EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Reachtóireacht Níos Fearr — Comhaontú idir institiúidí AE

Reachtóireacht Níos Fearr — Comhaontú idir institiúidí AE

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú Idirinstitiúideacha idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le reachtóireacht níos fearr

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ?

PRÍOMHPHOINTÍ

Cláreagrú bliantúil agus ilbhliantúil

Ag tús gach reachtais, tiocfaidh na 3 institiúid ar chomhaontú ar thosaíochtaí ilbhliantúla. Lena chois sin, glacfaidh gach ceann díobh dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí bliantúla idirinstitiúideacha bunaithe ar chlár oibre bliantúil an Choimisiúin. Glacadh an chéad Dearbhú Comhpháirteach dá leithéid le haghaidh 2017.

Measúnuithe tionchair

Bunaítear leis an gcomhaontú gur cheart don Choimisiún measúnuithe tionchair a dhéanamh dá mhórthograí reachtacha agus neamhreachtacha ar fad. Áirítear iad seo a leanas ar na gnéithe is cóir a chlúdach faoi na measúnuithe tionchair:

  • tionchair eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta;
  • coimhdeacht agus comhréireacht;
  • tionchair ar iomaíochas agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe;
  • gnéithe digiteacha;
  • tionchair chríochacha.

Braithfidh an Coimisiún ar Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála, a bheidh comhdhéanta den chuid is mó de shaineolaithe seachtracha, chun seiceáil oibiachtúil cáilíochta a dhéanamh ar mheasúnú tionchair an Choimisiúin.

Féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle measúnuithe tionchair a dhéanamh ar a leasuithe ina dhiaidh sin nuair a mheasann siad gurb iomchuí agus gur gá sin. Lena chois sin, leagtar amach rialacha leis an gcomhaontú maidir le comhairliúcháin phoiblí agus geallsealbhóirí agus maidir le measúnú ex post reachtaíocht AE.

Trédhearcacht

Cuirtear béim sa Chomhaontú ar an tábhacht a bhaineann le feabhas a chur ar thrédhearcacht nósanna imeachta reachtacha, lena n–áirítear:

  • socruithe praiticiúla feabhsaithe a chomhaontú idir na 3 institiúid maidir le comhar agus comhroinnt faisnéise ar chomhaontuithe idirnáisiúnta;
  • láimhseáil iomchuí cruinnithe tríthaobhacha*;
  • fógraí poiblí comhpháirteacha maidir le toradh rathúil an phróisis reachtaigh;
  • comhbhunachar sonraí ar chomhaid reachtacha inar féidir céimeanna éagsúla an phróisis reachtaigh a rianú go soiléir.

Gníomhartha cur chun feidhme

Leagtar amach rialacha leis an gComhaontú chun úsáid gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a shoiléiriú agus a éascú i gcomhréir le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus cuimsítear iarscríbhinn ann lena bhfuil clásail chuige sin. Go sonrach, comhaontaíodh an méid seo a leanas:

  • go rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe thíortha AE maidir le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe, agus go mbeidh rochtain chomhionann ag saineolaithe na Parlaiminte agus na Comhairle ar na cruinnithe agus doiciméid uile lena mbaineann;
  • déanfar comhaid uile réamh-Chonradh Liospóin a ailíniú go pras;
  • tionólfar idirbheartaíocht eile chun critéir neamhcheangailteacha um dhealú le haghaidh gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a shainiú (i.e. critéir neamhcheangailteacha maidir le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 CFAE a chur i bhfeidhm); agus
  • bunófar clár poiblí le haghaidh gníomhartha tarmligthe (tá an Clár Idirinstitiúideach le haghaidh Gníomhartha Tarmligthe “DelReg” i bhfeidhm ó dheireadh 2017 i leith).

Dlí AE a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm

Áirítear leis an gcomhaontú 3 nuálaíocht chun cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm dhlí AE a fheabhsú agus a shoiléiriú:

  • 1.

    ní mór do thíortha AE eolas soiléir a thabhairt don phobal maidir le bearta a dhéantar i dtíortha AE lena gcorpraítear dlí AE sa dlí náisiúnta nó lena gcuirtear chun feidhme dlí AE, i gcomhréir le Dearbhuithe Comhpháirteacha 2011 i ndáil le doiciméid mhíniúcháin a ghabhann le fógra na mbeart sin;

  • 2.

    iarrtar ar thíortha AE a léiriú go soiléir sa ghníomh trasuí (i.e. an gníomh ina gcorpraítear reachtaíocht AE sa dlí náisiúnta) nó sa doiciméad gaolmhar nuair a chuireann siad gnéithe lena ndlí náisiúnta nach bhfuil baint ar bith ar chor ar bith acu leis an méid atá i ngníomh AE (“rórialáil”);

  • 3.

    ba cheart don Choimisiún cásanna rórialála ar bith a chur ina thuarascáil bhliantúil chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle.

Simpliú

Ceanglaítear leis an gComhaontú ar na 3 institiúid comhoibriú chun reachtaíocht a shimpliú agus ualaí a laghdú agus a áirithiú ag an am céanna go gcomhlíonfar cuspóirí na reachtaíochta. Dearbhaíonn na 3 institiúid:

  • a dtiomantas d’úsáid a bhaint as an teicníc um athmhúnlú chun reachtaíocht reatha a mhionathrú ar bhonn níos minice agus, i gcás nach bhfuil athmhúnlú oiriúnach, téacsanna reachtacha a chódú a luaithe is féidir i ndiaidh glacadh gnímh leasaithigh;
  • a dtoil na hionstraimí rialála is éifeachtaí a chur chun cinn, amhail comhchuibhiú agus aitheantas frithpháirteacha, chun rórialáil a sheachaint agus ualaí riaracháin a laghdú.

Cuireann an Coimisiún suirbhé bliantúil ualaí i láthair maidir le torthaí iarrachtaí AE chun an reachtaíocht a shimpliú agus na hualaí riaracháin a laghdú, ag baint leas as a Chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT).

Cur chun feidhme an Chomhaontaithe

Beartaítear i mír 50 den Chomhaontú go ndéanfaidh na 3 institiúid a gcur chun feidhme a mheas go rialta tríd an nGrúpa Comhordaithe Idirinstitiúideach agus go dtiocfaidh siad le chéile gach bliain ar an leibhéal polaitiúil chun an dul chun cinn a mheas.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE?

Tá feidhm leis ón 13 Aibreán 2016.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cruinnithe tríthaobhacha: cruinnithe tríthaobhacha neamhfhoirmiúla ar a bhfreastalaíonn ionadaithe de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le reachtóireacht níos fearr (IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1–14)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2016 maidir le tabhairt i gcrích Comhaontuithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach (2016/2005(ACI)) (IO C 50, 9.2.2018, lgh. 91–97)

Dearbhú Comhpháirtíochta maidir le tosaíochtaí reachtacha AE 2018-2019 (IO C 446, 29.12.2017, lgh. 1–3)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh —Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile — Alt 1 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais — Airteagal 290 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 172)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh —Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile — Alt 1 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais — Airteagal 291 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 173)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh —Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile — Alt 2 — Nósanna imeachta maidir le gníomhartha a ghlacadh agus forálacha eile — Airteagal 295 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 175)

Dearbhú Comhpháirtíochta maidir le tosaíochtaí reachtacha AE 2017 (IO C 484, 24.12.2016, lgh. 7-8)

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún ar thráth glactha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 124, 13.5.2016, lch. 1)

Dearbhú Comhpháirtíochta an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún Eorpach i ndáil le doiciméid mhíniúcháin (IO C 369, 17.12.2011, lch. 14)

Dearbhú Comhpháirtíochta an 27 Deireadh Fómhair 2011 ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún Eorpach i ndáil le doiciméid mhíniúcháin (IO C 369, 17.12.2011, lch. 15)

Creat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach (IO L 304, 20.11.2010, lgh. 47-62)

Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le reachtaíocht níos fearr (IO C 321, 31.12.2003, lgh. 1–5)

Nuashonraithe 31.07.2018

Top