ar an eolas é.

Lena áirithiú go gcuirfear na páirtithe go léir lena mbaineann ar an eolas go hiomchuí, déanfaidh an tÚdarás aon chomhaontú maidir le tarmligean arna thabhairt i gcrích ag na húdaráis inniúla a fhoilsiú ar mhodh iomchuí.

Airteagal 29

Cultúr coiteann maoirseachta

1.  

Beidh ról gníomhach ag an Údarás maidir le cultúr coiteann maoirseachta Aontais agus maidir le cleachtais chomhsheasmhacha mhaoirseachta a fhorbairt agus, chomh maith leis sin, maidir lena áirithiú go bhfuil nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cur chuige comhsheasmhach ann ar fud an Aontais. Déanfaidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad:

(a) 

tuairimí a thabhairt do na húdaráis inniúla;

▼M3

(aa) 

tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29a;

(ab) 

grúpaí comhordaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 45b chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus chun na cleachtais is fearr a shainaithint;

▼M3

(b) 

malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena n-áirítear an chibearshlándáil agus cibear-ionsaithe, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais;

▼B

(c) 

rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin mhaoirseachta aonfhoirmeacha agus ardcháilíochta, lena n-áirítear caighdeáin maidir le tuairisciú, agus ar chaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 1(3);

(d) 

athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí sin; agus

▼M3

(e) 

cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena n-áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile; agus

▼M3

(f) 

córas faireacháin a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí ábhartha comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus Comhaontú Pháras le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide á chur san áireamh.

▼M3

2.  
Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, ionstraimí agus uirlisí nua praiticiúla cóineasúcháin a fhorbairt chun cuir chuige choiteanna agus cleachtais choiteanna a chur chun cinn i ndáil le maoirseacht.

Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais san Aontas agus ina gcuirtear san áireamh go cuí cineál, scála agus castacht na rioscaí, na cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí agus sna margay airgeadais, lena n-áirítear athruithe de thoradh nuálaíocht teicneolaíochta, na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus na margaí. Leagfar amach i lámhleabhar maoirseachta an Aontais dea-chleachtais maoirseachta, agus sonrófar ann modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta.

Seolfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na tuairimí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, agus uirlisí agus ionstraimí dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh sé freisin, i gcás inarb iomchuí, anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh comhairliúcháin agus anailísí den sórt sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtuairimí nó na n-uirlisí agus na n-ionstraimí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta freisin.

▼M3

Airteagal 29a

Tosaíochtaí Maoirseachta Straitéiseacha an Aontais

Tar éis plé sa Bhord Maoirseoirí agus tuairimí ó údaráis inniúla, an obair atá déanta cheana ag institiúidí nó comhlachtaí an Aontais agus anailís, rabhaidh agus moltaí arna bhfoilsiú ag BERS á gcur san áireamh, sainaithneoidh an tÚdarás, gach trí bliana ar a laghad agus faoin 31 Márta, suas le dhá thosaíocht a bheidh ábhartha ar fud an Aontais agus iad ina léiriú ar fhorbairtí agus treochtaí a bheidh ann amach anseo. Déanfaidh na húdaráis inniúla na tosaíochtaí sin a chur san áireamh agus a gcláir oibre á n-ullmhú acu agus tabharfaidh siad fógra ina leith don Údarás amhlaidh. Pléifidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí ábhartha a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla an bhliain dár gcionn agus tiocfaidh sé ar chonclúidí. Déanfaidh an tÚdarás plé ar an obair leantach a bhféadfadh treoirlínte, moltaí d’údaráis inniúla, agus athbhreithnithe piaraí, sa limistéar faoi seach a bheith ar áireamh inti.

Leis na tosaíochtaí a bheidh ábhartha ar fud an Aontais arna sainaithint ag an Údarás ní chuirfear bac ar údaráis inniúla náisiúnta a ndea-chleachtais a chur i bhfeidhm, gníomhú ar a gcuid tosaíochtaí agus forbairtí, agus breithneofar na sainiúlachtaí náisiúnta.

▼M3

Airteagal 30

Athbhreithnithe piaraí ar na húdaráis inniúla

1.  
Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí go tréimhsiúil ar chuid de na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis inniúla nó orthu go léir chun an chomhsheasmhacht agus an éifeachtacht sna torthaí maoirseachta a dhaingniú a thuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na húdaráis a ndéantar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. Le linn athbhreithnithe piaraí a phleanáil agus a dhéanamh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh, lena n-áirítear aon fhaisnéis ábhartha a tugadh don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35, agus aon fhaisnéis ábhartha ó gheallsealbhóirí.
2.  
Chun críocha an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás ad hoc coistí um athbhreithniú piaraí ar a mbeidh baill foirne an Údaráis i gcomhar le comhaltaí na n-údarás inniúil. Déanfaidh ball foirne ón Údarás cathaoirleacht ar na coistí um athbhreithniú piaraí. Déanfaidh an Cathaoirleach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht, an cathaoirleach agus comhaltaí coiste um athbhreithniú piaraí a mholadh, ar moladh é a fhormheasfaidh an Bord Maoirseoirí. Measfar an togra a bheith formheasta mura rud é, laistigh de 10 lá óna mholadh sin ag an gCathaoirleach, go ndéanann an Bord Maoirseoirí cinneadh é a dhiúltú.
3.  

Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú piaraí, ach ní bheidh an t-athbhreithniú teoranta dóibh sin amháin:

(a) 

a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialála atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an acmhainneacht atá ann freagairt ar fhorbairtí sa mhargadh;

(b) 

éifeachtúlacht agus méid an chóineasaithe atá bainte amach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus i dtaca le cleachtas maoirseachta, lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí arna nglacadh de bhun Airteagal 10 go hAirteagal 16, agus a mhéid a dhéantar na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Aontais a bhaint amach tríd an gcleachtas maoirseachta,

(c) 

cur i bhfeidhm na ndea-chleachtas arna bhforbairt ag údaráis inniúla agus a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’údaráis inniúla eile dá nglacfaí iad;

(d) 

an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha arna nglacadh le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile arna bhforchur ar dhaoine freagracha i gcás nach ndéantar na forálacha sin a chomhlíonadh.

4.  
Ullmhóidh an tÚdarás tuarascáil ina leagfar amach torthaí an athbhreithnithe piaraí. Is an coiste um athbhreithniú piaraí a ullmhóidh an tuarascáil athbhreithnithe piaraí sin agus is é an Bord Maoirseoirí a ghlacfaidh é i gcomhréir le hAirteagal 44(4). Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta chun comhsheasmhacht le tuarascálacha piar-athbhreithniúcháin eile agus cothrom iomaíochta a áirithiú. Measúnóidh an Bord Bainistíochta go háirithe ar cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm ar an dóigh chéanna. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil ar na bearta leantacha a mheastar a bheith iomchuí comhréireach riachtanach de thoradh an athbhreithnithe piaraí. Féadfar na bearta leantacha sin a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun phointe (a) d’Airteagal 29(1).

I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh.

Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh na an n-athbhreithnithe piaraí san áireamh, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.

5.  
Cuirfidh an tÚdarás tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe piaraí nó d’aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur gá rialacha an Aontais maidir le hinstitiúidí airgeadais nó údaráis inniúla a chomhchuibhiú a thuilleadh ó thaobh pheirspictíocht an Aontais de.
6.  
Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil leantach le chéile dhá bhliain tar éis fhoilsiú na tuarascálamaidir le hathbhreithniú piaraí. Ullmhóidh an coiste um athbhreithniú piaraí an tuarascáil leantach agus glacfaidh an Bord Maoirseoirí í i gcomhréir le hAirteagal 44(4). Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta chun comhsheasmhacht le tuarascálacha piar-athbhreithniúcháin eile a áirithiú. Cuimseofar sa tuarascáil leantach, ach ní bheidh sí teoranta dó sin amháin, measúnú ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí mar fhreagairt ar bhearta leantacha na tuarascála maidir le hathbhreithniú piaraí.
7.  
Tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí, déanfaidh an coiste um athbhreithniú piaraí torthaí réasúnaithe an athbhreithnithe piaraí a shainaithint. Foilseoidh an tÚdarás príomhthorthaí réasúnaithe an athbhreithnithe piaraí agus na tuarascála leantaí dá dtagraítear i mír 6. I gcás ina mbeidh difríocht idir príomhthorthaí réasúnaithe an Údaráis agus na torthaí arna sainaithint ag an gcoiste um athbhreithniú piaraí, tarchuirfidh an tÚdarás, ar bhonn rúnda, torthaí an choiste um athbhreithniú piaraí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Má bhíonn imní ar an údarás inniúil a ndearnadh an t-athbhreithniú piaraí air go mbeadh riosca do chobhsaíocht an chórais airgeadais dá bhfoilseofaí príomhthorthaí réasúnaithe an Údaráis, beidh an deis aige an t-ábhar a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí a chinneadh gan na sleachta sin a fhoilsiú.
8.  
Chun críocha an Airteagail seo, molfaidh an Bord Bainistíochta go réiteofar plean oibre d’athbhreithniú piaraí don dá bhliain atá romhainn, ina léireofar inter alia na ceachtanna a foghlaimíodh ó na próisis athbhreithniúcháin a bhí ann go dtí seo mar aon leis an bplé a rinneadh sna grúpaí comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 45(b). Cuid ar leithligh den chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a bheidh i bplean oibre d’athbhreithniú piaraí. Déanfar é a chur ar fáil don phobal. I gcás práinne nó teagmhais gan choinne, féadfaidh an tÚdarás cinneadh athbhreithnithe piaraí breise a dhéanamh.

▼B

Airteagal 31

Feidhm chomhordúcháin

▼M3

1.  
Comhlíonfaidh an tÚdarás ról ginearálta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla, go háirithe i staideanna ina bhféadfadh forbairtí dochracha feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas a chur i mbaol.
2.  

Cuirfidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais chun cinn, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, inter alia:

▼B

(a) 

malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla a éascú;

(b) 

cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme na faisnéise is ceart a chur ar fáil do na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann agus, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, iontaofacht na faisnéise sin a fhíorú;

(c) 

gan dochar d’Airteagal 19, idirghabháil neamh-cheangailteach a dhéanamh, arna iarraidh sin ag údaráis inniúla nó ar a thionscnamh féin;

(d) 

fógra a thabhairt gan mhoill don BERS maidir le haon staideanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann;

▼M3

(e) 

bearta iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d’fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol d’fhonn na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú;

▼M3

(ea) 

bearta iomchuí a dhéanamh chun gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú d’fhonn cead isteach sa mhargadh a éascú do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicniúil;

▼B

(f) 

lárchoimeád a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaightear ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 35 mar thoradh ar na hoibleagáidí tuairiscithe rialála atá ann do rannpháirtithe margaidh airgeadais atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis sin a pháirtiú leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.

▼M3

3.  
Chun cuidiú le bunú cur chuige choitinn Eorpaigh maidir le nuálaíocht teicneolaíochta, cuirfidh an tÚdarás cóineasú maoirseachta chun cinn, le tacaíocht, i gcás inarb iomchuí, ón gCoiste maidir le cosaint tomhaltóirí agus nuálaíocht airgeadais, lena n-éascaítear an bealach do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicneolaíoch chun teacht ar an margadh, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 31a

Malartú faisnéise maidir le hoiriúnacht agus cuibheas

Déanfaidh an tÚdarás, in éineacht leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), córas a bhunú ina ndéanfaidh údaráis inniúla faisnéis a mhalartú atá ábhartha maidir le measúnú ar oiriúnacht agus cuibheas sealbhóirí sealúchas incháilithe, stiúrthóirí agus sealbhóirí feidhme is ríthábhachtaí rannpháirtithe margaí airgeadais i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 31b

Feidhm chomhordaithe maidir le horduithe, idirbhearta agus gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann suntasach acu

I gcás ina mbeidh fianaise nó léirithe soiléire ó roinnt foinsí difriúla ag údarás inniúil a cheapadh go bhfuil orduithe, idirbhearta nó aon ghníomhaíocht eile a bhfuil tionchar trasteorann suntasach acu ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas, tabharfaidh sé fógra láithreach don Údarás agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fáil. Féadfaidh an tÚdarás tuairim a eisiúint ar ghníomhaíocht leantach iomchuí ar údaráis inniúla na mBallstát a gceaptar gur tharla an ghníomhaíocht ann.

▼B

Airteagal 32

▼M3

Measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear tástálacha struis

1.  
Déanfaidh an tÚdarás faireachán agus measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh sa réimse sin ina bhfuil inniúlacht aige agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), an BERS agus Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na treochtaí ábhartha stuamachta ar an micrileibhéal, na rioscaí ionchasacha agus na leochaileachtaí. Déanfaidh an tÚdarás a chur san áireamh ina chuid measúnuithe anailís ar na margaí ina n-oibríonn na rannpháirtithe margaidh airgeadais mar aon le measúnú ar thionchar na bhforbairtí ionchasacha sa mhargadh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais den sórt sin.
2.  

Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe ar fud an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar stóinseacht rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh. Chuige sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a fhorbairt:

(a) 

modheolaíochtaí comhchoiteanna chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, agus rioscaí a eascraíonn as forbairtí díobhálacha comhshaoil á gcur san áireamh inter alia;

▼M3

(aa) 

modheolaíochtaí coiteanna lena sainaithnítear rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a áireofar i measúnuithe ar fud an Aontais;

▼B

(b) 

modhanna coiteanna cur chuige cumarsáide maidir leis na torthaí atá ar na measúnuithe sin ar chumas na rannpháirtithe margaidh airgeadais déileáil le forbairtí dochracha sa mhargadh.

(c) 

modheolaíochtaí coiteanna chun an éifeacht atá ag táirgí áirithe nó ag próisis dáiliúcháin ar staid airgeadais rannpháirtí margaidh arigeadais agus ar infheisteoirí agus ar fhaisnéis do chustaiméirí;

▼M3

(d) 

modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag rioscaí comhshaoil ar chobhsaíocht rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais.

Chun críocha na míre seo, comhoibreoidh an tÚdarás le BERS.

▼M3

3.  

Gan dochar do chúraimí BERS a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, déanfaidh an tÚdarás, uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás inar gá, measúnuithe a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS faoi na treochtaí, na rioscaí agus na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ina réimse inniúlachta, i dteannta na dtáscairí dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo.

▼B

Sna measúnuithe sin, déanfaidh an tÚdarás aicmiú ar na príomhrioscaí agus na príomhleochaileachtaí agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta coisctheacha agus bearta leasúcháin.

4.  
Áiritheoidh an tÚdarás go bhfuil cuimsiú leordhóthanach á dhéanamh ar na forbairtí trasearnála, ar na rioscaí agus ar na leochaileachtaí trí chomhoibriú go dlúth leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) tríd an gComhchoiste.

▼M3

Airteagal 33

Caidreamh idirnáisiúnta lena n-áirítear coibhéis

1.  
Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta, le húdaráis rialála agus mhaoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le rialtais tríú tíortha. Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla leis na socruithe sin i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a n-údaráis inniúla ó shocruithe déthaobhacha nó ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha sin.

I gcomhréir le gníomh tarmligthe, atá i bhfeidhm, arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849, i gcás ina mbeidh tríú tír ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus comhraic maoinithe sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais, ní thabharfaidh an tÚdarás na socruithe riaracháin i gcrích le húdaráis rialála agus maoirseachta an tríú tír sin. Ní chuirfidh sin bac ar fhoirmeacha eile comhair idir an tÚdarás agus na húdaráis tríú tír lena mbaineann d’fhonn na bagairtí ar chóras airgeadais an Aontais a laghdú.

2.  
Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
3.  
Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus aird faoi leith á tabhairt aige ar a n-impleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta, ar chleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí sa mhargadh i dtríú tíortha, a mhéid atá siad ábhartha do mheasúnuithe coibhéiseachta riosca-bhunaithe, ar ina leith a ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Ina theannta sin, fíoróidh sé an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a ndearnadh na cinntí coibhéise agus a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós.

Féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha sna tríú tíortha. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) ina ndéanfar achoimre ar thorthaí a chuid gníomhaíochtaí faireacháin ar na tríú tíortha uile. Díreoidh an tuarascáil go háirithe ar na himpleachtaí i dtaca le cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí ábhartha maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear sa mhír seo a bhféadfadh difear a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill mhíchuí.

4.  

Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1 den Airteagal seo, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, le húdaráis inniúla ábhartha tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcórais dlí agus maoirseachta coibhéiseach. I bprionsabal, leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, féachfaidh sé chuige go gcuirfear forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

na sásraí lenar féidir leis an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena n-áirítear faisnéis ar an gcóras rialála, chomh maith leis an gcur chuige maoirseachta, forbairtí margaidh ábhartha agus aon athruithe a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;

(b) 

a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca le cinntí coibhéise, den sórt sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inar gá, cigireachtaí ar an láthair

Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas má dhiúltaíonn údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a thabhairt i gcrích nó má dhiúltaíonn sé comhoibriú go héifeachtach.

5.  
Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais maoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. Déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.

Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis maoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an faireachán a dhéanann an tÚdarás i gcomhréir le mír 3 den Aiteagal seo.

6.  
Cuirfidh an tÚdarás, de réir na gcumhachtaí atá aige de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), cuirfidh sé le hionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais i bhfóraim idirnáisiúnta.

▼M3 —————

▼B

Airteagal 35

Faisnéis a bhailiú

1.  
Arna iarraidh sin ag an Údarás, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát gach faisnéis is gá a sholáthar don Údarás chun go mbeidh sé in ann na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha, agus ar choinníoll go bhfuil an iarraidh ar fhaisnéis riachtanach i ndáil le cineál an dualgais i dtrácht.
2.  
Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófar faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáidí sonraithe. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin trí úsáid a bhaint as formáidí coiteanna tuairiscithe.
3.  
Tar éis don Údarás iarraidh a bhfuil údar maith léi a fháil ó údarás inniúil Ballstáit, féadfaidh sé aon fhaisnéis a sholáthar atá riachtanach lena chumasú don údarás inniúil a chuid dualgas a chomhall, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndachta gairmiúla a leagtar síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.
4.  
Sula n-iarraidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun dúbailt ar na hoibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, cuirfidh sé san áireamh aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Eorpach um Staidreamh agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.
5.  
I gcás nach mbeidh faisnéis ar fáil nó nach gcuirfidh na húdaráis inniúla faisnéis ar fáil ar shlí thráthúil, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, a dhíriú chuig údaráis mhaoirseachta eile, chuig an aireacht atá freagrach as airgeadas i gcás ina mbeidh faisnéis stuamachta ar fáil aici, chuig an mbanc ceannais náisiúnta nó chuig an oifig staidrimh sa Bhallstát lena mbaineann.
6.  

I gcás nach mbeidh faisnéis ar fáil nó nach gcuirfear faisnéis ar fáil faoi mhír 1 nó faoi mhír 5 ar shlí thráthúil, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig na rannpháirtithe margaidh airgeadais ábhartha. Tabharfar míniú san iarraidh réasúnaithe i dtaobh cén fáth go bhfuil gá leis an bhfaisnéis a bhaineann leis na rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair faoi seach.

Cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas faoi iarrataí i gcomhréir leis an mír seo agus le mír 5.

Arna iarraidh sin ag an Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.

7.  
Ní fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fhaightear faoin Airteagal seo a úsáid ach amháin chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích.

Airteagal 36

Gaolmhaireacht leis an BERS

1.  
Comhoibreoidh an tÚdarás go dlúth agus ar bhonn rialta leis an BERS.
2.  
Déanfaidh an tÚdarás, go rialta agus go tráthúil, faisnéis a sholáthar don BERS, ar faisnéis í atá riachtanach chun a chúraimí a chomhlíonadh. Déanfar aon sonraí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh agus nach bhfuil i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán a sholáthar don BERS gan mhoill tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil, de réir mar a shonraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis an mBERS, nósanna imeachta inmheánacha leordhóthanacha a chur i bhfeidhm maidir le tarchur faisnéise rúnda, go háirithe faisnéis i dtaca le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair.

▼M3 —————

▼M3

4.  
Ar rabhadh nó moladh atá dírithe ar an Údarás a fháil ón BERS, déanfaidh an tÚdarás an rabhadh nó an moladh sin a phlé ag an gcéad chruinniú eile den Bhord Maoirseoirí nó, i gcás inarb iomchuí, níos luaithe, chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh le rabhadh nó ar mholadh den sórt sin, agus ar na bearta leantacha a d’fhéadfadh a bheith ann dá éis sin, maidir lena chúraimí a chomhlíonadh.

Cinnfidh sé, de réir an nós imeachta cinnteoireachta ábhartha, maidir le haon ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo chun déileáil leis na saincheisteanna a shainaithnítear sna rabhaidh agus sna moltaí.

Más rud é nach ngníomhóidh an tÚdarás ar rabhadh nó ar mholadh, tabharfaidh sé míniú do BERS faoi na cúiseanna a bhí aige gan déanamh amhlaidh. Cuirfidh BERS Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi i gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Cuirfidh BERS an Chomhairle ar an eolas faoi.

5.  
Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach go prapúil mar fhreagairt ar an moladh.

Más rud é go mbeartaíonn an seolaí gan moladh BERS a leanúint, cuirfidh sé an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi na cúiseanna atá aige gan gníomhú agus pléifidh sé na cúiseanna sin leis an mBord.

I gcás inandéanfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 Parlaimint na hEorpa, anChomhairle, an Coimisiún agus BERS a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá déanta aige mar fhreagairt ar mholadh ó BERS, tabharfaidh sé aird chuí ar thuairimí an Bhoird Maoirseoirí.

▼M3 —————

▼B

Airteagal 37

An Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí

1.  

Chun cabhrú le comhairliúchán leis na geallsealbhóirí a éascú i réimsí a bhaineann le cúraimí an Údaráis, bunófar Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí. Rachfar i gcomhairle leis an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15 i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin cur chun feidhme theicniúla, agus, a mhéad nach mbaineann siad le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair, gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 16 i dtaca le treoirlínte agus moltaí. Más rud é nach mór gníomhaíochtaí a dhéanamh go práinneach agus nach mbeifear in ann dul i mbun comhairliúcháin, cuirfear an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar an eolas a luaithe is féidir.

Tiocfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí le chéile ceithre huaire ar a laghad in aghaidh na bliana.

▼M3

2.  

Beidh 30 comhalta sa Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí. Is éard a bheidh sna comhaltaí sin:

(a) 

13 a dhéanfaidh ionadaíocht chothrom ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn san Aontas;

(b) 

13 a dhéanfaidh ionadaíocht ar ionadaithe fostaithe ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn san Aontas, ar thomhaltóirí, ar úsáideoirí seirbhísí airgeadais agus ar ionadaithe FBManna; agus

(c) 

acadóirí sárchéimiúla neamhspleácha a bheidh in ceathrar dá chomhaltaí.

3.  
Is é an Bord Maoirseoirí a cheapfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Agus a chinneadh á dhéanamh aige, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, a mhéid is féidir, a áirithiú go ndéanfar léiriú iomchuí ar an éagsúlacht in earnáil na n-urrús agus na margaí, ar chothromaíocht tíreolaíochta agus inscne agus ar ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ar fud an Aontais. Is de réir a gcáilíochtaí, a gcuid scileanna, a gcuid eolais ábhartha agus a saineolas cruthaithe a roghnófar Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí.

▼M3

3a.  
Is iad Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a thoghfaidh Cathaoirleach as measc a chomhaltaí. Dhá bhliain an tréimhse a mhairfidh post an Chathaoirligh.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air.

▼M3

4.  

Faoi réir rúndacht ghairmiúil, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis is gá don Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí agus áiritheoidh sé go mbeidh a tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí den Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad le rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ( 12 ) ón gComhairle (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar feadh tréimhse ceithre bliana agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.

▼B

Féadfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí fónamh ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile.

▼M3

5.  
Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí comhairle a thabhairt don Údarás ar aon saincheist a bhaineann le cúraimí an Údaráis agus iad ag díriú go háirithe ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 10 go hAirteagal 16 agus in Airteagal 29, in Airteagal 30 agus in Airteagal 32.

I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí teacht ar chomhaontú maidir le comhairle, beidh cead ag trian dá chomhaltaí nó de na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin comhairle ar leith a eisiúint.

Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais, agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na ÚMEnna faoi Airteagal 56 maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.

▼B

6.  
Glacfaidh an Grúpaí Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a rialacha nós imeachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

▼M3

7.  
Poibleoidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, comhairle ar leith a chomhaltaí, agus torthaí a gcomhairliúchán chomh maith le faisnéis faoin gcaoi a cuireadh comhairle agus torathaí ó na comhairliúcháin san áireamh.

▼B

Airteagal 38

Coimircí

1.  
Áiritheoidh an tÚdarás nach ndéanfaidh aon chinneadh a ghlacfar faoi Airteagal 18 nó faoi Airteagal 19 cur isteach ar shlí ar bith ar fhreagrachtaí fioscacha na mBallstát.
2.  

I gcás ina measann Ballstát go bhfuil cinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 19(3) ag cur isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé, laistigh de dhá sheachtain tar éis fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chinneadh an Údaráis, fógra a thabhairt don Údarás agus don Choimisiún á rá nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh a chur chun feidhme.

San fhógra sin ón mBallstát, tabharfaidh sé míniú soiléir sonrach i dtaobh cén fáth go gcuireann an cinneadh isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha agus cén tslí ina gcuireann sé isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha.

I gcás fógra den sórt sin a bheith ann, déanfar cinneadh an Údaráis a chur ar fionraí.

Laistigh de mhí amháin ón tráth a dtugann an Ballstát an fógra, cuirfidh an tÚdarás an Ballstát ar an eolas i dtaobh an seasann sé lena chinneadh nó an leasóidh sé é nó an gcúlghairfidh sé é. Má sheastar leis an gcinneadh nó má leasaítear é, luafaidh an tÚdarás nach gcuirtear isteach ar fhreagrachtaí fioscacha.

I gcás ina seasfaidh an tÚdarás lena chinneadh, déanfaidh an Chomhairle cinneadh, trí thromlach na vótaí a chaitear, ag ceann dá cuid cruinnithe agus dhá mhí ar a dhéanaí tar éis don Údarás an Ballstát a chur ar an eolas mar a leagtar amach sa cheathrú fomhír, i dtaobh an bhfuiltear ag seasamh le cinneadh an Údaráis.

Más rud é, tar éis don Chomhairle an t-ábhar a bhreithniú, nach ndéanfaidh sí cinneadh seasamh le cinneadh an Údaráis, i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír, déanfar cinneadh an Údaráis a fhoirceannadh.

3.  

I gcás ina measann Ballstát go gcuireann cinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 18(3) isteach ar a fhreagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé, laistigh de thrí lá oibre tar éis fógra faoi chinneadh an Údaráis a thabhairt don údarás inniúil, fógra a thabhairt don Údarás, don Choimisiún agus don Chomhairle á rá nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh a chur chun feidhme.

San fhógra sin ón mBallstát, tabharfaidh sé míniú soiléir sonrach i dtaobh cén fáth go gcuireann an cinneadh isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha agus cén tslí ina gcuireann sé isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha.

I gcás fógra den sórt sin a bheith ann, déanfar cinneadh an Údaráis a chur ar fionraí.

Déanfaidh an Chomhairle, laistigh de dheich lá oibre, cruinniú a chomóradh agus cinneadh a dhéanamh, trí thromlach simplí dá comhaltaí, i dtaobh an gcúlghairfear cinneadh an Údaráis.

Más rud é, tar éis don Chomhairle an t-ábhar a bhreithniú, nach ndéanfaidh sí cinneadh chun cinneadh an Údaráis a chúlghairm, i gcomhréir leis an gceathrú fomhír, déanfar fionraí chinneadh an Údaráis a fhoirceannadh.

4.  

I gcás cinneadh a bheith déanta ag an gComhairle, i gcomhréir le mír 3, gan cinneadh de chuid an Údaráis a bhaineann le hAirteagal 18(3) a chúlghairm, agus go measfaidh an Ballstát lena mbaineann fós go gcuireann cinneadh an Údaráis isteach ar a fhreagrachtaí fioscacha, féadfaidh an Ballstát sin fógra a thabhairt don Choimisiún agus don Údarás agus féadfaidh sé a iarraidh ar an gComhairle an t-ábhar a athscrúdú. Leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach go soiléir na cúiseanna nach n-aontaíonn sé leis an gcinneadh ón gComhairle.

Laistigh de thréimhse ceithre seachtaine tar éis an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt, daingneoidh an Chomhairle a cinneadh bunaidh nó déanfaidh sí cinneadh nua i gcomhréir le mír 3.

Féadfaidh an Chomhairle an tréimhse ceithre seachtaine a fhadú ceithre seachtaine eile, má éilítear amhlaidh in imthosca áirithe an cháis.

5.  
Déanfar aon drochúsáid i leith an Airteagail seo, go háirithe i ndáil le cinneadh ón Údarás nach bhfuil tionchar fioscach suntasach nó ábharthach aige, a thoirmeasc mar ní atá ar neamhréir leis an margadh inmheánach.

▼M3

Airteagal 39

Nósanna imeachta cinnteoireachta

1.  
Is i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 den Airteagal seo a ghníomhóidh an tÚdarás agus aon chinneadh de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19 á ghlacadh aige.
2.  
Cuirfidh an tÚdarás in iúl d’aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh,i dteanga oifigiúil an tseolaí agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar ábhar an chinnidh, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ina theanga oifigiúil. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).
3.  
Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.
4.  
Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.
5.  
I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.
6.  
Poibleofar glacadh na gcinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, 18 nó 19. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na rannpháirtithe margadh airgeadais sin, nó lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.

▼B



CAIBIDIL III

EAGRÚCHÁN



ROINN 1

Bord Maoirseoirí

Airteagal 40

Comhdhéanamh

1.  

Beidh an Bord Maoirseoirí comhdhéanta díobh seo a leanas:

▼M3

(a) 

an Cathaoirleach;

▼B

(b) 

ceann an údaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil as maoirseacht a dhéanamh ar na rannpháirtithe margaidh airgeadais i ngach Ballstát agus tiocfaidh siad le chéile i bpearsa dhá uair ar a laghad sa bhliain;

(c) 

ionadaí amháin thar ceann an Choimisiúin agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;

(d) 

ionadaí amháin thar ceann an BERS, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;

(e) 

ionadaí amháin faoi seach thar ceann gach ceann den dá Údarás Maoirseachta Eorpacha eile, agus ní bheidh aon vóta ag na hionadaithe sin.

2.  
Comórfaidh an Bord Maoirseoirí cruinnithe leis an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta go rialta, agus dhá uair ar a laghad sa bhliain.
3.  
Beidh gach údarás inniúil freagrach as malartach ardleibhéil a ainmniú óna údarás, agus féadfaidh an malartach sin ionad an chomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a ghlacadh, nuair nach féidir leis an duine sin freastal ar chruinniú.
4.  
I gcás na mBallstát ina bhfuil níos mó ná údarás amháin freagrach as an maoirseacht de réir an Rialacháin seo, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann. Mar sin féin, nuair nach dtagann mír atá le plé ag an mBord Maoirseoirí faoi réim inniúlacht an údaráis náisiúnta a bhfuil an comhalta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ina ionadaí thar a cheann, féadfaidh an comhalta sin ionadaí ón údarás náisiúnta ábhartha a thabhairt leis, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.
5.  
Chun gníomhú faoi réim raon feidhme Threoir 94/19/CE, féadfaidh ionadaí thar ceann na gcomhlachtaí ábhartha a riarann scéimeanna ráthaíochta taiscí i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí sin, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.

▼M4

Chun gníomhú faoi réim raon feidhme Rialachán (AE) 2021/23 féadfaidh ionadaí ón údarás réitigh i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí sin, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.

▼B

6.  

Féadfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh a dhéanamh breathnadóirí a ligean isteach.

Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí ach ní bheidh ceart vótála aige.

▼M3

7.  
I gcás nach bhfuil an t-údarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.

▼M3

Airteagal 41

Coistí inmheánacha

1.  
Féadfaidh an Bord Maoirseoirí ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ón gCathaoirleach, coistí inmheánacha a bhunú le haghaidh cúraimí sonracha a tugadh dó. Ar iarratas ón gCoiste Bainistíochta nó ón gCathaoirleach, féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh don Bhord Bainistíochta. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Bainistíochta nó chuig an gCathaoirleach.
2.  
Chun críocha Airteagal 17, molfaidh an Cathaoirleach cinneadh painéal neamhspleách a thionól, a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht. Ní bheidh an seisear comhaltaí eile ina n-ionadaithe ar údarás inniúil a líomhnaítear go bhfuil dlí an Aontais sáraithe aige agus ní bheidh aon leas acu san ábhar ná aon nasc díreach acu leis an údarás inniúil lena mbaineann.

Beidh vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

3.  
Chun críocha Airteagal 19, molfaidh an Cathaoirleach cinneadh chun painéal neamhspleách a thionól, a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht. Ní bheidh an seisear comhaltaí eile ina n-ionadaithe ar na húdaráis inniúla a líomhnaítear go bhfuil dlí an Aontais sáraithe aige agus ní bheidh aon leas acu sa choinbhleacht ná aon nasc díreach acu leis na húdaráis inniúla lena mbaineann.

Beidh vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

4.  
Chun an fiosrúchán dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 22(4) a dhéanamh, beidh an Cathaoirleach in ann freisin a mholadh cinneadh a dhéanamh chun tús a chur leis an bhfiosrúchán agus cinneadh a dhéanamh painéal neamhspleách a thionól, moltaí a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht.

Beidh vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

5.  
Molfaidh na painéil dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, nó molfaidh an Cathaoirleach cinntí faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 19 lena nglacadh go críochnaitheach ag an mBord Maoirseoirí. Déanfaidh painéal dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo toradh an fhiosrúcháin arna dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 22(4) a chur i láthair an Bhoird Maoirseoirí.
6.  
Is é an Bord Maoirseoirí a ghlacfaidh rialacha nós imeachta le haghaidh na bpainéal dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 42

Neamhspleáchasan Bhoird Maoirseoirí

1.  
Nuair a bheidh na cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.
2.  
Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais agus aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta i leith dhéanamh a gcúraimí.
3.  
Déanfaidh Comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, an Cathaoirleach agus aon ionadaí nach bhfuil vóta aige agus aon bhreathnóir a ghlacfaidh páirt i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, roimh aon chruinnithe den sórt sin, aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas i ndáil le haon ítim atá ar an gclár a dhearbhú go cruinn agus ina iomláine roimh aon chruinniú a bhfreastalóidh siad air, agus staonfaidh siad ó pháirt a ghlacadh sa phlé ar na pointí sin, agus ó vótáil ar na pointí sin.
4.  
Leagfaidh an Bord Maoirseoirí síos, ina rialacha nós imeachta, na socruithe praiticiúla maidir leis an riail ar dhearbhú leasa dá dtagraítear i mír 3 agus maidir leis na socruithe praiticiúla chun coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú.

▼B

Airteagal 43

Cúraimí

▼M3

1.  
Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoraíocht i ndáil le hobair an Údaráis agus beidh sé i gceannas ar na cinntí dá dtagraítear i gCaibidil II a dhéanamh. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, ar bhonn togra ón gcoiste nó ón bpainéal inmheánach ábhartha, ón gCathaoirleach nó ón mBord Bainistíochta, de réir mar is iomchuí.

▼M3 —————

▼B

4.  

Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Glacfar an clár oibre gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.

▼M3

5.  
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

▼B

6.  

Glacfaidh an Bord Maoirseoirí clár oibre ilbhliantúil an Údaráis, agus cuirfidh an Bord Maoirseoirí an clár sin ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Glacfar an clár oibre ilbhliantúil gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.

7.  
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí an buiséad i gcomhréir le hAirteagal 63.

▼M3

8.  
Déanfaidh an Bord Maoirseoirí údarás araíonachta a fheidhmiú ar an gCathaoirleach agus ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Féadfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

▼M3

Airteagal 43a

Trédhearcacht na gcinntí arna nglacadh ag an mBord Maoirseoirí

D’ainneoin Airteagal 70, laistigh de shé seachtaine ó gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí, déanfaidh an tÚdarás, ar a laghad, taifead cuimsitheach suntasach d’imeachtaí an chruinnithe sin, taifead lenar féidir tuiscint iomlán a fháil ar an bplé, lena n-áirítear liosta anótáilte de na cinntí, a chur chuig Parlaimint na hEorpa. Leis an taifead sin ar na himeachtaí ní léireofar na pléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le rannpháirtithe margaidh airgeadais, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

▼B

Airteagal 44

Cinnteoireacht

▼M3

1.  
Glacfar cinntí an Bhoird Maoirseoirí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige.

Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 16 den Rialachán seo agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d’Airteagal 9(5) den Rialachán seo agus faoi Chaibidil VI den Rialachán seo, agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn thromlach cáilithe a chomhaltaí, mar atá sainmhínithe in Airteagal 16(4) den CAE agus in Airteagal 3 den Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha.

Ní vótálfaidh an Cathaoirleach ar na cinntí dá dtagraítear sa dara fomhír seo.

Maidir le comhdhéanamh an phainéil i gcomhréir le hAirteagal 41(2), (3) agus (4), agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 30(2), déanfaidh an Bord Maoirseoirí gach iarracht teacht ar chomhthoil agus na tograí á meas aige. In éagmais comhthola, déanfaidh tromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu na cinntí a ghlacadh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige.

Maidir leis na cinntí arna nglacadh faoi Airteagal 18(3) agus (4), agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí a bhfuil vóta acu.

▼B

2.  
Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag aon trian de chomhaltaí an Bhoird, agus beidh na cruinnithe faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.
3.  
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí a rialacha nós imeachta agus poibleoidh sé iad.

▼M3

4.  
Maidir leis na cinntí i gcomhréir le hAirteagal 17, le hAirteagal 19 agus le hAirteagal 30, déanfaidh an Bord Maoirseoirí vótáil ar na cinntí atá molta tríd an nós imeachta i scríbhinn a úsáid. Ocht lá a thabharfar do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cearta vótála acu, chun a vóta a chaitheamh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Measfar gur glacadh an cinneadh a moladh murab é go ndearna tromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, agóid ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh. Má chuireann triúr de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cead vótála acu i gcoinne an nós imeachta i scríbhinn, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an dréachtchinneadh a phlé agus déanfar cinneadh maidir leis i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

Ní bheidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí, cé is moite den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i láthair le linn aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le rannpháirtithe margadh airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

▼M3

5.  
Beidh an sainchumas ag Cathaoirleach an Údaráis vótáil a ghlaoch am ar bith. Gan dochar don chumhacht sin agus d’éifeachtacht nósanna imeachta cinnteoireachta an Údaráis, déanfaidh Bord Maoirseoirí an Údaráis a dhícheall teacht ar chomhthoil nuair a bheidh a chinntí á nglacadh.

▼B



ROINN 2

Bord Bainistíochta

▼M3

Airteagal 45

Comhdhéanamh

1.  
Ar an mBord Bainistíochta, beidh an Cathaoirleach agus seisear comhaltaí ón mBord Maoirseoirí, arna dtoghadh ag na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu agus as measc na gcomhaltaí sin.

Cé is moite den Chathaoirleach, beidh ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta malartach a mbeidh sé de cheart aige nó aici ionad an chomhalta a ghlacadh i gcás nach féidir leis an gcomhalta féin a bheith i láthair.

2.  
Dhá bhliain go leith a mhairfidh téarma oifige na gcomhaltaí a dtoghfaidh an Bord Maoirseoirí iad. Féadfar síneadh a chur leis an téarma sin aon uair amháin. Beidh comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta inscne-chothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine. Beidh tréimhsí forluiteacha sainordaithe ann agus beidh feidhm ag socrú uainíochta iomchuí.
3.  
Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta, ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó ar iarraidh ó chomhalta amháin den Bhord, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Bainistíochta is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.
4.  
Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe sin nach bhfuil vóta acu, cé is moite den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar aon phlé laistigh den Bhord Bainistíochta a bhaineann le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair.

▼M3

Airteagal 45a

Cinnteoireacht

1.  
Le tromlach simplí dá chomhaltaí a ghlacfar cinntí an Bhoird Bainistíochta agus gach iarracht á déanamh teacht ar chomhaontú. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Beidh an Cathaoirleach ina chomhalta a bhfuil cead vótála aige.
2.  
Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Bainistíochta ach ní bheidh aon cheart vótála acu. Beidh ceart vótála ag an ionadaí ón gCoimisiún maidir le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63.
3.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

Airteagal 45b

Na Grúpaí Comhordaithe

1.  
Féadfaidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe a bhunú ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil maidir le hábhair shainithe a bhféadfadh gá a bheith ann lena gcomhordú ag féachaint d’fhorbairtí sonracha sa mhargadh. Bunóidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe maidir le hábhair shainithe ar iarraidh ó chúigear comhaltaí den Bhord Maoirseoirí.
2.  
Glacfaidh gach údarás inniúil páirt sna grúpaí comhordaithe agus tabharfaidh siad an fhaisnéis is gá do na grúpaí comhordaithe, i gcomhréir le hAirteagal 35, chun go bhféadfaidh na grúpaí comhordaithe sin a gcúraimí comhordúcháin a dhéanamh i gcomhréir lena sainordú. Is bunaithe ar fhaisnéis ó na húdaráis inniúla agus ar aon toradh a shainaithneoidh an tÚdarás a bheidh obair na ngrúpaí comhordaithe sin.
3.  
Déanfaidh comhalta den Bhord Bainistíochta cathaoirleacht ar na grúpaí. Gach bliain, déanfaidh an comhalta den Bhord Bainistíochta a bheidh i bhfeighil an ghrúpa comhordaithe tuarascáil a chur chuig an mBord Maoirseoirí maidir le príomhghnéithe an phlé agus na dtorthaí agus, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh an comhalta moladh maidir le hobair leantach rialála nó le hathbhreithniú piaraí sa réimse lena mbaineann. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás faoin gcaoi a bhfuil obair na ngrúpaí comhordaithe curtha san áireamh acu ina gcuid gníomhaíochtaí.
4.  
Agus faireachán á dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith mar fhócas ag grúpaí comhordaithe, féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 35 an fhaisnéis is gá a thabhairt trínar féidir leis an Údarás a ról faireacháin a chomhlíonadh.

▼M3

Airteagal 46

Neamhspleáchas an Bhoird Bainistíochta

Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhaltaí an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta i leith dhéanamh a gcúraimí.

▼B

Airteagal 47

Cúraimí

1.  
Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go gcuirfidh an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go gcomhlíonfadh sé na cúraimí a shanntar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.  
Déanfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a mholadh lena ghlacadh ag an mBord Maoirseoirí.
3.  
Feidhmeoidh an Bord Bainistíochta a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 64.

▼M3

3a.  
I dtaca leis na ábhair a mbeidh cinneadh le déanamh ina leith ag an mBord Maoirseoirí tar éis iad a phlé ag an gcoiste ábhartha inmheánach, féadfaidh an Bord Bainistíochta iad a scrúdú, tuairim a thabhairt uaidh ina dtaobh, agus moltaí a dhéanamh ina dtaobh, ach amháin i dtaca le hathbhreithnithe piaraí de réir Airteagal 30.

▼B

4.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta plean beartais fhoireann an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), glacfaidh sé na bearta cur chun feidhme is gá ó Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach (‘na Rialacháin Foirne’ anseo feasta).
5.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 72.

▼M3

6.  
Déanfaidh an Bord Bainistíochta tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.

▼B

7.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

▼M3

8.  
Déanfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5), agus moladh ón mBord Maoirseoirí á chur san áireamh go cuí.

▼M3

9.  
Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fáilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.

▼B



ROINN 3

An Cathaoirleach

Airteagal 48

Ceapachán agus cúraimí

1.  

Déanfaidh Cathaoirleach, a bheidh ina ghairmí neamhspleách lánaimseartha, ionadaíocht thar ceann an Údaráis.

▼M3

Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú, lena n-áirítear an clár oibre a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí a shocrú, na cruinnithe a thionól agus na hítimí a bhfuiltear le cinneadh a dhéanamh fúthu a chur síos, agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí.

Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as clár oibre an Bhoird Bainistíochta a shocrú, ar clár oibre é a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta, agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar an mBord Bainistíochta féachaint ar ghrúpa comhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 45b a bhunú.

2.  
Roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a urramóidh prionsabal na cothromaíochta inscne agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é. Déanfaidh an Bord Maoirseoirí gearrliosta a tharraingt suas de na hiarrthóirí atá cáilithe do phost an Chathaoirligh, le tabhairt don Bhord Maoirseoirí le cúnamh ón gCoimisiún. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh, agus é bunaithe ar an ngearrliosta chun an Cathaoirleach a cheapadh, tar éis deimhniú ó Pharlaimint na hEorpa.

Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, ar togra é arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é nó í a chur as oifig.

Déanfaidh an Bord Maoirseoirí Leas-Chathaoirleach a thoghadh freisin, as measc a chomhaltaí féin, agus comhlíonfaidh an Leas-Chathaoirleach sin feidhmeanna an Chathaoirligh i gcás ina bhfuil an Cathaoirleach as láthair. Ní dhéanfar an Leas-Chathaoirleach sin a thoghadh as measc chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

▼B

3.  
Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin.
4.  

Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige cúig bliana an Chathaoirligh, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a) 

na torthaí a bhaintear amach sa chéad téarma oifige agus an tslí inar baineadh amach iad;

(b) 

dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.

▼M3

Chun críche na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is é an Leaschathaoirleach a dhéanfaidh cúraimí an Chathaoirligh.

Ag gníomhú di ar thogra ón mBord Maoirseoirí agus le cúnamh ón gCoimisiún, agus an mheastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír á cur san áireamh, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin.

5.  
Ní fhéadfar an Cathaoirleach a chur as oifig ach amháin ar fhorais thromchúiseacha. Ní fhéadfaidh ach Parlaimint na hEorpa é nó í a chur as oifig tar éis cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

▼B

Airteagal 49

▼M3

Neamhspleáchas an Chathaoirligh

Gan dochar do ról an Bhoird Maoirseoirí i ndáil le cúraimí an Chathaoirligh, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Cathaoirleach treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

▼B

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar an gCathaoirleach i gcomhlíonadh a chúraimí.

I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68, tar éis don Chathaoirleach éirí as an tseirbhís, leanfaidh sé de bheith faoi cheangal ag an dualgas chun é féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le glacadh le ceapacháin nó sochair áirithe.

▼M3

Airteagal 49 a

Caiteachais

Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe uile a eagrófar le páirtithe leasmhara seachtracha laistigh de thréimhse dhá sheachtain tar éis na gcruinnithe agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.

▼M3 —————

▼B



ROINN 4

Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 51

Ceapachán

1.  
Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tÚdarás a bhainistiú agus beidh sé ina ghairmí neamhspleách lánaimseartha nó ina gairmí neamhspleách lánaimseartha.
2.  
Tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus tar éis daingniúchán a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolais ar rannpháirtithe margaidh airgeadais agus ar mhargaí airgeadais, agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais agus ar bhonn taithí bainistíochta.
3.  
Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin
4.  

Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

na torthaí a bhaintear amach sa chéad téarma oifige agus an tslí inar baineadh amach iad;

(b) 

dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.

Féadfaidh an Bord Maoirseoirí, agus aird á tabhairt ar an meastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú uair amháin.

5.  
Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin mar thoradh ar chinneadh ón mBord Maoirseoirí.

Airteagal 52

Neamhspleáchas

Gan dochar do ról an Bhoird Bainistíochta agus an Bhoird Maoirseoirí faoi seach maidir leis cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhlíonadh a chúraimí.

I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68, tar éis don Stiúrthóir Feidhmiúcháin éirí as an tseirbhís, leanfaidh sé de bheith faoi cheangal ag an dualgas chun é féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe.

Airteagal 53

Cúraimí

1.  
Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gceannas ar bhainistiú an Údaráis agus ullmhóidh sé obair an Bhoird Bainistíochta.
2.  
Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoraíocht ón mBord Maoirseoirí agus faoi rialú an Bhoird Bainistíochta.
3.  
Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na bearta is gá, go háirithe treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás go cuí, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
4.  
Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin clár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 47(2).
5.  
Faoin 30 Meitheamh gach bliain, ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin clár oibre don bhliain dár gcionn, ar clár oibre é dá dtagraítear in Airteagal 47(2).
6.  
Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin réamh-dhréachtbhuiséad an Údaráis a tharraingt suas de bhun Airteagal 63 agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme de bhun Airteagal 64.
7.  
Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht-tuarascáil gach bliain agus beidh roinn amháin ann a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála agus le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus beidh roinn amháin ann a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin.
8.  
Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 68 a fheidhmiú maidir le foireann an Údaráis agus déanfaidh sé cúrsaí foirne a bhainistiú.



CAIBIDIL IV

CHOMHLACHTAÍ COMHPHÁIRTEACHA NA nÚDARÁS MAOIRSEACHTA EORPACH



ROINN 1

Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach

Airteagal 54

Bunú

1.  
Bunaítear leis seo Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.

▼M3

2.  

Fónfaidh an Comhchoiste mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás go tráthrialta agus go dlúth chun comhsheasmhacht trasearnála a áirithiú, agus sainiúlachtaí earnála á gcur san áireamh, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), go háirithe maidir le:

— 
ilchuideachtaí airgeadais agus, i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais, comhdhlúthú stuamachta,

▼B

— 
cuntasaíocht agus iniúchóireacht,
— 
anailísí stuamachta ar an micrileibhéal maidir le forbairt trasearnála, rioscaí agus leochaileachtaí i ndáil le cobhsaíocht airgeadais,
— 
táirgí infheistíochta miondíola,

▼M3

— 
cibearshlándáil,
— 
faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú le BERS agus leis na ÚMEnna eile,

▼M3

— 
seirbhísí airgeadais miondíola agus saincheisteanna a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí,
— 
comhairle ón gCoiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 1(6).
2a.  
Féadfaidh an Comhchoiste cúnamh a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha agus ar na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla chun idirnascadh slán éifeachtúil na sásraí uathoibrithe láraithe a áirithiú de bhun na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 32a(5) de Threoir (AE) 2015/849 chomh maith leis na cláir náisiúnta faoin Treoir sin a idirnascadh go héifeachtach.

▼M3

3.  
Beidh a fhoireann féin ag an gComhchoiste, arna soláthar ag ÚMEnna a ghníomhóidh mar rúnaíocht bhuan. Cuirfidh an tÚdarás dóthain acmhainní ar fáil le haghaidh caiteachais riaracháin, bhonneagair agus oibríochúla.

▼B

4.  
I gcás ina síneann feidhmeanna institiúide airgeadais thar earnálacha éagsúla, réiteoidh an Comhchoiste easaontais i gcomhréir le hAirteagal 56.

Airteagal 55

Comhdhéanamh

1.  
Beidh an Comhchoiste comhdhéanta de Chathaoirligh na ÚMEanna, agus, i gcás inarb infheidhme, de Chathaoirleach aon Fhochoiste arna bhunú faoi Airteagal 57.
2.  
Iarrfar ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar ionadaí ón gCoimisiún agus ar ionadaí ón BERS freastal, i gcáil breathnadóirí ar chruinnithe an Chomhchoiste agus ar chruinnithe an Fhochoiste dá dtagraítear in Airteagal 57.

▼M3

3.  
Déanfar Cathaoirleach an Chomhchoiste a cheapadh ar bhonn uainíocht bhliantúil as measc Chathaoirligh na ÚMEnna. Is é Cathaoirleach an Chomhchoiste a bheidh sa dara Leas-Chathaoirleach ar BERS.

▼B

4.  

Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad. Féadfar rannpháirtithe breise ar féidir leo freastal ar chruinnithe an Chomhchoiste a shonrú sna rialacha.

▼M3

Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin ar a laghad gach trí mhí.

▼M3

5.  
Cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis an Bord Maoirseoirí ar an eolas go tráthrialta faoi seasaimh a ghlactar le linn chruinnithe an Chomhchoiste.

▼M3

Airteagal 56

Comhsheasaimh agus comhghníomhartha

Faoi réir raon feidhme a chúraimí a leagtar amach i gCaibidil II den Rialachán seo, agus go háirithe maidir le cur chun feidhme Threoir 2002/87/CE, i gcás inarb ábhartha, tiocfaidh an tÚdarás ar chomhsheasaimh, de réir mar is iomchuí, trí chomhthoil in éineacht leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach)

I gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais, bearta de bhun Airteagal 10 go 16 agus cinntí de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19 den Rialachán seo, ar bearta iad a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2002/87/CE agus aon ghníomhartha reachtacha eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus a thagann faoi réimse inniúlachta an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) nó an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), glacfaidh, de réir mar is iomchuí, an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) na bearta sin, i gcomhthráth.

Airteagal 57

Fochoistí

1.  
Féadfaidh an Comhchoiste fochoistí a bhunú chun dréacht-chomhsheasaimh agus comhghníomhartha a ullmhú don Chomhchoiste.
2.  
Beidh gach fochoiste comhdhéanta de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 55(1), agus d’ionadaí ardleibhéil amháin ó fhoireann reatha an údaráis inniúil ábhartha as gach Ballstát.
3.  
Déanfaidh gach an fochoiste Cathaoirleach a thoghadh as measc ionadaithe na n-údarás inniúil ábhartha, agus beidh an Cathaoirleach ina bhreathnóir ar an gComhchoiste freisin.
4.  
Chun críocha Airteagal 56, bunófar fochoiste um ilchuideachtaí airgeadais mar chuid den Chomhchoiste.
5.  
Poibleoidh an Comhchoiste ar a shuíomh gréasáin gach fochoiste arna bhunú lena n-áirítear sainorduithe na bhfochoistí sin agus liosta dá gcomhaltaí agus a bhfeidhmeanna féin ar an bhfochoiste.

▼B



ROINN 2

An Bord Achomhairc

Airteagal 58

Comhdhéanamh agus oibríocht

▼M3

1.  
Bunaítear leis seo Bord Achomhairc na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.
2.  

Beidh seisear comhaltaí agus seisear malartach ar an mBord Achomhairc, ar daoine iad a mbeidh dea-cháil orthu agus a mbeidh cruthaithe acu go bhfuil eolas ábhartha ar dhlí an Aontais acu agus an taithí ghairmiúil idirnáisiúnta ar leibhéal leordhóthanach i réimse na baincéireachta, i réimse an árachais, i réimse na bpinsean gairme, i réimse na margaí urrús nó i réimse na seirbhísí airgeadais eile, agus ar daoine iad nach baill d’fhoireann reatha na n-údarás inniúil nó institiúidí náisiúnta eile nó institiúidí eile no comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Údaráis agus nach comhaltaí de chuid an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí iad. Beidh na comhaltaí agua na malartacha ina náisiúnaigh de Bhallstát agus beidh eolas cuimsitheach acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar a laghad. Beidh saineolas leordhóthanach dlíthiúil ag an mBord Achomhairc chun comhairle shaineolach dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh dhlíthiúlacht, lena n-áirítear comhréireacht, fheidhmiú a chumhachtaí ag an Údarás.

▼B

Déanfaidh an Bord Achomhairc a Uachtarán a ainmniú.

▼M3

3.  
Déanfaidh Bord Bainistíochta an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

Tar éis an gearrliosta a fháil, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar chomhaltaí is iarratasóirí agus ar mhalartaigh is iarratasóirí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar chomhaltaí an Bhoird Achomhairc ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí orthu nuair a iarrfar sin orthu, seachas ráitis, ceisteanna nó freagraí a bhaineann le cásanna aonair arna gcinneadh ag an mBord Achomhairc,nó atá ar feitheamh os comhair an Bhoird Achomhairc.

▼B

4.  
Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Achomhairc. Féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin.
5.  
Ní dhéanfar comhalta den Bhord Achomhairc arna cheapadh ag Bord Bainistíochta an Údaráis a chur as oifig le linn a théarma oifige, mura rud é go bhfuarthas ciontach é i mí-iompar tromchúiseach agus go ndéanann an Bord Bainistíochta cinneadh chun na críche sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.
6.  
Déanfar cinntí an Bhoird Achomhairc a ghlacadh ar bhonn tromlaigh ceathrair ar a laghad as measc a sheisear comhaltaí. I gcás ina dtiocfaidh an cinneadh a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne faoi réim raon feidhme an Rialacháin seo, áireofar sa tromlach cinntitheach sin duine amháin ar a laghad den bheirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc a ndearna an tÚdarás iad a cheapadh.
7.  
Déanfaidh Uachtarán an Bhoird Achomhairc an Bord a chomóradh nuair is gá sin.
8.  
Áiritheoidh an ÚME, tríd an gComhchoiste, go bhfuil tacaíocht leordhóthanach oibríochtúil agus rúnaíochta ann don Bhord Achomhairc.

Airteagal 59

Neamhspleáchas agus neamhchlaontacht

1.  
Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus iad ag déanamh cinntí. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní dhéanfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh i ndáil leis an Údarás, le Bord Bainistíochta an Údaráis ná le Bord Maoirseoirí an Údaráis.

▼M3

2.  
Ní dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc, ná foireann an Údaráis a thugann tacaíocht oibríochta agus rúnaíochta, páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc a bhfuil leas pearsanta acu ann, más rud é go raibh siad bainteach roimhe sin leis an ábhar mar ionadaithe thar ceann páirtí sna himeachtaí, nó más rud é go raibh siad páirteach sa chinneadh atá faoi achomharc.

▼B

3.  
Más rud é, ar chúis amháin de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 nó ar aon chúis eile, go measann comhalta de Bhord Achomhairc nár cheart do chomhalta eile páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc áirithe, cuirfidh sé an Bord Achomhairc ar an eolas dá réir sin.
4.  

Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc a bheith rannpháirteach in imeachtaí ar aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, nó má tá amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta.

Ní fhéadfar agóid a bhunú ar náisiúntacht na gcomhaltaí agus ní bheidh agóid inghlactha más rud é, maidir le páirtí sna himeachtaí achomhairc agus d’ainneoin é a bheith ar an eolas faoi chúis le hagóid a dhéanamh, go mbeidh céim nós imeachta glactha aige seachas cur i gcoinne chomhdhéanamh an Bhoird Achomhairc.

5.  

Cinnfidh an Bord Achomhairc cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh sna cásanna a shonraítear i mír 1 agus mír 2 agus ní bheidh an comhalta lena mbaineann rannpháirteach sa chinneadh sin.

Chun an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Achomhairc. I gcás an malartach a bheith sa chor céanna, ainmneoidh an Cathaoirleach duine ionaid as measc na malartach a bheidh ar fáil.

6.  

Geallfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail.

Chun na críche sin, déanfaidh siad dearbhú gealltanas agus dearbhú leasanna, á léiriú nach bhfuil aon leas acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur dochar é dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur dochar é dá neamhspleáchas.

Poibleofar na dearbhuithe sin ar bhonn bliantúil agus i scríbhinn.



CAIBIDIL V

LEIGHEASANNA

Airteagal 60

Achomhairc

1.  
Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údaráis inniúla, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh de chuid an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 17, in Airteagal 18 agus in Airteagal 19 agus in aghaidh aon chinnidh eile arna dhéanamh ag an Údarás i gcomhréir leis na gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ar cinneadh é a díríodh chuig an duine sin, nó in aghaidh cinnidh ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach cé gur cinneadh é a díríodh chuig duine eile.

▼M3

2.  
Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis an achomharc sin, a chomhdú i scríbhinn san Údarás laistigh de thrí mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh don duine lena mbaineann, nó in éagmais fógra, laistigh de thrí mhí ón lá a fhoilseoidh an tÚdarás a chinneadh.

Déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de thrí mhí tar éis an t-achomharc a thaisceadh.

▼B

3.  

Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc arna thaisceadh de bhun mhír 1.

Féadfaidh an Bord Achomhairc, áfach, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, cur i bhfeidhm an chinnidh atá á chonspóid a chur ar fionraí.

4.  
Má tá an t-achomharc inghlactha, déanfaidh an Bord Achomhairc scrúdú i dtaobh an bhfuil bunús maith leis an achomharc. Iarrfaidh sé ar na páirtithe sna himeachtaí achomhairc barúlacha a chomhdú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir lena bhfógraí féin, nó maidir le cumarsáidí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal uiríoll ó bhéal a dhéanamh.
5.  
Féadfaidh an Bord Achomhairc an cinneadh a ghlacfaidh an comhlacht inniúil an Údaráis a dhaingniú nó an cás a tharchur chuig an gcomhlacht inniúil den Údarás. Beidh cinneadh an Bhoird Achomhairc ina cheangal ar an gcomhlacht sin agus glacfaidh an comhlacht sin cinneadh leasaithe a ghlacadh maidir leis an gcás lena mbaineann.
6.  
Glacfaidh an Bord Achomhairc a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.
7.  
Beidh na cinntí a dhéanfaidh an Bord Achomhairc réasúnaithe agus poibleoidh an tÚdarás iad.

▼M3

Airteagal 60a

An tÚdarás ag dul os cionn inniúlachta

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach comhairle réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún más rud é go bhfuil an duine sin den tuairim go ndeachaigh an tÚdarás os cionn a inniúlachta lena n-áirítear má mhainníonn an tÚdarás prionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 1(5) a urramú, agus é ag gníomhú faoi Airteagail 16 agus 16b, agus ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach.

▼B

Airteagal 61

Caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.  
Féadfar imeachtaí a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE chun cinneadh arna dhéanamh ag an mBord Achomhairc nó, i gcásanna nach bhfuil aon cheart achomhairc ann os comhair an Bhoird Achomhairc, ag an Údarás a chonspóidiú.
2.  
Féadfaidh Ballstát ar leith, institiúid de chuid an Aontais nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, imeachtaí a thionscnacmh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinntí ón Údarás, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.
3.  
I gcás ina bhfuil oibleagáid ar an Údarás gníomhú agus ina mainníonn sé cinneadh a dhéanamh, féadfar imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 265 CFAE.
4.  
Beidh sé de cheangal ar an Údarás na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.



CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 62

Buiséad an Údaráis

▼M3

1.  

Is é a bheidh in ioncam an Údaráis, comhlacht Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ) (‘an Rialachán Airgeadais’), go háirithe teaglaim díobh seo a leanas:

▼B

(a) 

ranníocaíochtaí éigeantacha ó na húdaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil maidir le maoirseacht a dhéanamh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais, ar ranníocaíochtaí iad a dhéanfar i gcomhréir le foirmle atá bunaithe ar an ualú vótaí a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha. Chun críocha an Airteagail seo, leanfaidh Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha d’fheidhm a bheith aige tar éis spriocdháta an 31 Deireadh Fómhair 2014 a bhunaítear ansin;

(b) 

fóirdheontas ón Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Roinn an Choimisiúin);

(c) 

aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;

▼M3

(d) 

ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí;

(e) 

Táillí comhaontaithe a bhaineann le foilseacháin, oiliúint agus le haon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna údarás inniúil amháin nó níos mó iad a iarraidh go sonrach.

Ní ghlacfar le haon anníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí dá dtagraítear i pointe d den chéad fhomhír má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin. Ranníocaíochtaí deonacha airgeadais arb ionann iad agus cúiteamh i leith costas na gcúraimí arna dtarmligean ag údarás inniúil chuig an Údarás, ní mheasfar iad ina gcúis amhrais ar neamhspleáchas an údaráis réamhráite sin.

▼B

2.  
Áireofar i gcaiteachas an Údaráis, ar a laghad, costais foirne, luach saothair, costais riaracháin, costais bhonneagair, costais a bhaineann le hoiliúint ghairmiúil agus costais oibríochtúla.
3.  
Beidh an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.
4.  
Déanfar meastacháin ar ioncam iomlán agus ar chaiteachas iomlán an Údaráis a ullmhú le haghaidh gach bliana airgeadais, a fhreagraíonn don bhliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad an Údaráis.

▼M3

Airteagal 63

An buiséad a bhunú

1.  
Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach an Údaráis a tharraingt suas le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an t-ioncam agus an caiteachas measta, mar aon le faisnéis faoin bhfoireann, a bhainfear óna chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Bainistíochta agus an Bord Maoirseoirí, maille le plean bunaíochta.
2.  
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn an dréachta a bheidh formheasta ag an mBord Bainistíochta, an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.
3.  
Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faoin 31 Eanáir.
4.  
Agus an doiciméad clársceidealaithe aonair á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach i leith an phleana bhunaíochta agus mhéid na ranníocaíochta comhardaithe atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 den CFAE a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais.
5.  
Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht chomhardaithe a thabharfar don Údarás a údarú.
6.  
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach ón am a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go críochnaitheach. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.
7.  
Tabharfaidh an Bord Bainistíochta fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, gan mhoill mhíchuí, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.
8.  
Gan dochar d’Airteagail 266 agus 267 den Rialachán Airgeadais, beidh de cheangal údarú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh aon tionscadal a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais nó fadtéarmacha a bheith leis maidir le cistiú bhuiséad an Údaráis, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach, lena n-áirítear clásail scoir.

Airteagal 64

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.  
Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé buiséad bliantúil an Údaráis chun feidhme.
2.  
Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis nacuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn. Ní chuirfidh Airteagal 70 bac ar an Údarás aon fhaisnéis a thabhairt don Chúirt Iniúchóirí arna hiarraidh sin di agus ar faisnéis atá laistigh d’inniúlacht na Cúirte í.
3.  
Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn, an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.
4.  
Chomh maith leis sin, faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
5.  
Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 246 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.
6.  
Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí, chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.

Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 15 Meitheamh gach bliain,pacáiste tuairiscithe chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.

7.  
Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.
8.  
Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair agus cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cóip den fhreagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún freisin.
9.  
Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 261(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlaimint.
10.  
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a fuarthas trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh 15 Bealtaine bhliain N + 2, i leith an bhuiséid do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.
11.  
Tabharfaidh an tÚdarás tuairim réasúnaithe ar an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ar aon bharúil ó Pharlaimint na hEorpa dá bhforáiltear sa nós imeachta urscaoilte.

Airteagal 65

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 ( 14 ) ón gCoimisiún mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.

▼B

Airteagal 66

Bearta frith-chalaoise

▼M3

1.  
Chun an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ).

▼B

2.  
Aontóidh an tÚdarás don Chomhaontú Idirinstitiúideach a bhaineann le himscrúduithe ag OLAF ( 16 ) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach maidir le foireann uile an Údaráis.
3.  
Maidir leis na cinntí cistiúcháin agus na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu, sonrófar go sainráite iontu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF, más gá, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar thairbhithe an airgid arna eisíoc ag an Údarás agus, chomh maith leis sin, ar dhaoine den fhoireann atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.



CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 67

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE maidir leis an Údarás agus le foireann an Údaráis

Airteagal 68

Foireann

1.  
Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis, lena n-áirítear a Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus a Chathaoirleach, ag na Rialacháin Foirne, ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun na rialacháin sin a chur i bhfeidhm.
2.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta, le comhaontú an Choimisiúin, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.
3.  
Déanfaidh an tÚdarás na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus na cumhachtaí a thugtar don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a fheidhmiú i ndáil lena fhoireann féin.
4.  
Déanfaidh an Bord Bainistíochta forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Údarás.

Airteagal 69

Dliteanas an Údaráis

1.  
I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an tÚdarás, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arb é féin nó arb é a fhoireann is cúis leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna a shlánú. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid a bhaineann le damáiste den sórt sin a leigheas.
2.  
Beidh dliteanas pearsanta airgeadais agus dliteanas araíonachta fhoireann an Údaráis i leith an Údaráis faoi rialú ag na forálacha ábhartha a bhfuil feidhm acu maidir le foireann an Údaráis.

Airteagal 70

Oibleagáid maidir le sicréideacht ghairmiúil

▼M3

1.  
Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, agus baill foirne uile an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

▼B

2.  

Gan dochar do chásanna atá cumhdaithe leis an dlí coiriúil, ní fhéadfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann daoine dá dtagraítear i mír 1 agus iad ag comhlíonadh a ndualgas, a nochtadh do dhuine nó d’údarás ar bith d’aon chineál, ach amháin i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán ar chaoi nach féidir rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair a shainaithint.

▼M3

Ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.

▼M3

2a.  
Áiritheoidh an Bord Bainistíochta agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Bainistíochta agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá i mír 1 agus i mír 2.

Beidh feidhm ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Bainistíochta, agus maidir leis an mBord Maoirseoirí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis.

▼M3

3.  
Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais.

Beidh an fhaisnéis faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Déanfaidh an tÚdarás na socruithe praiticiúla maidir le cur chun feidhme na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a leagan síos ina rialacha nós imeachta inmheánacha.

4.  
Cuirfidh an tÚdarás Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ( 17 ) ón gCoimisiún i bhfeidhm.

Airteagal 71

Cosaint sonraí

Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d’oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahirle ( 18 ) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.

▼B

Airteagal 72

Rochtain ar dhoiciméid

1.  
Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh an Údaráis.

▼M3

2.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

▼B

3.  
Féadfaidh na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tar éis achomhairc chuig an mBord Achomhairc, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus Airteagal 263 CFAE faoi seach.

Airteagal 73

Socruithe teanga

1.  
Beidh feidhm maidir leis an Údarás ag forálacha Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ( 19 ).
2.  
Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Údaráis.
3.  
Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh i ndáil le feidhmiú an Údaráis.

Airteagal 74

Comhaontú maidir le Ceanncheathrú

▼M3

Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, ar comhaontú é a tugadh i gcrích tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.

▼B

Soláthróidh an Ballstát sin na coinníollacha is fearr is féidir lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás mar is cuí, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí

Airteagal 75

Rannpháirtíocht ag tríú tíortha

1.  
Beidh rannpháirtíocht in obair an Údaráis ar oscailt do thríú tíortha a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas ar comhaontuithe iad trínar ghlac siad dlí an Aontais, agus trína bhfuil an dlí sin á chur i bhfeidhm acu, i réimsí inniúlachta an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
2.  
Féadfaidh an tÚdarás comhoibriú leis na tíortha dá dtagraítear i mír 1, a bhfuil reachtaíocht á cur i bhfeidhm acu atá aitheanta mar reachtaíocht choibhéiseach i réimsí inniúlachta an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 1(2), de réir mar a fhoráiltear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 216 CFAE.
3.  
Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál agus raon feidhme rannpháirtíocht na dtíortha sin dá dtagraítear i mír 1 in obair an Údaráis, agus gnéithe nós imeachta den rannpháirtíocht sin, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le ranníocaíochtaí airgeadais agus leis an bhfoireann. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le hionadaíocht, i gcáil breathnadóra, ar an mBord Maoirseoirí, ach áiritheoidh siad nach bhfreastalóidh na tíortha sin ar aon phléití a bhaineann le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair, ach amháin i gcás ina bhfuil leas díreach i gceist



CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

▼M3

Airteagal 76

Gaolmhaireacht le Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha

Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha (CESR). Faoi dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CESR, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CESR ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CESR agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas.

▼B

Airteagal 77

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann

1.  
De mhaolú ar Airteagal 68, maidir le gach conradh fostaíochta agus gach comhaontú iasachta foirne arna dtabhairt i gcrích ag an CRUE nó ag a Rúnaíocht, ar conarthaí iad atá i bhfeidhm an 1 Eanáir 2011 urramófar iad go dtí a ndáta éaga. Ní fhéadfar iad a fhadú.
2.  

Maidir leis na daoine go léir den fhoireann atá ar fostú faoi chonarthaí dá dtagraítear i mír 1, tabharfar an deis dóibh conarthaí mar ghníomhaire sealadach a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ag na gráid éagsúla, de réir mar a leagtar amach i bplean bunaíochta an Údaráis.

Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an t-údarás atá údaraithe chun conarthaí a thabhairt i gcrích roghnúchán inmheánach chun cumas, éifeachtúlacht agus ionracas na ndaoine sin atá le fostú a sheiceáil agus beidh an roghnúchán sin teoranta don fhoireann sin a bhfuil conarthaí acu leis an CRUE nó lena Rúnaíocht. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin inmheánach, tabharfar lánaird ann ar na scileanna agus ar an taithí arna léiriú trí fheidhmíocht an duine aonair roimh an gceapachán.

3.  
Ag brath ar chineál agus ar leibhéal na bhfeidhmeanna a bheidh le comhlíonadh, déanfar conarthaí mar ghníomhaire sealadach a thairiscint do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo agus mairfidh na conarthaí sin ar feadh tréimhse a chomhfhreagróidh ar a laghad don tréimhse atá fágtha faoin seanchonradh.
4.  
Leanfaidh an dlí ábhartha náisiúnta a bhaineann le conarthaí saothair agus na hionstraimí ábhartha eile d’fheidhm a bheith acu maidir le daoine den fhoireann a bhfuil seanchonarthaí acu agus nach roghnaíonn iarratas a dhéanamh ar chonradh mar ghníomhaire sealadach nó nach dtairgtear conradh mar ghníomhaire sealadach dóibh i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 78

Forálacha náisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit cibé foráil is iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 79

Leasuithe

Déantar Cinneadh Uimh. 716/2009/CE a leasú leis seo sa mhéid go mbaintear an CRUE de liosta na dtairbhithe a leagtar amach i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin.

Airteagal 80

Aisghairm

Déantar Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún lena mbunaítear an CRUE a aisghairm leis seo le héifeacht ón 1 Eanáir 2011.

Airteagal 81

Athbhreithniú

▼M3

1.  

Faoin 31 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar oibriú an Údaráis agus ar na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas, inter alia:

(a) 

an éifeachtacht agus an cóineasú arna bhaint amach ag na húdaráis inniúla i dtaca le cleachtais mhaoirseachta:

(i) 

neamhspleáchas na n-údarás inniúil agus an cóineasú i dtaca leis na caighdeáin atá coibhéiseach leis an rialachas corparáideach;

▼B

(ii) 

neamhchlaontacht, oibiachtúlacht agus uathriail an Údaráis;

(b) 

feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí;

(c) 

an dul chun cinn arna bhaint amach maidir le cóineasú i dtaca le géarchéim a chosc, géarchéim a bhainistiú agus géarchéim a réiteach, lena n-áirítear sásraí cistiúcháin Aontais;

(d) 

ról an Údaráis i dtaca leis an riosca sistéamach;

(e) 

cur i bhfeidhm an chlásail coimirce a bhunaítear in Airteagal 38;

(f) 

cur i bhfeidhm ról na hdirghabhála ceangailtí a bhunaítear in Airteagal 19;

▼M3

(g) 

feidhmiú an Chomhchoiste.

▼B

2.  

Scrúdófar na nithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 chomh maith:

(a) 

an bhfuil sé iomchuí leanúint de mhaoirseacht ar leithligh a dhéanamh ar bhaincéireacht, ar árachas, ar phinsin cheirde, ar urrúis agus ar na margaí airgeadais;

(b) 

an bhfuil sé iomchuí maoirseacht stuamachta a dhéanamh agus seoladh gnó a mhaoirsiú mar ghníomhaíochtaí ar leithligh óna chéile, nó an bhfuil sé iomchuí go ndéanfadh an maoirseoir céanna na gníomhaíochtaí sin;

(c) 

an bhfuil sé iomchuí go simpleofaí agus go neartófaí struchtúr an CEMA chun go mbeadh comhleanúnachas níos mó ann idir na macraileibhéil agus na micrileibhéil agus idir na ÚMEanna;

(d) 

an bhfuil éabhlóid an CEMA i gcomhréir leis an éabhlóid dhomhanda;

(e) 

an bhfuil dóthain éagsúlacht agus sármhaitheasa ann laistigh den CEMA;

(f) 

an leor an chuntasacht agus an trédhearcacht i dtaca le ceanglais um fhoilsiú;

(g) 

an leor acmhainní an Údaráis chun a chuid freagrachtaí a chomhall;

(h) 

an bhfuil sé iomchuí go ndéanfar suíomh an Údaráis a chothabháil nó an bhfuil sé iomchuí na ÚMEanna a aistriú go dtí an suíomh amháin chun go mbeadh comhordú níos fearr ann eatarthu.

▼M3

2a.  
Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile, measúnú cuimsitheach ar chur i bhfeidhm Airteagal 9a.
2b.  
Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile, measúnú cuimsitheach ar an maoirseacht a d’fhéadfadh an tÚdarás a dhéanamh ar ionaid trádála tríú tíortha lena n-áiritheofaí gnéithe atá bunaithe ar thábhacht shistéamach, riachtanais eagraíochtúla, comhlíonadh leantach, fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla chomh maith le cúrsaí foirne agus acmhainní. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún na tionchair ar leachtacht san áireamh, lena n-áirítear infhaighteacht na bpraghsanna is fearr le haghaidh infheisteoirí, an forghníomhú is fearr le haghaidh cliaint as AE, bacainní rochtana agus tairbhí eacnamaíocha le haghaidh contrapháirtithe as AE chun bheith ag trádáil ar fud an domhain chomh maith le forbairt aontas na margaí caipitil.
2c.  
Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile, measúnú cuimsitheach ar an maoirseacht a d’fhéadfadh an tÚdarás a dhéanamh ar CSDanna tríú tíortha lena n-áiritheofaí gnéithe atá bunaithe ar thábhacht shistéamach, riachtanais eagraíochtúla, comhlíonadh leantach, fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla chomh maith le cúrsaí foirne agus acmhainní.
2d.  
Déanfaidh an Coimisiún na measúnuithe dá dtagraítear i mír 2b agus 2c, mar aon le haon tograí reachtacha, más iomchuí, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2021.

▼B

3.  
Maidir leis an tsaincheist a bhaineann le maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar institiúidí nó ar bhonneagair a bhfuil réimse uile-Eorpach acu, agus aird á thabhairt ar fhorbairtí margaidh, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil ar a oiriúnaí atá sé tuilleadh freagrachtaí maoirseachta sa réimse seo a thabhairt don Údarás.
4.  
Déanfar an tuarascáil agus aon tograí a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 82

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2011, cé is móite d’Airteagal 76 agus d’Airteagal 77(1) agus (2), a mbeidh feidhm acu amhail ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

Bunófar an tÚdarás an 1 Eanáir 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch 1).

( 2 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

( 3 ) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

( 5 ) Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).

( 6 ) Féach ar leathanach 1 den iris Oifigiúil seo.

( 7 ) Féach ar leathanach 12 den iris Oifigiúil seo.

( 8 ) Féach ar leathanach 48 den iris Oifigiúil seo.

( 9 ) Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014, (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L022 22.1.2021, lch. 1).

( 10 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

( 11 ) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

( 12 ) OJ L 56, 4.3.1968, p. 1.

( 13 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

( 14 ) Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

( 15 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

( 16 ) IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

( 17 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

( 18 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

( 19 ) IO 17, 6.10.1958, lch. 385.

Top